Harmagadón sa Mheánoirthear 2!

Harmagadón sa Mheánoirthear 2!

I mBéal an Phobail

 

Peadar agus Micheál Bairéad

.

Tháinig ocras orainn, agus cheannaigh mé cúpla ceapaire agus pota tae eile dúinn. Mar is eol duit, bhí Séimí an Droichid agus mé féin thíos sa Phota Caife, ag déanamh dreas comhrá agus ag réiteach fadhbanna an domhain. Bhíomar ag caint faoin Meánoirthear, agus gan dabht, tá a dhá dhóthain den mhí-ádh ar na tíortha sa réigiún. Bhí sé ráite ag Séimí go ndearna an tUachtarán Trump ar a laghad trí bhotún mór maidir leis an Meánoirthear. D’aontaíomar gurb é an chéad cheann ná an Socrú Núicléach Iaránach a chur ar ceal.

“Agus céard faoin dara ceann?” a d’fhiafraigh Séimí díom.

‘Sin ceist deacair!’ arsa mise. ‘Scaoilfidh mé an ceann seo tharam!’

“Ní scaoilfidh mé leat chomh héasca sin!’ arsa Séimí, ag caochadh súile go slítheánta orm. “Tabharfaidh mé nod duit! Léirigh an cinneadh seo go soiléir go bhfuil airgead níos tábhachtaí ná an bheatha féin do Trump!”

“An é atá i gceist ná an tacaíocht a thugann Trump do Mohammad bin Salman (MBS), Rídhamhna na hAraibe Sádaí?”

“Tá an ceart agat, a Mhichíl! Is é an freagra díreach a bhí agam ná an dúnmharú brúdiúil Jamal Khassogi i gConsalacht na hAraibe Sádaí in Iostanbúl an bhliain seo caite. Mhaigh an CIA gur ordaigh MBS an gníomh uafar sin. Ach cé gurb áitritheoir de chuid na Stát Aontaithe é Khassogi, agus colúnaí an nuachtáin cháiliúil sin ‘The Washington Post’, thug Trump neamhaird ar an ainghníomh seo, agus lean gach rud ar aghaidh gan cáineadh ná pionós ar bith. Is é MBS a rinne idirghabháil mhíleata ar Éimin i 2015, i gcomhrialtas le timpeall is deich dtír eile sa réigiún.  Bíodh agus go bhfuil stair casta ag Éimin, mar sin féin tá an sléacht uafásach a rinneadh ar shibhialtaigh neamhchiontacha agus an gorta forleathan a bhí ag gabháil leis do-ghlactha. Is rud náireach é gur thug na Stáit Aontaithe agus an Ríocht Aontaithe tacaíocht don Araibe Sádaí dá n-iarrachtaí. A Mhichíl, ní fhéadfaí é sin a mhaitheamh dóibh, nach bhfuil an ceart agam?” Tharraing sé anáil dhomhain, agus bhain sé slog as a deoch thae.

“Ní thiocfadh liom easaontú leis an anailís ghéar a rinne tú!” a d’fhreagair mé go tapa.

“Agus a Mhichíl, an aontaíonn tú liom nach cuma leis na cumhachtaí sin sa sioc faoi Thadhg an mhargaidh, mar tá an Dollar Uilechumhachtach níos tábhachtaí dóibh?” Chríochnaigh Séimí a phointe go diongbháilte.

“Gan dabht, sin é lomchlár na fírinne agat!” a dúirt mé, roimh bholgam a bhaint as mo chupán tae. “Agus céard faoin tríú fhadhb, níl tú chun iarraidh orm cad atá i gceist ansin, tá súil agam!”

“Seo anois,” ar seisean go mealltach liom. “Má cheap tú go scaoilfinn leat an babhta seo, bhí dul amú ort, a Mhichíl! Agus leis sin, céard é an tríú bhotún?”

Rinne mé mo sheacht ndícheall an tríú fhadhb a oibriú amach.

“Caithfidh mé a rá go raibh an t-ionsaí drón agus diúracán ar áiseanna ola na hAraibe Sádaí an-chontúirteach ar fad. Cé go ndúirt na reibiliúnaigh Houthi gurbh iad a bhí freagrach, ag an am céanna, d’admhaigh Mike Pompeo, Rúnaí Stáit sna Stáit Aontaithe, gurb í an Iaráin a bhí cúisithe. Is ábhar mór buartha é sin, i mo thuairim, a Shéimí!”

