Dialann Scoláire

Dialann Scoláire

Bhí mé ag siortú trí mo tharraiceáin le déanaí agus rún agam slacht a chur orthu.  Bhí mé istigh ina gceartlár nuair a tharraing rud éigin m’aird. Leabhar nótaí stróicthe a bhí ann, agus bhí m’ainm lámhscríofa go bródúil ar an gclúdach.  Thuig mé láithreach go mba leabhar an-sean a bhí ann, agus bhí sé sin deimhnithe nuair a d’oscail mé é.

Bhí dáta scríofa ag barr gach leathanach, os cionn scríbhneoireacht pháistiúil.  Dialann bheag as Gaeilge a bhí ann, dar m’fhocal, agus míorúilt a bhí ann gur tháinig sé slán chomh fada sin.  Bhí mé ar bís le tosú ar é a léamh. Bhí sé an-suimiúil ar fad agus taisceadán todhchaí mo shaoil féin a bhí ann.  Ó ré eile ar fad an diallann beag seo, agus b’fhéidir go mbeadh suim agat mionsampla as a fheiceáil, mar tugann sé spléachadh daoibh ar shaol scoláire cónaithe i gColáiste Naomh Chiaráin i gCill Chainnigh ag tús na seachtóidí.

Seo iad an chéad chúpla iontráil dialainne, le cúpla ceartúchán beag.  Cuirim cúpla nóta lena bhfuil ráite, freisin.

Eanáir 21

Tá mé sa staidéar anois, agus tá mé ag obair go dian.  Tá buachaill mór ina shuí ar bhinse os comhair an ranga.  Tá sé i bhfeighil an staidéir, agus má bhíonn aon duine ag cogarnach nó ag casadh timpeall le linn an staidéir, glaonn sé ar an mbuachaill sin agus iarann sé air dul suas go dtí oifig an Athar Ó’Conchubhair agus a insint dó go raibh sé dána.  Ar an drochuair dom, bhí mé féin gafa ag cogarnach, agus bhí orm é sin a insint don Déan, an tAthair Ó’Conchubhair. Geallaimse duit go raibh pian i mo lámha agam agus mé ag teacht ar ais óna sheomra.

Nótaí:

Halla staidéir a bhí i gceist anseo.  Bhí ar na scoláirí cónaithe a bheith ag staidéar sa halla seo ar feadh trí huaire gach lá sa tseachtain.  Bhí briseadh againn i lár an lae chun an dinnéar a ithe. Bhí sé in am dul a chodladh díreach tar éis an staidéir.

Bhí scoláire sinsearach inár gceannas i rith an staidéir, agus cuireadh an locht airsean mar gheall ar iompar a ranga.  Bhí diansmacht curtha i bhfeidhm, mar ba chroíphrionsabal é san oideachas ag an am sin, faoi thacaíocht phionós corpartha.  Is deacair dúinn a chreidiúint go raibh pionós corpartha inghlactha riamh inár scoileanna. D’fhéadfaí tú a chur i gcarcair trí lámh a leagan ar scoláire sa lá atá inniu ann.

Eanáir 22

Tá mé im scoláire cónaithe i gColáiste Chiaráin agus ní maith liom é, mar níl an bia go deas.  Bhí na béilí sa bhaile i bhfad níos fearr.

Ní maith liom bheith ar scoil mar buaileann na múinteoirí mé.

Tá sé fuar sa leaba agus níl ach trí bhlaincéad thanaí orm.

Tá a lán scrúdaithe le déanamh agam – cúig cinn sa bhliain!  Níl ach trí cinn le déanamh ag buachaillí i scoileanna eile.

Ach nuair a bheidh mé mór, beidh a fhios agam ag an am sin gurbh é seo an rogha scoile ab fhearr.

Nótaí:

Is léir dúinn ón iontráil seo go raibh mé ag streachailt leis na dálaí maireachtála ar an iliomad slí.  Tá sé rí-shoiléir go raibh deacracht agam le pionós corpartha, mar luaigh mé é sa chéad iontráil freisin.  Bhí sé seo ríthábhachtach i mo shaol féin, mar dar liom, bhain an scoil mí-úsáid as a gcuid údarás. Spreag an imeagla fisiciúil sin dubhfhuath údaráis ionam don chuid eile dem shaol.  Dar liomsa, theip go mór ar an scoil agus ar an chóras oideachais an rud a bhí beartaithe a chur i gcrích.

I gcás na rudaí eile, ní raibh siad chomh tromchúiseach mar ba  iad gnáthdheacrachtaí an scoláire cónaithe ag an am sin. Sea – ní raibh an  leaba ró-chompordach; ní raibh bia an phroinntí ró-bhlasta agus dar ndóigh, bhí an iomarca scrúdaithe dúshlánacha againn.  Ach neartaigh na rudaí sin ár gcarachtair, agus d’ullmhaigh siad muid don saol mór.

Agus cé go raibh mé míshásta tríd is tríd, bhí a fhios agam, go mbeadh saol níos fearr agam sa todhchaí, agus mar sin gurbh fhiú dom cur suas leis an míchompord sealadach sin!

B’fhéidir go bhfuil ceacht ann dúinn go léir anseo – go háirithe sna laethanta rathúla atá ann anois!

.

Dialann Scoláire

Cuairt gan choinne -Cuid a Dó

Thóg mé cupán eile, agus bhain mé súimín as, ag tarraingt na gcos go dtí go mba léir dom cad a dhéarfainn.

“Is dócha go bhfuil an ceart agat!” arsa mise ar ball, ag súil go gcríochnófaí an plé sin go luath.

“Fan go n-inseoidh mé é sin d’Éamonn Mór!  Agus an pus a dhéanfaidh sé! Ach caithfidh mé cúpla freagra eile a fháil uait i dtús báire!”  Thosaigh Séimí ag gáire go croíúil ansin ar feadh beagnach nóiméad.

Bhí díomá le haithint ar mo ghnúis, is dócha, agus bhí eagla orm anois freisin ar cén ceisteanna a bhí le teacht.

“Tá sé dochreidte, ach dúirt Éamonn Mór nach bhfuair an tUachtarán Trump an chuid is mó den vóta, sa toghchán Uachtaránachta thall, agus mar sin cén sórt daonlathas é sin.  Níl sé sin fíor, a Mhichíl, an bhfuil?”

Bhí mé gafa sa dol anois.  B’fhéidir gur drochsmaoineamh a bhí ann an bealach éasca a ghlacadh!

“Bhuel, chuala mé an rud céanna, caithfidh mé a admháil.  Ach sin eisceacht is dócha!”

“Eisceacht, an ea?  B’fhéidir, ach dúirt Éamonn liom nach é seo an chéad uair a tharla a leithéid cheana!  Dúirt sé gurb é seo an cúigiú huair a tharla sé seo! Mícheart, nach ea, a Mhichíl?” Bhí a phíopa caite, ach thóg sé amach mála tobac agus réitigh sé píopa nua!  B’fhéidir gur bhain sé an-sult as m’ainnis-se!”

“Tá a fhios agam gur tharla an rud céanna sa bhliain 2000 le George W. Bush!” arsa mise, “ach níl a fhios agam na hócáidí eile, ach b’fhéidir go bhfuil an ceart ag Éamonn anseo!”

“Ó a dhiabhail! céard tá á rá agat a Mhichíl?  Cheap mé go ndúirt tú nach raibh an ceart aige faoin bhfíor dhaonlathas, ach anois nach bhfuil an dá thuairim seo ag teacht salach ar a chéile?”   

Bhí sé in am do Shéimí breac a thabhairt ar an bport.  Faitíos orm, go bhfuil mo phort seinnte anois, cinnte!

Deochín soip b’fhéidir, a Mhichíl?  Tá muid lán de thae anois!”

“Cinnte”, arsa mise, sásta sos beag a fháil ón gcéasadh seo.  Fuair mé buidéal uisce beatha agus chuir mé gloiní móraigeanta amach dúinn.  Bhí súil agam go maolódh sé an phian.

“Sláinte!” arsa mise, agus chaitheamar siar leath ghloine mar sin!

“Cá raibh mé – ó sea, fíor dhaonlathas, nach ea?  Agus anois céard a bhí á rá agat a Mhichíl?”

“Bhuel, ní raibh mé ag smaoineamh ar an Uachtarán, ach go háirithe, a Shéimí.  Bhí mé ag smaoineamh ar an gComhdháil.” Seans beag agam anseo.

“Sea, míníonn sé sin an difríocht!”  arsa Shéimí agus d’ól sé braon eile.

“Tá sé ag éirí déanach, nach bhfuil a Shéimí?” arsa mise, ag iarraidh an scéal a dhruidim chun deiridh.

An Chomhdháil, an ea?” ar seisean, ag tabhairt neamhairde orm.  “Aontaím leat, ach dúirt Éamonn nach bhfuil sé sin níos fearr ná cúis an Uachtaráin.”

“Agus cén argóint a bhí aige leis an tuairim sin?” a d’fhiafraigh mé.  An raibh Marbhsháinn agam, i ndiaidh gach ní? B’aoibhinn liom é sin!

An Seanad, mar shampla.  Dúirt Éamonn go bhfuil beirt sheanadóir ag gach Stáit.”  D’fhéach Séimí orm, ag fanacht le mo thuairim.

“Sin fíor” arsa mise, “agus mar sin tá bonn ar aon ag gach Stáit!  Nach féaráilte é sin?” arsa mise, sásta anois go raibh an lámh in uachtar faighte agam, faoi dheireadh.

“Sin é an freagra céanna a bhí agamsa, an gcreideann tú é sin?” agus thosaigh sé ag gáire.  Thosaigh mise ag gáire freisin.

“Go hiontach!  Agus ní raibh an dara rogha ag Éamonn Mór ach a admháil go raibh dul amú air, nach raibh?” arsa mise agus lean mé ag gáire.  Bhí an t-uisce beatha ag cabhrú le mo mhisneach anois! Agus smaoinigh mé go raibh críoch anois le hargóint Éamoinn Mhóir.

“Go réidh anois, a Mhichíl!  Níor admhaigh aon rud!  A mhalairt ar fad!” arsa Séimí.

Thit an lug ar an lag orm.  An raibh críoch ar bith leis an scéal seo?

“Agus cén freagra a bhí ag an bhfear mór?” a d’fhiafraigh mé díom féin.

“Sin a dúirt sé: “Bheadh beirt sheanadóir i ngach Stáit an-fhéaráilte dá mbeadh an líon céanna daoine i ngach Stáit.  Ach tá fiche Stáit a bhfuil níos lú daoine iontu le chéile, ná mar atá i gCalifornia ina aonar! Agus tá daichead seanadóirí ag an bhfiche Stáit sin, ach níl ach beirt ag California.  Féaráilte! An as do mheabhair atá tú? Daonlathas? Aililiú !!!!!” Dúirt mise nár chreid mé é sin, agus go gcaithfinn seiceáil leatsa! Níl an ceart aige, an bhfuil? – nach dochreidte é sin?”

Bhí mé idir dhá thine Bhealtaine aige anois.  Ar lámh amháin, géilleadh gan choinníoll! Agus ar an lámh eile, leanúint ag troid.   Bhí an ceart ag an bhFear Mór arís, ach céard faoin Teach na nIonadaithe – bhí sé sin níos féaráilte.  Ach bhí tuirse orm anois ag cosaint rudaí nach féidir a chosaint!  Bhí sé in am deoch ar mo náire a ól!

“Caithfidh mé a rá go bhfuil an ceart ag an bhfear mór anseo freisin!” arsa mise.

“Tá an-tuiscint ag Éamonn Mór i ndeireadh na dála!  Nach bhfuil?” arsa Séimí, ag croitheadh a chinn le díchreideamh, mar loic mé go dona air.

“Caithfidh mé a admháil go bhfuil, a Shéimí!” arsa mise, ag fuilstin na náire.

“Agus an gceapann tú go bhfuil an ceart aige freisin go bhfuil na Stáit  Aontaithe críochnaithe?” arsa Séimí, ag seachadadh an oll-náiriú deireanach.

“Níl mé chun easaontú le hÉamonn arís anocht, a Shéimí.  Glacaim lena thuairim!” Chrom mé mo cheann, ach seo an bealach is fearr. Is trua nár aithin mé é sin níos luaithe san oíche!  Ní raibh aon rud eile agam le rá – bhí mé spíonta amach anois!

“Bhí oíche aoibhinn againn, agus míle buíochas duit, a Mhichíl! “  Chuir Séimí a chóta air, agus amach an doras leis, agus d’imigh sé leis agus é ag croitheadh láimhe.

Dhún mé an doras, agus lig mé osna mhór faoisimh.

“Nach mise an ceap magaidh!” a dúirt mé liom féin.  “D’aontódh Éamonn Mór liom ar an bpointe sin, agus Séimí freisin, is dócha!”

.

.

Dialann Scoláire

Cuairt gan choinne -Cuid a hAon

Séimí ar chuairt !

Is beag nár thit mé as mo sheasamh le hiontas nuair a d’oscail mé an doras agus tháinig mé ar Shéimí an Droichid ina seasamh lasmuigh.  Chonaic mé go deireanach é b’fhéidir bliain ó shin, ag teach m’athair, mar is cairde iadsan le fada. Ach is cuimhin liom go maith go ndúirt m’athair liom súil seabhaic a choinneáil air, mar go ndéanadh Séimí cibé rud ba mhian leis, agus bhí sé lán de dhiabhlaíocht!  Chonaic mé ródhéanach cé chomh fíor a bhí an tuairim sin!

Shiúil Séimí díreach isteach sa chistin; chuir sé uisce sa chiteal, agus ansin chuir sé ar fiuchadh é.  Shuigh sé síos ag an mbord, dhearg a phíopa, agus thosaigh ag caint.

“A Mhichíl, A dhiabhail, cé’ chaoi a bhfuil tú in aon chor?”  a dúirt sé, roimh ghal a bhaint as a phíopa, agus é ag féachaint orm, le súile bioracha.

“Go maith, a Shéimí, agus tú féin?” a d’fhreagair mé go himníoch.

“Bhuel, tá na cúlfhiacla curtha go maith agam anois, ach in ainneoin sin, ní gearánta dhom!” a dúirt Séimí agus é ag gáire.  “Agus d’athair, an bhfuil Peadar go maith?” dfhiafraigh sé díom.

“Tá sé maith go leor, nuair a chuireann tú gach rud san áireamh.  Chuaigh sé faoi scian cúpla mí ó shin, agus tá sé ag teacht chuige féin, diaidh ar ndiaidh, ó shoin” arsa mise.

“Tabhair mo ghean dó, agus abair leis go dtabharfaidh mé cuairt air, at ball”, arsa Séimí.

“Déarfaidh mé, gan dabht”, arsa mise.  Ansin, fuair mé arán donn, agus im agus subh agus chur mé ar an mbord iad.  Réitigh mé braon tae agus chur mé an taephota ar an mbord. Fuair mé soithí, cupáin, agus cúpla scian agus chur mé iadsan ar an mbord freisin.  Thosaíomar ag ithe agus ag ól gan a thuilleadh moille. Bhreathnaigh mé ar Shéimí, agus chonaic mé go raibh sé chomh sásta le rí.

“Bhí aighneas beag idir mé féin agus Éamonn Mór Ó’Dálaigh.  An bhfuil aithne agat ar Éamonn Mór?” arsa Séimí.

“Go deimhin tá”, arsa mise, “cara le m’athair é Éamonn Mór le blianta anuas.  Fear le tuairimí láidre é!”

“Sin é, go díreach, a Mhichíl.  Leag tú do mhéar ar a phearsantacht, cinnte, nó tuigtear dó go mbíonn an ceart aige i gcónaí ar an ábhar a bhíonn á phlé againn.  Ach níl mé lánchinnte faoi sin. Sin an fáth a gcaithfidh mé ceist a chur ortsa, a Mhíchíl.”

Ansin, tharraing Séimí ar a phíopa go dtí go raibh scamall toite san aer thart orainn.  Ní raibh aon deifir air anois, mar bhí a fhios aige go raibh lucht éisteachta aige nach raibh in ann éalú.  Nuair a bhí sé réidh, lean sé ar aghaidh.

“Polaitíocht atá i gceist anseo!” a dúirt Séimí.

“Polaitíocht!  Ní dóigh liom go mbeidh mé in ann léargas a thabhairt ar an Pholaitíocht!” arsa mise go míchompordach.

“Nach gcaitheann tú go leor ama sna Stáit, a Mhichíl?” Chuir sé an cheist orm agus ansin thóg sé cupán eile tae.  Chonaic mé an treo ina rabhamar ag dul, ach bhí sé ródhéanach dom éalú anois, mar bhí mé gafa go maith anois aige.

“Caithim sciar maith ama ann, tá an ceart agat a Shéimí!”

“Bhuel mar sin, nach bhfuil tú ar an talamh ansin i Meiriceá, i bhfad níos gaire don pholaitíocht thall ná Éamonn Mór, nó mise?” agus leis sin, shuigh Séimí siar sa suíochán agus thóg sé tarraingt mhór ar a phíopa agus é ag féachaint orm go cúramach.  Bhí an t-iasc beagán i bhfostú aige anois!

Ní raibh an dara rogha agam anois ach géilleadh do Shéimí!  Tharraing mé anáil fhada dhomhain, agus d’fhreagair mé mar seo é.

“Tá an ceart agat, a Shéimí – bím thall ansin i Meiriceá, agus gach lá cloisim agus feicim nuacht gan stad faoi chúrsaí polaitíochta.”  Lig mé osna mhór asam!

“Bhuel, an gceapann tú go bhfuil an tír sin críochnaithe?” arsa Séimí, agus é réidh an duán a chur i mbreac.

“B’fhéidir go bhfuil ach is daonlathas é, agus tá srianta agus ceartúcháin sa chóras sin le fada.  Mar sin, b’fhéidir go dtabharfadh an tír is cumhachtaí ar domhan na cosa léi ón ghéarchéim seo. Tá spré dóchais agam agus ag muintir Mheiriceá freisin go bhfuil.”

“Tá súil agam nach bhfuil an dóchais sin as riocht, a chara!” arsa Séimí.  “Dúirt Éamonn nach bhfuil aon dóchas aige ar chor ar bith. Dúirt sé freisin nach fíor-dhaonlathas atá ann, agus sin é fréamh na faidhbe.  Ar chuala tú é sin riamh? Mar níor chuala mise é” –dúirt mé le hÉamonn gur “fake news” é sin, mar a déarfá! “Nach raibh an ceart agam? Braon tae eile?”

.

Dialann Scoláire

Mar a fuair Éamonn Mór a ainm!

Cuairt Éamoinn

.

Bhuail mé le hÉamonn Mór deich mbliana ó shin.  Tháinig mé isteach i dteach mo thuismitheoirí tar éis lae fhada ag obair, agus mé stiúctha leis an ocras.  Thosaigh mé ag lorg rud éigin le n-ithe sa chuisneoir, nuair a ghlaoigh m’athair anall orm.

“A Mhichíl”, as seisean, “tar isteach anseo.  Ba mhaith liom duine a chur in aithne duit!”

Chuaigh mé isteach sa pharlús.

“Éamonn Mór”, a dúirt sé, “seo é mo mhac Micheál!”

Sheas Éamonn Mór suas.  “Bhuel, cé’ chaoi bhfuil tú, a Mhichíl?” arsa Éamonn.

Ní raibh mé in ann aon rud a rá ar feadh nóiméid.  Ba é seo an fear ba mhionchumtha dá bhfaca mé riamh!

“Go maith, agus tú féin?”, a dúirt mé sa deireadh, agus mé fós faoi dhraíocht.

“Go réasúnta!  Suigh síos anois a Mhichíl go n-inseoidh mé scéal duit”, a dúirt sé.

“Gheobhaidh mé tae agus arán donn”, arsa m’athair.  Bhí a fhios aige go raibh ocras mór orm, agus b’fhéidir gur chuala sé an scéal seo go mion minic cheana!

“Nuair a bhí mé óg, a Mhichíl, ní raibh an tír seo mar atá sí anois.  Bhí an baile beag ina raibh muid inár gcónaí, ina dhomhan mór dúinne..

“Chuala mé an rud céanna ó m’athair!” arsa mise.  “Ní scéal nua é sin dom!”

Cheap mé go gcuirfeadh sé seo stad leis an scéal a bhí á insint aige, mar scéal leadránach ba ea é, bhí mé cinnte!  Ar an drochuair, áfach, rinne mé dearmad ar fad faoi sin!

“Bhuel, an Peadar Mór an t-ainm atá air, a Mhichíl?”  a d’fhiafraigh sé díom,” agus é ag stánadh orm.

“Ní hea”, arsa mise.

“Bhuel mar sin, níl an scéal céanna ann ar chor ar bith.  B’fhéidir an tosach céanna, ach tá an chuid eile de mo scéal go sainiúil!  Bí foighneach anois, a Mhichíl, go gcloisfidh tú an chuid eile den scéal!” arsa Éamonn Mór, agus chonaic mé nach raibh sé róshásta liom.

Ag an am seo, tháinig m’athair isteach le tráidire bia!  Bhí mé an-sásta bia a fháil, agus thosaigh mé ag ithe láithreach.   Thuig mise ansin go raibh mé mífhoighneach de bharr an ocrais mhóir a bhí orm.

“Tá brón orm, a Éamoinn Mhóir, ní raibh sé ar intinn agam a bheith chomh brusanta borb; gabh mo leithscéal!” arsa mise.

“Ara cén dochar!” arsa Éamonn Mór agus lean sé ar aghaidh le fuinneamh nua.  “Anois, cá raibh mé? Sea, bhí mé ag caint faoi na seanlaethanta, nuair a bhíomar go léir bocht i mbealach amháin, ach saibhir i mbealach eile!

Sna laethanta sin, d’aithníomar gach carr sa cheantar ó fhuaim a innill.   raibh mórán carranna sa timpeall, ag an am sin, a’ dtuigeann tú?” arsa Éamonn Mór agus é ag ól braon tae.  Ansin, lean sé ar aghaidh arís.

“Bhí “Morris Minor” ag muintir Uí Mhórdha, agus bhí post mór ag Seán Ó Mórdha sa chathair.  Ba é an t-aon duine sa Pharóiste a thiomáin gach lá. Feirmeoirí ba ea an chuid ba mhó dínn.  Gach lá nuair a thagadh Seán abhaile, chloisinn an carr sara bhfeicfinn é, agus ansin rithfinn  amach an doras agus lig scread ard asam: “Tá Seán ag teacht, tá Seán ag teacht!”

Uair amháin, bhí m’uncail ar cuairt ó Bhéal an Átha linn, agus thosaigh sé ag gáire nuair a chonaic sé mo chuid geáitsí.  Ní fhaca sé a leithéid riamh, mar bhí a lán carranna i mBéal an Átha ag an am sin, agus ní aithneodh aon duine carr áirithe ó fhuaim a innill!  Bhí mo chairde lasmuigh ag an am sin, mar bhainidís taitneamh as an seó céanna gach lá.

Sé a dúirt m’uncail Éamonn liom agus é ag gáire ná:

“Éamonn an ghlóir mhóir, ná déan glór mór ar bheagán cúise – níl ann ach carr ag teacht!”

Thosaigh mo chairde go léir ag gáire ansin, agus ag canadh an t-amhrán beag:

“Éamonn Mór, ná déan glór!

Éamonn Mór, ná déan glór!”

In ainneoin mé a bheith an-bheag dom’ aois – nó b’fhéidir dá bharr sin,  b’in é an t-ainm, ‘Éamonn Mór’, an t-ainm a glaodh ormsa i gcónaí ina dhiaidh sin, agus ar an drochuair, níor fhás mé, faoi mar a thuigfeá ón ainm sin, bíodh  gur theastaigh sin uaim, thar aon ní eile.

Bhí náire an domhan orm tar éis na heachtra sin agus níor scread mé arís go deo nuair a chuala mé carr ag teacht.  Agus sin é an fáth go dtugtar “Éamonn Mór” orm go dtí an lá atá inniu ann, bíodh is go mbeadh Éamonn Beag i bhfad níos oiriúnaí dom!”

raibh aon rud le rá agam, ach d’aithin mé cumhacht na bhfocal ag an am sin, agus an damáiste a dhéanann focail neamhthuairimeach!  Nach bhfuil a thoradh sin fós ar an bhfear bocht!

Tar éis an scéil, d’ólamar an oiread tae agus rinne an triúr againn comhrá ar ábhair éagsúla.  Ach cé go ndearna mé dearmad ar an gcomhrá a tharla an oíche sin, d’fhan an scéal agus a cheacht crua liom thar na blianta fada, anuas go dtí an atá inniu ann.

.

gaGaeilge