Sacar na mBan – urfhuascailt faoi dheireadh!

Sacar na mBan – urfhuascailt faoi dheireadh!

Beagnach trí bliana ó shin, scríobh mé alt faoin bhfoireann náisiúnta sacair SAM (USWNT) a bhuaigh Corn Domhanda na mBan in aghaidh na hOllainne i gcluiche d’ardchaighdeán. Tar éis dom cuir síos a dhéanamh ar an gcluiche sin, dúirt mé nach raibh USWNT chomh rathúil sin ó thaobh comhionannais de.  

Seo mar a scríobhas: Tá sé an-suimiúil gurb é gártha lucht féachana an tsacair tar éis an chluiche ceannais i mbliana ná: “pá comhionann, pá comhionann.” Is cinnte go bhfuil argóint láidir ag na mná, go háirithe ina dtír féin. Tá an argóint níos láidre fós dóibh tar éis an Choirn Domhanda a bhuachan gan dua den cheathrú huair.

Bhí cultúr leithcheala ag Cónaidhm Sacair na Stáit Aontaithe (USSF) le fada an lá, gan trácht ar an gComhaontas Idirnáisiúnta Sacair (FIFA). Ach níor ghlac USWNT leis an status quo sin agus chuaigh siad go tréan i ngleic leis an leithcheal inscne sin.

Rinne cúigear imreoirí dóibh gearán sa bhliain 2016 leis an gCoimisiún um Dheiseanna Comhionann Fostaíochta (EEOC) sna Stáit Aontaithe in aghaidh an USSF, ag éileamh comhionannais maidir le coinníollacha oibre agus pá. Sa bhliain 2017, tháinig an USNWT agus USSF ar chomhaontú, go socrófaí na fadhbanna eatarthu féin laistigh de cúig bliana, ag úsáid córais cómhargála.

.

Cás Dlí

Sa bhliain 2019, nuair nach raibh aon dul chun cinn déanta fós chun teacht ar réiteach, thóg na himreoirí USNWT cás caingne aicmí in aghaidh an USSF. Bhí siad ag lorg pá aisghníomhaigh, damáistí agus bearta pionósacha eile freisin, ag dul ar ais go 2015.  Agus bhí siad ag éileamh comhionannais iomláin le foireann náisiúnta na bhfear SAM (USWNT) as sin amach.    

Níor thug breitheamh feidearálach breith ina leith, mar gheall ar chomhionannas pá, áfach. Dúirt sé nárbh fhiú dul ar aghaidh mar shínigh an USWNT conradh oibre a bhí ina ceangal de réir dlí. Níor ghlac an USWNT leis an rialú sin, agus rinne siad achomharc chuig an Cúirt Achomhairc ag iarraidh an rialú sin a fhreaschur. Is díol suntais gur chuir an USMNT mionteagasc chuig an chúirt ag tacú go láidir leis an achomharc.  Seo sliocht beag as an mionteagasc sin:

Mar go raibh cúrsaí airgid USSF feabhsaithe go mór ón am a ndearna muid féin idirbheartaíocht ar son pá i 2011, cheapamar gur cheart dóibh (USWNT) a thrí oiread níos mó pá ná muidne a fháil.

Tháinig siad (USWNT agus USSF) ar shocrú i mí Feabhra 2022. Faoin socrú sin, thoiligh USSF go n-íocfaidís 24 milliún dollar do USWNT agus gheall siad dóibh go raibh pá comhionann mar sprioc acu freisin, ag brath ar thorthaí na gcainteanna cómhargála.

Bua Iontach   

Chríochnaigh na cainteanna cómhargála idir USWNT agus USSF le déanaí, le toradh dearfach, cumhachtach agus ceannródaíoch. Dúirt uachtarán USSF Cindy Parlow Cone, iarimreoir USWNT í féin gur ghníomh stairiúil a bhí ann. Dúirt Becky Sauerbrunn, uachtarán (agus imreoir) USWNT gur léirigh an comhaontú dianiarrachtaí na n-imreoirí hamháin ar an bpáirc ach an t-am go léir.

Beidh pá agus coinníollacha oibre USWNT (foireann náisiúnta na mban) agus USMNT (foireann náisiúnta na bhfear) díreach mar an gcéanna.  sé deacair comhaontú mar seo a chur i bhfeidhm, nuair ní mar sin atá cúrsaí i réimse sacair i gcoitinne. Mar shampla, bhuaigh an Fhrainc Corn Domhanda na bhfear sa bhliain 2018, agus bhuaigh na Stáit Aontaithe Corn Domhanda na mban sa bhliain 2019. Fuair an Fhrainc 38 milliún dollar, agus ní bhfuair na Stáit Aontaithe ach 4 milliún. Agus é sin tar éis duais na mban a mhéadú faoi dhó idir 2015 agus 2019!  Nach bhfuil sé dodhéanta, mar sin, comhionannas a fháil idir USWNT agus USMNT?

