Ó Phápa to Pápa

Ó Phápa to Pápa

le Peadar agus Micheál Bairéad

.

Peadar anseo…..

Bfhédir nárbh eol dhuit go raibh in Ospidéal, i mBaile Átha Cliath, ar feadh scathaimh mhaith, le déanaí, agus gur tháinig mo mhac Micheál i gcabhair orm, sa tréimhse sin, trí féachaint chuige go mbeadh an Colún seo le léamh ag ár léitheoirí, chuile sheachtain san idirlinn, agus ansin, d’iarr air leanúint leis sa bhfiontar sin. Thoiligh chuige sin, agus súil agam to dtaitneoidh toradh ár saothair libh feasta. Deir Micheál fhéin gur cuma bhfuil cónaí air, go raibh súil aige go mbeadh ar a chumas cabhrú liom sa ghnó seo.”

Deir mo leath-bhádóir,Micheál, freisin………..

“Sa atá inniu ann, leis an idirlíon, níl neamhchoitianta a bheith i do chónaí in áit amháin agus ag obair in áit eile.  Cuma bhfuil ag cur fúm ag an am, súil agam go dtabharfaidh léargas difriúil go dtí an bord, agus mar sin sílim go mbeidh dearcadh úrnua sa cholún féin.  

De bhrí go bhfuil Gaeilge níos laige agamsa agus go bhfuil orm mo chion féin a dhéanamh, seans go mbeidh leibhéal na Gaeilge níos ísle, ar dtús, ar aon nós.

Dhá scór bliain!

Seo rud dochreite:   an t-alt spéisiúil seo “I mBéal an Phobailthart ar dhaichead bliain d’aois anois!  Thosaigh Peadar á scríobh tar éis chuairt an Phápa Eoin Pól, a , sa bhliain 1979! Bhí ar Pheadar clóscríobhán láimhe a úsáid, agus bhí air cruachóip a fhagáil isteach ag oifig an Kilkenny People ansin! ‘chuile sheachtain,   raibh an fón póca cumtha fós! Agus sa bhliain 1979, bhuaigh foireann iománaíochta Chill Chainnigh ar Ghaillimh.  Nach mór an difríocht idir inné agus inniu, a chairde!  Agus tríd na hathruithe go léir a tharla, mór agus beag, lean Peadar ar aghaidh ag scríobh!

Le linn a thréimhse mar colúnaí, thug Peadar cúntas dúinn ar na heachtraí a bhí ar siúl ina shaol fhéin, sa phobal áitiúil, agus go deimhin, ar fud an domhain mhóir.   Ach déan dearmad ar an rud is tábhachtaí, b’fhéidir! Ba i nGaeilge a scríobhadh gach alt díobh sin! Caithfimid ómós a thabhairt do Pheadar agus freisin don “Kilkenny People” as an tseirbhís riachtanach seo a chur ar fháil lucht léite.”

in am!

Dúirt Peadar liom le déanaí go mb’fhéidir go bhfuil in am aige tarraingt siar beagán!  D’aontaigh leis agus dúirt go bhfuil sos beag tuillte aige anois, tar éis daichead bliain!  Phléamar an t-ábhar sin ar feadh píosa, agus d’fhoghlaim go raibh imní air nach mbeidh dóthain Gaeilge sa pháipéar in éagmais a cholún seachtaine.  Bhí an ceart aige, nach raibh? Príomhpháirt dár bhféiniúlacht náisiúnta agus dár gcultúr uathúil is ea an Ghaeilgenach ea? Agus mar sin, an-tábhactach í a shábháil, amháin dúinn féin, ach do shliocht ár sleachta!  Gach uair a úsaidtear an Ghaeilge, cabhraíonn leis an gcúis seo, agus mar sin, riachtanach an colún seo a choimeád beo! Ach an féidir le Peadar tarraingt siar beagán, agus ag an am gcéanna, don cholún dul ar aghaidh? Múineann seift, mar a déarfá, agus bhí smaoineamh againn conas an ceann sprice sin a bhaint amach!

Ar aghaidh linn!