“Iarracht iontach é sin, a Mhichíl, agus cé go raibh fadhb eile ar intinn agam, tá an ceann seo lán chomh maith leis! Maith thú!” D’fhéach sé orm go measúil.

“Ach céard a bhí ar intinn agat?” a d’iarr mé air go fiosrach.

“Ná bac leis sin anois, a Mhichíl,” a dúirt sé. “Ach nach furasta cogadh domhanda a spréachadh sa Mheánoirthear, le míthuiscint nó dearmad amháin?”

“Níl mé in ann easaontú leat, a Shéimí!” arsa mise.

“Is mór an faoiseamh dom é sin, a Mhichíl! Cheap mé ar dtús nár chreid tú mé! Ach feicim anois gur fear atá ar eolas ar chúrsaí domhanda tú, fear a thuigeann rioscaí móra an tsaoil chomhaimseartha, go háirithe sa Mheánoirthear.”

“Go raibh maith agat, a Shéimí!” arsa mise. “Agus caithfidh mé a admháil go raibh mé ag smaoineamh go leisciúil ar dtús, agus gur chuir tú i dtreo léargais mé.”  

Creidim go diongbháilte é sin! Múineann Séimí teachtaireacht spreagúil dúinn go léir: Níl aon údar sástachta againn faoi chúrsaí domhanda a bhfuil tionchar mór acu orainn go léir!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

  .

Harmagadón sa Mheánoirthear 2!

Harmagadón sa Mheanoirthear 1!

D’ól sé bréan tae agus ansin d’ardaigh sé a cheann, d’fhéach sé orm go folamh, ghlan sé a scornach, agus thosaigh sé ag caint. Bhíomar inár suí inár gnáthchúinne sa siopa caife áitiúil An Pota Caife, chun deoch thae a fháil agus chun fadhbanna domhanda a réiteach le chéile.

“Bhuel a Mhichíl, coinneoidh mé guaim ar mo theanga, más féidir, ach beidh sé deacair go leor, an dtuigeann tú?”  a d’fhiafraigh sé díom.

Bhí a fhios agam go maith nach ndéanfadh mo fhreagra difríocht ar bith, mar bhí sé meáite air a chuid a rá!

“Níl aon fhadhb leis sin,” arsa mise, “lean ort díreach ar aghaidh!”

Is dócha go raibh sé sásta go leor leis sin mar, gan a thuilleadh moille, léim sé isteach!

“Bhíomar ag caint le déanaí, thíos sa Smugairle Róin, an cuimhin leat, faoi chúrsaí reatha an domhain, agus is é a dúirt mé ná gurb é mo thuairim go mbeadh Lá Philip a “Chleite ag teacht go luath. An cuimhin leat é sin, a chara, ar chor ar bith?”  Bhreathnaigh Séimí go géar orm, agus é ag fanacht le mo fhreagra.

“Is cuimhin liom go maith, ar ndóigh, mo chara!” a dúirt mé.

“Bhuel, caithfidh mé a rá anois go bhfuil cúrsaí tar éis éirí i bhfad níos measa, agus go bhfuil siad ar tí pléascadh anois, an dtuigeann tú?” arsa Séimí, agus é ag cur críochnú lena chuid tae.

“Tuigim go maith thú, a Shéimí, ach tá tú ag dul thar fóir anois, sílim, nach bhfuil?” Ní maith liom áibhéil den leithéid sin, agus bhí mé ag iarraidh é a mharú san ubh! Nach raibh an ceart agam?

“Ag magadh atá tú, an ea? I ndáiríre, a Mhichíl, ní ábhar greannmhar é seo, ar chor ar bith – nach dtuigeann tú céard atá á rá agam?” Stán sé go fuar orm ansin.

“Tóg go bog é, a chara, tuigim go maith céard atá á rá agat, ach tá ár leordhóthain fadhbanna againn ar an saol seo. Ach ar bhealach éigin, tá orainn teacht tríd ar shlí amháin nó ar shlí eile, nach bhfuil? Ní féidir linn díreach éirí as, nach ea, a Shéimí?”  arsa mise, ag iarraidh an comhrá a chur faoi smacht faoi dheireadh. Ina ionad sin, las mé tine domhúchta! Is iontach an bobarún mé!

