Tuartha 2023!

Tuartha 2023!

 Ag deireadh na bliana, bíonn go leor daoine agus eagraíochtaí ag déanamh tuartha agus tairngreachtaí don bhliain nua. Táthar ann a chreideann cuid acu, ach ní áirím mé féin ina measc siúd. Ina ainneoin sin, tá na tuartha céanna an-suimiúil agus is ábhar machnaimh iad den chuid is mó. Ar a laghad, feiceann tú cruinneshamhail duine eile, agus uaireanta bainfidh sé sin geit asat, toisc go bhfuil sé go hiomlán éagsúil le do chruinneshamhail féin. Seo dhá shraith de thuartha, ceann amháin foilsithe san almanag dar teideal ‘Old Moore’s Almanac’ (foilsíodh é den chéad uair in 1764), agus an ceann eile fógartha ag iar-Uachtarán na Rúise, Dmitry Medvedev.

 

 

Tuartha ‘Old Moore’s Almanac’

 

 

Seo cuid de na tuartha san Almanac don bhliain 2023.

 

 

 Déanfar “athshocrú mór” den chóras airgeadais i 2023. Tá sé deacair dom dul ón rud ginearálta go dtí na rudaí sainiúla a d’fhéadfadh tarlú dá bharr sin.
 Beidh tionchar ag “imeacht Atlantach” ar chósta thiar na hÉireann an bhliain seo chugainn.  Eachtra mhór atá i gceist, de réir an tuair seo. Ní luaitear cén saghas eachtra atá i gceist.
 Beidh na harduithe i bpraghsanna tithe anseo níos moille, ach iad fós ag méadú. Ní aontaím leis sin, mar is é mo thuairim go mbeidh laghdú suntasach ar phraghsanna tithe i ndán dúinn.
 Beidh an bua ag Luimneach san Iománaíocht, agus ag Ciarraí sa Pheil.  Cad faoi Chill Chainnigh? Cén sórt tuair é seo?
 Beidh “rabhadh sláinte tromchúiseach” i gcás Donald Trump. Níl an tsláinte go maith aige, agus seans maith go dtarlódh rud éigin dó sa bhliain atá romhainn, ceapaim.
 Fulaingeoidh an t-idirlíon briseadh domhanda.  Ní aontaím leis sin, mar is córas dáilte é agus bheadh sé an-deacair a shamhlú conas is féidir an córas go léir a bheith briste – píosaí de, b’fhéidir.
 Beidh “fadhbanna pósta agus airgid” ag Prionsa Harry na Breataine agus Meghan Markle. Ní cuma liom fúthu!
 Beidh Pápa nua againn.  Seans ann, mar níl an tsláinte go maith aige agus tá sé ag dul in aois freisin!

 

 

Tuartha Dmitry Medvedev

 

 

“Ar Oíche Chinn Bliana, tá gach duine i mbun tuartha a dhéanamh,” a ghiolc Medvedev ar Twitter. “Bíonn go leor ag teacht suas le tuartha fiáine, amhail is dá mbeidís in iomaíocht leis na cinn is craiceáilte agus fiú na cinn is áiféisí,” a dúirt Medvedev agus é féin ag cur lena leithéid de thuartha.

 

 

 Beidh píosa na hÚcráine i seilbh na Polainne agus na hUngáire. Cruthófar an Ceathrú Reich”, a chuimseoidh críoch na Gearmáine agus a satailítí – an Pholainn, na Stáit Bhaltacha, Poblacht na Seice, an tSlóvaic, agus cúpla áit eile freisin. Ansin, beidh cogadh idir an Fhrainc agus an “Ceathrú Reich” agus, sa phróiseas, roinnfear an Eoraip.  Níl ciall ná réasún leis an tuar seo. an Pholainn agus an Ungáir mar chuid den Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT), atá i gcomhghuaillíocht leis an Úcráin.  Níl aon uaillmhian ag an nGearmáin impireacht a bhunú ach an oiread, de bharr a staire náirí.    
 Scarfaidh Tuaisceart Éireann ón Riocht Aontaithe agus rachaidh sé isteach i bPoblacht na hÉireann. Mar is eol dúinn go léir, is tuar áiféiseach é seo, mar tá próiseas casta ag baint le hathaontú na hÉireann, agus is gá tromlach sa Tuaisceart a bheith ar son athaontú roimh aon rud eile. Níl an tromlach ann faoi láthair, agus ní athróidh sé sin go ceann i bhfad.
 Brisfidh cogadh cathartha amach sna Stáit Aontaithe, agus éireoidh California agus Texas ina stáit neamhspleácha dá bharr sin. Beidh Texas agus Meicsiceo ina stáit comhghuaillithe.  Cé go bhfuil fadhbanna polaitiúla sna Stáit Aontaithe, níl aon chomhartha go mbrisfidh cogadh cathartha amach lá ar bith feasta. Níl aon ghean ag Texas agus Meicsiceo ar a chéile, agus tá sé deacair a shamhlú iad mar chomhghuaillithe go deo!  
 Buafaidh Elon Musk an toghchán uachtaránachta sna stáit a bheidh, tar éis dheireadh an chogaidh chathartha, tugtha don Pháirtí Poblachtánach). Is é seo an tuar is áiféisí!  Gan dabht, cheap Musk go raibh tuartha Medvedev (agus go háirithe an ceann seo) an-ghreannmhar, mar d’fhreagair sé leis a tvuít féin, ag rá: Tvuít Eipice!

 

 

Conclúid

 

 

Tá difríocht lá agus oíche idir an dá shraith tuartha sin, agus cé go bhfuil tuartha ‘Old Moore’s Almanac saghas inchreidte, is cúis gháire iad tuartha Dmitry Medvedev. An difríocht? I mo thuairim, níl rún na ceirde ar eolas ag Medvedev. Seo an rún: ‘Úsáid nathanna doiléire i do thuartha, agus ansin cuma cad a tharlóidh, seans maith go dtiocfaidh tuar fá do thairngreacht!

 

 

.

 

 

.

 

 

Athbhliain faoi mhaise daoibh – Cuid a Dó!

Athbhliain faoi mhaise daoibh – Cuid a Dó!

An tseachtain seo caite, bhí mé ag breathnú siar ar chúpla buaicphointe 2022. Tá sé in am dúinn anois slán a fhágáil ag 2022. D’fhág Alfred Tennyson slán ag an tseanbhliain mar seo fadó:

“Ring out wild bells to the wild sky,

The flying cloud, the frosty lights;

The year is dying in the night,

Ring out, wild bells, and let him die.

Tá sé in am dúinn freisin fáilte a chur roimh an bhliain úr. Sa dán céanna, chuir Tennyson fáilte roimh an bhliain úr mar seo:

Ring out the old, ring in the new,

Ring, happy bells, across the snow:

The year is going, let him go;

Ring out the false, ring in the true…

Dán iontach is ea é, a scríobh Tennyson sa bhliain 1850. I mbeagnach gach véarsa, fágtar slán le drochrudaí a tharla sa tseanbhliain, agus fáiltítear na deiseanna a bheidh againn san athbhliain chun rudaí dearfacha a dhéanamh ina n-ionad. Sa tslí sin, feictear an athbhliain mar dheis dúinn feabhsuithe a dhéanamh inár saolta agus sa tsochaí féin. Nach iontach an smaoineamh é sin!

Rúin Athbhliana

Bíonn sé de nós agam, thart ar an am seo, rúin athbhliana a dhéanamh, agus mé ag iarraidh mé féin a fheabhsú agus rudaí a dhéanamh a bhí ar an méar fhada. Blianta ó shin, bhíodh mo rúin briste basctha agam gan mórán achair. Ach, de réir a chéile, d’fhoghlaim mé conas rúin réalaíocha a chumadh, agus ansin conas iad a chur i bhfeidhm. Má tá suim agat níos mó a fhoghlaim faoin gcur chuige sin, molaim duit an leabhar seo a léamh: ‘Tiny Habits: The Small Changes that Change Everything’, scríofa ag an eolaí iompraíochta BJ Fogg.  

Sa leabhar sin, tugann an t-údar comhairle dúinn gan ach athruithe beaga a dhéanamh ar dtús, ach iad a dhéanamh go rialta. Mar shampla, má táim ag iarraidh éirí níos aclaí, b’fhéidir go dtosóinn le siúlóid ghearr (ciliméadar amháin) gach lá.  Tar éis tamaill agus mé sásta leis sin, rachainn ar shiúlóidí níos faide gach lá. Leanfainn ar aghaidh mar sin, go dtí go mbeinn sásta leis an méid aclaíochta á dhéanamh agam.  iarann tú sprioc mhór a bhaint amach ar dtús, tá sé ró-éasca do mhisneach a chailliúint, agus an sprioc a thabhairt suas.

Mo Rúin Athbhliana

Seo mo rúin maidir leis an nGaeilge, mar tá sé i gceist agam mo chuid Gaeilge a fheabhsú.  Beidh na gníomhaíochtaí seo leanas déanta trí mheán na Gaeilge.

 Éisteacht. Éistfidh mé gach lá – leathuair ar a laghad.  aipeanna agam ar m’fhón, agus tá idir theilifís agus raidió beo agus phodchraoltaí ar fáil agam as Gaeilge.
 Léitheoireacht. Léifidh mé gach lá leathuair ar a laghad. Tá idir e-leabhair agus ghnáthleabhair agam cheana féin. Mar shampla, fuair mé an leabhar ‘Madame Lazare’ ón suíomh siopaleabhar.com le déanaí, agus tá sé mar rún agam é a léamh i mbliana.  Is aoibhinn liom Tuairisc.ie freisin, agus léifidh mé alt nó dhó ar a laghad gach lá.
 Labhairt. Seo ceann deacair, mar is gá daoine (nó duine) eile a bheith ar fáil, a bhfuil Gaeilge labhartha acu. Tá Pop-up Gaeltacht idir bheo agus fhíorúil (Zoom) ar fáil agus is maith le go leor daoine iad. Ar an drochuair, fheileann siad go maith domsa, mar níl mé ar mo chompord iontu agus mar sin bíonn drogall orm aon rud a rá.  Cé go bhfuil mo bhean chéile agus mé féin drogallach a bheith ag caint as Gaeilge, cuirfimid leathuair in áirithe gach seachtain, chun Gaeilge a labhairt le chéile.
 Scríbhneoireacht. Leanfaidh mé ar aghaidh ag scríobh na bpíosaí seo, don Kilkenny People, chomh fada is atá Eagarthóir oilte an tsárnuachtáin seo sásta spás a chur ar fáil dom, agus cuir le sin, go bhfuil mé meáite anois ar labhairt amach níos dána agus níos fórsúla ná mar a dhein mé, go nuige seo. atheagar rialtais i bhfeidhm le Leo Varadkar mar Thaoiseach agus le hAire Stáit nua na Gaeltachta Patrick O’Sullivan in oifig. Mar sin, tá sé socraithe agam súil ghéar a choinneáil ar chúrsaí na teanga, agus ar chúrsaí polaitíochta, trí chéile, sa bhliain atá romhainn amach.      
 Suíomh Gréasáin nua. Beidh mé ag lainseáil mo shuíomh gréasáin as Gaeilge agus ag cur an ailt seo ar fáil ar líne do mo chuid léitheoirí!

Buille Scoir

Níl le déanamh agamsa anois ach, Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise a ghuí oraibh go léir, agus go mbeirimid beo ar an am seo arís.

.

.

.

Athbhliain faoi mhaise daoibh!

Athbhliain faoi mhaise daoibh!

Nach bhfuil sé deacair a chreidiúint go bhfuil bliain ár dTiarna 2022 ar an dé deiridh, ach sin mar atá!  Is tráth machnaimh agus cuimhnimh é agus muid ag breathnú siar ar an mbliain atá ag imeacht, agus ag an am céanna ag tnúth leis an mbliain úr atá ag síneadh romhainn amach anois.  Saghas tairsí atá i gceist agus muid idir an dá linn.  Is tráth comóraidh agus ceiliúrtha é freisin, agus muid ag fágáil slán ag an bhliain caite agus ag fáiltiú roimh an mbliain úr.

Bliain eachtrach ba ea 2022, inar tharla go leor rudaí tábhachta ar fud an domhain.  Níl an spás agam go leor a scríobh sa spás atá agam, agus mar sin liúfaidh mé cúpla ceann a chuaigh i bhfeidhm go mór orm, agus go háirithe cinn nár scríobh mé mórán fúthu i rith na bliana.  Cé go raibh go leor rudaí a tharla i 2022 ar an taobh diúltach den scéal, tharla go leor rudaí dearfacha freisin.  Rinne mé cinneadh m’aird a dhíriú go heisiach inniu ar chúrsaí ealaíne agus spóirt, mar nach rudaí dearfacha iad sin den chuid is mó?  Ní hé seo an t-am le bheith dhiúltach – mar sin, níl aon tagairt do chúrsaí polaitíochta, do chogaí, do bhoilsciú, do théamh domhanda agus araile!   Gan a thuilleadh moille, seo cúpla buaicphointe sna healaíona agus i spóirt a chuaigh go mór i bhfeidhm orm féin i 2022.

Scannáin iontacha

Tháinig roinnt mhaith scannán amach le stiúrthóirí agus aisteoirí as Éirinn – ‘An Cailín Ciúin’ (as Gaeilge) agus ‘The Banshees of Inisherin’ (as Béarla) san áireamh.  Scríobh mé léirmheasanna fúthu i rith na bliana sa cholún seo.  Is aoibhinn liom ‘An Cailín Ciúin’, bunaithe ar an leabhar iontach ‘Foster’ le Claire Keegan.   

Leabhair

Foilsíodh roinnt mhaith leabhar iontach le húdair Éireannacha sa bhliain 2022, idir Ghaeilge agus Bhéarla.  Níl mé in ann iad go léir a lua anseo, ach thosaigh mé ag léamh cúpla ceann dóibh agus tá siad thar bharr go dtí seo.  Níl dabht ar bith ach go mbainfidh mé sult astu.  Cén leabhair?  Leabhair Béarla: ‘We Don’t Know Ourselves: A Personal History of Modern Ireland’, le Fintan O’Toole agus ‘Surrender: 40 Songs, One Story’, le Bono.  Leabhair Gaeilge: ‘Madame Lazarre’, le Tadhg Mac Dhonnagáin.  Scríobhfaidh mé léirmheasanna faoi na leabhair seo tar éis dom féin iad a chríochnú.

Cúrsaí Spóirt

Bliain iontach a bhí ann ó thaobh spórt de.  Faoi dheireadh, bhí tionchar na paindéime laghdaithe go mór, ionas go rabhamar in ann freastal ar imeachtaí spóirt arís.  Sa cholún seo, níl spás agam na buaicphointí go léir a lua, agus roghnaigh mé píosa nuachta náisiúnta agus píosa nuachta idirnáisiúnta a raibh tionchar mór acu orm.

Cúrsaí spóirt Náisiúnta – Iománaíocht

D’éirigh Brian Cody as mar bhainisteoir ar iománaithe Chill Chainnigh. 24 bliain a thug sé don chúram agus 11 craobh uile-Éireann á bhuaigh a chuid foirne.  Ar an drochuair, sháraigh Luimneach Cill Chainnigh i gcluiche ceannais 2022, an cluiche ceannais deireanach do Bhrian.  Rinne foireann na gCat a seacht ndícheall sa chluiche sin, agus cé gur throid siad le díocas agus le croí, bhí Luimneach níos fearr ar an lá! 

In ainneoin sin, níl aon dabht faoi ach gurb é Brian Cody an bainisteoir is rathúla agus is fearr i stair na hiomána.  Caithfimid a oidhreacht a cheiliúradh agus is rud dearfach é sin.  Go maire tú an céad, a Bhrian Cody!

Cúrsaí spóirt Idirnáisiúnta – Sacar

Tharraing Corn Sacair an Domhain 2022 i gCatar go leor conspóide ó thaobh cearta daonna de ar dtús, ach chomh luath is a thosaigh na cluichí, rinne daoine dearmad ar na cúrsaí sin, agus bhí siad dírithe go hiomlán ar an sacar.  Ní aon ionadh é sin – Corn iontach a bhí ann – b’fhéidir an ceann is fearr riamh.  Cé gur chuir go leor torthaí ionadh orainn, ba é an cluiche ceannais sméar mhullaigh an lae, agus an Airgintín in aghaidh na Fraince.  Bhí an cluiche beagnach críochnaithe agus an Airgintín chun tosaigh 2 in aghaidh 0, nuair a ghéill an Airgintín cic pionóis gan ach beagnach 20 nóiméad fágtha ar an gclog.  Lasc Kylian Mbappé an liathróid isteach i gcúl an líontáin, agus thosaigh an cluiche i ndáiríre ansin!  Bhí coimhlint ghéar sa chluiche as sin amach, le Messi ón Airgintín in aghaidh Mbappé ón Fhrainc, ó thaobh scóráil de.  Chuaigh an cluiche go ciceanna pionóis, agus scóráil Messi agus Mbappé ar dtús ar son a bhfoirne.  Ach ansin rinne cúl báire na hAirgintíne Emiliano Martinez sábháil iontach, agus ní raibh an Fhrainc in ann teacht suas leis an Airgintín arís.  Bhuaigh an Airgintín agus a laoch náisiúnta, Lionel Messi.

Athbhliain faoi mhaise dár léitheoirí go léir!

.

Franklin Antonio!

Franklin Antonio!

Blianta fada ó shin, chuir mé isteach ar sé nó seacht bpost. D’fhreagair trí chomhlacht m’iarratas, ag rá go raibh suim acu ionam, agus i ngach cás glaodh chun agallaimh aghaidh ar aghaidh. D’fhreastail mé ar na trí cinn, agus tairgeadh trí phost dom i ndeireadh thiar thall. Is í an fhadhb a bhí agam ansin ná cén post a ghlacadh.  Bhí rud éigin an-speisialta faoi cheann amháin, comhlacht darb ainm Qualcomm lonnaithe i San Diego. Ar an drochuair, bhí an tuarastal is measa ag baint leis an bpost sin. Chuaigh mé siar agus aniar le stiúrthóir na n-acmhainní daonna, ag iarraidh teacht ar chomhaontú mar gheall ar mo phacáiste cúiteamh. Ach uair a mhol mé athrú sa phacáiste, dúirt go raibh uirthi dul i gcomhairle le stiúrthóir na hinnealtóireachta, mar is aige amháin a bhí an t-údarás aon athrú a dhéanamh. Ach ní ghéillfeadh sé orlach ar bith, an stiúrthóir sin. Ba chúis díomá é dom nach raibh aon solúbthacht ann. Chuir mé an cheist hé an stiúrthóir drogallach seo a bhí ag déileáil leis. Chuala mé a hainm ansin den chéad uair.  

Is é sin Franklin Antonio,” a dúirt sí. Caithfidh tú rud amháin a thuiscint faoi Franklin, a Mhichíl – ní chuireann sé oiread is braon meala ar an bhfiacail! Agus ní leomhfadh éinne argóint leis – éinne!”

Thuig mé ansin go díreach nach mbeadh ann ach saothar in aisce dom leanúint ar aghaidh ag iarraidh margadh níos fearr a bhaint amach.

Mar sin, ghlac mé tairiscint eile – an ceann leis an tuarastal is airde! Sa dara seachtain theip ar an gcomhlacht seo mo sheic phá a chur i dtaisce sa bhanc dom. Ní raibh aon dul as ach deoch a ól ar mo náire, agus dul ar ais go Qualcomm agus mo mhéar i mo bhéal agam, ag súil go raibh post ann dom fós. Ar an dea-uair, bhí agus ghlac mé é gan aon smaoineamh ar idirbheartaíocht eile a dhéanamh.

Post Nua

Bhogamar go San Diego agus thosaigh mé ag obair do Qualcomm. Bhí an t-ádh dearg orm mar thosaigh mé ag obair ar thaighde agus forbairt ar nuatheicneolaíocht ag baint le cumarsáid dhigiteach gan sreang. Deis ghairme iontach a bhí agam agus ba mhór an phribhléid dom a bheith páirteach in athruithe réabhlóideacha don tsochaí ar fud an domhain. Bmé ag obair le scothfhoireann innealtóirí ar an tionscadal sin, agus d’fhoghlaim mé a lán rudaí uathu. B Franklin Antonio ar cheann de na hinnealtóirí ab fhearr dár gcasadh orm riamh é. Bhí sé ar cheann de na daoine i gceannas, agus mar sin, ní raibh mórán deis agam obair leis go díreach – is maith an rud é sin! Chonaic mé é go minic ag freastal ar na cruinnithe céanna, agus raibh seans na ngrást ag éinne go mbuafadh sé/sí argóint theicniúil le Franklin. Fear téagartha féasógach ba ea Franklin, le súile a ghearrfadh tríot. Duine uafásach cliste a bhí ann, ach bhí bealach giorraisc leis.

Ní briathra a dhearbhaíonn ach gníomh!

Ceapadh Franklin mar phríomheolaí Qualcomm tar éis tamaill, agus ansin thosaigh sé ag fostú innealtóirí chun taighde agus forbairt a dhéanamh dó. Bhog mé go dtí a roinn sa bhliain 2008 agus d’fhan ann go dtí gur éirí mé as an obair sa bhliain 2015.  Is ansin a chuir mé aithne ar Franklin mar dhuine.

Bhuailinn isteach chun a hoifige minic go leor agus bhí sé an-chairdiúil i gcónaí. Bhíodh gach saghas díospóireachta againn, agus ní bhíodh sé borb liom riamh. Is cuma cén t-ábhar a bhí i gceist, ó gharraíodóireacht go hinfheistíocht, is iontach an méid eolais a bhí aige faoi.  Bhí Franklin ar bhaill bhunaidh Qualcomm, agus d’éirigh sé an-saibhir dá bhrí sin. Ach in ionad a hairgead go léir a choimeád dó féin, ba bhronntóir flaithiúil é Franklin. Bhronn sé timpeall 5 milliún dollar chun bia a sholáthar do dhaoine bochta i San Diego. Bhronn sé 5 milliún dollar do SETI (Search for Extra-Terrestrial Intelligence), agus thóg sé cabhair leo ar thaobh na heolaíochta de freisin. Agus an meall mór ar deireadh, bhronn Franklin 30 milliún dollar dOllscoil California, San Diego (UCSD), chun Scoil na hInnealtóireachta a mhéadú.  foirgneamh nua sa choláiste beagnach réidh chun oscailt atá ainmnithe ina onóir – Franklin Antonio Hall.

Méala mór a bhás do Qualcomm, do San Diego agus dúinn go léir. Thángthas ar a chorp sa bhaile le déanaí, ach níl aon sonraí eile ar fáil fós faoi cad a tharla dó. Suaimhneas síoraí dá hanam.

.

.

.

.

  

.

Franklin Antonio!

Saoire Thiar Thart

Seo cuid a trí den tsraith a scríobh Peadar faoi thuras bóthair a rinneamar le chéile i samhradh 2017. Foilsíodh cuid a haon agus cuid a dó le déanaí.

Tréad Cuimhní

Tar éis dúinn spórt agus taitneamh a bhaint as na laethe a chaitheamar thiar, i ndeireadh na dála, tháinig an lá le slán a fhágáil ag an ‘Manor Hotel Ballina’, agus le filleadh abhaile athuair. Ní gá a rá, go raibh an dúiche thoir ag glaoch abhaile orainn, agus caithfear a rá, go raibh fonn ar chuile dhuine againn an glaoch sin a fhreagairt, ach ag an am gcéanna, ní hionann sin is a rá, nach mbeadh cumha orainn uilig, i ndiaidh an Iarthair Fhiáin. Ní dhéanfadh muid dearmad go luath ar a bhfacamar, nó ar ar chualamar, le linn na laethe breátha a chaitheamar thiar. Cé dhéanfadh dearmad ar an lá breá, gréine úd a chaitheamar thart ar Lissadell, i gContae suaimhneach Shligigh, nó ar an lá iontach sin a chaitheamar ag guairdeall thart in Iorras na n-Iontas, agus muid ag baint taitneamh as a raibh le feiceáil againn thiar ansin i ndúiche mo mhuintire,an talamh, an tír, na farraigí fiáine thart ar chósta na Leithinse, agus na hoileáin draíochta úd ina luí mar bhráisléad thart ar chósta na dúiche áille sin. Ach, mar adeir an seanfhocal, Más fada an lá, tiocfaidh an tráthnóna’ agus ba é an scéal céanna againne anois é, agus chaithfeadh muid filleadh ar ár ndúiche fhéin, ar deireadh thiar.

Soir a chuamar

Bhíomar inár suí go breá luath an mhaidin deiridh sin, agus tar éis dúinn chuile ullmhúchán a dhéanamh don turas fada soir, chaitheamar bricfeasta ríoga, i mBialann fial, flaithiúil, an Manor Hotel, mar ar roinneadh gan dochma, gan ghorta orainn, fad a bhíomar ag cur fúinn faoi dhíon fáilteach an Óstáin nua-aoisigh, sin. Bhailíomar ár gcip is ár meanaithe, agus go haiféalach, agus go brónach, líonamar isteach sa charr arís. Fad is a bhíomar ansin ar ár marana, dúirt duine eicínt nárbh olc an smaoineamh é cuairt a thabhairt ar an ‘Beleek Castle Hotel’, amuigh ar imeall an bhaile, roimh dhul abhaile dúinn. Níor chuir éinne i gcoinne na comhairle sin agus bíodh gur chaith mé fhéin seacht mbliana i mo mhúinteoir i gColáiste Mhuireadhaigh, i mBéal an Atha, i gcaogaidí na haoise seo caite, caithfidh mé a admháil, nár thug mé cuairt riamh ar an ionad stairiúil sin, nó thart ar an am sin, ba Ospidéal é an Caisleán céanna sin in iarrachtaí na tíre seo an lámh in uachtar a fháil ar an Eitinn.

D’fhágamar an Manor Hotel Ballina inár ndiaidh, agus thugamar aghaidh ar an Belleek Castle Hotel, ar imeall an bhaile sin. Tá Belleek Castle Hotel píosa amach ón mbaile mór fhéin, ach i ndeireadh na dála, fuaireamar radharc ar an bhfoirgneamh stairiúil fhéin, agus ba bheag nár bhain sé radharc na súl dínn, nó sheas sé ansin go ríoga, státúil, agus faichí áille, glan-bhearrtha, os a chomhair amach, agus timpeall air. Níor leasainm ar bith caisleán ríoga a bhaisteadh air. Tógadh an caisleán úd Bhelleek idir 1825 agus 1831, agus tógadh é ar shuíomh mhainistreach mheánaoiseach, ceann de na ceithre mhainistir a suíodh ar bhruach thiar na Muaidhe, fadó. Ba é Sir Arthur Francis Knox-Gore, a shocraigh ar a fhoirgneamh a thógáil ar an suíomh sin, agus thaitin a chuma meánaoiseach le daoine, sa ré sin. Mhair muintir Knox-Gore sa Mhanor House sin go dtí daichidí na haoise seo caite.

Deisiú agus athnuachan

Bhí drochbhail ar an gCaisleán faoin mbliain 1961 nuair a fuair Marshall Doran, mairnéalach trádála, seilbh ar an áit, agus chaith sé seal á athnuachan, agus á dheisiú, go dtí gur oscail sé mar Óstán é, sa bhliain 1970, agus is é mac Marshall atá i mbun an Chaisleáin, faoi láthair, le cabhair ó Ms. Maya Nikolaeva. Bhí an-spéis ag Marshall fhéin i gcúrsaí mara, ach go hairithe, agus tá a chuma sin fós le léamh ar fheisteas agus ar throscán an Chaisleáin, agus chomh maith le sin, ba bhailitheoir airm agus seandachtaí é, sa chaoi gur iarsmalann neamhghnách é Belleek Castle, sa lá atá inniu fhéin ann. Chaitheamar seal ag guairdeall timpeall, agus ag tabhairt chuile shórt faoi deara, ach i ndeireadh na dála, tuigeadh dúinn, go raibh sé in am againn an bóthar abhaile a bhuaileadh, agus d’fhágamar slán ag ‘Belleek Castle Hotel’ ar bhruacha maorga na Muaidhe, agus le Béal an Átha freisin, ach gheallamar filleadh ar an áit arís, an bhliain seo chugainn, má fhágann Dia an tsláinte againn, agus, mar adeireadh lucht scéalaíochta fadó, ní haithrisítear ár n-imeachtaí gur bhuaileamar ceann ar scríbe i má mhéith Mhaigh Nuad.

.

.

.

.

    

Franklin Antonio!

Cuairt ar Iorras na n-Iontas

Seo an chéad alt eile den tsraith a scríobh m’athair faoi thuras bóthair a rinneamar i samhradh 2017. Feicfidh tú an nasc domhain idir an áit ar rugadh é. Agus anois…

Ar Fhód mo Dhúchais arís

Bhí fúinn fós, cuairt a thabhairt ar Iorras na nIontas, sára mbeadh ár saoire thiar thart, agus dá bharr sin, nuair a tharla go raibh cuma mhaith ar an Aoine, an seachtú lá d’Iúil, agus nuair a bhí chuile shórt socraithe againn sa Ballina Manor Hotel, i mBéal an Átha, bhuaileamar an bóthar siar go breá luath an lá sin, nó theastaigh uainn lán na súl a bhaint as chuile shórt, thiar sa tseanáit. Sheas Néifin Mór go ríoga ar thaobh na ciotóige agus chuir sé fhéin agus na sléibhte eile fáilte romhainn, chomh maith. Trí Chros Uí Mhaoilíona linn agus chun tosaigh ansin i dtreo Bheannchor Iorrais. Mhothaíomar uainn Túr Bhord na Móna fan an bhealaigh, thar Dhroichead an Cheoil linn ar luas, nó níor stopamar le ceol a bhaint as a shlat droichid, trí Bheannchor linn agus muid ag déanamh iontais den fheabhas a bhí tagtha ar an mbaile sin le himeacht na mblianta, agus ar deireadh thiar shroicheamar Béal an Mhuirthead.

Chaitheamar lón breá sásúil sa Broadhaven Bay Hotel agus radharc álainn againn ar Chuan an Inbhir agus ar an taobh tíre ina thimpeall.

Ag taisteal sa Mhuirthead

Nuair a bhí cúl curtha againn ar idir ocras agus tart, bhuaileamar bóthar arís, agus tar éis cuairt a thabhairt ar an tseanáit thiar, leanamar linn trí thailte méithe an Mhuirthead. Thugamar aghaidh ar dtús ar Ionad Deirbhile, ach ar an drochuair, bhí an tIonad dúnta ag an am sin, ach bheartaíomar filleadh ar an áit, ar ball, agus srian níor tharraingíomar ansin nó gur shroicheamar an Fód Dubh fhéin ar ghob theas na Leithinse, agus ó tharla go raibh an lá go breá, grianmhar, bhí radharc thar na bearta againn ar thír is ar thrá, ar shliabh is ar mhá, agus geallaimse dhuit é, gur bhaineamar lán na súl as chuile radharc acu. Ar ball, bhuaileamar bóthar arís, agus an turas seo, chuamar siar i dtreo an Fháil Mhóir agus tar éis dúinn cuairt a thabhairt ar Thobar Dheirbhile, bhuaileamar siar Bóthar a’ Chongo, le radharc a fháil ar Naicil, agus ar Ghlais, mar ar tógadh tithe sna tríochaidí, do phobail Inis Cé, tráth ar aistríodh ó na hoileáin iad, i ndiaidh Bháthadh mór Inis Cé, sa bhliain 1927. Chaitheamar seal ansin ag breathnú uainn ar na hOileáin, a bhí mar bhráisléad thart le cósta, os ár gcomhair ansin.

Ar ár mbealach ar ais

D’fhilleamar ar an Eachléim ansin agus bhuaileamar isteach ar Ionad Deirbhile arís, ach, faraor! ba é an scéal céanna arís é, agus ní raibh le déanamh againn ansin ach bóthar a bhuaileadh arís. Shroicheamar baile na Druime ar ball, agus thug mé cuairt ar an tseanáit, mar ar tógadh mé, i bhfichidí na haoise seo caite, ach, mo bhrón! ba é an scéal céanna arís é , nó ní raibh duine ar bith ag baile, ag an am, agus ní raibh le déanamh againn ansin ach cuairt a thabhairt ar Reilig Nua na Croise, mar a bhfuil roinnt mhaith de mo mhuintir curtha. Thug sin deis dúinn paidir a chur lena n-anamacha, agus arís thugamar faoi deara an bhail álainn a bhí curtha ar an Reilig chéanna sin le blianta anuas. bhí an áit deas leibhéalta, an féar lomtha sa timpeall, agus bail dheas néata curtha ar na huaigheanna. Agus ó tharla san áit sin muid, shocraíomar ar dhul siar píosa beag eile go bhfeicfimis Seanmhainistir na Croise fhéin. Rinneamar sin, agus chaitheamar seal ag guairdeall thart, ag breathnú ar na huaigheanna agus ar fhothracha na Seanmhainistreach fhéin, a sheasann go bródúil, calma, os cionn na mara móire ansin, agus í ag breathnú amach thar chuan ar Oileán álainn, ársa, Inis Gluaire. Ansin, bhíomar ar ár mbealach ar ais go dtí an Manor Hotel, i mBéal an Átha, agus geallaimse dhuit é, gur bhaineamar taitneamh as an dinnéar breá, blasta, a leagadh os ár gcomhair, sa Teach Ósta sin, agus muid ag breathnú anuas ar iascairí stuama ag iascaireacht go foighdeach in uiscí iascmhara na Muaidhe móire ansin os ár gcomhair amach. Ba lá dár saol é!

gaGaeilge