Agus cad é an smaoineamh é sin?  Sin í an cheist ?  Bhuel, i bhfocal amháincomhoibriú!  Nach bhfuil sin sofheicthe?

cabhróir ag teastáil ó Pheadar, le comhoibriú leis ar a cholún.  Laghdódh an socrú sin an brú ar Peadar féin, agus bheadh in ann a intinn a leagan ar na rudaí is fearr leis.   Mar sin agus sa tslí sin, cheapamar go mbeadh an thrá á fhreastal againn! Shocraíomar triail a bhaint as an moladh sin ar aon chaoi.”

Cabhróir!

Maith go leor!  Ach bhfuil an cabhróir sin?   ceann agat, a Pheadair, caithfidh é, í, a cur in aithne dúinn!  Sin atá á againn, nach ea?”

Bhuel, beidh mo mhac Micheál ag cabhrú liom, agus is dócha go bhfuil in ann é féin a cur in aithne daoibh!   bhfuil , a Mhichíl?”

Táim anseo.  Is mise an mac is sine sa chlann.  Rugadh i gContae Muigheo, agus tógadh i mBaile Átha Cliath go dtí go raibh naoi mbliana d’aois, agus i gCill Chainnigh tar éis sin.  D’fhreastail ar scoil náisiúnta Bhráithre de la Salle, agus ar Choláiste Chiaráin. Bhí m’athair ag obair sa scoil chéanna sin. Tar éis sin, d’fhreastail ar an Ollscoil i mBaile Átha Cliath ag déanamh staidéir ar Eolaíocht agus ar Innealtóireacht Leictreach.  Ansin, bhí ag obair i mBaile Átha Cliath ar feadh cúig bliana, agus ina dhiaidh sin chuaigh thar tír amach go Meiriceá. Bhí ag obair i gCalifornia ar feadh breis agus deich mbliana fichead, nuair a d’éirigh as an jab trí bliana ó shin. Anois, caithim an chuid is den Samhradh in Éirinn, i gCill Chainnigh, agus an cuid eile den bhliain i San Diego, i gCalifornia Theas.

súil ag an mbeirt againn go leanfaidh sibh ar aghaidh linn i do léitheoir cheana féin.   i do léitheoir nua, céad Fáilte romhat, agus súil againn gur bhain sult as an gcolún nua seo, agus go bhfanfaidh linn feasta.”

Gura fad buan sibh uilig!

ó

Na Bairéadaigh.

.

Rúin agus Guíonna Athbhliana!

Rúin agus Guíonna Athbhliana!

An ndearna tú do rúin athbhliana fós?” arsa Séimí séimh an Droichid liom féin, thíos i gCailleach an “Smugairle Róin”, ar an oíche chinniúnach sin, Oíche Chinn Bliana, agus é tar éis smailc bhreá sásta a bhaint as an ngloine den stuif crua a bhí leagtha go cúramach aige, ar bhoirdín beag, os a chomhair amach.

Thuig mé, ar an bpointe boise, gur theastaigh uaidh a chuid tuairimí ar an ábhar céanna sin a bhronnadh orm, agus ó tharla nach raibh tada níos fearr le déanamh agam ag an am, rinne mé chuile iarracht na tuairimí sin a mhealladh uaidh.

“Dheamhan rún nó cuid de rún déanta agam fós, a Shéimí, ach cogar, an bhfuil rún ar bith déanta fós agat féin don bhliain úr seo atá ina rás chugainn, i láthair na huaire seo?”

Guíonna in áit Rúin

“Bhuel! Caithfidh mé a admháil duit, go bhfuil mé féin éirithe as na rúin athbhliana céanna sin, le tamall de bhlianta anuas anois, nó ba bheag aird a thug mé orthu tar éis a ndéanta, ach bhfuil a fhios agat, tá nós nua fionnta agam leis an mbearna sin a líonadh dom.”

“Agus céard é féin, a Shéimí?”

“Guíonna athbhliana a thugaimse orthu, nó in áit ualach na rún sin a cheangal aniar orm féin, is amhlaidh a phiocaim amach roinnt rudaí, ar mhaith liom go ndéanfaí iad, i rith na bliana úire.”

“Ar fheabhas ar fad, agus céard iad na guíonna atá pioctha agat don bhliain seo, 2024.”

“Tá ualach asail de ghuíonna roghnaithe agam cheana féin, ach níl fúm iad uilig a leagan os do chomhair, láithreach bonn, ach tabharfaidh mé roinnt bheag acu duit anois.”

“Lean ort, nó ba bhreá liom cuid acu a chloisteáil.”

Síocháin ar Thalamh

Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom go gcuirfí deireadh, i rith na bliana seo, le marú, le mugáil, le foréigean, le héigniú de chuile shaghas, le mí-úsáid, le hainriail, agus le brúidiúlacht de chuile chineál, agus go bhfillfeadh daoine arís ar shíocháin, ar charthannacht, agus ar chomharsunúlacht. Dá ndéanfaí a leithéid, nár mhór go deo an difir a dhéanfadh sé i saol an ghnáthdhuine? Sea, agus i ndáiríre, nach féidir a rá, nach mbeadh sa mhéid sin ach filleadh ar na dlíthe atá fite fuaite i smior na gcnámh istigh ionainn go léir?”

“Bhuel, ní beag nó suarach an ghuí sin, a Shéimí, agus dá bharr sin, is dócha nach bhfuil a thuilleadh agat don bhliain seo?”

Cuimhnigh orthu siúd atá ar an Imeall

“Ní leagfaidh mé os do chomhair amach ach guí amháin eile, agus sin go dtabharfaí aire faoi leith, dóibh siúd atá ar an imeall. Is é atá i gceist agam anseo, nó na daoine sin a tháinig chun na tíre seo ar thóir oibre, nó tearmainn go dtabharfaí spás agus éisteacht dóibh i rith na bliana seo, sa tslí go mbeadh ar ár gcumas a mbunús a ghlacadh isteach mar bhaill den phobal s’againne, in áit a bheith ag breathnú orthu mar eachtrannaigh nach bhfuil ceart ar bith acu teacht inár measc. Is daoine daonna iad agus is comharsana iad nach bhfuil aithne cheart curtha againn orthu fós. Ba mhaith liom cúpla dream eile a chur isteach anseo freisin agus sin iad an lucht siúil a bhfuil a mbunús imeallaithe againn leis na blianta fada, agus an dream úd a chodlaíonn amuigh, ar thaobh ár sráideanna, nó ar thaobh ár mbóithre.

Déarfainn anois go bhfuil mo dhóthain ráite agam, don bhabhta seo, ach bí cinnte go mbeidh tuilleadh le rá agam ar an ábhar seo, le linn na bliana 2024!

Ábhar Machnaimh

Tar éis do mo Shéimí breá “Go mBeannaí Dia duit” a rá le tóin a ghloine, chuir sé uaidh í ar an mboirdín úd lena ais, d’fhág slán agus beannacht agam, agus thug an doras amach air féin. Caithfidh mé a rá gur fhág sé ábhar machnaimh agamsa agus caithfidh mé a rá go bhfuil súil agam go bhfíorófar guíonna Shéimí i rith na bliana, fiú go páirteach!  

Mo mhachnaimh féin

Labhraíonn Séimí amach gan scáth ná faitíos, agus tá meas mór agam air dá bhrí sin. Is é rún athbhliana atá agam ná mo thuairimí a chur in iúl níos neamhbhailbhe, go háirithe i mo scríbhinní.  Tá sé sin an-tábhachtach sa lá atá inniu ann, agus gach saghas raiméise ag dul timpeall ar an idirlíon agus ar na meáin shóisialta. Chonaiceamar agus feicimid fós drochthionchar bréagnuachta ar ár sochaí, agus é á úsáid ag antoiscigh agus tíortha naimhdeacha, a bhfuil mar aidhm acu ár rialtas a dhíchobhsú.  Is é mo ghuí don bhliain seo ná go ndéanfaimid go léir ár seacht ndícheall fáil réidh le bréagnuacht sa bhliain seo, agus gan é a scaipeadh freisin. Beidh níos mó le rá agam ar an ábhar seo roimh i bhfad!

.

.

.

Cairde iontacha trí Mhalartú Tithe!

Cairde iontacha trí Mhalartú Tithe!

Níos mó ná dhá bhliain déag ó shin chuireamar ár dteach suas ar an suíomh Intervac-homeexchange.com den chéad uair. Bhí an tseirbhís sin á úsáid le fada ag deirfiúr mo mhná céile, a mhol go hard é. Seirbhís mhalartú tithe atá i gceist agus bíonn daoine ar fud na cruinne á úsáid. Uair amháin, chuaigh mo bhean chéile Sinéad, agus mé féin go dtí an Fhrainc ar ár laethanta saoire lena deirfiúr Máire agus a clann ar mhalartú tithe. Bhí teach iontach againn i lár na tíre agus go leor spás againn taobh istigh agus amuigh. Bhí sé i bhfad níos fearr teach a bheith againn ná óstán mar bhíomar in ann ár mbeilte a chócaireacht, ár n-éadaigh a ní agus socrú síos amhail is a bhíomar sa bhaile.

Tar éis ár n-eispéiris dhearfaigh shíneamar féin suas le hIntervac gan mhoill.  Níor thóg sé ach tamall beag go dtí go bhfuaireamar teachtaireacht ó dhaoine a raibh teach in Éirinn á lorg acu de mhalairt a n-árasán ar oileán Havaí. Ní fhéadfaimis é sin a chreidiúint agus ní gá dom a rá nach raibh aon drogall orainn an deis iontach sin a thapú.

Carraig Seabhac

Doody is é sloinne an fhir agus rianaigh sé a fhréamhacha gaoil ar ais go Contae Phort Láirge. Mar sin bhí sé ag lorg tí sa cheantar. Bheadh Carraig Seabhac oiriúnach dó chun a thaighde a dhéanamh. Rinneamar an margadh agus roinneamar eolas faoinár dtithe le chéile. Ní rabhamar féin i gCarraig Seabhac nuair a chuaigh Louie agus a bhean chéile thall agus chaith siad trí seachtaine ann. Bhí am iontach acu agus bhí Louie in ann a lán a fhoghlaim faoina shinsir Éireannaigh.

Haváí

Níos déanaí sa bhliain chuamar go dtí oileán mór Havaí le haghaidh ár laethanta saoire. Bhí Louie agus Dolly ag fanacht linn san árasán agus chuir siad fáilte mhór romhainn. Bhí ‘lei’ an duine acu dúinn mar is nós a dhéanamh i Havaí. Is é atá i gceist ná bláthfhleasc a thugtar do chuairteoirí go Haváí mar fháilte rompu.

Daoine séimh, cineálta is ea Louie agus Dolly, agus cúlraí suimiúla ag an mbeirt acu. Is as Cleveland, Ohio í Dolly agus ó Bhostún Massachusetts é Louie. Chas siad le chéile mar mhic léinn sna seascaidí in Ollscoil Haváí. Fuair an bheirt acu scoláireacht a bhí ar fáil ag an am ó rialtas Mheiriceá chun staidéar a dhéanamh faoin gCianoirthear. Cultúr na Seapáine a bhí á staidéar ag Dolly agus cultúr na Síne a bhí á staidéar ag Louie. D’fhás cairdeas eatarthu mar bhí go leor i bpáirt acu, ach tar éis dóibh céim mháistreachta a bhaint amach, chuaigh siad a mbealach féin. Bhí gairm bheatha iontach ag an mbeirt acu. Tar éis di céim dochtúra a bhaint amach, fuair Dolly post don Stát sa lárionad cultúr agus ealaíon i Honolulu (ar oileán Oahu), agus tar éis tamall fada bhog sí go Hilo (ar oileán Havaí) le post nua mar stiúrthóir iarsmalann Lyman ó 2001 go dtí 2013. Bhí Dolly an-ghníomhach (agus tá fós) mar bhall den Pháirtí Daonlathach Havaí le fada an lá.  Múinteoir staire agus Fraincise ba é Louie sa mheánscoil, post a bhí aige le 30 bliain. Nuair a chuaigh sé ar scor, thosaigh sé agus múinteoir eile ag scríobh leabhair faoi Dhúchasaigh Meiriceánach agus go háirithe faoin treibh darb ainm Cahuilla.  Díríonn an leabhar ar eispéireas uafásach mhuintir Cahuilla faoi údaráis na Spáinne, Mheicsiceo agus Mheiriceá sa 19ú haois, nuair a tháinig laghdú ar líon na Cahuilla, ar díbríodh formhór dóibh óna dtír dhúchais. Fuair an leabhar sin duais ó chumann staire Mheiriceá mar aitheantas ar an obair a rinne na húdair chun stair áitiúil a chaomhnú agus a léirmhíniú. Nuair a fuair bean chéile Louie – a raibh airtríteas réamatóideach go dona uirthi – bás tamall ina dhiaidh iad a bheith ar scor, bhí ar Louie tús nua a dhéanamh.

Tús Nua

Chuaigh Louie i dteagmháil le Dolly agus roimh i bhfad bhog sé go Hilo, Havaí. Tar éis tamaill ag siúl amach le chéile, phósadar, agus tá siad le chéile anois ar feadh timpeall fiche bliain anois. Thosaigh Louie ag scríobh úrscéal ficsin stairiúil faoi ainm cleite, agus d’fhoilsigh sé cúpla leabhar. Rinne Dolly an eagarthóireacht.  Ba bhreá leo taisteal agus nuair a bhí siad níos óige, chaith siad roinnt mhaith ama ag taisteal chun na hÁise. Chaith Dolly am sa tSeapáin, agus tá Seapáinis aici. Chaith Louie am sa tSín agus sa Téaváin, agus tá Mandarin aige chomh maith le Fraincis agus Rúisis. Ní haon ionadh é, mar sin, gur shocraíodar taisteal a dhéanamh le chéile go dtí na hÁise agus an tAontas Eorpach. Bhí árasán ag Dolly i Havaí cheana féin, agus cheannaigh Dolly agus Louie teach i Hilo nuair a phósadar.  Nuair a tháinig siad ar an suíomh Intervac-homeexchange.com, rith sé leo ar an toirt go mbeidís in ann an t-árasán a úsáid chun malartú tithe a dhéanamh. Agus sin an tslí ar chasamar leo sa chéad áit. Bhíomar i Havaí ar feadh seachtaine an uair sin, i 2012, agus chuamar ar ais i 2018 ar feadh seachtaine eile.

Ar ais ar an Oileán Mór!

Bhí fonn orainn dul go dtí an t-oileán mór arís le déanaí. Bhíomar i dteagmháil le Dolly agus Louie ar ríomhphost ó am go ham, agus sheol mé ríomhphost chucu ar an gcaolseans go mbeimid in ann an t-árasán a fháil ar cíos ar feadh coicíse. Fuair mé freagra uathu ag rá nach raibh an t-árasán ag fáil ar cíos, ach go raibh smaoineamh eile acu agus b’fhéidir go mbeadh sé níos éasca caint le chéile ar an bhfón. Chuireamar glaoch fóin orthu agus dúirt siad go raibh fonn orthu cuairt eile a thabhairt go hÉirinn an bhliain seo chugainn, cé nach raibh siad cinnte faoi, fós. Ar aon nós, rinneamar malartú tithe le chéile ar an tuiscint go mbeidís in ann ár dteach a úsáid an bhliain seo chugainn. Ní raibh aon fhadhb againn leis an socrú sin. Chaitheamar am ceart le Dolly agus Louie, ag insint scéalta agus ag ligean ár scíth le chéile.

Mholfainn seirbhís Intervac nó a leithéid go hard, agus ní bheadh a fhios agat ach go ndéanfaidh tú cairde nua freisin, mar a tharla dúinn!  

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge