Litir ó Mheiriceá – Cruachás na bhfostaithe feidearálacha!

Litir ó Mheiriceá – Cruachás na bhfostaithe feidearálacha!

An Namhaid Laistigh

Tá gach rud iompaithe bunoscionn i Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) faoi láthair, agus is mór an trua é. Ní féidir le haon tír eile muinín a bheith aici as SAM níos mó. Braitheann sé go bhfuil an tUachtarán Trump ag iompú go dtí an taobh eile – taobh na Rúise. Tá sé ag tabhairt aire na huibhe circe don Rúis, agus ag an am céanna ag tabhairt droim láimhe dá Chomhghuaillithe, an tAontas Eorpach (Éire san áireamh!), an Úcráin, Ceanada agus Meicsiceo, chun ach cúpla a lua. Beidh droch-chríoch leis an scéal seo, gan dabht ar bith.

Fiú amháin sna Stáit Aontaithe féin, tá Trump agus a mhaidríní lathaí ag caitheamh le sciar mór dá saoránaigh féin amhail gur namhaid iad. Tá a chomhghuaillí mór, Elon Musk, ag tabhairt bata agus bóthair do na mílte fostaí ag obair don rialtas, i slí atá brúidiúil agus cruálach agus, dé réir dealramh, mídhleathach freisin. Cuireann sé sin i gcuimhne dom scannán darb ainm ‘Up in the Air’, le George Clooney sa phríomhról, agus an dualgas aige bata agus bóthar a thabhairt do dhaoine ar fud na tíre. Nuair a mholann a bhas dó go mbeadh sé níos fearr a obair a dhéanamh ar ‘Zoom’ nó a leithéid, bíonn fadhb mhór aige leis an gcur chuige sin, mar tá coinsias aige.

Téann Musk cúpla céim níos faide ná seo, mar thug sé bata agus bóthar do go leor daoine ag an am céanna, le r-phost amháin. Níl bun ná barr leis atá a dhéanamh aige, agus tá go leor daoine ag fulaingt mar iarmhairt. Seo cúpla scéal pearsanta ó dhaoine a chaill a phoist fheidearálacha le déanaí.

Samantha Leach

Bhí áthas ar Samantha Leach ocht mí ó shin. Fuair sí an post a thaitin go mór léi sa Bhiúró Feidearálach Greanadóireachta agus Priontála, ag obair le foireann a raibh meas aici ar a scileanna agus a díograis.

Tháinig laghdú ar an lúcháir sin níos luaithe an mhí seo. Fuair sí amach (le r-phost) go raibh sí i measc na mílte fostaí de chuid an rialtais fheidearálaigh ar promhadh, ar bhriseadh as a bpoist go tobann iad. Cuireadh an tarcaisne i gceann na héagóra nuair a léigh sí gur theip uirthi a dualgais a chomhlíonadh sa phost. Ach fuair Samantha an rátáil is airde – cúig as a cúig, ina hathbhreithniú is déanaí maidir le comhlíonadh a dualgais.

“Bhí mé go maith, go han-mhaith ag an obair a bhí faoi chaibidil agam. Rinne mé gach rud i gceart – go litriúil! Ach in ainneoin gach rud, tugadh an doras dom. Ba mhillteanach an bhuile é sin, do dhuine cosúil liomsa nach bhfuil uaim ach a bheith san áit is dual dom, ag cur le rath an rialtais fheidearálaigh”.

Tony Ruiz

Briseadh as a phost Tony Ruiz, arb as Orange County, California é, ar 3 Feabhra, díreach deich lá sula raibh deireadh lena thréimhse phromhaidh mar Ionadaí Seirbhíse ag obair sa Roinn um Ghnóthaí Iarshaighdiúirí.

Dúirt an t-iarshaighdiúir airm míchumasach gur earcaíodh é tar éis 15 bliana san earnáil phríobháideach, chun cabhair a thabhairt d’iarshaighdiúirí maidir le héilimh shochair a bhí acu – mar shampla, cabhair le páipéarachas chun gnáthamh leighis a cheadú, nó chun céile a chur ar pholasaí. Dúirt Tony gur minic a láimhseálann sé suas le 40 éileamh in aghaidh an lae.

Bhí alltacht agus uafás air nuair a léigh sé ina litir foirceanta go raibh caighdeán a oibre do-ghlactha. I mí Lúnasa seo caite, bhí Tony ar an chéad fhostaí ina rannóg a bhuaigh gradam “fostaí an ráithe”, a raibh duais airgid $1,000 ag dul leis.

“Tá tú ag insint dom (go bhfuil) duine de na fostaithe is fearr, ar bronnadh airgead air, agus a bhí ina fhostaí an ráithe …gur duine gan mhaith ná maoin mé?” ar seisean.

Bhí sé deacair do Tony fiú an teach a fhágáil ar dtús agus tá sé ag tógáil roinnt ama chun teacht chuige féin tar éis a tharla dó.

“Tá mé croíbhriste, tá mé trína chéile,” a dúirt Tony. “Ní dóigh liom go bhfuil sé seo tuillte ag aon fhostaí feidearálach Meiriceánach, go háirithe iarshaighdiúir.”

Anailís

Tá go leor damáiste déanta ag Musk agus a fhoireann don rialtas feidearálach agus a fhostaithe. Chonaiceamar Musk ar an stáitse le sábh slabhrach ag taispeáint cé chomh dírithe is atá sé ar bhearta costchiorraithe sa rialtas. Is dóigh gur sháraigh Musk a údarás agus gur sháraigh sé dlíthe a thugann cosaint d’fhostaithe feidearálacha. Dhírigh sé ar an FAA (Údarás Eitlíochta feidearálach), USAID (Gníomhaireacht na Stáit Aontaithe um Fhorbairt Idirnáisiúnta) agus NASA (Riarachán Náisiúnta Aerloingseoireachta agus Spáis), fiú ag iarraidh USAID a dhúnadh. Bíonn Musk á iompar féin amhail is gur cuid dá ghnólachtaí é rialtas SAM. Ach níl an rialtas ann chun brabús a dhéanamh, ach ar mhaithe pobal na tíre.

Níl airí Trump sásta le cúrsaí mar atá siad faoi láthair agus Musk ag cur a ladar ina ngnóthaí. Cé gur thug Musk an bhróg do go leor daoine, is ar na hairí amháin atá an fhreagracht pholaitiúil as a ndearna sé. Bhí cruinniú teasaí sa teach bán le déanaí, le Trump, a airí agus Musk sa seomra. Bhí argóint mhór idir Musk agus cúpla Rúnaí, agus go háirithe an Rúnaí Stáit Marco Rubio, a bhfuil USAID faoina cheannas. Rinne an cinneadh ansin nach mbeadh Musk in ann an bóthar a thabhairt go díreach d’fhostaithe feidearálacha níos mó. Cuirfidh sé moltaí chun cinn ar an ábhar, ach beidh an chumhacht ag na hairí iad a ghlacadh nó a dhiúltú.

Coimhlint cumhachta atá ar siúl, idir Musk agus airí Trump. Buaileadh buille ar Musk leis an gcinneadh ina mbeidh sé ina mholtóir gan cumhacht gníomhaithe aige. Ach ní buille maraithe é sin fós, agus ceapaim nach ngéillfidh Musk leis gan troid. Ach ba cheart go mbeadh an chumhacht ag airí Trump, agus mar sin is dóigh go dtabharfaidh siad an lá leo. Gan dabht, tá an tóin ag titim as plean Musk, agus é féin agus Trump go muineál i gcásanna dlí. Chomh maith leis sin, tá míshásamh an phobail ag treisiú maidir le gníomhartha Musk. Tá sé soiléir nach mbeidh aon dúil ag Trump nó a airí dul níos faide síos an bóthar céanna. Dúirt Trump féin gur gá dóibh sceanóg a úsáid in ionad tua, mar tuigeann sé na rioscaí polaitiúla ag baint le cur chuige Musk suas go dtí seo. Tá súil agam go mbeadh ar rialtas SAM caitheamh mar is cuí leis a lucht oibre, agus go gcuirfear stad le drochíde a thabhairt do na daoine breátha ionraice sin atá mar chnámh droma an rialtais!

 

 

 

 

 

 

M’Iarmhúinteoir Gaeilge!

M’Iarmhúinteoir Gaeilge!

Fógra: Beidh Micheál Ó’Diarmada ag tabhairt léachta ar an 16 Márta ag 7:30 p.m. i dteach tábhairne Bollards i gCill Chainnigh. Beidh sé ag díriú ar na focail Gaeilge a bhí coitianta sa Bhéarla agus é ag fás aníos. Beidh sé ag caint freisin ar an gcanúint dhifriúil sa chontae. Déanfaidh sé tabhairt freisin do chúpla amhrán Gaeilge a bhain le Cill Chainnigh agus a logainmneacha. Beidh an oíche idir shiamsúil agus fhaisnéiseach.

————————————————————————————————-

Ní raibh cliú agam ag an am, ach bheadh tionchar mór agus leanúnach ag m’iarmhúinteoir Gaeilge, Micheál Ó’Diarmada, orm le fada an lá.

Bhí ardchaighdeán Gaeilge ag gach múinteoir Gaeilge i gColáiste Chiaráin, Micheál Ó’Diarmada san áireamh. Bhí Micheál mar mhúinteoir agam sa cheathrú agus cúigiú bliain ar scoil, suas go dtí an Ardteistiméireacht.

Fear óg bríomhar ba ea Micheál ag an am. Mar go raibh sé chomh hóg sin, bhí sé in ann a dhaltaí a thuiscint go maith. Chomh maith leis sin, ba dhuine de na buachaillí é, dar linn. Cén fáth? Bhris sé an deighilt idir an múinteoir agus an dalta, rud nach bhfacthas go minic, go háirithe ag an am sin, sna seachtóidí in Éirinn. Bhain stíl thiarnúil leis an gcuid is mó de mhúinteoirí sa tír, curtha i bhfeidhm leis an tslat! Chuir an tslat teorainn chrua idir an múinteoir agus daltaí a rang. Agus rinne sé sin damáiste don chaidreamh eatarthu.

Níor úsáid Micheál an tslat riamh. Níor chuir sé pionós d’aon saghas orainn. D’úsáid roinnt mhaith múinteoirí an tslat mar mhaide croise, agus bhíodar ag brath air chun smacht a choimeád sa rang, agus chun brú a chur orainn obair baile a dhéanamh. Ach seo an rud draíochtúil agus fiú ait i slí – níor choimeád Micheál smacht orainn! Níor chuir sé brú orainn obair baile a dhéanamh, ach an oiread. Níor ghá dó mar bhí trust aige asainn agus againn as! Tá sé chomh simplí leis sin, ach cumhachtach ag an am céanna.

Sa lá atá inniu ann bíonn daltaí in ann ceisteanna a chur ar an múinteoir agus comhrá a bheith acu leis, gan srian. Ach ag an am sin, áfach, bhíodh an chumhacht go léir ag an múinteoir, agus ní raibh dalta in ann labhairt gan a lámh a ardú ar dtús chun cead an mhúinteora a fháil. Múinteoir forásach a bhí i Micheál, agus bhí sé chun tosaigh ar lucht na linne maidir le cleachtadh múinteoireachta. Bhí cur chuige cairdiúil agus ionchuimsitheach aige, agus dá bhrí sin bhí timpeallacht réchúiseach sa rang, ina rabhamar níos oscailte agus ina raibh sé níos éasca dúinn rudaí nua a fhoghlaim. Níor bhraitheamar aon bhagairt ó Micheál riamh.

Bhí acmhainn grinn an-díreach ag Micheál, rud a neartaigh an nasc eadrainn sa rang. Bhí leabhar ar an gcuraclam – Tóruigheacht Dhiarmada agus Ghráinne – nach raibh éasca a léamh ná a thuiscint. De ghnáth, bheadh sé pianmhar an leabhar sin a léamh agus plé a dhéanamh air sa rang. Ach ní raibh sé mar sin dúinn – a mhalairt ar fad. Chuir Micheál an bhéim ar an scéal féin, a phlota agus na carachtair, agus ansin tharraing sé isteach muid sa díospóireacht. D’inis sé jócanna dúinn, ag an am céanna agus a bhí sé ag míniú pointe gramadaí nó brí focail. Chuir sé ceisteanna géara orainn freisin, nach rabhamar in ann a fhreagairt gan tuiscint an ábhair a bheith againn. Chuireamar ceisteanna ar Mhicheál freisin, ar dtús chun an t-ábhar a bhí idir lámha againn a thuiscint, agus ansin chun a cheisteanna a fhreagairt. Bhíomar ag comhrá le chéile agus le Micheál go nádúrtha as Gaeilge le linn an ranga agus muid ag foghlaim na teanga labhartha ag an am céanna. Cuimhnigh nach raibh béim ar an teanga labhartha ag an am sin, agus go minic múineadh Gaeilge amhail ba theanga mharbh a bhí i gceist. Bhí fonn orainn  Gaeilge a fhoghlaim, idir labhartha agus scríofa, mar eispéireas taitneamhach a bhí i gceist i gcónaí. Ní haon ionadh é, mar sin, nach raibh mórán deacrachtaí againn – daltaí Mhichíl – leis an scrúdú Gaeilge san Ardteistiméireacht. Ar son gach dalta a raibh an t-ádh air Micheál a bheith aige mar mhúinteoir, mise san áireamh – buíochas ar leith duit, a Mhichíl!

 

 

 

Léirmheas Leabhair- Madame Lazare!

Léirmheas Leabhair- Madame Lazare!

Tamall ó shin, nuair a léigh mé gur bhuaigh an leabhar ‘Madame Lazare’ duais litríochta an Aontais Eorpaigh sa bhliain 2022, chomh maith le gradam do Leabhar Gaeilge na Bliana’ ag An Post Irish Book Awards sa bhliain 2021, chuir sé ionadh orm agus músclaíodh mo spéis é a léamh. Ina dhiaidh sin, léigh mé cúpla léirmheas. Dá mhéad a léigh mé is ea is mó suim a d’fhás ionam faoin leabhar seo agus faoina údar Tadhg Ó Dhonnagáin. Ach an mbeadh an leabhar chomh maith agus a dúradh a bheadh?

An t-údar

Bheadh sé oiriúnach cúpla focal a scríobh faoin údar féin, Tadhg Ó Dhonnagáin. Cé gurb é seo a chead úrscéal, ní hé seo a chéad ‘róidió’ mar a deirtear sna Stáit Aontaithe. Múinteoir ba ea é ó 1982 -1987 ag Gaelscoil Uí Dhálaigh i Léim an Bhrádáin. Fuair sé post páirtaimseartha le RTÉ ó 1984-1987 mar láithreoir ar an seó do pháistí darb ainm ‘Dilín Ó Deamhas’. D’éirigh sé as an múinteoireacht i 1987 agus fuair sé post lánaimseartha le RTÉ mar láithreoir ar an seó ‘Cúrsaí’ agus ansin sa bhliain 1995 ar an seó ‘Cúrsaí Ealaíne’. Chomh maith leis sin, bhí sé ag obair faoi choim mar réalta rac-cheoil Cheiltigh, agus d’eisigh sé dhá albam: ‘Solas Gorm’ i 1983, agus Raifteirí San Underground’ i 1993.

Bhog Tadhg agus a theaghlach go dtí an Spidéal i 2000, agus thosaigh sé ag obair ar thionscadail éagsúla – láithreoir do TG4 san áireamh. D’eisigh sé leabhar agus dlúthdhiosca darb ainm ‘Gugalaí Gug: Traditional Rhymes in Irish’ sa bhliain 2006. Nuair a bhí sé ag obair ar Gugalaí Gug, rith sé le Tadhg go mbeadh sé in ann a chomhlacht féin a thosú (Futa Fata) chun leabhair Ghaeilge do pháistí a fhoilsiú. D’freastail sé ar an ‘Bologna Book Fair’ sa bhliain 2006, agus fuair sé spreagadh leabhair a aistriú go Gaeilge, agus rinne a chomhlacht é sin, ag foilsiú leabhar cosúil le ‘Frog sa Spéir’, ‘Eileanór an Eilifint Éagsúil’,’Mac Tíre na Draíochta’, ‘Neilín agus an Cat’, ‘Béiríní ag Troid’ agus an tsraith ‘Cathal’. Tá Futa Fata thar a bheith láidir maidir le pictiúrleabhair freisin. Bhain cúpla dóibh áiteanna amach ar ghearrliosta don Ghradam KPMG Leabhair Pháistí Éireann: ‘Míp’, pictiúrleabhar a scríobh Máire Zepf agus a mhaisigh Paddy Donnelly, agus Scúnc agus Smúirín, pictiúrleabhar faoi scúincín agus a bhréagán a scríobh Muireann Ní Chíobháin agus a mhaisigh Paddy Donnelly. Sa bhliain 2021, thosaigh Tadhg branda nua – Barzaz, chun úrscéalta do dhaoine fásta a fhoilsiú. Ba iad na chéad leabhair ar fhoilsigh sé iad faoin mbranda ná ‘Khalil’ scríofa ag Yasminda Khadra agus aistrithe go Gaeilge ag Máirín Nic Con Iomaire, agus ‘Madame Lazare’. Gan dabht, is ileolaí é Tadhg Mac Dhonnagáin, agus sárCV mór fada aige. I mo thuairim, bhain sé barr feabhais amach le ‘Madame Lazare’. Tá leabhair eile scríofa ag Tadhg freisin, agus bhuaigh cúpla ceann – ‘Bliain na nAmhrán’ agus ‘Mise Raiftearaí an Fiodóir Focal’ gradaim. Díreoimid ár n-aird ar ‘Madame Lazare’ anois, áfach.

Madame Lazare – plota

De réir an údair féin, bhí comharsa ag máthair a athar sna 1920aidí nár labhraíodh ach Béarla riamh le gach duine. Agus é ag dul in aois, thosaigh sé ag labhairt Gaeilge. Ní raibh a fhios ag aon duine go raibh focal Ghaeilge aige, ach bhí Gaeilge thar barr aige, mar tógadh le Gaeilge é. Ba é sin síol an leabhair, agus chum Tadhg a scéal bunaithe ar sin.

Sa scéal, leanaimid Hana Lazare trí laethanta deiridh a saoil – Madame Lazare an teidil. Theith sí ón Eastóin nuair a bhí géarleanúint á déanamh ag na Naitsithe ar na Giúdaigh. Chríochnaigh sí suas i bPáras, agus thosaigh sí saol nua di féin agus dá hiníon ann. Cosúil le go leor Giúdach, níor labhair sí riamh faoina saol ina máthairthír, roimh ionsaí na Naitsithe. Ach ní mar a shíltear a bhítear, agus de réir a chéile, sceitheann rudaí beaga a osclaíonn ceisteanna a chaitheann amhras ar scéal a saoil roimh Páras a bhaint amach.

De réir mar a éiríonn Hana níos sine, is léir go bhfuil teanga ar a cumas aici nach Fraincis ná Eastóinis í. Cuireann sé sin mearbhall ar a gariníon, Levana. Téann an bhean óg ar thuras teanga, ag iarraidh a fháil amach cad í an teanga atá i gceist, cad atá á rá ag a máthair, agus cad í an fhírinne faoi shaol a seanmáthar. Obair bhleachtaireachta atá i gceist, agus leanaimid an obair sin ó Pháras go dtí an Bhruiséil agus fiú go hiarthar na hÉireann, chun an fhírinne a bhaint amach, agus chun rún na seanmhná a nochtadh. Is iomaí cor agus casadh a tharlaíonn sa scéinséir seo a choinneodh ar tinneall thú, agus ní bheifeá sásta go dtí go mbeadh an focal deireanach léite agat.

Moltaí

Níl ach moladh amháin agam duit – léigh an leabhar seo. Tagann na gnéithe uilig den úrscéal seo le chéile go hálainn, agus coinníonn sé muid san amhras i gcónaí. Níl deacair an Ghaeilge sa leabhar a thuiscint, agus ag an am céanna is iontach an stíl scríbhneoireachta ann. Tá an leabhar seo chomh maith le haon leabhar Béarla a léigh mé riamh, gan dabht ar bith. Tá lámh ar leith ag Tadhg ar mheafair freisin, agus is léir na cosúlachtaí idir scéal Hana Lazare agus scéal na hÉireann, agus go háirithe scéal ár gcultúr agus ár dteanga féin. Tá go leor brúite faoi chois le fada an lá, ach feiceann tú comharthaí téarnaimh ó am go ham freisin. Tá sé tábhachtach dúinn ár ndóchas a chosaint i gcónaí, maidir lenár gcultúr agus ár dteanga. Mar sin, tá doimhneacht sa leabhar seo, agus ábhar machnaimh dúinn go léir. Is saothar dáiríre ealaíne é ‘Madame Lazare’ a mholfainn duit gan aon agó.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Nollaig Shona Daoibh Uilig

Nollaig Shona Daoibh Uilig

Seo alt Nollag a scríobh m’athair roinnt blianta ó shin.   D’imigh Peadar ar shlí na fírinne díreach roimh Nollaig 2019 – go ndéana Dia grásta air.

.

Sea, tá an t-am sin den bhliain tagtha chugainn arís, an t-am sin a thugann deis dúinn uilig síocháin, agus dea-thoil, a léiriú don saol mór sin uilig, atá taobh amuigh dínn fhéin. Sea, agus an t-am sin freisin, a thugann deis dúinn dul siar bóithrín na smaointe, go dtí na laethe úd fadó, nuair a sheasamar ag breathnú le hionadh ar an mBeithilín álainn, a bhí socraithe go deas síochánta, i dTeach an Phobail, agus siar níos faide fós, go dtí an chéad Mháinséar i mBeithil Ríoga, sa Tír Naofa fhéin, i dtús ré na Críostaíochta, nuair a rugadh Íosa sa Stábla, toisc nach raibh áit ar bith le fáil ag a mháthair, Muire, nó ag Iosaf, i dTeach Aíochta an bhaile, an oíche bheannaithe sin.

Christmas Night

Féach mar a chuir an file, Máire Mhac an tSaoi, é, ina dán “Oíche Nollag”, agus í ag rá go raibh dídean le fáil ag lucht an airgid sa Teach Aíochta céanna sin, an oíche úd, ach gur fágadh an Mhaighdean is a céile, gan bheith istigh le fáil acu, ach amháin i seanstáblán na mbeithíoch….

                    Bhí soilse ar lasadh i dtigh sin na haíochta,

                    Cóiriú gan chaoile, bia agus deoch,

                    Do cheannaithe olla do cheannaithe síoda,

                    Ach luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht.

an file ag tagairt don nós a bhí beo, i measc Gael, an tráth úd, go mbíodh an Teaghlach Naofa ag fánaíocht timpeall an oíche sin, agus iad ag iarraidh bheith istigh a fháil i dteach eicínt, agus b’in an fáth a d’fhágtaí an doras ar leathadh, coinneal na Nollag ar lasadh, agus áit socraithe réidh dóibh ag an mbord, ag súil go dtiocfaidís ar chuairt chucu, an oíche bheannaithe sin. Féach arís mar a chuireann Máire Mhac an tSaoi é, i véarsa eile, sa dán céanna sin…..

                    Fágaidh an doras ar leathadh ina coinne,

                    An Mhaighdean a thiocfaidh is a naí ar a hucht,

                    Deonaigh do shuaimhneas a ligint a Mhuire,

                    Luíodh Mac Dé ins an tigh seo anocht.

Níl dabht ar domhan, ach gur éirigh leis an bhfile, dearcadh agus creideamh na cosmhuintire a thuiscint, agus a léiriú, i véarsaí an dáin álainn sin, “Oíche Nollag”.

A Vigil kept

Ní raibh sé de nós ag an muintir thiar dul thar fóir, an oíche sin, le bia nó le deoch, nó bhí siad ag feitheamh ar theacht an Teaghlaigh Naofa ar chuairt chucu. Gnáth-shuipéar a bhíodh acu, fataí agus iasc, b’fhéidir, nó rud eicínt dá leithéid, mar nach mbeadh dinnéar mór na Nollag le hullmhú acu, an mhaidin dár gcionn, sé sin, i ndiaidh an Aifrinn, nó an mhaidin sin, bhí de nós ag chuile shagart trí Aifreann a rá, agus dá bharr sin, thosaídís go breá luath ar maidin, ag a leath i ndiaidh a hocht, b’fhéidir, agus bhíodh na daoine sin sa bhaile arís, thart ar a deich, agus ansin, thosaídís ar an dinnéar a ullmhú. Sea, mh’anam, agus smaoinigh nach mbíodh gléasanna nua-aimseartha cócaireachta acu, an tráth sin, ní bhíodh, muis! Nó ní bhíodh acu ach oigheann na dtrí chos agus pota, agus bhíodh orthu na gléasanna sin a oibriú ar an tine oscailte. Mór idir inné agus inniu!

How about toys then?

Céard faoi na gasúir, agus na girseacha, mar sin?  Cuirfidh mé geall, nach dtógfadh sé i bhfad orthu a gcuid féiríní Nollag a oscailt, nó ní thógfadh sé beirt, len iad a luchtú ar chairt! Tá mé ag caint faoi mo dhúiche fhéin, thiar in Iorras, i gContae Mhaigh Eo, dár ndóigh, agus ní bhíodh le fáil ag na gasúir ach guinnín, b’fhéidir, agus gluaisteáinín, nó a leithéid, sea, agus glac milseán agus torthaí, leis an stoca a líonadh. Agus céard faoi na girseacha? Bhuel, de ghnáth bhíodh bábóga le fáil acusan, agus milseáin agus torthaí freisin, b’fhéidir. Chaithimis seal ag súgradh leis na féiríní Nollag sin, agus ansin, théadh cuid againn amach ar thóir an dreoilín, nó bhímis ag fáil réidh do Lá an Dreoilín, nó b’in an lá i ndiaidh Lae Nollag. Mura n-éireodh linn teacht ar dhreoilín an lá sin, agus geallaimse dhuit é, go mbíodh a fhios ag na dreoilíní céanna sin go raibh muidne ar a dtóir an lá áirithe sin, nó ghlanaidís leo as ár mbealach go breá luath an mhaidin sin. Bhuel, mura n-éireodh linn teacht ar dhuine acu, séard a dhéanfaimis ansin, nó fanacht go titim na hoíche, agus ansin, ní bhíodh sé ródheacair teacht ar ghealbhan codlatach sa bhundlaoi, agus dhéanfadh seisean chúis dúinn, an lá dár gcionn, ach gan ligint d’éinne teacht róchóngarach don éinín a bhí clúdaithe go maith i gcás againn!

Memories

Níl dabht ar domhan, ach go bhfilleann scaoth cuimhní orm, an tráth seo bliana, agus mé ag dul siar bóithrín anacair, casta, spéisiúil, úd, na smaointe. Seo mar a labhair mé faoi chuid de na smaointe sin, i ndáinín a chum mé fhéin anuraidh……

.

Mámanna cuimhní carntha suas

I gcófra na gcuimhní cuachta,

Dul le Dreoilín, Aifreann luath,

Aingil is Aoirí ag cuartú,

.

Deasa deasa á roinnt go fial,

Bianna blasta á róstadh,

Féiríní Nollag á mbronnadh le croí,

Is breithlá Íosa á chomóradh.

.

They Chose a Goose.

Ní turcaí a bhíodh á róstadh acu don ócáid, an tráth úd, níorbh ea mh’anam, ach gé. Sea, Gé bhreá, phlucach, Gaelach, don Nollaig, agus nach muid a bhaineadh súlach agus toit as an ngé bhocht chéanna sin, agus ar deireadh thiar, nuair a bhíodh a cnámha creimthe go cliste, cúramach, againne, ní chaithimis na cnámha céanna uainn go fánach, ach oiread, ní chaitheadh muis! Mar is amhlaidh a bhíodh tóir an domhain againn ar chnámha móra na sciathán, nó trína ngearradh go cúramach, d’fhéadfaimis guinníní gé a dhéanamh astu, agus ansin, ní bhíodh uainn ach móilín beag adhmaid a rachadh trí chroí na cnáimhe sin, agus fata, le tosú ag scaoileadh urchair le chuile dhuine thart ar fud an tí. Nach againn a bhíodh an spórt! Cuirfidh mé geall, go mbainfimis an oiread spóirt as na guinníní gé céanna sin, is a bhaineann gasúir an lae inniu as a gcuid Play Stations agus eile! Sea, mór idir inné agus inniu.

Ach le críoch oiriúnach a chur le píosa na seachtaine seo, b’fhéidir nárbh olc an smaoineamh é, Nollaig faoi shéan is faoi mhaise a ghuí ar chuile dhuine de mo léitheoirí, agus gura seacht fearr a bheas chuile dhuine agaibh, bliain ó anocht. Agus sea, go mbeirimid beo ag an am seo arís.

.

Breith sa Stábla

Séasúr na Nollag ‘na rás chugainn,

Is calóga bána anuas

Mar bhrat geal, naofa, gléigeal,

Ag folach dúinn bruscar is smúit.

.

Ach istigh im chroíse, le díograis,

Ullmhóidh mé máinséar, le dua,

is glanfaidh mé bruscar na mblianta

As seanstáblán m’anama chrua.

.

Séasúr na Nollag ‘na rás chugainn,

Is an Naí naofa, neamhdha, anuas,

Ag ní, is ag slánú Chlann Éabha,

Is ag folach dúinn peaca is buairt.

.

.

gaGaeilge