
Elton!
Elton!
Nuair a chonaic mo bhean chéile go mbeadh Elton John ar an stáitse i San Diego cúpla lá ina dhiaidh sin, cheap mé nach mbeadh aon ticéid fágtha. Ach ar mhaithe leis an gcraic, rinne mé cuardú ar ‘Ticketmaster’ agus bhí ionadh orm go raibh ticéid fós ar fáil. Cheannaigh mé cúpla gan mhoill.
Ba dheis annamh í seo, mar d’éirigh Elton as camchuairteanna a thabhairt cúpla bliain ó shin. Sa chás seo, rinne sé eisceacht mar is ócáid tiomsaithe airgid do chúis mhaith a bhí i gceist. Thiomnaigh Elton an t-airgead óna cheolchoirm a bhronnadh do ‘Curebound’, eagraíocht áitiúil neamhbhrabúis a chuireann maoiniú ar fáil chun taighde ar ailse a dhéanamh. Tháinig Elton féin slán ó ailse phróstataigh sa bhliain 2017. Ba bheag nach bhfuair sé bás ó haimhréidh neamhchoitianta (saghas víris) a tharla tar éis dó dul faoi scian. Ag an am sin, fuair sé tuiscint faoi cad a bhí tábhachtach ina shaol, agus chinn sé níos mó ama a chaitheamh i dteannta a theaghlaigh féin agus gan mórán ama a chaitheamh ar chamchuairteanna.
Cuimhní
Bhí amhráin Elton mar fhuaimrian dom i mo luathdhéaga. Is maith is cuimhin liom a bheith ag damhsa ag díoscónna agus ‘Rocket Man’, ‘Crocodile Rock’, nó ‘Daniel’ á chasadh go hard. Níl a lán cuimhní agam faoin am sin, ach ba é sin ceann dóibh. Chuaigh beagnach gach amhrán Elton go barr na gcairteacha sna seachtóidí. Bhí Elton go hiontach ag cumadh ceoil ach ní raibh sé in ann na liricí a chumadh. Bhí a chara, Bernie Taupin, go hiontach ag cumadh liricí, ach ní raibh sé in ann ceol a chumadh. Chuir ‘Liberty Records’ iad le chéile, nuair a thug siad fillteán liricí Taupin do Elton. Chum Elton an ceol dóibh, agus thosaidh comhpháirtíocht fhíor-cháiliúl idir Bernie agus Elton. Chomhoibrigh siad le chéile ar beagnach gach amhrán ó thosaigh siad i 1967 suas go dtí seo. Suas go dtí le gairid, sheoladh Bernie liricí chuig Elton, agus ansin chumadh Elton an ceol – gan iad a chasadh le chéile! Le cúpla bliain anuas, casann siad níos minice chun an chumadóireacht a dhéanamh le chéile.
An Phrapáil
Bhí an spotsholas ar an eagraíocht Curebound nuair a tháinig a Phríomhfheidhmeannach, Anne Marbarger, ar an stáitse.
“Anois – níos mó ná riamh, is gá dúinn tacaíocht a thabhairt dár lucht eolaíochta,” a dúirt Anne. Tá an ceart aici agus ciorraithe géara curtha i bhfeidhm le déanaí ag an Institiúid Náisiúnta Ailse. “Lenár dtacaíocht, tiocfaidh leigheas ar ailse as San Diego.”
Ó bunaíodh é in 2021, tá beagnach $150 milliún bailithe ag Curebound chun maoiniú a bhronnadh ar 6 institiúit taighde atá ag iarraidh leigheasanna ailse a aimsiú. Fuair Curebound $11.5 ón gceolchoirm seo amháin –is daonchara iontach é Elton!
Tháinig Elton ar an stáitse ansin, agus culaith bhuí á caitheamh aige, an dath a chiallaíonn feasacht ailse. Tar éis túis spleodraigh le ‘Funeral for a Friend/Love lies Bleeding’, bhí cúpla focal le rá ag Elton: “Tá sé go hiontach a bheith anseo chun an eagraíocht dochreidte seo a cheiliúradh. Ní tharlaíonn ócáidí mar seo go minic, agus mé ag dul chuig áiteanna ina bhfuil an oiread sin daoine a bhfuil taithí acu leis an ailse, mise san áireamh. Bainimis lántaitneamh as (an oíche)!
An Cheolchoirm
Bhí Elton agus a bhanna go hiontach ar fad, cé go raibh mionfhadhbanna leis an meascadh fuaime cúpla uair. Tar éis ‘Funeral for a Friend’, lean siad ar aghaidh le sraith na gclasaiceach: ‘Bennie and The Jets,’ ‘I Guess That’s Why They Call It The Blues,’ ‘’Philadelphia Freedom’ agus ‘Tiny Dancer.’ Agus ansin le sraith iontach eile: ‘Goodbye Yellow Brick Road,’ ‘Rocket Man,’ ‘Levon,’ ‘Candle in the Wind’ agus ‘Sorry Seems To Be The Hardest Word To Say.’
Le linn na ceolchoirme, chan agus sheinn Elton ag sárleibhéal – le fuinneamh agus le paisean. Chas sé aonréid speisialta ar an méarchlár ar ‘Benny and The Jets,’ ‘Rocket Man’ agus ‘Levon’. Bhí stíleanna éagsúla á sheinm aige – boogie-woogie, ceol gaspal, snagcheol agus na gormacha san áireamh – i meascán inspioráideach agus spreagúil.
Don amhrán deireanach, chan Elton ‘Your Song’, agus ansin bhí taispeántas tine ealaíne nach raibh aon duine ag súil leis. Clabhsúr cuí do cheolchoirm iontach a bhí ann.
D’fhan an líne dheireanach don amhrán deireanach liom: ‘Nach iontach an saol é nuair atá tú sa domhain seo!’ Léiríonn sé gach rud faoin gcúis uasal seo i líne ghearr amháin!