Wizard Spider?

Wizard Spider?

Ba é an chéad chomhartha nach raibh cúrsaí rómhaith an litir a fuair ón mbanc. Thréaslaigh an bainisteoir bainc liom de bharr an chuntais nua a d’oscail . Ach an t-aon fhadhb a bhí ann nár oscail cuntas nua, gan trácht ar chuntas nua i Houston, Texas! Agus mise i mo chónaí i gCalifornia!  Bhí a fhios agam ansin go raibh i dtrioblóid. Chuir glaoch ar an mbanc ar an bpointe agus dúirt an gníomhaire i gceist liom go raibh sa bhrainse i dTexas le déanaí agus gur oscail an cuntas leo ansin. Dúirt nach mise a bhí ann, ach duine a ligean air gur mise, duine a raibh a lán eolas aige fúm, m’uimhir slándáil shóisialta san áireamh. Dúirt an gníomhaire ansin gur athraigh an duine sin mo sheoladh don chuntas sin. Ar an dea-uair, chonaic an litir cláraithe sin, agus bhí in ann an cuntas a dhúnadh ar an láthair. Ach rith liom nach raibh ann ach a chuid is den scéal. Ar an drochuair, bhí an ceart agam.  Rinneadh bradaíl aitheantais orm agus chaith go leor ama i rith na bliana sin ag dul i ngleic leis an fhadhb sin, rud a bhí an-deacair a dhéanamh. Osclaíodh cártaí creidmheasa i m’ainm agus úsáideadh iad chun airgead a chaitheamh. Fuair mise na billí agus bhí orm a chruthú gur calaois a bhí i gceist. Bhí i dteagmháil an t-am go léir leis na gardaí, na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, agus fiú amháin an FBI le linn an phróisis casta a bhí orm a thabhairt faoi. ghuífinn an t-eispéireas uafásach sin ar mo dheargnamhaid! Cén chaoi sa diabhal ar tharla a leithéid? Gan dabht, fuair buíon coirpeach mo shonraí príobháideach tar éis cibirionsaí a dhéanamh ar chomhlacht éigin a raibh mo shonraí sábháilte acu ar a chóras ríomhaireachta.  Braithim ar chomhlachtaí mo shonraí a chosaint, agus sa chás seo chlis siad orm. Níos measa sin, raibh aon cheart cúitimh faoin dlí, mar raibh a fhios agam cén comhlacht a bhí freagracht!

Tharla an ghadaíocht sin sa bhliain 2016, agus is ar éigean a bhí ligthe i ndearmad agam gur léigh faoin cibirionsaí ar chórais ríomhaireachta Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS HSE as Béarla) ar an 14 Bealtaine. Ansin, tháinig na cuimhní ar ais go tréan agus rith liom nach amháin an FSS a bhí i dtrioblóid, ach na daoine duine ar ghoideadh a sonraí leighis príobháideacha uathu gan rabhadh. Níl iontu ach fichillí ar chlár na cibir-sceimhlitheoirí Wizard Spider. Chriptigh an bhuíon coirpeach sin na sonraí a bhí stóráilte ar chóras ríomhaireachta an FSS agus iad ag iarraidh dúmhál a chur orthu díchriptóidh siad na sonraí céanna íocann an FSS 20 milliún euro dóibh leis an airgeadra digiteach Bitcoin.   ghéillfidh an rialtas d’éileamh mar sin, agus seasfaidh siad an fód.

.

Bealach chun tosaigh?

Sa ghearrthréimhse, cuireadh ar ceal go leor cruinnithe a bhí ag othair FSS.   Agus beidh ar an FSS na deicheanna milliún euro a chaitheamh chun rudaí a chur i gceart. Dúirt Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Paul Reid go bhfuil próiseas fadálach fós rompu leis an scéal a leigheas. Dúirt freisin go bhféadfadh sonraí bainteach le hothair a bheith faighte ag an lucht haiceála.   Feictear dom nach bhfuil cosaint ar bith ag aon duine a bhfuil a shonraí ar chóras ríomhaireachta an FSS. Beidh an lucht haiceála sin ag iarraidh airgead a shaothrú aon slí is féidir leo, agus is cosúil go ndéanfaidh siad iarracht na sonraí sin a dhíol ar an ngréasán dorcha. súil agam nach dtarlóidh rud mar sin, ach is buíon neamhthrócaireach íWizard Spider a dhéanfaidh aon rud chun airgead a fháil.   do shonraí féin i gceist, molaim duit go láidir dul i dteagmháil leis an Roinn Coimirce Sóisialaí ag iarraidh uimhir phearsanta seirbhísí poiblí (PSP) nua uathu de dheasca an cibirionsaithe a tharla.

Beidh an rialtas agus an FSS ag obair i gcomhar leis na Gardaí, leis an Ionad Náisiúnta Cibearshlándála, le Europol agus le Interpol ag iarraidh an scéal a réiteach. Gan dabht, freisin, beidh an FSS ag uasghrádú a gcóras ríomhaireachta ó thaobh cibearshlándála de. Beidh daor é seo a dhéanamh, ach an nach gcuirfidh greim cuirfidh dhá ghreim, mar a déarfá.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

  

.

.

.

.

.

.

  

.

Wizard Spider?

Tuairisc ó Mheiriceá: Tús Ré Nua!

Chríochnaigh Trumpach le héirí amach ag an gCaipeatól á ngríosú ag Trump féin, agus é ag maíomh nár chaill an toghchán uachtaránachta ar chor ar bith.  I lomcogarsnacht le Trump, thosaigh Joe Biden go ciúin béasach, gan na giolcanna seafóideacha agus na slite eile ar úsáid Trump iad chun aird a tharraingt air féin an t-am go léir.

Rinne Joe Biden tús maith gan dabht ar bith, agus gnaoi na ndaoine air thar mar a bhí ag Trump riamh. I mo thuairim, tá ag comhlíonadh a ghealltanais chomh sciobtha agus ab fhéidir. In ainneoin sin, dúshláin mhóra amach roimhe nach acmhainn neamhaird a thabhairt orthu.

Gealltanais

Seo trí ghealltanas ar chomhlíon Biden iad cheana féin, agus é i gcumhacht ach breis is cúpla mhí.

1.Gheall go gcuirfeadh dlús leis an gclár vacsaínithe COVID-19. Dúirt go ndáilfí 100 milliún dáileog vacsaín faoin gcéadú a théarma oifige. Bhí an gealltanas comhlíonta faoin 58ú ! Anois, geallta ag Biden 200 milliún dáileog faoin gcéadú a théarma!
2.Gheall go gcuirfeadh beartas mór spreagtha i bhfeidhm don eacnamaíocht, atá thíos le drochthionchar na paindéime.  or aontaigh na Poblachtaigh sa Seanad leis an mbeartas mór sin ($1.9 billiún), agus bhí ar na Daonlathaithe s imeachta speisialta a úsáid ( réiteach buiséad ), agus ansin ritheadh an pacáiste tarrthála.
3.Gheall go ndéanfadh athchinneadh ar pholasaithe a réamhtheachtaí. Stad obair ar an uafás sin an bhalla idir na Stáit Aontaithe agus Meicsiceo. Rinne cinneadh tacú arís le Comhaontú Pháras; haon ionadh é sin, mar Biden tiomanta go huile agus go hiomlán do chosaint na timpeallachta domhanda.  

Is é an chéad ghealltanas eile atá idir lámha aige pacáiste infreastruchtúr chun dul i mbun nuachóirithe maidir le córas iompair na Stáit Aontaithe. Beidh arduithe cháin chorparáide ag teastáil, chun bheith in acmhainn íoc as an bpacáiste.

Dúshláin

go leor dúshláin roimh an Uachtarán agus an rialtas, ach cuirfidh béim ar an gceann is tábhachtaí, i mo thuairim ar aon nós. bille an-tábhachtach ag baint le cearta vótála sa Seanad anois. Rith Teach na nIonadaithe an bille seo, agus anois caithfidh an Seanad vótáil air.  Acht ar son na ndaoine HR1 is é ainm an bhille agus cuireann cosaintí in áit ar son cearta vótála na ndaoine sna Stáit Aontaithe. fíorthábhachtach an reachtaíocht seo a achtú, mar go leor Stáit ag tabhairt isteach reachtaíocht nua chun é a dhéanamh níos deacra do mhionlaigh atá faoi leatrom cheana féin a chearta vótála a fheidhmiú. In ionad a pholasaithe a athrú agus cur chuige níos ionchuimsithí a bheith acu, b’fhearr leis na Poblachtaigh a gcuid prionsabail daonlathais a thabhairt suas, agus rialtas forlámhach a bheith acu, agus iad i gceannas i gcónaí.

Mar a sheasann cúrsaí anois, beidh na Poblachtaigh sa Seanad in ann bac a chur ar HR1. Gan dabht, dtarlódh sin, bheadh daonlathas i Meiriceá i ngéarchéim.  Caithfidh Biden agus an rialtas cothrom na Féinne a chinntiú do gach saoránach sa tír, is cuma cén dath craicinn atá orthu. Agus sin an dúshlán is atá rompu. Ach cad is féidir leo a dhéanamh?

Caithfidh siad an chumhacht speisialta atá ag na Poblachtaigh sa Seanad a laghdú deireadh a chur leis. Eascraíonn an chumhacht sin ón mbac fadchainte (Béarla: filibuster) atá mar phróiseas sa Seanad le fada. Faoin bpróiseas sin, seachas cúpla eisceacht, féidir leis an Seanad acht a rith gan ar a laghad 60 seanadóir a bheith ar a shon (as 100 seanadóir in iomlán 50 Poblachtach, 50 Daonlathaí agus vóta réitigh ag Leasuachtarán Kamala Harris.)  Ach tá ceannaire tromlaigh an tSeanaid, an Daonlathaí Chuck Schumer, in ann an próiseas sin a athrú, deireadh a chur leis. bheadh céim mar sin gan bhaol, áfach, mar dtiocfadh an nuair a bheadh tromlach ag na Poblachtaigh sa Seanad, bheadh siadsan in ann aon acht is mian leo a rith freisin. Sin an dúshlán!

Ceapaim féin go bhfuil in am deireadh a chur leis an mbac fadchainte. B’fhéidir nach bhfuil a fhios agat, ach bhí an próiseas céanna i dTeach na nIonadaithe uair amháin, agus chur Spéicéir Theach na Comhdhála, Thomas Reid, deireadh leis. l aon duine ag iarraidh an bac fadchainte sin a thabhairt ar ais, 130 bliain ina dhiaidh sin! Gan dabht, thar am fáil réidh leis an leaid seo sa Seanad freisin!

.

Wizard Spider?

Pairceanna na Glas!

Nuair a chonaic an teidealPairceanna na Glas’, b’fhéidir gur rith leat go raibh an ceann caillte agam ar fad, agus ag fánaíocht thart Meiriceá gan aird ar aon rud agam! b’fhéidir go bhfuil ar an eolas gurb é sin an t-ainm atá tugtha ar eastát nua tithíochta sa Daingean i gContae Chiarraí. Ach iontas na n-iontas, chomh dona is atá an botún sin, níos measa fós ag baint leis an scéal seo. Ach fillfimid ar sin níos déanaí.

.

Níl aon dabht, ach is uafás amach is amach éPairceanna na Glas’ mar ainm, go háirithe i lár ceantar Gaeltachta. Cad is brí leis? Bhuel, sin í an fhadhb! Meascán mearaí de litreacha gan chiall atá ann, i ndáiríre. Rinne obair bleachtaireachta agus ceapaim go bhfuil a fhios agam foinse an uafáis seo! B’fhéidir gur chuimhin leat gur tharla rudaí eile cosúil leis sin ó am go ham san am atá caite. Mar shampla, bhí conspóid mhór ann cúpla bhliain ó shin, mar gheall ar shuíomh idirlín Chomhairle Contae Chorcaí! Mhaígh siad nach raibh na hacmhainní acu duine a fháil chun aistriúchán a dhéanamh, agus mar sin gur úsáid siad Google Translate chun é a dhéanamh marréiteach sealadach’ a chur in áit. Níor ghlac an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill leis an leithscéal, agus d’admhaigh an Chomhairle faoi dheireadh gur réiteach inghlactha a bhí ann, agus gur sháraigh siad a ndualgas leis an gcur chuige sin.

.

Ar aon nós, ag smaoineamh siar ar uafáis eile mar sin, rith liom go mb’fhéidir go raibh baint éigin ag Google Translate leis an uafás is déanaí! Mar sin, rinne cúpla turgnamh féin agus, mar a bhainfeá smeach, bhí an freagra agam. Níl mórán dabht ach gur chuir duine isteachpairceanna na glas’ i Google Translate ar thaobh amháin, agus ansin tháinig na focailGreen Parks’ amach ar an taobh eile. Bain triail as mura gcreideann é sin! ceacht amháin ann, is é sin : bíodh muinín agat i nGoogle Translate mar níl ann ach sop in áit na scuaibe! ceacht eile ann freisin: Mura bhfuil Gaeilge agat, déan rud mar sin sa chéad áit!

.

Ar dtús, raibh rún ag Comhairle Contae Chiarraí an t-ainm a athrú. Ach bhí an pobal ar an daoraí faoi le fada, agus nuair a mhol na Comhairleoirí Gaeltachta Breandán Fitzgerald (FF) agus Séamus Cosaí Mac Gearailt (FG) rún éigeandála chun an fhadhb a réiteach, ritheadh an rún. Mar sin, anois Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na Comhairle, Moira Murrell agus Clúid (forbróirí an eastáit) ag obair as lámha a chéile chun an t-ainm a athrú. Dúirt Moira Murrell go mbeadh ag obair ar phróiseas chun fadhbanna mar sin a sheachaint as seo amach. an Teachta Dála de chuid Sinn Féin, Pa Daly, ar buile faoin eachtra seo, agus i dteagmháil le Comhairle Contae Chiarraí faoin ábhar freisin.

.

Ach conas a d’fhéadfadh rud uafásach mar sin a tharla sa chéad áit? Rinne ailtire an eastáit moltaí mar gheall ar ainm an eastáit, agus roghnaigh Comhairle Contae ChiarraíPairceanna na Glas’. soiléir nach bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge ag aon duine a bhfaca an moladh sin, ach in ainneoin sin, glacadh leis gan ceist ar bith. raibh an Gaeilgeoir sa phróiseas? Bhuel, maítear nach bhfuil aon Oifigeach Pleanála Teanga i gContae Chiarraí faoi láthair, agus an post le líonadh. D’iarr Comhairleoir Cosaí Fitzgerald ar an gComhairle an post a líonadh. Caithfidh a admháil go bhfuil beagáinín trína chéile, mar cheap gurb é an Rúiseach, Victor Bayda, an t-oifigeach pleanála teanga in Uíbh Ráthach, agus gurb é John Prendergast an t-oifigeach pleanála teanga i gCorca Dhuibhnean bhfuil an bheirt acu tar éis éirí as a bpoist le déanaí? Ar aon nós, sin scéal eile le eile!

.

Agus céard faoin mBrainse Logainmneachaceapaim go mbeidís sásta cabhrú i gcás mar seo, agus saineolas cuí acu, gan dabht? ríshoiléir nach bhfuair Comhairle Contae Chiarraí a chomhairle.

.

Is é bun agus barr an scéil nár chomhlíon Comhairle Contae Chiarraí a ndualgas ar chor ar bith, agus níl ach leithscéalta acu anois. go ndúirt siad nach dtarlódh a leithéid arís, shlogfainn é sin gan chogaint!

.

Gheall níos luaithe go n-inseoinn duit faoi bhotún níos measa. Maidir le cinn den 20 teach san eastát, is Gaeilge a bheith ar chumas na gceannaitheoirí. Is i mBéarla a rinneadh an measúnú sin! Nach bhfuil sin níos measa fós Pairceanna na Glas’? Is cíoradh do eile é sin!

Wizard Spider?

Is iontaí fírinne ná finscéal!

Nuair a bhí timpeall dhá bhliain déag d’aois, thairg mo thuismitheoirí deis dom dul go Rosmuc ar chúrsa samhraidh ar feadh míosa.  Thapaigh an cuireadh agus d’fhreastail ar an gcúrsa sin gan cheist!  Cúrsa iontach a bhí ann, ach bhí deacair go leor i gcúpla bealach. Sa chéad áit, ní raibh cead againn Béarla a labhairt, gan eisceacht. Ag tús an chúrsa, díbríodh cúpla duine as an gcoláiste ar bhris siad an riail sin agus geallaim duit nár chualathas aon Bhéarla sa choláiste ina dhiaidh sin.

Sa dara háit b an iomarca rialacha agus polasaithe ann. Ardaítear bratach na hÉireann gach maidin agus íslítear í gach oíche, agus bhí orainn máirseáil isteach sa chlós agus ansin seasamh ar aire os comhair na brataí. Ba é canadh Amhrán na bhFiann sméar mhullaigh an tsearmanais. raibh cead againn bogadh le linn an tsearmanais ach an oiread, go rabhamar ite ag na míoltóga!   Choimeád daltaí a bhí ina gceannairí smacht orainn le linn an chúrsa, agus bhí cumhachtaí speisialta acu cosúil le leifteanaint san arm.  

go raibh an clár an-dúshlánach againn de dheasca an diansmachta a bhí i bhfeidhm, i ndáiríre fadhb mhór a bhí ann mar d’éiríomar cleachta leis sin. Agus ba é an rud is tábhachtaí ar fad gur fhoghlaimíomar an t-uafás Gaeilge.  Mar sin, d’fhreastail ar an gcúrsa arís an bhliain ina dhiaidh sin, agus arís d’fhoghlaim méid mór Gaeilge ann.

Mar dhuine fásta, bhí a lán cuimhní iontacha agam faoin am a chaith sa Ghaeltacht agus i mo ghasúr. Nach raibh an t-ádh dearg agam go raibh in ann lántairbhe a bhaint as deis iontach a bhí agam na blianta fada ó shin! Ach bhí an t-ádh dearg agam ar chúis eile freisin, mar a d’fhoghlaim beagnach caoga bliain ina dhiaidh sin.  

Fear cáiliúil ba ea bunaitheoir agus ceannasaí an choláiste Domhnall Ó Lubhlaí.  B mar mhúinteoir agam uaireanta, agus bhí inár measc gach . Fear cumasach, cumhachtach, ceannasach agus uaireanta cantalach a bhí ann, agus bhí mar dhia beag dúinn ag an am. Bhíomar go léir scanraithe roimhe, mar thiocfadh racht feirge air gan choinne, agus níor mhaith le haon duine a bheith i ngar ansin.

Ach raibh a fhios againn a leath! Rinne an fear seo mí-úsáid gnéis ar pháistí ar fud na tíre, a dhaltaí san áireamh, thar thréimhse tríocha bliain. Is iomaí páiste ar milleadh a óige agus ar scriosadh a shaol dheasca, agus bhí an t-ádh mór orm gan dabht, nár thriail aon orm féin riamh!

Le scéal fada a dhéanamh gairid, níor ciontaíodh Ó’Lubhlaí riamh as na hionsaithe gnéis a cuireadh ina leith gur cuireadh ar a thriail é i 2002. Fuair bás i 2013, ach níor stad daoine ag insint a scéalta faoin mí-úsáid ghnéasach a rinne Ó’Lubhlaí orthu. Tá clár faisnéise ar fáil ar TG4 (Finné) ina n-insíonn Liam Ó Maolaodha agus íospartaigh eile dúinn céard a tharla dóibh.  Mura bhfaca é, mholfainn go hard duit é a fheiceáil dochreidte!  

Is é an rud is aistí dom ar fad an easpa freagrachta a bhí (agus atá fós) ag an Rialtas agus go háirithe ag an nGarda Síochána.  Nuair a bhí cás ar siúl in aghaidh Ó Lubhlaí, chaill siad fianaise thábhachtach agus ansin éiríodh as an gcás go luath ina dhiaidh sin. athbhreithniú inmheánach acu ach siad ag diúltú le fada aon eolas a thabhairt do na fir a ndearna Ó Lubhlaí ionsaí orthu. Catherine Connolly, an Teachta Dála as Gaillimh, chun ceisteanna a chur ar an Aire Dlí agus Cirt, Helen McEntee faoi chás Lubhlaí agus faoin athbhreithniú inmheánach atá ag baint leis.  

I bhfad siar i 2014, dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald gurbrick wall’ a bhí os comhair na n-íospartach nuair a lorgaíodar eolas faoin gcás ón Roinn Oideachais, ó Roinn na Gaeltachta, ón Roinn Dlí, ón nGarda Síochána agus ón HSE, agus go raibh mind-boggling’ nach raibh eolas faoin gcás á chur ar fáil dóibh agus go raibh an chuma ar an scéal go raibhbotched investigation’ i gceist agus go raibhbotched cover-up’ anois ar bun.

Nach bhfuil thar am dóibh siúd an fhírinne a insint anois faoi dheireadh, agus saghas clabhsúir a fháil do na híospartaigh bochta agus dúinn go léir faoin gcaibidil uafásach seo inár stair.

.

  

.

.

.

Wizard Spider?

Cúrsaí Gaeilge: Ní briathra a dhearbhaíonn ach gníomh!

Scríobh cúpla alt i lár na bliana seo caite ag déanamh plé ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019.  Dar le treoirlínte an Rialtais féin: “Is iad cuspóirí ginearálta an Achta (2003) úsáid na Gaeilge a chur chun cinn chun críoch oifigiúil sa stát, dualgais na gcomhlachtaí poiblí i leith theangacha oifigiúla an stáit a leagan amach agus Oifig an Choimisinéara Teanga a bhunú.”  Mar go raibh forálacha an Achta lag go leor, thosaigh obair chun an tAcht a neartú i 2011 agus lean ar aghaidh i dtreallanna agus faoi dheireadh, in 2019, foilsíodh an bille féin. sprioc sa bhille go mbeadh 20% d’earcaithe nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge, agus chinnteofaí gur trí Ghaeilge a dhéanfadh gach oifig phoiblí sa Ghaeltacht a cuid gnó.  Is í an fhadhb a bhí agam leis sin nach raibh aon sprioc-amanna seicphointí ag baint leis na spriocanna, agus raibh éinne freagrach astu ach an oiread.

Ar réitigh ár Rialtas na fadhbanna sin? Bhuel, go raibh geallta ag an Rialtas agus airí na Gaeltachta go n-achtófar an bille in 2019, achtófar! Moilleadóireacht agus tuilleadh moilleadóireacht a deirim. briathra a dhearbhaíonn ach gníomh! cúpla duine ag cur brú ar an Rialtas agus ar Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers, agus meas mór agam orthu. mórán le ar an ábhar ag an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly, agus níl aon dabht ach go ndearna sí a pointe go neamhbhalbh le déanaí, nuair a dúirt sa Dáil: “An bhearna is a fheicim nach bhfuil aitheantas ar bith tugtha agaibhse, an Rialtas seo ag an Rialtas cheana, go bhfuil géarchéim i gceist ó thaobh na nGaeltachtaí de agus ó thaobh na Gaeilge de. Is aitheantas a thabhairt don ghéarchéim seo, cosúil leis an Covid. Bhí orainn aitheantas a thabhairt . Bhí orainn an víreas a ainmniú. teipthe oraibh an fhadhb anseo a aithint agus is bearna ollmhór í sin.   le bearta práinneacha chun dul i ngleic leis an ngéarchéim atá ann sa Ghaeilge agus sna Gaeltachtaí ar fud na tíre.” Aontaím go huile agus go hiomlán léi. in am beart a dhéanamh anois gan a thuilleadh moille beidh ródhéanach. go leor leasaithe réasúnta sa Bhille atá á mholadh, ach mar sin féin bhí níos 90 leasú (as 308 leasú in iomlán atá sa Bhille) dícheadaithe ag Oifig na mBillí. Agus an rud is aistí dom faoi sin raibh aon ról ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers i ndícheadú na 90 leasú sin. I mo thuairim, ní raibh Jack Chambers ag comhlíonadh a ndualgais mar Aire Stáit na Gaeltachta, agus shílim go bhfuil seo inghlactha!

Labhair Aengus Ó’Snodaigh (urlabhraí Gaeilge Shinn Féin agus Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge) amach ar son na Gaeilge gan scáth faitíos sa Dáil freisin. Dúirt go raibh baol ann nach mbeadh de thoradh ar an mbille teanga nua ach tuilleadh daoine sa tseirbhís phoiblí nach bhfuil de Ghaeilge acu achDia Duit’. Is é a bhí i gceist an chiall ag baint leis an téarmainniúlacht sa Ghaeilge. Mhol Sinn Féin caighdeán TEG B2 a úsáid mar chritéir inniúlachta sa Ghaeilge. Ach dhiúltaigh Aire Stáit Jack Chambers don mhíniú sin agus don leasú ag baint leis, a bhfuil mar phríomhchuspóir aige a chinntiú go mbeidh 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí ina nGaeilgeoirí faoin mbliain 2030. Dúirt go mbeadh sásta filleadh ar an ábhar agcéim na tuarascála’, a tharlódh níos déanaí sa phróiseas. Ach dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó’Cúiv go bhfuil ceist na hinniúlachta i gcroílár an bhille. Dúirt freisin mura ndéanfaí an inniúlacht sin a shainmhíniú go soiléir, go ndéarfaí amach go mbeadh 20% d’earcaigh nua ina nGaeilgeoirí nach mbeadh Gaeilge acu! D’aontaigh Catherine Connolly gurb í ceist na hinniúlachta an cheist is bunúsaí den bhille.

Agus mo thuairimse?  Cuireann an scéal seo i gcuimhne dom Néaró agus é ag fidléireacht fad a bhí an Róimh ina thimpeall á loscadh. Sa chás seo, tá an Rialtas (agus go háirithe Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers) ag casadh ceoil agus an Ghaeilge á . Níl aon dabht ach gur gníomhú go práinneach, bille láidir a chur i bhfeidhm agus stad a chur láithreach leis an bpleidhcíocht agus an díospóireacht atá ar siúl sa Dáil!

.

.

.

.

.

Wizard Spider?

In ár gcroíthe go deo!

Sa bhliain 1366, d’eagraigh Lionel (an tríú mac le hÉadbhard III, Shasana) an pharlaimint anseo i gCill Chainnigh agus rith siad Reachtanna Chill Chainnigh.  Cuireadh srianta dochta ar na coilínigh Shasanacha (Angla-Normannaigh an chuid is dóibh), chun deireadh a chur leis an gcomhcheangaltacht a bhí ag tarlú idir na coilínigh agus na hÉireannaigh, agus chun an Béarla a fhógairt mar theanga fhoirmiúil na tíre.

De réir na Reachtanna, ní raibh cead ag na coilínigh sin Éireannaigh a phósadh, Gaeilge a labhairt, ceol Gaeilge a sheinm, cluichí na hÉireann agus go háirithe iománaíocht a imirt. raibh cead ag coilínigh freastal ar Eaglais Chaitliceach, ag Éireannaigh freastal ar Eaglais Shasana, ach an oiread.

Bhí Lionel ag iarraidh saghas cinedheighilt a chur i bhfeidhm, i ndáiríre.  Agus gur theip air na Reachtanna a chur i bhfeidhm, lean iarrachtaí Shasana chun ár dtír agus ár gcultúr a chur faoi chos leis na céadta bliain.  Ach sa deireadh, áfach, is cosúil gurb é an Gorta Mór buille na tubaiste a rinne an dochar is dúinn ó thaobh ár dteanga de. Cheapfá gur scéal thairis an chinedheighilt sin anois agus an formhór dúinn ag labhairt Béarla. Iontas na n-iontas, ní bheadh an ceart agat!  Léiríonn an scéal seo a leanas go bhfuil an chinedheighilt chéanna ar siúl fós.

Fuair Margaret Keane bás dhá bhliain go leith ó shin i gCoventry i Sasana.  Éireannach ba ea í a bhog sna caogaidí go Coventry, an áit ar thug faoi shaol nua.  Is é an Cumann Lúthchleas Gael (CLG) dlúth agus inneach diaspóra na hÉireann sa Bhreatain le fada.  Mar sin, thosaigh Margaret ag dul go dtíRoger Casement’s GAA Club i gCoventry agus ba ghearr gur chroílár a saol féin é. Sa Chlub sin, chas leis an Éireannach a phósfadh ina dhiaidh sin, fear darb ainmBernie Keane’.  D’imir Bernie iomáint nuair a bhí óg, agus bhí ar an bhfoireann áitiúil i mBéal Átha hAmhnais i gContae Mhaigh Eo ar feadh tamaill.  Tar éis dóibh a bheith pósta, agus go raibh seisear clainne acu, b Bernie agus Margaret an-ghníomhach sa CLG i gCoventry i gcónaí.   Bhronn Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghaill, Gradam an Uachtaráin ar Margaret i bPáirc an Chrócaigh i 2017, de bharr an méid oibre a rinne sa CLG.  Is soiléir nár chaill Margaret a fear céile a gcultúr a dteanga, riamh.

haon ionadh, mar sin, gur dhear teaghlach Margaret cros Cheilteach di mar leac uaighe, a raibh lógó an CLG ina lár. haon ionadh, ach an oiread, gur roghnaigh siad na focailIn ár gcroíthe go deo’ mar an inscríbhinn a bheadh ar a leac chuimhneacháin.  

Chuir an dú-iontas ar an teaghlach, mar sin, nuair a dhiúltaigh an Breitheamh Stephen Eyre (Seansailéir Dheoise Coventry) dóibh an ráiteas sin a bheith i nGaeilge amháin ar an leac chuimhneacháin. Dúirt Eyre sa rialú go bhféadfaí a cheapadh gur saghas mana ráiteas polaitiúil a bheadh ann, toisc an paisean agus na mothúcháin ag baint le húsáid na Gaeilge.” Mar sin, bheadh orthu aistriúchán Béarla a chur ar an leac in éineacht leis an ráiteas Gaeilge.  

Níor ghlac teaghlach Margaret leis an rialú sin, agus fuair siad go leor tacaíocht ó phobal na nGael sa Bhreatain, ó mhuintir na hÉireann agus daoine nach Éireannaigh iad freisin.

Bhí iontas ar an teaghlach nuair a dúirt Eaglais Shasana féin nach polasaí náisiúnta cuid é diúltú do dhaoine Gaeilge a chur ar leaca cuimhneacháin, agus go bhféadfaí achomharc a dhéanamh faoi rialú Eyre i gcúirt eaglasta níos sinsearaí, Cúirt Arches Canterbury.

Bheadh deacair údar a thabhairt le rialú Eyre, mar cúig inscríbhinn sa Bhreatnais sa reilig chéanna inar adhlacadh Margaret, gan aon aistriúcháin go Béarla.   an inscríbhinn seo ar leac amháin: “yn ein calonnau am byth, in ár gcroíthe go deo as Gaeilge ag caint ar chomhtharlúint!

Bhí cás cúirte faoi inscríbhinn as Breatnais sa chúirt cúpla bliain ó shin i Londain, agus ghlac an breitheamh Morag Ellis QC nár ghá aistriúchán a bheith ann, mar bheadh duine in ann aistriúchán a fháil ar líne. Is comhtharlúint dochreidte eile é go bhfuil Morag Ellis QC féin i gceannas ar Chúirt Arches Canterbury!

Caithfidh Cúirt Arches Canterbury an rud ceart a dhéanamh agus an bunchinneadh uafásach a chur ar ceal. foláir dea-shampla a thabhairt agus deireadh a chur leis an mbiogóideacht fhrith-Éireannach sin gan mhoill!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge