Cúpla Ceist orm!

Cúpla Ceist orm!

Tá togra a bhí idir lámha agam curtha i gcrích faoi dheireadh, agus tá mo shuíomh www.mickgb.com beo anois. Ar dtús, chuir mé an suíomh le chéile chun mo cholúin sheachtainiúla don ‘Kilkenny People’ a chur ar líne, ionas go mbeadh siad go léir ar fáil go héasca ar líne.

Suíomh dátheangach atá ann, agus leagan Gaeilge agus Béarla ar fáil le gach alt scríofa agam le cúpla bliain anuas. Tá fuaimrian ar fáil, ag úsáid intleacht shaorga (AI) chun an téacs Gaeilge a léamh amach. Agus tá teanglann.ie ar fáil freisin, ionas gur féidir leat brú ar fhocal chun a bhrí a fháil amach, díreach ar an leathanach atá á léamh agat. Chuir mé mo cholúin go léir i gcartlann ar an suíomh, mar tá beagnach trí chéad dóibh scríofa agam suas go dtí seo. Rith sé liom go mbeinn in ann scríbhinní m’athar a uaslódáil freisin, agus líon mé cartlann eile le 805 colún uaidh.

Is léiriú é seo ar cad is féidir le duine amháin a dhéanamh as a stuaim féin chun cabhrú le hathbheochan na teanga.

Bhí mé i dteagmháil le www.peig.ie maidir le mo shuíomh, agus chuir siad cúpla ceist orm. D’fhoilsigh siad na ceisteanna agus mo fhreagraí i gcolún ar a suíomh, agus seo a leanas an colún céanna.

.

A person wearing a hat Description automatically generated

Cúpla Ceist le Micheál Bairéad

Is scríbhneoir agus colúnaí é Mícheál Bairéad a bhunaigh suíomh gréasáin dhátheangach mar chartlann dá scríbhinní, mickgb.com. Chuireamar cúpla cheist air faoina shuíomh gréasáin agus a chúlra mar scríbhneoir.

Inis dúinn píosa fút féin.

Micheál Bairéad is ainm dom agus is Éireannach mé atá i mo chónaí sna Stáit Aontaithe le blianta fada. Cé gur rugadh i gContae Mhaigh Eo mé, d’fhás mé aníos i mBaile Átha Cliath agus i gCill Chainnigh. Caithim cuid mhaith ama in Éirinn, agus is aoibhinn liom freastal ar thumchúrsaí Gaeilge gach seans a bhíonn agam. Tar éis dom éirí as mo phost mar innealtóir leictreonach agus ríomhaireachta, bhí mé in ann mo chuid Gaeilge a athbheochan.

Cathain ar thosaigh tú ag scríobh?

Colúnaí seachtainiúil ab ea m’athair ar feadh 40 bliain, ag scríobh don pháipéar áitiúil darb ainm ‘Kilkenny People’. De réir mar a d’éirigh m’athair níos sine thosaigh mé ag cabhrú leis. Roimh i bhfad bhí sé mar m’eagarthóir, agus mé féin mar an scríbhneoir. Chuaigh m’athair ar shlí na fírinne ag deireadh 2019, ach lean mé ar aghaidh leis an gcolún, atá á scríobh agam fós.

Cad a spreag thú chun an suíomh mickgb.com a bhunú?

Cé go bhfuil suíomh ag an bpáipéar ar an idirlíon, ní raibh mo cholún ar fáil ann. D’iarr mé ar fhoireann an pháipéir mo cholún a chur ar fáil, ach ní raibh ach cúpla ceann le feiceáil ar an suíomh, agus ní raibh sé éasca iad a aimsiú. Chomh maith leis sin, bhí suim ag Gaeilgeoirí i gCill Chainnigh a bheith in ann mo cholúin a fháil ar líne.

Is chuige na cúiseanna sin go díreach a chinn mé mo shuíomh féin a chur le chéile. Rith sé liom go mbeadh buntáistí eile ag baint leis sin freisin. Bheinn in ann bailiúchán mo scríbhinní a stóráil ar líne. Agus bheinn in ann bailiúchán scríbhinní m’athair a stóráil ar an suíomh freisin, mar bhí go leor scríofa aige a bhí agam ar mo ríomhaire. Dhear agus d’fhorbair mé suíomh idirlín d’eagraíocht neamhbhrabúis nuair a chuaigh mé ar scor ar dtús, agus mar sin bhí an teicneolaíocht ag baint le suíomh gréasáin ar eolas agam. Thug mé faoin obair agus roimh i bhfad bhí mo shuíomh faoi lán seoil. Rinne mé leasuithe agus athruithe tar éis sin.                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                              

Cad é an dúshlán ba mhó a bhí romhat agus an tionscadal faoi bhun agat?

Is é an dúshlán is mó atá agam anois ná mo shuíomh a fhógairt go poiblí, chun úsáid na teanga a chur chun cinn, agus chun cabhrú le daoine atá ag foghlaim ná ag feabhsú a gcuid Gaeilge.

Dúirt tú go raibh d’athair, Peadar Bairéad, ina scríbhneoir freisin. Inis dúinn píosa faoi agus faoina scríbhneoireacht.

Rugadh Peadar Bairéad in Iorras in iarthuaisceart Chontae Maigh Eo agus bhí cónaí air i gCill Chainnigh sula bhfuair sé bás sa bhliain 2019.

Múinteoir Ghaeilge, agus scríbhneoir prós agus filíochta ab ea Peadar Bairéad. Foilsíodh ceithre chnuasach filíochta (Duilleoga Fómhair, Cleití na hAislinge, Fataí Rómhair agus An Fómhar Deireanach) leis, chomh maith lena dhírbheathaisnéis (Doirse Dé). Bhí sciar maith dá chuid filíochta ar chúrsaí scoile agus léinn. Foilsíodh scríbhinní Pheadair i go leor irisí: Feasta, Comhar, An Sagart, An Timire, Anois, agus Scéala Éireann san áireamh. Colúnaí seachtainiúil ab ea é sa Kilkenny People freisin, ó 1979 – 2018. Tá 805 dá cholúin ar fáil ar mo shuíomh.

Chun scríbhinní Micheál agus Peadar a léamh, breathnaigh ar mickgb.com.

Tá súil agam go mbainfidh tú féin sult as mo shuíomh, agus go gcuirfidh tú daoine eile ar an eolas faoi!

.

.

Nicholas Winton!

Nicholas Winton!

Tá dlúthchara againn darb ainm Debbie. Sa bhliain 1939, ba máthair Marianne Schorsch ach cúig bliana déag d’aois nuair a cuireadh ar bord traenach speisialta (kindertransport) í agus í i mbaol báis ó na Naitsithe. Ba é Sasanach darb ainm Nicholas Winton a d’eagraigh an turas éalaithe do Marianne agus na céadta páistí eile, chun iad a shábháil ó na Naitsithe. Cé go bhfuil Marianne ar shlí na fírinne anois, bhí aithne ag mo bhean chéile agus mé féin ar an mbean shéimh sin le blianta anuas.

Cuireadh speisialta

An tseachtain seo caite, thug Debbie cuireadh dúinn dul chuig an bpictiúrlann agus an scannán ‘One Life’ a fheiceáil le chéile, scannán faoi Nicholas Winton agus an ‘kindertransport’. Ghlacamar leis an gcuireadh gan smaoineamh, agus chuaigh an scannán i bhfeidhm go mór orainn.

One Life

Baincéir agus daonchara ba é an Nicholas Winton, a rugadh i Londain i 1909. Ba de shliocht Giúdach é, agus tháinig a thuismitheoirí féin ar imirce go Sasana ón nGearmáin ag tús an fichiú haois.

Ag tús an scannáin, feiceann tú Winton (Anthony Hopkins) sa bhliain 1987, mar sheanfhear. Tá sé ag iarraidh fáil réidh leis an tranglam ina oifig bhaile. Tá cás leathair sa chófra ach l aon fhonn air é a oscailt. Táimid fiosrach ina thaobh, nuair a scuabtar siar muid go tobann go Prág i 1939. Feicimid Winton óg ann (Johnny Flynn) agus anchaoi na bpáistí sa chathair ag bogadh a chroí, ionas go ndéanann sé cinneadh cuidiú leo. Tá dream beag Sasanach i bPrág cheana féin, ag iarraidh cabhair a thabhairt do theifigh pholaitiúla éalú go Sasana. Cuireann Winton ina luí orthu cabhair a thabhairt dó, agus síorthroid in éadan an mhaorlathais a ann. onn orthu páipéarachas le cur i gcríoch agus víosaí a fháil do na páistí. Ansin, bíonn taistil le heagrú, agus teaghlaigh óstacha a fháil dóibh. Agus ar ndóigh, bíonn orthu airgead a bhailiú chun íoc as gach rud. Déanann Winton agus an fhoireann i bPrág gaisce. Ach ní hamháin iadsan! onn máthair Winton (Helena Bonham Carter) gníomhach freisin agus ní thógannníl mar fhreagra ó na hoifigigh a bhfuil an chumhacht acu na próisis a ghiorrú! Tá béim láidir ar Winton agus na páistí, agus mar sin níl léiriú mór ar chruálacht an réimis Naitsíoch, ach go hindíreach, nuair a fheiceann tú na Naitsithe ag fáil réidh leis an naoú traein a d’eagraigh Winton. Níor éirigh leis an traein imeacht, mar chuir na Naitsithe deireadh leis sin. Mhothaigh Winton ciontach as sin an chuid is mó dá shaol, mar bhí a fhios aige gur cailleadh formhór na bpáistí.

Ag léim ar aghaidh caoga bliain, feiceann tú Winton mar sheanfhear arís. Go dtí sin, níor labhair Winton faoina pháirt i dtarrtháil na leanaí.l a fhios ag a bhean chéile Grete faoi, go dtí go bhfeiceann an seanleabhar sa chás leathair. sé líonta le grianghraif, litreacha ó na teaghlaigh agus ainmneacha na bpáistí. Tógann sí an leabhar do Elisabeth Maxwell, taighdeoir Uileloscadh, agus bean chéile Robert Maxwell. Nuair a chloiseann Robert faoi Winton, foilsíonn sé alt ina nuachtán Sunday People, a bhfuil an clár speisialta That’s Life mar thoradh air. Tógann na meáin “Britain’s Schindler” ar Winton, ag tagairt don fhear gnó Gearmánach Oskar Schindler, a shábháil 1,200 Giúdach ón Uileloscadh.

In eagrán suntasach de 1988 de chlár teilifíse an BBC That’s Life, suíonn Winton sa lucht féachana nuair a thosaíonn an t-óstach teilifíse, Esther Rantzen, ag caint faoina tharrtháil ar leanaí Seiceacha i 1939. Agus an ceamara ag brú os cionn an lucht féachana, tosaíonn aíonna ag seasamh suas – is iad seo cuid de na leanaí (aosta anois) ar tharrtháil Winton iad. Is é seo an chéad uair a fheiceann siad Winton le caoga bliain anuas. Faoi dheireadh, tuigeann Winton an tábhacht ag baint leis a déanta aige. Faoi dheireadh freisin, bíonn sé in ann déileáil leis an gciontacht agus leis an mbrón a d’iompair sé le caoga bliain anuas faoin naoú traein.

Onóracha

Fuair Nicholas Winton litir bhuíochais ó Ezer Weizman, nach maireann, iar-uachtarán Stát Iosrael. Rinneadh saoránach oinigh de Phrág de freisin. Sa bhliain 2002, rinne an Bhanríon Eilís II ridire de Winton as a chuid seirbhísí don chine daonna. D’ainmnigh Rialtas na Breataine é mar Laoch Uileloscadh na Breataine i 2010. Tá dealbh tiomnaithe dó taobh amuigh de phríomhstáisiún traenach Phrág a nochtadh i 2009. Ar deireadh, bhronn Poblacht na Seice Ord an Leoin Bháin ar Winton i 2014 as a tharrtháil ar na leanaí Seiceacha.  

An Traein Winton

Ar 1 Meán Fómhair 2009 thóg traein speisialta an bhunbhealaigh kindertransport. Chuaigh Winton, in éineacht le marthanóirí agus a dteaghlaigh ar an turas céanna agus a rinne siad seachtó bliain roimhe seo i 1939. Bhí Marianne agus Debbie ar an traein seo agus bócáid an-speisialta dóibh í. Is cuimhin le Debbie an ócáid sin, a thug tuiscint nua di faoi cad a tharla. Thuig sí rud eile freisin: Fiú i nduibheagán an éadóchais, níl deireadh caillte fós. Is í féin cruthúnas beo beathach ar sin!

.

.

Athbhliain faoi mhaise daoibh!

Athbhliain faoi mhaise daoibh!

Tá sé de nós againn sa cholún seo slán a fhágáil ar an mbliain atá ar tí báis agus fáilte a chur roimh an Athbhliain atá le tíocht! Chomhlíon m’athair an dualgas sollúnta sin le blianta fada nuair a bhí sé beo, agus cheap mé mar sin go mbeadh sé oiriúnach colún dá chuid a athfhoilsiú ina chuimhne ag an am machnaimh speisialta seo.  Seo mar a scríobh sé.   

Nollaig eile imithe uainn isteach trí shúil dhroichead an ama. Agus bíodh gur tráth ceiliúrtha agus spraoi é, tá súil agam, ag an am gcéanna, gur chaith sibh súil uaibh siar thar na blianta atá caite againn, go nuige seo, ag taisteal linn ar oilithreacht mhór achrannach na beatha. Is tráth freisin é le cuimhneamh ar na cairde a cailleadh, fan na slí. Ach, ní chuige sin amháin atá mé, an babhta seo, ach mo shúil romham agam ar an mbliain atá ag síneadh romhainn amach anois, agus í ag fanacht ar thairseach an tí, réidh le bualadh isteach chugainn, agus guím an tseanghuí arís oraibh, uair amháin eile. “Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise dhaoibh uilig, agus gura seacht fearr a bheas chuile dhuine againn, bliain ó inniu.” Anois, agus muid ag seasamh ar bhruach na hathbhliana, nár chóir dúinn, i dtosach báire, slán a fhágáil leis an tseanbhliain agus í anois ag saothrú an bháis, lei fhéin, agus í ag snámhaíl lei, ar a ceithre bhonn, isteach i leabhair na staire. Céard is féidir linn a rá fúithi, sul a n-imí sí uainn? Ní féidir linn dul thar fóir á moladh, ach bíodh nárbh í an bhliain ab fhearr a casadh inár líon, ag an am gcéanna, níorbh í ba mheasa! Is fíor nach raibh cúrsaí polaitíochta anseo agus thar lear thar mholadh beirte le linn saolré na bliana atá ar leaba a báis anois, ach ag an am gcéanna nár chóir dúinn a bheith buíoch, beannachach, go bhfuil muid beo fós, agus muid ag treabhadh linn go rábach i ngort guaireach na beatha.

in Athbhliana

Bhíodh sé de nós agamsa, thar na blianta atá caite, rúin athbhliana a dhéanamh, thart ar an am seo, chuile bhliain, agus mé ag ligint orm, go raibh fúm bheith im naomh ar thalamh san athbhliain! Ar éirigh liom beart de réir mo bhriathair a dhéanamh? Ag rámhaillí atá tú! Níor éirigh muis! Nó bhíodh na rúin chéanna briste basctha agam gan mórán achair. Nílim ag moladh anois go gcuirfí deireadh le déanamh na rún céanna sin, nó is maith ann iad, do dhaoine áirithe, sé sin, do dhaoine a dteastaíonn uathu siúl feasta i dtreo eile ar fad, agus sa chás sin, go hiondúil, éiríonn le fear déanta na rún sin a leas a dhéanamh. Agus arís, nílimse ag maíomh nach bhfuil fúm fhéin cúrsaí ar bith a athrú, teacht na hathbhliana seo. Níl, muis! Mar, déanta na fírinne, tá socraithe agam in intinn leanúint liom ag scríobh na bpíosaí seo, don Kilkenny People, chomh fada is atá Eagarthóir oilte an tsárnuachtáin seo sásta spás a chur ar fáil dom, agus cuir le sin, go bhfuil mé meáite anois ar labhairt amach níos dána agus níos fórsúla ná mar a dhein mé, go nuige seo. Tá socraithe agam freisin, súil ghéar a choinneáil ar chúrsaí na teanga, agus ar chúrsaí polaitíochta, frí chéile, sa bhliain atá romhainn amach.

Cuimhní ar fán

Ní call dom a rá, go dtéann mo chuimhní ag fánaíocht leo, siar thar na blianta atá imithe uainn isteach trí shúil dhroichead an ama, an tráth seo bliana, siar freisin, ar na nósanna a bhíodh againn le linn domsa bheith ag éirí aníos in Iorras na nIontas, sea agus cuimhním freisin, ar na daoine a raibh aithne agam orthu agus atá anois imithe leo ar Shlí na Fírinne. Leaba i measc na Naomh go raibh acu go léir. Agus ó tharla gur chaith mo Dhaid agus a chompánaigh seal ag sclábhaíocht leo in Albain, thugadar leo abhaile go hÉirinn nósanna Albanacha ar nós na “First Footers”, faoi mar a thugtaí ar an gcéad duine a thiocfadh thar do thairseach isteach, Lá Coille. Sea, agus scéalta an “Haggis” freisin. Minic a shiúl mé leo, ina scéalta, trí shráideanna na “Gorabals” faoi mar a thugaidís ar an dúthaigh cathrach sin i gcathair Ghlascú. Ach leor sin don turas seo. Níl le déanamh agamsa anois ach, Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise a ghuí oraibh uilig, agus go mbeirimid beo ar an am seo arís.

.

.

.

Nollaigí le linn laethanta óige m’athar!

Nollaigí le linn laethanta óige m’athar!

Nollaigí le linn laethanta óige m’athar!

 

D’imigh m’athair Peadar Bairéad ar shlí na fírinne coicís roimh an Nollaig, ceithre bliana ó shin. Am speisialta ba ea Séasúr na Nollag, ó thaobh creidimh agus traidisiúin de. Bhíodh Nollaigí iontacha aige agus é ag fás aníos in Iorras i gContae Mhaigh Eoócáidí draíochtacha iad go léir. Ar ámharaí an tsaoil, chuir sé peann ar phár agus roinn sé a chuimhní féin linn faoi Nollaigí le linn laethanta a óige. Seo píosa a scríobh sé inar chuir in iúl dúinn cuid dá chuimhní sin:

Nuair a smaoiním anois ar Nollaigí fadó, tagann na cuimhní chugam go mall, doiléir, i dtosach, ach tar éis tréimhse bheag a chaitheamh ag iascaireacht i loch domhain na mblianta, tagann na cuimhní céanna ar ais chugam ansin ina rabharta cruinn, soiléir. Rabharta cuimhní a chuireann an t-anam ag rince ar leac sa chroí istigh ionam.

Tar liom, mar sin, siar go deireadh na bhfichidí, go tír álainn ghlé m’óige, go hIorras na nIontas. Is iad na cuimhní a shnámhann isteach chugam anois, ar thonn úd na gcuimhní, nó páirceanna loma, sceirdiúla. Ar scáileán na cuimhne, feicim coinlíní geala aníos trí chré dhubh, bhriosc, Iorrais, mar a gcaithimisne, gasúir, ár laethe réamhNollaigeacha ag tóraíocht an dreoilín – agus caithfidh mé a admháil anois, nach mbíodh mórán dreoilíní le fáil againn sna páirceanna sceirdiúla céanna sin. Ba é a cheapainnse fhéin nó go dtéadh dreoilíní Iorrais i bhfolach, an tráth sin bliana, ar eagla na heagla! Bhíodh éanacha eile flúirseach go maith, druideanna, gealbhain, céirseacha, agus a leithéid. Annamh mar sin, a d’éiríodh linne teacht ar dhreoilín, in am do Lá ’le Stiofáin, agus ar deireadh thiar, ní bhíodh de rogha againn ach dul amach le laindéar, oíche Lae Nollag, le breith ar shean-ghealbhan codlatach, sa bhundlaoi.

Gealbhan nó Dreoilín?

Is soiléir a thagann cuimhní an ullmhúcháin do Lá an Dreoilín chugam anois. Aighthe fidil á ndéanamh agus á ndathú. Bataí, boscaí, agus buataisí á gcuardach. Amhráin, ranna, agus damhsaí á gcleachtadh. Ó, sea, agus gúnaí, hataí, agus bibeanna ár ndeirfiúracha, á dtógáil ar iasacht, do Lá draíochta an Dreoilín!

Bhímis ar ar gcois le moiche na maidine, agus bóthar buailte againn sula mbeadh deis ag gasúir eile na háite, airgead, uibheacha, nó ollmhaitheas, na comharsanachta a bhailiú chucu fhéin, mar chreach Nollaigiúil. Bhíodh tús bóthair againne orthu, agus bhímis sásta i gcónaí lenár gcreach, i ndeireadh an lae thiar. Nach ait an scéal é, ach i scannán sin an Dreoilín, ní airímse aon fhuacht, nó sioc, nó sneachta, riamh. Boige, úire, agus Earrachas, a shníonn chugam isteach ar thonn na cuimhne anois, i gcás an Dreoilín chéanna sin.

Ach scaoilimis tharainn é mar scéal, agus fillimis ar Nollaigí sin na cuimhne, Nollaigí na mbrionglóidí, mar b’orthu a tharraing mé an scéal, i dtosach báire. Nuair a smaoiním anois orthu, smaoiním i dtosach ar Shéasúr na Nollag. Thosaigh an séasúr sin, dúinne, ar an gcéad lá de Mhí na Nollag. Ar an lá sin, thosaíomar ar shean-nós Iorrasach, nós na n-Áibhéanna. Chreideamarna go mbeadh a mhian le fáil ag an té a déarfadh cúig mhíle “Áibhé” idir sin is Lá Nollag. Bhímis á rá mar sin i ngach áit, ar scoil, is sa bhaile, ar bhóthar is ar bhealach, sea, agus thugaimis an mhian sin, mar bhronntanas do Mham, Oíche Nollag, agus í tuirseach, traochta, tar éis cheannach agus ghléasadh na Nollag dúinne.

Cuimhní ag filleadh

Cuimhní eile a thagann chugam anois is ea:-

  Aonach Mór na Nollag i mBéal an Mhuirthead, ar an 15ú Nollaig.

  Margadh Mór na Nollag, ar an Satharn roimh Nollaig, ’chuile bhliain.

  Tine Mhór na Nollag, b’in an tine mhór a lastaí Oíche Nollag.

  Cácaí na Nollag, na cácaí a dhéanadh Mam a fhuint is a bhruith don Nollaig, cácaí ina mbíodh rísíní, spíosraí, agus deasa eile, lenár gcroí a thógáil, i séasúr beannaithe na Nollag.

  Teas na cistine, maisiúcháin, carthanacht, agus thar aon rud eile, coinneal mhór daite na Nollag.

  Bhí nós beag eile againne, páistí, in Iorras freisin, an t-am sin. Gheobhadh muid boscaí beaga stáin, agus dhéanaimis iad a ghlanadh is a sciúradh, ansin thugadh Mam giota beag taois dúinn as a cáca mór Nollag, agus chuireadh muidinne na giotaí sin á mbácáil dúinn fhéin sa ghríosach. Sa tslí sin, bhíodh ár gcácaí beaga Nollag fhéin againn!

Nollaig Shona d’ár Léitheoirí uilig!

.

Ranganna Gaeilge beo ar líne!

Ranganna Gaeilge beo ar líne!

Gaelchultúr

Is ar éigean a bhí mé ar ais i Meiriceá tar éis samhradh iontach a chaitheamh in Éirinn ná go raibh mé ag lorg deis nua mo chuid Gaeilge a chleachtadh agus a fheabhsú. Bhí sé i gceist agam rang nua a aimsiú ar líne, nach raibh déanta agam cheana féin. Nuair a bhí mé ag brabhsáil, tháinig mé ar shuíomh suimiúil a raibh cuma na maitheasa air. Gaelchultúr.com atá i gceist, agus tar éis dom sliocht a léamh faoi Ghaelchultúr, bhí mo spéis múscailte. Seo blas dá raibh ann.

Is é Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr, a bunaíodh i 2004, an soláthraí is mó cúrsaí Gaeilge ar domhan agus an chéad institiúid tríú leibhéal lán-Ghaeilge. Tá Gaelchultúr lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus tá sé ag freastal ar lucht foghlama na teanga i ngach cearn den domhan.

Cuireann Gaelchultúr cúrsaí agus acmhainní foghlama Gaeilge ar an gcaighdeán is airde ar fáil, atá dírithe ar dhaoine fásta ar fud na cruinne a bhfuil spéis acu sa teanga. Tá sé mar sprioc againn seirbhísí den scoth a thairiscint d’fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí líofa chun iad a spreagadh lena gcuid Gaeilge a fheabhsú agus a shaibhriú. Tá cúrsaí Gaeilge á reáchtáil ag Gaelchultúr timpeall an domhain, agus múinteoirí cumasacha ina mbun.

Dar fia, arsa mé liom féin, gheall siad na hoirc agus na hairc dúinn. Ach an mbeidís in ann beart a dhéanamh de réir a mbriathair? Sin an cheist! Ní raibh ach dóigh amháin teacht ar an bhfírinne, agus ba é sin triail a bhaint as. Nuair a thosaigh mé ag freastal ar chúrsaí ar líne ar dtús, ní raibh sé ródheacair dom rang a fháil a bhí oiriúnach dom, ó thaobh na caighdeáin de. Ach le himeacht ama, agus rang i ndiaidh ranga déanta agam, d’éirigh sé ní ba dheacra rang oiriúnach a fháil. Cé go raibh rogha mhór ranganna ar an mbunleibhéal agus an meánleibhéal, bhí easpa ranganna ar an ardleibhéal. Bhí dhá rang ag an ardleibhéal ag Gaelchultúr, agus cheap mé gur comhartha maith é sin. Mar sin, chláraigh mé leis an rang ag Ardleibhéal 2 agus sceitimíní orm. Deich rang a bhí i gceist – gach rang dhá uair ar fhad.

An Rang

Tháinig lá an chéad ranga faoi dheireadh agus thosaigh ochtar dúinn ag freastal ar an rang leis an aip Zoom. Bhí múinteoir againn darb ainm Maitiú Ó’Coimín. Tá ina chónaí in Indreabhán i gContae na Gaillimhe. Fear iontach ábalta atá ann – aisteoir, iriseoir, scríbhneoir, láithreoir, eagarthóir, eachtránaí agus múinteoir is ea Maitiú agus, ar ndóigh, sárGhaeilgeoir ó dhúchas!

Bhí stíl neamhfhoirmiúil aige agus mar sin chothaigh sé atmaisféar réchúiseach sa rang, rud atá an-tábhachtach, i mo thuairim. Bhíomar go léir compordach le chéile, agus mar sin bhíomar in ann labhairt go héasca agus gan srian as Gaeilge. Éireannaigh ó dhúchas muid go léir, as gach cearn– seisear ina gcónaí in Éirinn, fear amháin ina chónaí sa Ghearmáin, agus mise i Meiriceá. Bhí Gaeilge líofa ag gach duine, agus canúint de gach saghas le cloisteáil uainn. Chuireamar aithne ar a chéile sa chéad rang agus caithfidh mé a rá gur thaitin gach duine sa rang go mór liom, Maitiú san áireamh.

Cuireadh an t-ábhar teagaisc don chúrsa go léir ar fáil dúinn roimh ré, agus bhí sé sin an-úsáideach ó thaobh ullmhúchán agus staidéar de. Cé go raibh an struchtúr céanna ag na ranganna, bhí ábhar difriúil ag baint le gach rang. Bhí cothromaíocht dheas ann freisin, le béim ar Ghaeilge labhartha, mar is ceart i rang mar seo.  Gach seachtain, bhí ábhar difriúil againn. Mar shampla, seo cúpla ábhar seachtaine a bhí againn: An Ealaín agus na hEalaíona, cúrsaí oideachais, an pholaitíocht agus stair na hÉireann. Ag tús an ranga, tar éis dúinn dul tríd na freagraí ag baint leis ár n-obair baile, bhíodh stór focal le foghlaim againn, dírithe ar ábhar na seachtaine.

D’úsáid Maitiú seomraí i Zoom go héifeachtach, chun muid a bhriseadh suas i ngrúpaí beaga de bheirt nó triúr. Bhíomar in ann ár nGaeilge labhartha a chleachtadh go maith mar sin, agus deis ag gach duine a bheith ag caint. Thagadh Maitiú isteach agus amach ó na seomraí, ag éisteacht agus ag tabhairt comhairle agus cabhrach dúinn. Bhíodh clár oibre againn, agus ceisteanna ar ábhar na seachtaine le pagainn. Tar éis gach seisiúin sna seomraí, bhailímis ar ais sa seomra mór agus roinnimis achoimre agus tuairimí le chéile. Bhíodh trí sheisiúin sna seomraí beaga againn gach seachtain, ar a laghad. Ag deireadh gach ranga, agus muid go léir bailithe le chéile arís, bhíodh beagán gramadaí le foghlaim, agus ansin d’fhaighimis obair baile le haghaidh an chéad ranga eile.

Conclúid

Mholfainn an rang seo gan aon agó d’aon duine a bhfuil Gaeilge réasúnta líofa acu, agus a bhfuil fonn orthu í a fhorbairt agus a leathnú amach. Má fhaigheann tú Maitiú mar mhúinteoir, buntáiste sa bhreis a bheadh ann!       

.

.

  

.

.

.

.

I dTeagmháil le Liam arís!

I dTeagmháil le Liam arís!

Caithfidh mé a admháil nach raibh mé i dteagmháil go minic le miar-chomhghleacaithe, go háirithe tar éis tús na pandéime COVID-19. Mar a tharla, rinne ceann dóibh, mo chara mór darb ainm Liam, teagmháil liomsa an tseachtain seo caite.  

Sheol teachtaireacht chugam ar Facebook Messenger gan choinne, agus chuir sé ar eolas mé ar an toirt gur scaoileadh chun bealaigh é ó Qualcomm, tar éis breis is tríocha bliain ag obair sa chomhlacht. Innealtóir agus stiúrthóir sinsearach den chéad scoth is é Liam. Dúirt a bhainisteoir leis gur cuireadh a chéad togra eile ar ceal agus dá bhrí sin go raibh a phost curtha ar ceal freisin. Fuair a bhainisteoir, leasuachtarán innealtóireachta bata agus bóthar freisin, chomh maith le roinnt mhaith de na hinnealtóirí ag obair ar an togra céanna. Nár chruálach íorónta é go bhfuair Liam ríomhphost an tseachtain roimhe sin ó rannóg na n-acmhainní daonna, ag gabháil buíochas ar leith leis as a thríocha bliain de sheirbhís dhíograiseach don chomhlacht? Nach fíoramaideach don chomhlacht é sin a dhéanamh le lámh amháin agus ansin é a chaitheamh an doras amach leis an lámh eile díreach tar éis sin? Tá cúrsaí níos measa fós, mar bhí Liam thar a bheith dílis do Qualcomm, bliain i ndiaidh bliana.  Fuair Liam bocht amach de thapaigean nach raibh i bhfocail a chomhlacht ach bréaga agus béalghrá, ar an drochuair.   Liam bocht hamháin in ísle brí ach i bponc ceart freisin, mar caithfidh sé post eile a fháil gan mhoill agus ní bheidh sé sin éasca, ar chor ar bith. Déantar leithcheal ar bhonn aoise ar oibrithe san earnáil ardteicneolaíochta an t-am go léir, agus tá Liam 55 bliain d’aois anois. Ní amháin go mbeidh sé deacair dó post nua a fháil, ach fiú má fhaigheann sé post, beidh sé deacair dó an tuarastal agus na coinníollacha oibre céanna a fháil, gan dabht.  Ceapaim féin gur rud mí-eiticiúil é do chomhlacht caitheamh le hoibrithe sa tslí sin. Cé go bhfuil dlíthe i bhfeidhm i gCalifornia chun oibrithe os cionn 40 bliain d’aois a chosaint, tagann comhlachtaí i dtír ar lúb ar lár ar na rialacha. Sa chás seo, agus an comhlacht ag iarraidh ciorraithe géara a chur i bhfeidhm, cuireadh tograí áirithe costasacha ar ceal, tograí nach bhfuil lárnach i straitéis an chomhlachta.  Faigheann an comhlacht poist eile do roinnt mhaith oibreoirí, ach níl sé chomh héasca an lucht ceannais a bhogadh, mar níl mórán ról mar sin le fáil. haon chomhtharlú é go scaoiltear chun bealaigh na hoibrithe is sinsearaí -iadsan a shaothraíonn an pá is airde. Sa tslí sin, tá comhlachtaí in ann baill den lucht ardioncaim atá os cionn 40 bliain d’aois a scaoileadh chun bealaigh gan aon dlí a bhriseadh. Chonaic mé a leithéid nuair a bhí me ag obair, agus uaireanta chonaic mé na tograí céanna ag aiséirí le foireann nua tar éis tamaillín.   

 Duine Prionsabálta!

 Bhuaileamar le chéile, Liam, mé féin agus ár gcéilí, le haghaidh dinnéir díreach tar éis dom labhairt leis ar an bhfón.  Bhí sé deacair fós do Liam a ghlacadh lenar tharla gan choinne. Ach bhí sé ag lorg oibre go díograiseach sa cheantar, agus ag dul i dteagmháil le hiar-chomhghleacaithe eile a bhí ag obair i gcomhlachtaí eile. Bhí sé tar éis cúpla agallamh a dhéanamh agus bhí sé dóchasach go ndearna sé go maith i gceann amháin dóibh.  Dúirt Liam go raibh sé an-bhuíoch dom am a chaitheamh leis ar an bhfón, ag tabhairt comhairle dó. Uaireanta, ní bhíonn a fhios agat féin cé chomh tábhachtach is atá sé caint le chéile, go háirithe nuair a tharlaíonn rudaí mar seo. Cén saghas comhairle iontach a thug mé dó? Is é an rud ba thábhachtaí a rinne mé, ná a bheith ag éisteacht le comhbhá agam leis – sin an méid. Tá caidreamh láidir eadrainn agus tá muinín iomlán aige ionam, agus a mhalairt. Thit sé amach nach raibh Liam sásta ina phost le trí bliana anuas ach in ainneoin sin, lean sé ag obair mar bhí sé dílis don chomhlacht, agus bhí sé ag iarraidh na daoine a bhí ag obair dó a chosaint, mar chonaic sé rioscaí ag méadú ar fhíor na spéire. Níor ghéill ar a phrionsabail, fiú amháin nuair a bhí a shlí mhaireachtála féin i mbaol. Bun agus barr an scéil ná go bhfuil meas an domhain agam ar Liam, agus is trua mhór é nár chaith Qualcomm go measúil leis tar éis dó a shaol a chaitheamh ina sheirbhís, ag obair go dian agus go tairbheach dóibh an t-am go léir. Mo náire thú, Qualcomm!

 

 

 

 

 

.

 

 

 

 

 

.

 

 

 

 

 

           

 

 

 

 

 

.

 

 

 

 

 

.

 

 

 

 

gaGaeilge