Léirmheas Scannáin: Hallelujah: Leonard Cohen.  A Journey, A Song

Léirmheas Scannáin: Hallelujah: Leonard Cohen. A Journey, A Song

Léirmheas Scannáin: Hallelujah: Leonard Cohen. A Journey, A Song

Dúirt Bono gurb é Hallelujah an t-amhrán ab fhearr riamh. B’fhéidir go bhfuil an ceart aige!

Scríobh an t-amhránaí is scríbhneoir Leonard Cohen ‘Hallelujah’ thar thréimhse cúig bliana.  Ach níor ghnóthaigh an t-amhrán aitheantas mór ar dtús, cosúil le Cohen féin – ní tharlódh sé sin dóibh go ceann tamall fada. Tá scéal an amhráin agus a chumadóra fite fuaite le chéile, agus úsáideann na comhstiúrthóirí Daniel Geller agus Dayna Goldfine an nasc láidir sin chun scannán faisnéise a chruthú.  

Late Starter

Réalta rac neamhghnách ba ea Leonard Cohen. Bhí an file agus an t-úrscéalaí Ceanadach seo 40 bliain d’aois nuair a chuir Judy Collins (a raibh an-tóir aici ar an amhrán ‘Suzanne a scríobh Cohen) comhairle air, ag rá: “Ní féidir leat fanacht i bhfolach a thuilleadh; caithfidh tú canadh go poiblí.” Ní raibh Cohen in ann ceol a chanadh nó a sheinm ag an am. Ach tar éis tamaillín, d’éirigh thar barr leis mar cheoltóir.

Rejection

Bhí Cohen timpeall leathchéad bliain d’aois sa bhliain 1984, nuair a chríochnaigh sé a amhrán ‘Hallelujah’.  Chomhoibrigh sé leis an léiritheoir John Lissauer agus an t-amhránaí tionlacain Jennifer Warnes chun albam nua a ullmhú, dar teideal ‘Various Positions’. Sheol sé é chuig Columbia Records, agus d’iarr uachtarán Columbia, Walter Yetnikoff, ar Cohen bualadh leis. Dúirt Yetnikoff leis: “ Féach, a Leonard, tá a fhios againn go bhfuil tú ar fheabhas, ach níl a fhios againn an bhfuil maith ar bith ionat!” Dhiúltaigh Yetnikoff an t-albam a chur amach. Is díol suntais é go mbeadh trí sáramhrán ar an albam sin – ‘Hallelujah’, ‘Dance Me to the End of Love’ agus ‘Be Your Will!  

John Cale, Glen Hansart agus Jeff Buckley

Amhrán fada ba ea ‘Hallelujah’ ar dtús. Ach nuair a bhí sé ag obair ar albam ómóis do Cohen dar teideal ‘I’m your Fan’, rinne an ceoltóir cáiliúil John Cale eagarthóireacht chuimsitheach ar an amhrán roimh é a chanadh ar an albam.  Ach bhí comhábhar ar iarraidh fós in ainm Jeff Buckley!

Gael-Mheiriceánach ba ea Jeff Buckley (mac leis an sárcheoltóir Tim Buckley, cara le Cohen), agus thosaigh sé amach ag obair mar ródaí do Glen Hansart agus ‘The Commitments’, nuair a bhíodar ar camchuairt sna Stáit Aontaithe i 1991. Spreag Hansart é chun a cheol féin a sheinm agus a chanadh sa chaife Sin-é i Manhattan. Dála an scéil, d’oscail Éireannach darb ainm Shane Doyle caife Sin-É i 1989.   

Cé gur eisigh an sárcheoltóir Jeff Buckley leagan de ‘Hallelujah‘ (bunaithe ar leagan amach John Cale) sa bhliain 1994 ar a albam ‘’Grace’, níor bhain ‘Hallelujah’ barr na gcairteacha amach go dtí 1998. Gan dabht, tharraing bás tionóisceach Buckley sa bhliain 1997 aird an phobail ar an amhrán. Nuair a chuala siad é, thuig siad ansin cé chomh hálainn agus a bhí ‘Hallelujah’, agus go háirithe leagan amach Buckley.  

Comeback

Chaith Cohen 5 bliana, ó 1994 go dtí 1999, i mainistir Zen i Los Angeles. Bhíodh Cohen á chiapadh ag dúlagar go rialta, agus bhí sé ag lorg tearmainn.  Faoi dheireadh, thuig sé nach raibh a leigheas ar fáil sa mhainistir agus d’fhág sé é. D’eisigh sé cúpla albam ansin nár éirigh rómhaith leo – ceann amháin i 2001 (Ten New Songs) agus ceann eile i 2004 (Dear Heather).

Ach nuair a ghoid a bhainisteoir, Kelley Lynch, formhór a airgid, chinn sé teacht aniar a dhéanamh agus é 73 bliain d’aois. Chuir sé banna le chéile, agus chuaigh siad ar camchuairt sa bhliain 2007.  Bhíodh na ticéid dá gceolchoirm díolta amach gan mhoill, agus bhíodh orthu dátaí eile a chur leis a sceideal acu.  Lean Cohen ar aghaidh ag obair mar sin go dtí 2013, agus d’éirigh leis ní b’fhearr ná riamh.  

Ó Neart go Neart

Bhí dhá leagan amach de ‘Hallelujah’ a raibh an-tóir orthu, ag baint leis an scannán iontach ‘Shrek’ (2001): leagan amach John Cale sa scannán, agus leagan amach Rufus Wainwright ar fhuaimrian an scannáin.    

Sa bhliain 2004, d’eisigh KD Lang leagan de Hallelujah ar a halbam Hymns of the 49th Parallel agus chan sí sé é ag searmanas oscailte na gCluichí Oilimpeacha sa Gheimhreadh 2010.

Chuaigh leagan amach Alexandra Burke, buaiteoir an chúigiú sraith de The X Factor, go barr na gcairteacha um Nollaig 2008. Ansin, thosaigh beagnach gach amhránaí i ngach seó tallainne ar fud an domhain ag canadh ‘Hallelujah’.

“Labhraíomar leis an buscálaí a fheiceann tú inár scannán lasmuigh den stáisiún traenach faoi thalamh i Manhattan,” a dúirt stiúrthóir Goldfine. “Agus dúirt sí linn má bhíonn am deacair aici lucht féachana a mhealladh agus mura bhfuil aon airgead ag teacht isteach, tosaíonn sí ag seinm Hallelujah. Deir sí go n-oibríonn sé gach uair.”

Cad a déarfá anois, Walter Yetnikoff?

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Léirmheas: Poker Face – Macalla ó Ré Eile!

Léirmheas: Poker Face – Macalla ó Ré Eile!

Tháinig clár bleachtaireachta amach le déanaí ar an tseirbhís srutha Peacock sna Stáit Aontaithe. Léigh mé léirmheas a mhúscail mo spéis agus d’fhéach mé ar an gcéad clár den tsraith. Chuir sé i gcuimhne dom ar an toirt cláir bleachtaireachta eile a bhíodh ar siúl ar an teilifís sna seanlaethanta – uair nach raibh ach teilifís bheo ar fáil dúinn. Bhíodh an sceideal clár de ghlanmheabhair againn, agus gan dabht bhíodh sé ar eolas againn cén lá agus cén t-am a mbeadh ‘Columbo’ nó ‘The Rockford Files’ ar an teilifís. Bhímis go léir ag tnúth leis na heipeasóidí nua gach seachtain, agus na comhráite sa bhaile agus san oifig ina ndiaidh.  Cad a bhí chomh speisialta i gcás na gclár sin? I mo thuairimse, carachtair tharraingteacha ba iad na príomhcharachtair i mbealaí éagsúla. Chomh maith leis sin, bhí leagan amach ag an dá chlár nach raibh cosúil le cláir bhleachtaireachta eile a bhíodh ar siúl.

Rockford agus Columbo!

I gcás ‘The Rockford Files’, bíonnmar fhinné ar shaol príobháideach an bhleachtaire. Feiceann tú Rockford ina theachín soghluaiste míshlachtmhar ar an trá i Malibu i gCalifornia, agus cuireann tú aithne ar Rockford féin, a chlann (a athair) agus a chairde (póilín Denis Becker agus iarphríosúnach Angel) . Bíonn tús áite ag an duine féin sa chlár seo, agus tar éis sin tagann a chuid bleachtaireachta, a suimiúil go leor freisin.    

I gcás Columbo, ar an taobh eile den scéal, ní fheiceann tú é sa bhaile ar chor ar bith. Ach gnéithe eisceachtúla ag baint leis mar bhleachtaire. Feiceann dúnmharú ag tarlú ag tús gach eipeasóid, agus tar éis sin Columbo ag díriú isteach ar an dúnmharfóir. cuma dhearmadach ar Cholumbo, agus measann an coirpeach faoina chumas é. Ach nuair a bhíonn Columbo ar tí imeacht tar éis a chuid ceisteanna a chur ar an gcoirpeach, agus an coirpeach céanna ag tarraingt anáil faoisimh faoi dheireadh, casann Columbo ar ais ina t(h)reo agus cuireann sé an cheist cháinteach air nó uirthi a thosaíonn mar seo: “Ó agus rud amháin eile…”   

Ach cad faoin gclár nua ‘Poker Face’?

Chuir cruthaitheoirí an chláir, Rian Johnson agus Natasha Lyonne, eilimintí de ‘Columbo’ agus ‘The Rockford Files’ le chéile chun an clár bleachtaire nua-aimseartha seo a chumadh. Is í Natasha Lyonne an bleachtaire Charlie Cane sa tsraith nua seo freisin. Is aisteoir den chéad scoth í Natasha, a raibh páirt aici sna sraitheanna cáiliúla ‘Orange is the New Black’ agus Russian Doll.  Sa tsraith seo, bodh Charlie ag obair mar chúigleálaí i gcomórtais pócair, ach tá sí éirithe as an obair sin anois. Is seachránaí í anois ag taisteal ó áit go háit ag déanamh oibre sealadaí. Feiceann tú Charlie ag streachailt ina saol príobháideach, agus sa tslí sin tá an clár cosúil le ‘The Rockford Files’. Ní bleachtaire oifigiúil í, ach tarlaíonn dúnmharuithe pé áit a dtéann sí, agus faigheann sí amach cé a rinne iad.  Tá cumas speisialta ag Charlie a bhíodh úsáideach di nuair a bhí sí ag imirt pócair, agus a bhíonn úsáideach freisin agus í mar bhleachtaire amaitéarach. Is ‘brathadóir bréige’ í Charlie, mar bíonn a fhios aici aon uair a insíonn duine bréag di. Tagann an cumas sin i bhfeidhm sa chlár, agus cuidíonn sé léi agus í sa tóir ar dhúnmharfóir.

Tá leagan amach iontach ag an gclár, i mo thuairim. Ar dtús, murab ionann is formhór na gclár bleachtaireachta eile agus cosúil le ‘Columbo’, feiceann tú an dúnmharú féin. Ansin, téann tú ar ais níos luaithe ná sin san áit chéanna go dtí an t-am a tháinig Charlie ar an láthair. Tugann Charlie gach mionsonra faoi deara, go háirithe aon rud ait a tharlaíonn i gcomhar leis an dúnmharú.  Ansin cuireann sí na leideanna go léir le chéile chun pictiúir cruinn a chumadh faoin dúnmharú.

Beireann Charlie amuigh ar an dúnmharfóir, nuair a chuireann sí go leor cruacheisteanna air/uirthi. Faoi dheireadh, níl an dúnmharfóir in ann an fhírinne a shéanadh níos mó, agus admhaíonn sé/sí go bhfuil sé/sí ciontach.

Is cur chuige iontach é sin, agus is aoibhinn liom an chuid dheireanach sin, nuair a bhíonn Charlie – an cat, in aghaidh an dúnmharfóra – an luch!  Faigheann Charlie an lámh in uachtar gach uair gan ceist ar bith!

Molaim duit an tsraith seo a fheiceáil chomh luath agus is féidir. Ceapaim nach bhfuil sé ar fáil in Éirinn fós, ach gan dabht beidh sé ar fáil roimh i bhfad.

.

.

Léirmheas: The Banshees of Inisherin!

Léirmheas: The Banshees of Inisherin!

Is teacht le chéile é an scannán seo don stiúrthóir Martin McDonagh agus na réaltaí scannán Colin Farrell agus Brendan Gleeson. D’oibrigh siad le chéile ar an scannán cáiliúil ‘In Bruges’ sa bhliain 2008, scannán a raibh an-ráchairt air.  

.

Cúlra

I mbéaloideas na hÉireann, is í bean sí (banshee) an té a bhíonn ag screadach chun a chur in iúl go bhfaighidh duine muinteartha bás go luath. Bíonn seanbhean (Mrs. McCormack), a chuireann bean sí i gcuimhne dúinn, le feiceáil minic go leor sa scannán seo, ag tuar go bhfaighidh duine muinteartha bás go luath.

tírdhreach fiáin mar chúlra taibhseach sa scannán. Rinneadh scannánú air ar an láthair ar Inis Mór agus ar Acaill.

Bhí cogadh na gCarad ar siúl ag am an scéil, agus chualathas buamaí ag pléascadh agus gunnaí á scaoileadh ó am go ham ar an mórthír. Bhí mé ag feitheamh le cúrsaí an chogaidh a bheith ceangailte isteach sa scéal, ach níor tharla a leithéid. B’fhéidir nach raibh ann ach leid dúinn gur meafar a bhí sa scéal, ach más ea, ní raibh na cosúlachtaí idir an cairdeas sa scannán agus cogadh na gcarad an-láidir.

.

An Scéal

Pádraic (Farrell) agus Colm (Gleeson) ina gcairde le fada ach de phreab, socraíonn Colm críoch a chur leis an gcairdeas sin.  Tá tar éis éirí tuirseach dá gcomhrá sa teach tábhairne gach oíche, agus ba mhaith leis níos mó ama a chaitheamh ag cumadh agus ag seinm cheoil.

Mar sin, iarann Colm ar Phádraic fanacht amach uaidh.  Ach níl sé éasca aon duine a sheachaint, mar níl ach teach tábhairne amháin ar an oileán, ina mbuaileann muintir na háite le chéile an t-am go léir. Is ceoltóir é Colm, agus bíonn sé páirteach sna seisiúin cheoil a tharlaíonn go rialta sa teach tábhairne céanna.

Feirmeoir beag is é Pádraic atá ina chónaí lena dheirfiúr i dteach a dtuismitheoirí nach maireann. Ba é Colm an t-aon chara amháin a bhí ag Pádraic, agus chasaidís le chéile gach oíche sa teach tábhairne. Fear mallintinneach is é Pádraic agus ní thuigeann sé i gceart cad atá á rá ag Colm.

As an uaigneas, tosaíonn Colm ag caitheamh níos mó ama le Dominic (Barry Keoghan), páiste a chuireann isteach ar gach duine ar an oileán ach a mbíonn trua acu dó mar bíonn a athair, póilín an oileáin, maslach do gach duine, a mhac san áireamh.  

Nuair a fheiceann Pádraic Colm ag comhrá le Dominic sa teach tábhairne, níl sé sásta agus déanann sé iarracht a bheith cairdiúil leis. Éiríonn Colm crosta agus bagraíonn sé mura bhfágann Pádraic leis féin é, go ngearrfaidh sé amach méar amháin ar a lámh chlé gach uair a labhraíonn Pádraic leis.

Níl a fhios ag éinne an bhfuil sé ag magadh nó nach bhfuil, agus níl mé chun a insint duit anois cad a tharlaíonn tar éis sin sa scannán ar eagla gur milleadh scéil a bheadh i gceist!  

  

Stiúrthóireacht agus Cineamatagrafaíocht

Stiúrthóir den chéad scoth is é Martin McDonagh, fear i mbarr a chumais, agus léiríonn an scannán seo cé chomh maith is atá sé ag a cheird. D’aimsigh McDonagh an chothromaíocht cheart idir an greann agus an tragóid, agus d’oscailan doras beagáinín idir fíorscéal agus finscéal, idir cairdeas agus naimhdeas, idir grá agus gráin. Cuireann McDonough béim ar na príomhcharachtair agus taispeánann sé a dtréithe dúinn, ní hamháin le comhrá ach go háirithe lena ngothaí gnúise.

.

Aisteoireacht

Thug Farrell agus Gleeson taispeántas den scoth dúinn, agus ní dóichí go mbeadh aon aisteoirí eile chomh cumasach agus atá siad mar Pádraic agus Colm. Réitíonn siad go hiontach le chéile, agus thug siad an lá leo sa scannán seo. Siobhán (Kerry Condon) go hiontach freisin ina ról mar dheirfiúr Pádraic, duine an-chliste a d’fhan sa bhaile chun aire a thabhairt ar a deartháir.

.

Conclúid

Tar éis dom an scannán a fheiceáil, bhí saghas míshuaimhnis orm. Níor cuireadh clabhsúr ceart ar an scannán, mar bhí roinnt ceisteanna nach bhfuarthas freagra orthuCeapaim go mbeadh sé níos deacra do dhaoine nach Éireannaigh iad an plota a thuiscint, gan an comhthéacs stairiúil in Éirinn ag an am a bheith ar eolas acu.  Bíodh sin mar atá, tá go leor sa scannán atá thar barr – an aisteoireacht, na radhairc fhiáine agus an chineamatagrafaíocht san áireamh.

Tá tionchar an stiúrthóra Quentin Tarantino le feiceáil go soiléir, i mo thuairim, leis an idirghníomhú idir an foréigean gan cúis agus an greann dóite. Cé nach bhfuil mise róthógtha leis an seánra sin – saghas avant-garde atá i gceist, má thaitníonn an seánra sin leat, bainfidh tú sult as an scannán. Seachas sin, ná bac leis!

.

.

.

Léirmheas: An Cailín Ciúin!

Léirmheas: An Cailín Ciúin!

Nuair a bhí mé ag freastal ar Choláiste na Rinne sa samhradh, bhí deis agam an scannán Gaeilge ‘An Cailín Ciúin’ a fheiceáil sa phictiúrlann Movies@Dungarvan i nDún Garbhán. Scannán thar barr is ea é, agus ní haon ionadh é gur bhuaigh sé go leor gradaim go dtí seo, agus b’fhéidir cúpla ceann eile le teacht fós!

Bhí ‘An Cailín Ciúin’ ar an gcéad scannán Gaeilge a bhuaigh Gradam Acadamh na hÉireann (IFTA) don scannán is fearr. Fuair 7 IFTA san iomlán. Bhris sé taifid oifigí na dticéad in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór freisin, ag tuilleamh timpeall milliún Euro go dtí seo, breis agus ceithre huaire níos mó ná aon scannáin Ghaeilge eile riamh.

.

Cruthaíonn Colm Bairéad scannán álainn

Is cóiriú iontach é an scannán seo ar an nóibhille ‘Foster’ le Claire Keegan, agus tugtar chun beochtana an scéal uaigneach seo ar an scannán mór i slite áille ar fad.  B‘éigean don stiúrthóir/scríbhneoir Cholm agus a fhoireann saol na tuaithe in Éireann sna hochtóidí sa chéad seo caite a athchruthú, agus rinne siad é sin go héifeachtach, síos go dtí na mionsonraí cosúil le Bunny Carr ar an teilifís ag léiriú an seó ‘Quicksilver’ (as a dtáinig an nath coitianta in Éireann: ‘Stop the lights!’). Cuireann úsáid na Gaeilge go mór le hatmaisféar agus barántúlacht an scannáin, gan dabht, agus léiríonn sé dúinn go bhfuil muid in ann rudaí a chur in iúl as Gaeilge nach féidir a dhéanamh sa tslí chéanna as Béarla.   

Roghnú Aisteoirí

Is díol suntais é Catherine Clinch (dhá bhliain déag d’aois), ina céad ról scáileáin mar Cáit (naoi mbliana d’aois).  Ról iontach deacair atá ann, mar níl mórán le rá ag an gcailín ciúin seo, agus bíonn uirthi réimse leathan gothaí gnúise a úsáid chun an scéal a insint.  In ainneoin cé chomh hóg is atá Catherine agus gurb é seo a céad ról, tá máistreacht aici san aisteoireacht.

Tá teaghlach Catherine ag streachailt, agus gan acu ach ón lámh go dtí an béal. Níos measa ná sin, is brúid de phótaire a hathair (Micheál Patric) agus tá a máthair (Cáit Nic Chonaonaigh) buailte síos le dualgaisí clainne, agus í torrach arís anois. Déanann Cáit agus Micheál jab maith mar na tuismitheoirí mífheidhmiúla sa scannán.

Cuireann siad a n-iníon i gcúram col ceathrair a máthar, Eibhlín (Carrie Crowley) agus a fear céile, feirmeoir ciúin, Seán (Andrew Bennett), i gContae Phort Lairge. Is anseo a tharlaíonn formhór an aicsin sa scannán, agus tá Eibhlín agus Andrew go hiontach mar thuismitheoirí altrama, a chuireann timpeallacht spreagúil chothaitheach ar fáil do Cháit den chéad uair.

.

An Plota

Tá An Cailín Ciúin suite i 1981 faoin tuath in Éirinn. Is cailín í a choinníonn a cuid mothúcháin faoi chois, de chúis nach dtógann a tuismitheoirí aird nó grá di, mar go bhfuil siad ró-thógtha lena bhfadhbanna féin. Is ar éigean a bhíonn siad in ann bia a chur ar an mbord, agus dá bharr sin, déanann siad an cinneadh Cáit a fhágáil le tuismitheoirí altrama don samhradh. I dtús báire cuireann Cáit a mothúcháin faoi ghlas níos doimhne laistigh, ach ní fada go dtagann forbairt uirthi agus go dtagann sí faoi bhláth lena dteaghlach nua.

Ní hí Cáit an t-aon duine a dteastaíonn tamall uaithi chun dul i dtaithí ar an stíl maireachtála nua. Láimhseálann Eibhlín agus Seán í ar bhealaí éagsúla. Fáiltíonn Eibhlín rompu isteach le lámha oscailte, agus mothaíonn sí comhbhá ollmhór don chailín óg. Ach léiríonn Seán fuacht léi ar dtús, agus tógann sé am dó í a ghlacadh isteach ina chroí. Tá rún mór ag Eibhlín agus Seán freisin, ach ní nochtfaidh mé é anseo é – caithfidh tú an scannán a fheiceáil!

Ach dá bharr sin, tá rudaí le foghlaim óna chéile ag Cáit agus ag a tuismitheoirí altrama agus iad ag fáil amach don athuair cad is brí le grá.

.

Conclúid

Saothar ealaíne is é gach fráma sa scannán fíordhraíochtúil seo. Is í Kate McCullough a rinne an chineamatagrafaíocht don scannán. Rinne sí an chineamatagrafaíocht ar an tsraith theilifíse ‘Normal People’ freisin. Rinne sí codarsnacht iomlán idir teach a theaghlaigh (dorcha, gruama) agus teach a theaghlaigh altrama (geal, glan) chun béim a chur ar an bplota féin. In éineacht le scór iontach ó Stephen Rennicks, tháinig gach rud le chéile go láidir ionas go raibh Colm Bairéad in ann an scéal a leagan anuas ar an bhfráma sin chun scannán thar bharr a chur in iúl dúinn. Thabharfainn cúig as cúig réalta don scannán fiúntach, speisialta seo. Mura bhfaca tú é cheana, mholfainn duit ‘An Cailín Ciúin’’ a fheiceáil.

.

.

Léirmheas Scannáin: Maudie (2016)!

Léirmheas Scannáin: Maudie (2016)!

Tháinig mé ar scannán le déanaí nuair a bhí mé ag brabhsáil ar líne. Phrioc sé m’aird mar chonaic mé go raibh Bord Scannán na hÉireann páirteach sa scannán seo, darb ainm ‘Maudie’, agus mar is duine fiosrach mé, bhí orm é an scannán seo a fheiceáil.  Is scannán deoirshilteach den chéad scoth atá i gceist.

Maudie ag lorg oibre

Tá an scannán bunaithe ar eachtraí a tharla sna tríochaidí agus sna daichidí sa chéad seo caite, i mbaile beag iargúlta darb ainm Marshalltown atá suite i Nova Scotia i gCeanada. Is í Maudie an príomhcharachtar, bean ina tríochaidí agus í craplaithe le hairtríteas le fada. Ag tús an scannáin, bhí Maudie ag cur faoi lena haintín agus a deartháir. Gan mhoill, áfach, tá sé soiléir go raibh caidreamh míshocair idir Maudie agus an bheirt eile.  Bhí deartháir Maudie tar éis teach a máthair a dhíol gan aon rud a rá le Maudie roimh ré. Bhí fearg uirthi faoi sin, agus dúirt sé gur thiomnaigh a máthair an teach dó. Níor thug a deartháir aird ar bith ar a hagóidí. Bhí a haintín i gcoinne stíl maireachtála Maudie, agus tar éis do Maudie teacht abhaile ó chóisir go déanach oíche amháin, bhí argóint mhór acu faoi sin. Deir Maudie lena haintín go bhfaigheadh sí post, ach níor chreid a haintín é sin. Bhí Maudie míshásta lena saol, agus chinn sí rud a dhéanamh faoi.

Nuair a bhí Maudie ag siopadóireacht uair amháin, tháinig mangaire iasc isteach sa siopa. Bhí cabhair ag teastáil uaidh sa bhaile, mar bhí sé róghnóthach obair tí a dhéanamh é féin. Scríobh an siopadóir fógra dó, agus chuir an mangaire suas é ar chlár fógraí sa siopa. Nuair a d’imigh an mangaire, rug Maudie ar a fhógra, agus tamall beag ina dhiaidh sin, shiúil sí go dtí teach an fhir ag lorg poist.

Fuair sí an post, agus de réir a chéile, shocraigh sí síos, cé nach raibh sé éasca réitigh le hEverett, an mangaire. Fear garbh, borb a bhí ann, ach tar éis tamaill d’éirigh sé níos báúla le Maudie. Faoi dheireadh, bhog sí isteach ina sheomra leapa, agus tá a fhios ag an saol Fódlach cad a tharla ina dhiaidh sin!

Maudie an t-ealaíontóir

Nuair a bhí sí óg, chuidíodh Maudie lena máthair cártaí Nollag a phéinteáil, agus dhíolaidís na cártaí ar 25 cent. Mar dhuine fásta ina cónaí sa teachín le hEverett, phéintil sí na ballaí loma, agus ansin thosaigh sí ag péinteáil ainmhithe agus plandaí ar na ballaíféileacáin, ealaí agus tiúilipí san áireamh.

Lean sí ar aghaidh ag péinteáil, agus ar dtús rinne sí cártaí deasa do chustaiméirí Everett, agus ansin thóg an siopadóir cúpla ceann chun díol sa siopa. Ansin, thosaigh sí ag péinteáil pictiúir níos leithne. Níorbh acmhainn di canbhás a cheannach, agus mar sin phéinteáil sí a pictiúir ar ‘Beaverboard’, atá cosúil le plástarchlár.  Cheannaigh custaiméir a fir chéile pictiúir uaithi, agus choimisiúnaigh sí Maudie chun pictiúr a phéinteáil di, ar chostas $5.  

Roimh i bhfad, bhí Maudie ag díol a pictiúir ón teachín, ar phraghas $5.

Clú agus Cáil  

Scríobh iriseoir alt fúithi agus faoina scéal suimiúil, agus níorbh fhada ina dhiaidh sin gur tháinig na ceamaraí teilifíse ón stáisiún náisiúnta i gCeanada, CBC. Chuir CBC Maudie faoi agallamh a chraoladh ar fud na tíre. Thosaigh níos mó agus níos mó daoine ag teacht chun a pictiúir a cheannach, agus go luath bhí an t-éileamh chomh mór sin go raibh uirthi pictiúir a dhíol nach raibh fós tirim!  Tháinig clú agus cáil uirthi ansin, ach in ainneoin sin bhí Everett agus Maudie bocht go leor. Ní raibh leictreachas ná uisce reatha acu ach bhí Everett agus Maudie sásta lena saol ina ainneoin sin.

Sin cnámharlach an scéil, agus níor roinn mé gach rud leat ar eagla an scéal a mhilleadh!  

Conclúid  

Molaim duit an scannán seo gan aon agó!

Tá an aisteoireacht thar barr, agus róil dhúshlánacha ag Sally Hawkins agus Ethan Hawke araon, mar Maudie agus Everett.

Stiúrthóir Éireannach darb ainm Aisling Walsh a rinne an scannán. Rugadh Aisling i mBaile Átha Cliath, agus rinne sí staidéar san Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta Dún Laoghaire. Tar éis sin, d’fhreastail sí ar an Scoil Náisiúnta Scannán agus Teilifíse i Sasana.  

Maidir leis an teachín, bogadh é go dtí Dánlann Nova Scotia i Halifax, mar is saothar ealaíne é an teachín féin! Tá 55 pictiúr Maudie ar taispeáint go buan ann freisin.

Ar an drochuair, ní bhfaighidh tú aon phictiúir Maudie ar $5 níos mó. Díoladh ceann dá cuidse ar ceant ar phraghas níos mó ná $125,000!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Léirmheas Scannáin: Maudie (2016)!

Belfast!

Fuair an scannán ‘Belfast’ ó Kenneth Branagh seacht n-ainmniúchán do na Golden Globes agus seacht n-ainmniúchán do ghradaim Oscar. Bhuaigh sé Golden Globe amháin (do scríbhinn Kenneth Branagh), agus ní bheidh na gradaim Oscar ar siúl go dtí deireadh mhí an Mhárta.

Ní raibh an dara rogha agam ach an scannán sin a fheiceáil agus bmé dóchasach go mbainfinn an-taitneamh as.  Ach go minic, ní mar a shíltear a bhítear, agus gan dabht, bhraith mé é sin go láidir faoin scannán ‘Belfast’. Bhí mé ag súil le rud amháin ach fuair mé rud eile ar fad. Mhothaigh gur buaileadh bob orm. Ach tá mé rud beag chun tosaigh orm féin.

Plota an Scannáin

Rugadh Kenneth Branagh in ‘Tiger’s Bay’ i dtuaisceart Bhéal Feirste go dtí go raibh sé naoi mbliana d’aois. Ansin, bhog siad go ‘Reading’ i Sasana chun éalú ón bhforéigean a bhí ar siúl – na Trioblóidí. Is saothar leath bheathaisnéise é an scannán, mar is buachaill é an príomhcharachtar Buddy (Jude Hill) do naoi mbliana d’aois sa bhliain 1969 – díreach cosúil le Branagh féin. Is trí chéadfaí Buddy a léirítear an scéal, agus sa tslí sin, cuireann Branagh a thaithí féin in iúl dúinn ón am sin. Bhí a theaghlach go léir ina gcónaí sa cheantar, agus ceantar bocht a bhí ann. Protastúnaigh a bhí iontu, agus bhí idir Phrotastúnaigh agus Chaitlicigh ina gcónaí taobh le chéile, agus ag tús an scannáin ní raibh aon fhadhb eatarthu. Ach ansin, tosaíonn na círéibeacha, eagraithe ag paraimíleataigh Phrotastúnacha a bhfuil ag iarraidh bata agus bóthar a thabhairt do Chaitlicigh sa cheantar. Feiceann tú saighdiúirí na Breataine ag cur ceisteanna ar na Caitlicigh freisin, agus iad ag tógáil bacán chun Protastúnaigh agus Caitlicigh a scaradh óna chéile. Cuireann ceannaire na bparaimíleatach brú ar athair Buddy cabhair a thabhairt dóibh ach ní aontaíonn sé chun é sin a dhéanamh. Faoi dheireadh, socraíonn a thuismitheoirí go raibh orthu imeacht go Sasana le Buddy. Roimhe sin, titeann Buddy i ngrá le cailín ar scoil, titeann sé i ngrá leis an scáileán mór, agus tá sé an-sásta a bheith ag fás aníos agus a ghaolta go léir in aice leis gach lá, agus go háirithe a sheantuismitheoirí. Ag deireadh an scannáin, tá tú in ann pian an bhuachalla óig a mhothú agus é chun a bheith scartha óna áit dúchais, óna ghaolta, óna chailín, agus óna shaol coitianta. Ach tá rudaí sa chathair ag éirí níos dainséaraí, agus cé nach bhfuil a fhios go maith ag Buddy faoi sin, tá sé soiléir dá thuismitheoirí, a dtuigeann nach bhfuil sé sábháilte dóibh fanacht níos mó.

Mo thuairim

caighdeán teicniúil an-ard sa scannán agus feiceann tú tá lorg an scothcheardaí (Branagh) air. Úsáidtear cineamatagrafaíocht dhubh agus bhán agus uillinneacha an cheamara go héifeachtúil chun an scéal a thaispeáint duit, agus fuaimrian cumhachtach corraitheach le cloisteáil in amhráin iontacha Van Morrison. Tá an aisteoireacht go maith freisin, agus is aisteoir den chéad scoth é an buachaill Jude Hill i ról Buddy.  Déanann a thuismitheoirí (Caitríona Balfe agus Jamie Dornan) agus a sheantuismitheoirí (Judi Dench agus Ciarán Hinds) jab iontach freisin ó thaobh na haisteoireachta de.

Is é láidreacht agus laige an scannáin gur trí shúile Buddy a fheiceann tú an saol. Is láidreacht é nuair a bhaineann sé lena scéal féin.  Is rud draíochtach dúinn Buddy agus a theaghlach a fheiceáil ag an bpictiúrlann ag breathnú ar ‘One Million Years B.C.’ nó ‘Chitty Chitty Bang Bang, mar shampla. Cuireann sé i gcuimhne dúinn scannáin dhraíochtacha eile cosúil le ‘Cinema Paradiso’.  B’fhéidir go bhfuil Buddy ró-ghleoite uaireanta agus sa tslí sin cuireann sé i gcuimhne dom freisin an tsraith ‘The Wonder Years’, agus buachaill óg i Meiriceá ag teacht in aois sna seascaidí.  

Is é an fhadhb amháin atá agamsa ná go bhfuil an scannán ag iarraidh dá thrá a fhreastal, teacht in aois do Bhuddy, agus na Trioblóidí i dTuaisceart na hÉireann.   Cuireann an iarracht fiú píosa beag de scéal na dTrioblóidí a insint an fhírinne as a riocht, agus déanann Branagh simpliú ollmhór as an scéal. Tuigim go maith gur dearcadh bhuachalla óig a tá i gceist ach mar sin féin ceapaim go bhfuil an méid beag atá ann faoina dTrioblóidí míthreorach don lucht féachana.l cuntas tomhaiste nó cuntas iomlán léirithe dúinn sa tsliseog staire a le feiceáil sa scannán seo.

Ach sin ráite agam, is mó atá dearfach ná atá diúltach i dtaca leis an scannán ‘Belfast’ agus mar sin, mholfainn duit é a fheiceáil.

gaGaeilge