Áit a bhfuil toil tá bealach!

Ar an dea-uair, níl sé dodhéanta! Tháinig na trí pháirtí (USSF, USWNT, USMNT) ar réiteach na ceiste, ag úsáid ‘ioncam roinnte’ i gcás duaiseanna. Cuirfear airgead ó dhuaiseanna le chéile, agus roinnfear an ciste ansin idir na trí ghrúpaí ar bhealach a thugann cothrom na Féinne do chách, mná san áireamh!  Mar shampla, tóg Corn Domhanda na bhfear 2022, agus Corn Domhanda na mban 2023! Cuirfear aon airgead a bhuafar i gciste agus ansin gheobhaidh USWNT 45%, USMNT 45%, agus USSF 10% den airgead.  

Is dea-shampla é seo do thíortha eile, do FIFA agus ar ndóigh don réimse spóirt i gcoitinne. Tá súil agam go ndéanfaidh siadsan an rud céanna agus go dtabharfaidh siad cothromaíocht i gcúrsaí pá agus coinníollacha oibre do gach duine, lánstad!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

  

.

Sacar na mBan – urfhuascailt faoi dheireadh!

Tús le Ré Nua sa Tuaisceart!

 

Tá Sinn Féin ar an bpáirtí is mó i Stormont agus 29% de na vótaí céad rogha faighte acu i ndiaidh thoghchán an tionóil sa Tuaisceart. I gcomparáid leo, fuair an DUP 21.3%. Is toradh stairiúil é seo, agus páirtí náisiúnach sa chéad áit don chéad uair riamh. Tá cúis ceiliúrtha ag Alliance, Páirtí na Comhghuaillíochta freisin, agus iad sa tríú háit le níos mó ná dhá oiread suíochán acu is a bhí in 2017.

Cor sa Scéal

Ar an drochuair, tá cor sa scéal seo. Dúirt ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, nach nglacfadh a pháirtí páirt san fheidhmeannas go dtí go dtabharfaidh Rialtas na Breataine coimitmint le leasú a dhéanamh ar an bprótacal iarBhreatimeachta. Cé gur ghlac an DUP leis an bprótacal céanna ar dtús, d’athraigh siad a n-intinn agus tá siad go láidir i gcoinne an phrótacail anois, a chuireann teorainn trádála i muir Éireann idir an Tuaisceart agus an Bhreatain Mhór.  Mura mbíonn an Céad-Aire agus an LeasChéad-Aire araon san Fheidhmeannas, ní bheadh in ann feidhmiú i gceart, agus bheadh rialtas láir na Breataine i Westminster i gceannas ar an Tuaisceart. Is mar sin atá sé faoi láthair, ó d’éirigh Paul Gavin as a phost mar Chéad-Aire i mí Feabhra mar agóid i gcoinne an phrótacail céanna, agus chuir sé sin deireadh leis an bhFeidhmeannas ó shin i leith.  

Caithfidh na hIonadaithe a suíocháin a ghlacadh san Fheidhmeannas taobh istigh de sheachtain, agus ansin Spéicéir agus na hAirí a ainmniú, an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire san áireamh.  Muna n-éiríonn leis sin, leanfaidh cúrsaí mar a bhí siad cheana san Fheidhmeannas. Tar éis 24 seachtain mar sin, rithfear toghchán nua.    

.

.

Cur chuige ait atá i gceist anseo ó thaobh an DUP de, agus iad ag déanamh baghcait ar a rialtas féin!  An é seo an tslí cheart chun réiteach a fháil don fhadhb atá acu le rialtas na Breataine?  Seo mar a dúirt Michelle O’Neill ar an ábhar:

l sé ceart don DUP pionós a chur ar an bpobal de bharr a mbotúin faoin iarBhreatimeacht. Ní chuirfí suas leis an mbruachaireacht seo a dhéanfadh damáiste comhthaobhach don Tuaisceart agus é mar fichillín ar chlár na polaitíochta idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach. Ná déan dearmad, ní chuirfear ar fuascailt muidár lucht gnó anseo sa Tuaisceart.

.

Athruithe Buana

In ainneoin na bhfadhbanna gearrthéarmacha atá le réiteach dóibh sa Tuaisceart, tá athruithe buana ar siúl anois a mbeidh tionchar mór acu ar a thodhchaí.  Bhí an ceart ag Michelle O’Neill nuair a dúirt sí gur tús le ré nua a bhí ann. Labhair ceannaire Sinn Féin, Mary Lou McDonald go han-díreach ar an ábhar nuair a dúirt sise: “Bunaíodh an áit seo breis is 100 bliain ó shin ar bhealach a raibh sé d’aidhm aige a chinntiú nach mbeadh leithéid Michelle O’Neill i ról an Chéad-Aire go deo, agus mar sin is lá iontach don chomhionannas atá ann.

Níl aon dabht ach go bhfuil athrú déimeagrafach tagtha sa Tuaisceart agus beidh daonra na gCaitliceach níos mó ná daonra na bProtastúnach sula i bhfad, b’fhéidir cheana féin! Ach tá athrú suntasach eile ar siúl sa Tuaisceart atá níos tábhachtaí, b’fhéidir.  Uair amháin sa Tuaisceart, agus go háirithe le linn na dTrioblóidí, bhí dhá rogha agat – a bheith i daontachtaí i do náisiúnaí, sin é. Ach diaidh ar ndiaidh, d’aithin daoine nár ghá dóibh smaoineamh ach amháin sa tslí sheicteach sin, agus thosaigh siad ag díriú ar chúrsaí polaitiúla tábhachtacha eile ag baint le gach duine, beag beann ar a gcreideamh.  Tá go leor le déanamh go práinneach sa Tuaisceart mar gheall ar chúrsaí oideachais, sláinte, fostaíochta agus araile.

Ní haon ionadh é, mar sin, go raibh bua suntasach ag Páirtí na Comhghuaillíochta (Alliance) sa toghchán, a chuir sa tríú háit iad anois. Murab ionann na páirtithe eile, tá lucht tacaíochta éagsúla ag Alliance, idir Chaitliceach, Phrotastúnach agus aindiachaí. I gcomparáid leis na páirtithe traidisiúnta, tá oideachas níos fearr ar

lucht leanúna Alliance agus tá siad níos óige freisin. Gan dabht, tá dearcadh úr, oscailte acu ar chúrsaí polaitíochta agus eacnamaíochta sa Tuaisceart. I mo thuairim, tá na daoine seo ar thús cadhnaíochta i ré nua sa Tuaisceart agus is ardeiseamláirí iad na ceannródaithe seo go léir. Cuireann siad an bhéim ar a gcosúlachtaí seachas a ndifríochtaí agus comhoibríonn siad le chéile chun todhchaí níos fearr a chur i ngeall do chách. Guímid gach rath orthu!

.

.

.

.

.

.

  

.

Sacar na mBan – urfhuascailt faoi dheireadh!

Tuairisc ó Mheiriceá: Bréagadóirí agus Séantóirí!

Níl aon údar gaisce ag an bPáirtí Poblachtánach sna Stáit Aontaithe maidir le heitic, agus tá an uile chosúlacht air nach cuma leo!  Éiríonn an scéal sin níos soiléire le gach lá a théann thart, agus d’fhág na samplaí is deireanaí a tháinig chun solas i mo staic mé.

Bréagadóir

Níl mé róshásta go bhfuil dúchas Éireannach ag ceannaire an fhreasúra i dTeach na nIonadaithe, fear darb ainm Kevin McCarthy.  Is mór an trua é go ndearna McCarthy dearmad ar na himircigh ina chlann féin agus an tairbhe a bhain a dtír nua astu.  Ar an drochuair, tá McCarthy go mór i bhfách leis an eite dheas, agus tá sé go mór in aghaidh inimirce anois.  Níos measa ná sin, is bréagadóir críochnaithe é, nach bhfuil spéis leis ach é féin a chur chun cinn, ar ais nó ar éigean. 