“Tóg go bog é! Ar chuala mé i gceart céard a bhí á rá agat? Tóg go bog é! Nach dtuigeann tú chomh tromchúiseach agus atá an t-ábhar seo? Is cosúil nach dtuigeann! Bhuel, lig dom é a mhíniú duit go díreach!” arsa Séimí, agus é ag doirteadh deoch tae eile dó féin. “Ar mhiste leat braon tae?” a d’fhiafraigh sé díom, agus é ag doirteadh cheana féin. Mise agus mo chlab mhór!

“Cé chomh dona is a bhí cúrsaí i gcíor na polaitíochta sa Mheánoirthear bliain ó shin, tá siad tar éis éirí i bhfad níos measa, faoi stiúir an Príomh-Ghealt sin, Donald J. Trump. Níl eolas dá laghad aige faoin Meánoirthear, agus a lán rudaí eile, freisin. Ach rinne sé ar a laghad trí chinneadh amaideach maidir leis an Meánoirthear. An bhfuil a fhios agat céard é an chéad chinneadh atá ar intinn agam? Smaoinigh ar sin, agus beidh mé ar ais i gceann cúpla nóiméad,” arsa Séimí agus d’éirigh sé ansin agus d’imigh leis!

Dar m”anam ach bhí an freagra agam nuair a d’fill sé tar éis cúpla nóiméad.

“A Shéimí,” arsa mise, “is dócha gurb é an chéad chinneadh ná ceal a chur ar an Socrú Núicléach Iaránach, socrú a bhí ann ó 2015, agus a bhí sínithe ag a lán tíortha, agus ag an AE. Agus níor chuir sé aon rud ina áit. Tubaiste amach is amach atá ann!”

“Sin é díreach, a Mhichíl, feictear dom go bhfuil tú níos cliste ná mar a ligean tú ort féin. Ach nach mór idir an freagra seo agus cad a bhí á rá agat nóiméad ó shin. Cad é an scéal anseo?”  D’aithin mé an leathcheann a bhí air, mar sin a ndearna sé tar éis gaiste a chur síos. Ba chóir dom dul ar aghaidh go cáiréiseach anois! Bhí sé in am tarraingt siar go tapa!

“Tá an ceart agat, a Shéimí. Cúpla nóiméad ó shin, chuir mé i d’éadan, agus labhair mé ar an toirt. Mo leithscéal as bheith chomh dobhránta sin!”  arsa mise, agus mé ag osnaíl. Bhí mé ag súil go mór go rabhamar críochnaithe leis na hachasáin phianmhara anois.

(tuilleadh le teacht)

.

.

.

.

.

  .

Harmagadón sa Mheánoirthear 2!

Cuairteoir gan Choinne!

Bhí an fógra ‘Saor in Aisce’ lámhscríofa ar phíosa páipéir, fáiscthe idir grúpa mórleabhar agus an tseilf ina raibh siad ina suí.  Nuair a chonaic mé iad tréigthe agus gan dídean, bhí mé tromchroíoch. Ach, déanta na fírinne, ní raibh spás agam le bailiúchán leabhar mar seo, agus níos tábhachtaí, ní bheadh aon ghnó agam leo.  Sa lá atá inniu ann, nach bhfuil mé i ngach rud a fháil ar mfhón póca, i bpreabadh na súl!

Is deacair a chreidiúint mar sin, gur comhartha stádais ba ea an chiclipéid sin uair amháin, le foireann mhór ionsaitheach díolocháin ag baint leis. Chuir na leabhair seo i gcuimhne dom an chéad uair a chonaic mé ciclipéid ‘Encyclopedia Brittanica’.

Cuairteoir gan choinne

Lá amháin, nuair a bhí mé timpeall deich mbliana d’aois, buaileadh cnag ar an doras. Nuair a d’oscail mo mháthair é, bhí fear díolacháin teanntásach ann a thosaigh ag caint gan mhoill.

Dia duit, a bhean uasal, tá mé in ann deis iontach a thairiscint duit – deis nach bhfaigheann duine ach uair amháin ina shaol,arsa an strainséir. Shín sé amach a lámh, agus chroith sé lámh le mo mháthair.

Séamas is ainm dom! Agus cad is ainm duitse?a d’fhiafraigh sé go fuinniúil, agus é ag stánadh idir an dá shúil ar mo mháthair.

Céard atá ar díol agat? Níl an t-am agam le mionchaint.” Labhair mo mháthair trína fhiacla, agus ba ríléir nach raibh sí sásta a bheith sáinnithe mar seo.

Gabh mo leithscéal, ach caithfidh sé go bhfuil míthuiscint éigin ann. Níl aon rud ar díol inniu, níl ach deis i gceist. Lig dom a insint duit faoin deis iontach seo!Labhair Séamas go séimh, le meangadh gáire ar a aghaidh.

“A dhiabhail, brostaigh ort, mar sin, tá obair le déanamh agam,” arsa mo mháthair go mífhoighneach.

“Déanfaidh mé mo dhícheall, a bhean uasal,” arsa Séamas. Leis sin, d’oscail sé a mhála cáipéisí agus thóg sé amach imleabhar den chiclipéid ‘Encyclopedia Britannica’. D’oscail sé é agus thaispeáin sé é do mo mháthair.

“Féach ar sin!” a d’fhógair sé, “nach aoibhinn an radharc é seo! Tá tú in ann eolas a fháil faoi beagnach gach rud faoin spéir. Agus tá gach duine sa teaghlach in ann tairbhe a bhaint as an chiclipéid seo. Aon uair atá ceist ag aon duine faoi rud, cinnte go mbeidh an freagra ar fáil sa chiclipéid. Anois, nach n-aontaíonn tú liom gur deis iontach atá ann, a bhean uasal?”

“Dúirt tú nach bhfuil aon rud ar díol inniu! Agus thugann tú an chiclipéid dom saor in aisce, déarfainn gur deis iontach a bhí ann. Achtá tú ag iarraidh íocaíocht uaim, d’inis tú bréag dom, agus tá sé thar am duit imeacht!” arsa mo mháthair, agus í ag iarraidh deireadh a chur leis an méiseáil seo!

Ach ní inniu ná inné a rugadh Séamas, agus ní raibh sé críochnaithe fós.

“A bhean uasal!  Níl mé ag iarraidh airgid inniu! Níl ort ach foirm bheag a líonadh agus a shíniú! Tá sé chomh simplí sin! An leanfaimid ar aghaidh, mar sin?” Thóg Séamas foirm agus peann amach as a mhála, agus shín sé iad chuig mo mháthair.  Léigh mo mháthair an fhoirm go tapa.

“Tuigim anois, níl orm íoc ar an chiclipéid inniu, tá an ceart agat! Ach tar éis míosa, caithfidh mé íoc ansin, nach ea?” arsa mo mháthair, ag éirí feargach anois.

“Fan nóiméad anois, mura dtaitníonn an chiclipéid libh, níl ort íoc as mar is féidir leat é a thabhairt ar ais dom, gan cheist. Nach réiteach é atá sásúil duit?” Bhí súil ag Séamas an margadh a chur i gcrích go luath!

Féach anois, a Shéamais, ní bheidh mé ag ceannach an chiclipéid go deo. Sin é an scéal anois, agus caithfidh mé iarraidh ort imeacht gan a thuilleadh moille.” Thosaigh mo mháthair ag dúnadh an dorais. Ach bhí piléar amháin fágtha ag Séamas, agus choimeád sé an doras ar oscailt, chun é a scaoileadh.

“Lig dom ach ceist amháin a chur ort mar sin. Nach bhfuil suim agat in oideachas do pháistí?” arsa Séamas, ag caochadh a shúil orm.

“Níl suim agam in oideachas mo pháistí, agus níl suim agam i do chleasaíocht, ach an oiread!” arsa mo mháthair go caithréimeach agus dhún sí an doras de thuairt.

Ní bheadh ceachtar againn in ann a shamhlú go dtiocfadh an lá agus bheadh cóip an chiclipéid sin ar thaobh an bhóthair agus é saor in aisce i ndáiríre!

.

.

.

.

Harmagadón sa Mheánoirthear 2!

Armagadan!

Thíos sa Smugairle Róin, a bhí mé fhéin is mo sheanchara, Séimí a’ Droichid, an oíche cheana, muid ar ár sáimhín só, agus ag iarraidh fadhbanna casta an tsaoil mhóir seo a scaoileadh, nuair a thóg mo Shéimí breá cruacheist doscaoilte, agus chaith idir an dá shúil chugam é.

“Nóiméad amháin”, arsa mé fhéin, “nár chuala tú riamh é ráite i measc daoine, gur túisce deoch ná scéal? Bhuel, fóill ort nóiméad amháin, mar sin, go n-iarrfaidh mé ar ár seanchara ‘Tóin Mhór’ fhéin, braoinín den stuif chrua a leagan os ár gcomhair amach, braoinín a bheidh mar spreagadh againn, agus muid ag dul i mbun na ceiste sin.”

Ba ghearr an mhoill ar ghiolla an leanna na deochanna a leagan ar an mboirdín beag sin a bhí eadrainn, istigh i gCailleach (Snug) an Smugairle Róin. Thóg Séimí cóir a ghloine fhéin, d’ardaigh go hómósach idir é fhein agus an solas é, scrúdaigh go fuarchúiseach, ealaíonta é, agus ansin, chuir chun a bhéil é, agus bhain smeachán as, d’ísligh an gloine ansin, go mall, cúramach, chun an bhoird arís. D’aithneofá ar a aghaidh, go raibh sé thar a bheith sásta lenar bhlais sé.

“Bhuel,” ar seisean “an gceapann tú go bhfuil ‘Lá Philip a’ Chleite’ buailte linn?”

“Go bhfóire Dia na Glóire orainn uilig,” arsa mé fhéin, ach céard a chuir ag tochrais ar an gceirtlín sin thú, a chara na gcarad?”

“Chomh fada is a bhaineann sé liomsa, tá an scéal scanraitheach sin á scríobh thall is abhus dúinn, ag méar Dé fhéin, le tamall de bhlianta anuas anois.”

“Tá faitíos orm, nár léigh mé fhéin tada dá leithéid ar Chlár Dubh na Cruinne, go fóill, ach go háirithe.”

“Cá raibh tusa aimsir na súl? Nach bhfuil sé le léamh agat i scéalta móra an domhain seo, ó ló go ló, agus ó sheachtain go seachtain, agus ó cheann ceann na bliana.”

“B’fhéidir, a Shéimí, go n-inseofá dom, cad é go díreach, an scéal atá le léamh agat chomh rialta, soiléir sin.”

“Déanfaidh mé sin, cinnte. Nach léann tú na nuachtáin, agus nach mbreathnaíonn tú ar an teilifís, gan trácht in aon chor ar éisteacht leis an raidió, agus nach bhfuil an scéal céanna sin le léamh, agus le clos, ó éirí go dul faoi na gréine, chuile lá, go bhfuil muid ag druidim i dtreo Armagadan. Níl dabht ar domhan, ach go bhfuil Báire na Fola chugainn ar luas.”

“Cogadh atá i gceist agat, mar sin, an ea?

“Cogadh, cinnte, ach cogadh níos measa ná aon chogadh a troideadh ó thús an tsaoil go nuige seo. Breathnaigh ar a bhfuil ar siúl sa díthreabh, thart ar Mhurascaill na Peirse, na laethe seo? Amuigh ansin ar an gcúlráid, folaithe ó shuile fiosracha daonna, tá na Stáit Aontaithe, agus a gComhghuallaithe, ag tionól agus ag tiomsú arm ollmhór, le cogadh díothaitheach a chur ar an Iaráin, mar chuid dá gclár, le Sceimhlitheoireacht Idirnáisiúnta a dhíothú. Ní gnáth-shaighdiúirí, nó gnáth-airm, atá a mbailiú acu, amuigh ansin ar an gcúlráid, sna gainimhligh thart ar Mhurascaill úd na Peirse. Ní hea mh’anam, ach saighdiúirí stóinsithe, seantriailte, righne, agus airm nua-aimseartha, nimhneacha, mallaithe, agus nuair a bheidh an slógadh agus an tiomsú uilig críochnaithe, beidh ansin, fórsa millteanach, do-bhuailte, agus fórsa nach bhfacthas a leithéid ar thalamh an domhain seo, cheana riamh.”

“Ach a Shéimí, nach bhfuil chuile sheans ann anois, nach mbeidh orthu piléar amháin fiú, a scaoileadh i bhfeirg, nó de réir mar a thuigtear do na saineolaithe, tuigfidh Rialtas na hIaráine go bhfuil a chaiscín meilte, agus géillfidh sé, sula mbeidh gá le cogaíocht ar bith.”

“Tá súil agam go bhfuil an ceart agat, ach caithfear a chur san áireamh anois, go bhfuil an t-arm ollmhór sin tógtha ag Meiriceá trasna an domhain, agus slógtha ansin, cóngarach do Mhurascaill na Peirse, agus thuigfeadh duine ar bith, nach ar mhaithe le caisleáin ghainimhe a thógáil, a seoladh chun na háite iargúlta sin, a chéaduair iad, agus dá bharr sin, tá chuile chosúlacht ar an scéal, go mbeidh ina chogadh fuilteach, fíochmhar, ansin, sára fada. Agus má tharlaíonn an cogadh sin, is féidir linn a bheith cinnte, go mbainfidh an dá thaobh leas as chuile bhuntáiste airm atá ar fáil dóibh, ar mhaithe lena namhaid a scrios is a dhíothú. Má tharlaíonn a leithéid, bhuel, ansin beidh Lá Armagadain buailte linn, nó d’fhéadfadh sé, go mbainfeadh an dá thaobh úsáid as airm do-luaite, agus go leathfadh nimh agus fíoch na cogaíochta sin ó cheann ceann na cruinne, nó má bhaintear an claibín den bhuidéal, ní bheidh éinne ábalta srian a chur ar dhiabhail ollscriosacha Armagadain!”

.

Harmagadón sa Mheánoirthear 2!

Armagadan! Cuid a Dó

Cuid a dó – Mac an Bhacaigh!

 

“Ach a Shéimí, a chara na gcarad, níor chóir do dhuine ar bith na nithe sin faoi Armagadan a lua, fiú, nó nach mbíodh seanfhocal againn fadó…

‘Ná bac le mac an bhacaigh is ní bhacfaidh mac an bhacaigh leat.’

Nach é an scéal céanna é i gcás na cogaíochta sin, sa Mheán Oirthear.  Ach le casadh ar cheirtlín eile ar fad, cad é do thuairim, a Shéimí, faoi riail agus reacht i dtír seo na hÉireann, i láthair na huaire seo?”

“Is beag nach bhféadfá a rá, nach bhfuil ceachtar den dá earra sin le fáil in ár measc, faoi láthair.  Breathnaigh ar an chaoi a bhfuil gasúir, faoi cheithre bliana déag d’aois, imithe fiáin, i mbailte agus i gcathracha, ó cheann ceann na tíre seo –  gasúir á dtógáil os comhair ár gcúirteanna, agus iad á scaoileadh amach ar na sráideanna arís agus arís.  Agus i gcás na ndaoine fásta, ní chuireann sé ionadh ar éinne, sa lá atá inniu ann, nuair a théann gunnadóir isteach i dteach ósta, púicín air, gunna ina láimh leis, siúlann suas chuig duine eicínt istigh ansin, agus díríonn a ghunna, agus scaoileann é, faoi mar ba mhadra, nó nathair nimhe é.  Sea, a chara, tá an tír seo imithe chun an donais ar fad, le roinnt bheag blianta anuas.”

“Agus, a Sheimí, an gceapann tú go bhfuil leigheas ar bith ar an scéal seo, nó an féidir linn an claibín a chur ar ais ar an mbuidéal arís?”

“Tá faitíos orm, go bhfuil sé ag éirí níos deacra, agus níos deacra, in aghaidh an lae, an claibín céanna sin a chur ar ais ar an mbuidéal, gníomh a thabharfadh deis dúinn, mar phobal, smacht eicínt a fháil ar ais ar chúrsaí, in Oileán seo na Naomh is na nOllamh.  Ach ag an am gcéanna, ní bheinn gan dóchas, amach is amuigh.  Dá dtosódh an Rialtas ar pholasaí an “Zero Tolerance”, déarfainn go bhféadfadh siad smacht eicínt a chur i bhfeidhm sa tír seo arís.”

“Ach, a Shéimí, nach bhfuil a fhios agatsa, faoi mar atá a fhios agamsa, go bhfuil daoine ann, agus cuma sa tsioc cad a dhéanfaidh tú, brisfidh siadsan an dlí, nó tá sé de dhlúth is d’inneach iontu, sin a dhéanamh.  Conas is féidir le “Zero Tolerance” deighleáil le daoine dá leitheid?”

“Tagaim leat sa mhéid sin, tá daoine dá leithéid ann, ach ar ámharaí an tsaoil, níl an oiread sin díobh ann, agus d’fhéadfadh an Stát díriú orthu siúd, ar bhealach speisialta.”

“Conas a d’fhéadfaidís tabhairt fúthusan, nó is dream iad, nach bhfuil meas ar bith acu ar riail nó ar reacht, ar Dhia nó ar dheamhan?”

“Glacaim leis gur leag tú do mhéar ar an bhfadhb ansin, ach nach bhfuil seanfhocal againn fhéin sa Ghaeilge adeir, gur “Fonn a dhéanann Fiach”, is é sin, má theastaíonn uainn é a dhéanamh, déanfaimid é.”

“Ach, níor éirigh linn na daoine sin a chur faoi smacht an Stáit fós, nach bhfuil sé ag éirí beagáinín déanach sa lá anois?”

“Bheadh an ceart agat, gan dabht, mura bhfuil plean nua againn le sin a bhaint amach.”

“Agus an gceapann tú, i ndáiríre, go bhfuil a leithéid de phlean ann?”

“Cheapfainn go bhfuil!  Níl ach slí amháin againn as an bhfadhb ina bhfuil muid sáinnithe, ag an nóiméad seo, agus sin na coirpigh sin uilig a imtheorainniú, agus ansin, iarracht ollmhór a dhéanamh ar a bhfrithshóisialtacht a leigheas.”

“Ach, conas a d’fhéadfá na coirpigh doleigheasta sin a roghnú, más ea?”

“Bheadh orainn sin a fhágáil faoi cheannfoirt an Gharda Síochána.  Agus rud amháin eile, dealraíonn sé go bhfuil fhios ag madraí an bhaile fiú, cé hiad na coirpigh chéanna sin, agus cá bhfuil cónaí orthu, agus cé tá ag obair dóibh, freisin, ach is é an cheataí atá sa scéal nó nach féidir leis an nGarda Síochána fianaise a bhailiú, le cúis inchreidte ina gcoinne a leagan os comhair Cúirte, toisc go bhfuil faitíos ar dhaoine scéitheadh orthu, ar eagla a mbasctha.”

“Déarfainn gur cur chuige contúirteach é sin, cosúil le Stát Póilineach, agus go bhfuil níos mó míbhuntáistí ná buntáistí ag baint leis!  Faraor, caithfimid an plé sin a chur ar athlá, mar tá coinne tábhachtach agam anois!”

“Maith go leor, agus bí cúramach amuigh ansin, tá sé contúirteach fós!” Leis sin chaoch Séimí a shúil orm agus ansin chuamar ár mbealach féin.  Bheadh ar an tír fanacht tamall eile leis ár nathán gaoise!

 


.

Harmagadón sa Mheánoirthear 2!

Séimí an File!

D’aithin mé an leathcheann spesialta a bhí air, agus bhí a fhios agam díreach gurb é Séimí an Droichid féin a bhí ann.  Ardtráthnóna a bhí ann agus bhíomar tar éis an siopadóireacht a dhéanamh i SuperValu Loch Buí agus bhíomar inár seasamh ag an cuntar amach.  Bhí mé taobh thiar de. Leag mé mo lámh go séimh ar a ghualainn agus chas sé timpeall.

“A Mhichíl!” a dúirt sé.  “Ní fhaca mé dé ná deatach ort le fada, a chara!”  Shín sé a lámh amach agus chroitheamar lámh le chéile go croíúil.

“Mar a tharla, bhí mé ag cuimhneamh ortsa le déanaí, a Shéimí!” a dúirt mé.

“Agus cén fáth a mbeadh tú ag cuimhneamh ormsa, nach bhfuil rudaí i bhfad níos suimiúla agat a bheith ag smaoineamh fúthu?”  arsa Séimí agus é ag cur a leathcheann suaithinseach air féin.

 “A Shéimí,” arsa mise, “an bhfuil an t-am agat caife a fháil, agus b’fhéidir greim gasta freisin?”

“Ara tá go deimhin” arsa Séimí.  Tar éis na siopadóireachta chuamar an bheirt againn díreach isteach i gCaifé Ragazzi, os comhair SuperValu.

“Is maith liom an Caife Latte anseo,” adúirt mé.  “Nach trua mór é go mbeidh siad ag dúnadh síos an mí seo chugainn?”

“Is trua go deimhin é!” a d’fhreagair Séimí.  “Tá brón orm gach uair a fheicim gnó teaghlaigh mar seo ag dul as gnó!”  Shuíomar síos i gcoirnéal an tseomra agus d’ordaíomar dhá caife latte.

“Beidh a lán gnóthaí ag dúnadh tar éis an Bhreatimeachta, an dtuigeann tú?”  arsa Séimí, agus thosaigh sé ag ól súimíní caife, agus é ag fanacht le mo fhreagra.

“Nach ait é sin, a Shéimí, ach sin é an fáth go díreach a bhí mé ag smaoineamh fút!”

“Breatimeacht atá I gceist, an ea?” a d’iarr sé, le cuma an mhearbhaill air.

“Ní hé sin go díreach, a Shéimí, ach níl sé i bhfad uaidh,” arsa mise.  “Donald Trump atá i gceist!”

Leag sé uaidh a chaife go haireach, agus chlaon sé a cheann i leataobh agus é ag stánadh orm le hiontas.

“Is fuath liom Donald Trump, cén fáth faoin spéir a mheamhródh an fear náireach sin Séimí an Droichid duit?  Nach masla atá sa ráiteas sin, a chara?” Chonaic mé nach raibh Séimí sásta anois, agus thug mé faoin gceist go hoscailte agus go sciobtha.

“Gabh mo leithscéal a Shéimí, lig dom an scéal a mhíniú.  Is é an t-aon chúis a chuireann Trump tú féin i gcuimhne dom ná go raibhamar ag caint faoi an uair dheireanach a chasamar le chéile.  Sin é, amach is amach!” Ansin shuigh mé siar, ag súil gur chuir mé gach rud i gceart.

“Bhuel, tuigim anois, agus nach comhrá iontach a bhí againn an uair sin?”  arsa Séimí, ag labhairt le tuin réidh. “Ach tá ceist eile agam anois, a chara!”  D’amharc sé orm agus roic ina chuid malaí.

“Agus cén ceist atá agat?”  Rinne mé gáire neirbhíseach agus mé ag fanacht lena fhreagra.

‘Thosaíomar ag caint faoi Breatimeacht ach léim tú go dtí an Trumpach go gairid.  Mínigh é sin dom!” D’ordaigh sé muifín fraocháin ón fhreastalaí. ‘Aon rud uait?’ a d’fhiafraigh sé díom.

‘Níl, go raibh maith agat” arsa mise.  “Ar aon nós, inseoidh mé duit cad é an ceangal idir Breatimeacht agus an Trumpach!”  Bhí Séimí ag éisteacht go maith anois.

“Is é an freagra ná Johnson!”

“Johnson?” Agus arís, bhí cuma an mhearbhaill air.

“Sea! Boris Johnson,  príomh-aire nua na Breataine!”  Ansin, thosaigh mé ag gáire go croíúil!  Bhí sé i mo phóca anois, an fear cáiliúil seo!

“Tuigim anois, a bhuachaill!” arsa Séimí, agus rinne sé straois i mo threo.  Bhí mé míchompordach agus é ag baint lán na súl asam. “An bhfuil cárta cúil aige?” a d’fhiafraigh mé díom féin.  Ansin, glan sé a scornach agus is é a dúirt sé ná:

 

“Tháinig Boris Johnson isteach

‘s dúirt sé faoin Breatimeacht:

Tá sé ag teacht, a Dhiabhail, tá sé ag teacht!

 

Thosaigh Trump ag tvuíteáil faoin fear

‘Boris Johnson – nach bhfuil sé thar barr

Beidh comhaontú trádála

Isteach inár mála

Is beidh ceiliúradh anseo ‘s thar lear’”

 

“An é sin an ceangal atá i gceist?” arsa Séimí agus ansin phléasc sé amach ag gáire.

Agus ar m’anam, fuair sé lámh in uachtar orm agus bhí mé gafa arís eile ag an gleacaí déanta sin, Séimí an Droichid!

 

 

 

 

 

.

.

.

gaGaeilge