Dar le halt sa ‘New York Times’ le déanaí, tar éis an éirí amach sa Chaipeatól ar 6 Eanáir, 2021, bhí McCarthy ag rá gur cheart don Uachtarán Trump éirí as a phost de dheasca sin, agus go raibh sé chun é sin a rá le Trump.  Shéan McCarthy go ndúirt sé a leithéid ar chor ar bith.  Díreach tar éis sin, áfach, d’fhoilsigh an ‘New York Times’ gearrthóg fuaime mar fhianaise comhthacaíoch.  Ní raibh McCarthy in ann é a shéanadh níos mó, agus chonaiceamar go léir go bhfuil McCarthy chomh bréagach leis an diabhal féin.  In ainneoin é sin, tá gach cosúlacht ar an scéal go dtoghfar é mar sheanadóir arís.  Ní hamháin sin, ach má fhaigheann a pháirtí móramh sa Seanad, seans mór go mbeidh sé mar Spéicéir Theach na Comhdhála, an tríú ról is tábhachtaí i rialtas na Stáit Aontaithe.  Dia ár sábháil, tá an saol ina chadás!

 

Séantóir

Ansin, cad faoin Ionadaí Marjorie Taylor Greene, baill de chuid an Pháirtí Phoblachtaigh?  Creideann sí go diongbháilte sna teoiricí comhcheilge atá ag dul timpeall ar an idirlíon, agus go háirithe ar na meáin sóisialta, scaipthe ag an mbrat eagraíocht darb ainm QAnon.  Creideann lucht leanúna QAnon go bhfuil drong diabhaladhraitheoirí i gceannas ar chúrsaí an domhain, go háirithe baill an Pháirtí Dhaonlathaigh agus a lucht leanúna – daoine cosúil le Joe Biden, Hilary Clinton, Barack Obama agus an Pápa.  Is bocht an scéal é gur toghadh chun a post í, cé go raibh a fhios ag gach duine faoi sin.

Bhí Taylor Green an-ghníomhach maidir leis an éirí amach freisin, agus tá breith ar a haiféala aici faoi cad a dúirt sí timpeall 6 Eanáir, 2121.  Thóg dream vótálaí ina toghcheantar (i dtuaisceart Georgia) cás dlí ina haghaidh, ag maíomh gur sháraigh sí an Cheathrú Leasú Déag de bhunreacht na Stáit Aontaithe, a chuireann cosc ar ionadaí a bheith páirteach in aon éirí amach, nó a chabhraíonn leis a leithéid in aon slí.  Má bhuann siad an cás, ní bheidh cead ag Taylor Greene seasamh sa toghchán meántréimhse an mhí seo chugainn. 

Bhí Taylor Greene go mór trí chéile toisc go raibh uirthi dul os comhair na cúirte in Atlanta.  Chuir dlíodóirí na ngearánaithe ceisteanna uirthi faoina ról ag gríosú lucht leanúna Trump chun feirge, roimh an éirí amach. 

Tháinig rud ait nuair a bhí Taylor Greene i d’fhinné – chaill sí a cuimhne go huile agus go hiomlán.  Nuair a cuireadh ceisteanna uirthi, ba é an freagra is coitianta (níos mó ná caoga uair) a thug sí ná: “Ní cuimhin liom!”

Chuir dlíodóir na ngearánaithe an cheist seo ar Taylor Greene, faoin am díreach roimh an éirí amach: “An ndúirt tú nár cheart ‘aistriú cumhachta síochánta’ a ligean dul ar aghaidh?”

“Ní cuimhin liom,” a d’fhreagair Taylor Greene.

Ansin, chuir an dlíodóir fístaifeadadh ar siúl, agus é seo le rá ag Taylor Greene roimh an éirí amach:

“Níor chóir dúinn ligean an t-aistriú cumhachta síochánta dul ar aghaidh, rud atá ag teastáil ag Joe Biden, mar níor bhuaigh sé an toghchán.”

Ní raibh le rá ag Taylor Greene ach nach raibh sa ráiteas sin ach leathráiteas ar thóg an dlíodóir é as comhthéacs.  Tabhair suaimhneas dom!   

Conclúid

Vótáladh isteach in oifig na cneámhairí thuasluaite.  Is cúis imní é seo, mar léiríonn sé déine na géarchéime polaitiúla atá ar siúl sna Stáit Aontaithe faoi láthair.  Níos measa ná sin, gach seans go vótálfar isteach iad arís an mhí seo chugainn, in ainneoin a mí-iompar uafásach atá díreach in aghaidh na bprionsabal daonlathais ar bunaíodh na Stáit Aontaithe orthu sa chéad áit.  Níl aon rud eile le déanamh dúinn anois ach guí ar son míorúilte polaitiúla!

 

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Sacar na mBan – urfhuascailt faoi dheireadh!

Boilsciú gan Srian!

Le linn na pandéime, chur beagnach gach tír pacáiste láidir le chéile leis a geilleagar a spreagadh agus chun tacaíocht nach beag a thabhairt dá pobal agus dá comhlachtaí, a bhí buailte go dona leis na diansrianta a bhí i bhfeidhm.  Bhí na bearta eacnamaíocha a cuireadh i bhfeidhm an-rathúil, ó thaobh an gheilleagair de, agus tháinig téarnamh geilleagair gan mhoill dá bharr sin. Ar an drochuair, tá borradh rómhór faoin ngeilleagar anois sna tíortha céanna. Má cheapann tú gur rud maith é sin, mholfainn duit athsmaoineamh a dhéanamh.

.

Tionchar An Ráta Boilsciú ar an Gheilleagar.

De ghnáth, bíonn an soláthar agus an t-éileamh ag teacht le chéile, agus bíonn praghsanna seasmhacha ar earraí dá bharr sin. Fiú amháin sa chás inmhianaithe sin, bíonn ráta boilsciú timpeall a dó faoin gcéad ann, agus ardaíonn praghsanna agus tuarastail ag timpeall an ráta sin de ghnáth.  Bíonn eacnamaithe an-sásta leis an staid sin. Ach éiríonn siad míshásta má éiríonn an ráta boilsciú ró-ard nó ró-íseal i gcomparáid leis an mbunlíne sin. Má thiteann an ráta faoi 0 faoin gcéad, éiríonn earraí níos saoire agus tosaíonn daoine ag fanacht chun iad a cheannach ar phraghsanna níos lú. Feidhmíonn sé sin mar choscán ar ghníomhaíocht gheilleagrach agus de réir a chéile cailltear poist agus buaileann cúlú eacnamaíochta an tír.  

Ar an lámh eile, má éiríonn an ráta boilsciú ró-ard, éiríonn earraí níos daoire agus tosaíonn daoine á gceannach chomh luath agus is féidir, mar tá a fhios acu go mbeidh siad níos daoire tar éis tamaill. Bíonn éileamh mór ar earraí ansin, agus mar sin bíonn an-éileamh ag comhlachtaí ar fhostaithe nua, ach chun iad a mhealladh, bíonn orthu pá níos airde a thairiscint. Ach dá bhrí sin, bíonn ar chomhlachtaí praghsanna a n-earraí a ardú. Mura ndéanfar aon rud, leanann praghsanna agus tuarastail ag ardú ceann ar cheann i mbís bhoilscitheach a théann as smacht go tapa. Tá a fhios againn go léir faoin hipearbhoilsciú a tharla sa Ghearmáin sna fichidí sa chéad seo caite, nuair a theip a hairgeadra, an Mark, go hiomlán. Ag uair amháin ban ráta malairte idir an Mark agus an Dollar chomh dona gur chosain sé timpeall trilliún Mark chun Dollar amháin a cheannach!  

.

Borradh Rómhór!

Tá ráta boilsciú 6.7% in Éirinn, ráta 7.5% san Aontas Eorpach (AE), agus ráta 8.5% sna Stáit Aontaithe faoi láthair. Tá na rátaí sin i bhfad ró ard, gan dabht. Mar go raibh orainn (an AE, na Stáit Aontaithe agus tíortha eile) smachtbhannaí eacnamaíochta a chur ar an Rúis le déanaí, de dheasca a hionsaí ar an Úcráin, tá praghsanna breosla agus bia ag éirí níos tapúla fós ná mar a bhí agus ní rud maith é sin.

.

Cad é le déanamh?

Is féidir rátaí úis a ardú chun smacht a chur ar an ráta boilsciú.  Tá an Cúlchiste Feidearálach sna Stáit Aontaithe, agus an Banc Ceannais Eorpach san AE, i gceannas an ráta úis is tábhachtaí. Thosaigh an Cúlchiste Feidearálach ag ardú an ráta úis i Meiriceá cheana féin agus is dócha go mbeidh siad araon ag ardú an ráta seo go dian as seo amach, ar feadh cúpla bliain, b’fhéidir. Le gach ardú sa ráta úis, laghdaítear cumhacht iasachtaíochta an phobail, agus mar sin a gcumhacht cheannaigh freisin. Nuair atá an t-éileamh tomhaltais laghdaithe, níl an brú céanna ar phraghsanna, agus tosaíonn siad ag socrú. Mar sin, de réir a chéile, tagann laghdú ar an ráta boilsciú féin, go dtí go mbíonn sé i gcóimheá arís.

Ní mór a bheith cúramach, áfach, mar tá riosca ann nuair a íslítear an ráta úis go gcothófar cúlú eacnamaíochta, agus ansin beidh fadhb eile chun dul i ngleic leis.    Tá sé deacair é sin a dhéanamh díreach i gceart, mar is rud uafásach millteanach casta é an geilleagar.

.

Comhairle?

An rud is tábhachtaí a dhéanamh i mo thuairim ná guaim a choinneáil ort féin! Tóg dóthain ama chun scrúdú a dhéanamh ar do chúrsaí airgid, agus chum plean ansin.

Ná tóg amach iasacht ar ráta athraitheach, agus má tá iasacht mar sin agat cheana féin, déan do dhícheall é a aisíocadh in iomlán, nó é a athrú go ráta seasta. Más féidir, cur srian ar do chaiteachas lánroghnach freisin.

Mar shampla, níl mé ag dul amach ag ithe chomh minic anois, agus déanaim mo mhachnamh go cúramach sula dtiomáinim aon áit.   Déanann athruithe beaga mar seo difríocht mhór thar am ar do chúrsaí airgid, gan laghdú mór ar do chaighdeán saoil!  Níl in aon ní ach seal, agus mar sin tiocfaidh rudaí i gceart arís le himeacht ama.

.

.

.

.

.

.

.

  

.

  

.

.

.

.

.

  

.

  

  

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Sacar na mBan – urfhuascailt faoi dheireadh!

Faoi dheireadh – Leithscéal!

Beagnach bliain ó shin, scríobh mé alt dar teideal “An fhírinne thragóideach nochtaithe i gCeanada!” San alt sin, rinne mé cur síos ar an gciníochas uafásach a rinne Rialtas Cheanada in aghaidh na mBundúchasach sa tír sin, maidir leis na scoileanna cónaithe a bhí i bhfeidhm ó 1863 suas go dtí 1998. Le linn na tréimhse sin, tógadh níos mó ná 150,000 leanbh óna dteaghlaigh agus cuireadh isteach sna scoileanna cónaithe iad. Ní raibh cead ag na páistí a dteanga a labhairt nó a gcultúr a chleachtadh. Tugadh drochíde choirp agus intinne do go leor acu. Uaireanta, bhíodh galair thógálacha cosúil le heitinn as smacht, agus bhíodh droch-chothú ar na daltaí go minic. Dá bharr sin, fuair go leor acu bás.  D’eagair rialtas Ceanada Coimisiún Fírinne agus Athmhuintearas i 2008, chun fiosrúchán a dhéanamh maidir leis na scoileanna cónaithe.  Rinne an Coimisiún athbhreithniú cuimsitheach ar feadh sé bliana agus d’fhoilsigh siad a dtuairisc i 2015. Ba é ceann de phríomhthorthaí an athbhreithnithe é ná gur tharla cinedhíothú cultúrtha forleathan in aghaidh na bpobal dúchasach i gCeanada. an Eaglais Chaitliceach freagrach as na hainghníomhartha a tharla sna scoileanna a raibh sí i gceannas orthu (formhór na scoileanna cónaithe i gCeanada). Ghabh ceannairí na n-eaglaisí eile (an Eaglais Anglacánach, an Eaglais Phreispitéireach agus an Eaglais Aontaithe i gCeanada) chomh maith le Rialtas na tíre leithscéalta foirmiúla as na rudaí uafásacha a tharla sna scoileanna a raibh siad i gceannas orthu. In ainneoin gur iarr an Coimisiún agus Príomh-Aire na tíre Justin Trudeau, ar an bPápa Proinsias leithscéal a ghabháil ar son na hEaglaise, níor ghabh sé leithscéal foirmiúil as an ról lárnach a bhí ag an Eaglais sna scoileanna cónaithe.  

.

Leithscéal ó chroí

D’athraigh gach rud ar na mallaibh nuair a thug ionadaithe bundúchasacha cuairt ar an bPápa ag impí air leithscéal a ghabháil agus gealltanas a fháil an éagóir sin a chúiteamh ar son na hEaglaise Caitlicí.  D’éist an Pápa Proinsias go haireach leis na scéalta ar inis ionadaithe Métis, Inuit agus an Chéid Náisiúin dó. Bhí taithí phearsanta ag cuid acu a tháinig trí fhoréigean na scoileanna cónaithe i gCeanada. Chuaigh na scéalta go mór i gcion ar an bPápa, gan dabht, agus faoi dheireadh, tar éis na mblianta fada ag cur brú ar an bPápa Benedict agus ansin ar an bPápa Proinsias, fuair siad leithscéal ó chroí ón bPápa ar son na hEaglaise Caitlicí.

Tá náire orm brón agus náire – faoin ról a bhí ag Caitlicigh maidir leis an drochíde a cuireadh daoibh, agus faoin easpa ómóis a léiríodh daoibh mar gheall ar d’fhéiniúlacht, do chultúr agus fiú do luachanna spioradálta,” arsa an Pápa leis an toscaireacht bhundúchasach.  

Tá na rudaí seo go léir in aghaidh Soiscéal Íosa Críost. Iarraim maithiúnas Dia as mí-iompar uafásach baill na hEaglaise sna scoileanna sin agus ba mhaith liom a rá libh ó bhun mo chroí: Tá an-bhrón orm agus in éineacht le mo dheartháireacha, na hEaspaig i gCeanada, tá mé ag iarraidh pardúin oraibh.” Ansin, dhearbhaigh sé go dtabharfaidh sé cuairt orthu i gCeanada níos déanaí i mbliana.

.

Freagairt na n-ionadaithe

Dúirt iar-thaoiseach an Chéid Náisiúin, Phil Fontaine, gur lá ollmhór a bhí ann.  Cuireadh drochíde ar Phil féin sna scoileanna cónaithe i gCeanada. “Dúirt méid mór daoine liom nach mbeadh an próiseas leighis in ann a thosú in easpa leithscéal an Phápa. Chualamar an leithscéal sin inniu, agus creidim i ndáiríre go bhfuil deis ag daoine maithiúnas a thabhairt. Ach tá sé deacair maithiúnas a thabhairt – chomh deacair agus atá sé leithscéal a ghabháil!”

Dúirt ionadaí Inuit, Natan Obed, go raibh sé thar am don leithscéal seo, ach go ndeachaigh an tslí ar léirigh an Pápa a bhrón go mór i bhfeidhm air.

Dúirt Uachtarán Comhairle Náisiúnta na Métis leis na tuairisceoirí: “Bhí sé soiléir ó ráiteas an Phápa inniu gur chualathas ár nglórtha. Tá sé soiléir go bhfuil cumhacht inár scéalta agus inár bhfírinní!”

.

Conclúid

D’admhaigh Príomh-Aire Cheanada, Justin Trudeau, leithscéal na hEaglaise. Is Caitliceach é Trudeau, agus siar i 2017, d’impigh sé ar an bPápa leithscéal a ghabháil ar son na hEaglaise. Dúirt Trudeau go raibh sé ag súil go mór le cuairt an Phápa ionas go mbeadh sé in ann an leithscéal a ghabháil go díreach agus go pearsanta ag an am sin.Is céim chun cinn an leithscéal foirmiúil inniu, agus anois beimid in ann bogadh ar aghaidh agus céimeanna tábhachtacha eile a thógáil, a chríochnaigh sé.

Aontaím leis an Uachtarán Trudeau go hiomlán. Anois, caithfear na céimeanna eile a thógáil chun clabhsúr éigin a fháil maidir leis an gcaibidil náireach seo sa stair.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Sacar na mBan – urfhuascailt faoi dheireadh!

Géarchéim ópóideach ag teacht?

Anuraidh, sna Stáit Aontaithe, fuair timpeall 70,000 duine bás de bharr na ródháileoige ópóidí.   

Scéal Matthew Davidson

Bhí Matthew lán le spórt an tsaoil nuair a bhí sé óg. Ach bhí fadhb shláinte aige freisin, mar fuarthas amach go raibh neamhord téachta ar Matthew haemaifilia. Leis an ngalar sin, d’fhéadfá bás a fháil de bharr cailleadh fola. Chomh maith leis sin, bíonn pian ainsealach ag baint leis.  Choimeád a mháthair, Karen, súil ghéar ar Matthew, de bharr a ghalair, ach seachas sin ba ghnáthbhuachaill é ag fás aníos.

Tar éis dó a chuid meánscolaíochta a chríochnú, d’fhág sé an baile agus thosaigh sé ag obair i mbialann. Ar laethanta maithe, bhíodh pearsantacht ghnaíúil aige, agus bhíodh an chraic aige lena chuid custaiméirí. Uaireanta eile, áfach, bhíodh sé tinn agus bhíodh gnáthchomharthaí an fhliú air.  Is maith a thuigeann Karen anois gurb airíonna éirí as a bhí i gceist, ach ní raibh a fhios aici ag an am.

Tharraing Matthew trioblóid air féin uair amháin nuair a ghoid sé airgead as sparáin a chomhghleacaithe sa bhialann. Ghoid sé seodra óna mháthair féin freisin, agus airgead óna chairde. Bhí sé deacair do Karen a chreidiúint a leithéid faoina mac féin, ach orbh fhéidir léi an fhírinne sin a shéanadh.

D’ordaíodh an dochtúir pianmhúcháin do Matthew mar chóir leighis dá phian a chur air agus bhí Karen den tuairim gurb é sin cúis a andúile. Ní raibh a fhios ag na dochtúirí ag an am gur drugaí iad na pianmhúcháin ópóideacha a chothaíonn andúil an-chumhachtach, mar d’inis comhlachtaí a dhéanta (cosúil le Purdue Pharmaceutical) bréag dóibh, ag rá nach bhféadfaí éirí gafa leo!

Nuair a d’fhreastail Matthew ar chlár athshlánúcháin ó dhrugaí, chreid a mháthair go bhfaigheadh Matthew an ceann is fearr ar a fhadhb. Ach bhí Matthew i bhfáinne fí na n-andúileach, ag freastal ar chlár agus ansin ag dul ar ais ar na drugaí – arís is arís eile. Nuair a ghlac sé ródháileog hearóine bhí foireann práinnfhreagartha in ann é a tharrtháil ón mbás cúpla uair.

Ach thréig an t-ádh é faoi dheireadh agus fuair sé bás de dheasca ródháileoige hearóine. Ní raibh seans ag an leaid bocht mar bhí beagán feantanaile sa dáileog sin agus is druga an-dainséarach é feantanail, a mharaíonn na mílte duine gach bliain sa tslí chéanna.

Thosaigh Karen craobh áitiúil den eagraíocht ‘Parents of Addicted Loved Ones’ in Kentucky, ag iarraidh cabhair a thabhairt do dhaoine cosúil lena mac féin. Tar éis bás a mic, lean sí ar aghaidh ag obair go dian don eagraíocht sin, agus tá súil aici go mbeidh sí in ann beatha daoine eile a shábháil.

Dainséar in Éirinn?

Cé go bhfuil scéal Matthew iontach brónach, sin fadhb Mheiriceánach agus níl aon chúis imní againn anseo in Éirinn, an ea?

Sna hochtóidí, réab eipidéim hearóine trí cheantair bochta i mBaile Átha Cliath agus cathracha eile in Éirinn. Thug an tír neamhaird ar an bhfadhb uafásach seo go dtí na nóchaidí ach ansin bhí an-deacair acmhainní a fháil agus plean a chur i bhfeidhm chun smacht a fháil ar an bhfadhb.  

Ar an drochuair, tá eipidéim druga eile cnagchócaon ar siúl in áiteanna in Éirinn anois, Tamhlacht i mBaile Átha Cliath san áireamh.  I dtuairisc a d’eisigh tascfhórsa drugaí agus alcóil sa cheantar sin, tá an abairt seo faoin eipidéim cnagchócaoin: Fadhb ollmhór atá ann, agus muna dtéimid i ngleic leis láithreach bonn, beidh an eipidéim seo i bhfad níos measa ná eipidéim hearóine na hochtóidí!”

Sin tuar tubaisteach na tuairisce, gan tagairt ar bith do dhrugaí sintéiseacha! Sna Stáit Aontaithe meascann na mangairí drugaí sintéiseacha agus go háirithe feantanail isteach in ionad drugaí eile, mar tá drugaí sintéiseacha níos saoire ná drugaí atá díorthaithe ó phlandaí.  mheasctar an iomarca Feantanaile isteach in ionad druga eile, seans mór go marófar an t-úsáideoir. Tá feantanail 50 uair níos cumhachtaí ná hearóin, agus mar sin d’fhéadfadh a laghad agus dhá mhilleagram tú a mharú – sin an méid céanna le gráinne beag salainn!

Má tá súil agam nach dtiocfaidh meascán nimhiúil drugaí mar sin isteach ar an margadh in Éirinn, is ag brionglóid atá mé! Tiocfaidh an ghéarchéim ópóideach go hÉirinn gan dabht, agus ní mór dár rialtas a bheith réidh le tabhairt faoi chomh luath agus is féidir. Ní réiteach inghlactha dúinn é neamhaird a thabhairt don ghéarchéim cnagchócaoin atá ann cheana féin nó don ghéarchéim feantanaile a bheidh anseo luath nó mall. Thiocfadh leis an difear idir bás agus beacha a dhéanamh!

  

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge