Litir ó Mheiriceá – Ní mór do Chomhdháil Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) Gníomhú gan mhoill!

Litir ó Mheiriceá – Ní mór do Chomhdháil Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) Gníomhú gan mhoill!

Litir ó Mheiriceá - Ní mór do Chomhdháil Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) Gníomhú gan mhoill!

Thosaigh an chéad aerionsaí de chuid SAM agus Iosrael, faoin ainm Oibríocht Epic Fury, ag 9:45 r.n. (am Tehran) Dé Sathairn, 28 Feabhra. Sa chéad 24 uair an chloig den fheachtas, scaoil na Stáit Aontaithe agus Iosrael níos mó ná 1,400 lón cogaidh i gcoinne 1,000 targaid — an feachtas aeir is mó sa réigiún ó rinneadh ionradh ar an Iaráic in 2003.

Ba é lárphointe na chéad toinne ná ionsaí beacht i gceantar Shráid Pasteur i dTehran inar maraíodh an tAyatollah Ali Khamenei agus 49 ceannaire sinsearach de chuid na hIaráine, lena n-áirítear Ceann Foirne na bhFórsaí Armtha agus príomhcheannairí Chór Garda Réabhlóideach na hIaráine (IRGC).

Bagairt phráinneach?

Ar an Luain, 2 Márta, mhaígh an Rúnaí Stáit Marco Rubio gur freagra ar “bhagairt phráinneach” a bhí sna hionsaithe. Shainmhínigh sé “práinneach” ní mar ionsaí fisiciúil ag an nóiméad sin, ach mar mhíchothromaíocht straitéiseach atá ag dul in olcas go tapa.

Dar le Rubio, bhí an Iaráin ag iarraidh “pointe díolúine” a bhaint amach. Ag an bpointe sin, bheadh Tehran ag táirgeadh diúracáin bhalaistíocha ar luas nach mbeadh SAM in ann teacht suas leis maidir lena diúracáin idircheaptha (Béarla: interceptor missiles) a sholáthar. Ansin, bheadh an Iaráin in ann leanúint ar aghaidh lena clár núicléach gan eagla faoi phionós míleata.

Géarú sa réigiún

Sna 72 uair an chloig tar éis an chéad aerionsaí, tháinig an géarú chun solais go sciobtha. Ar an 2 Márta, bhuail cosaintí aeir Chuáit trí scairdtrodaire SAM de shaghas F-15E Strike Eagle le diúracáin de thaisme a bhí ag eitilt in aerspás an réigiúin. Ar maidin Dé Mháirt, 3 Márta, bhuail dróin an Ambasáid SAM i Riyadh, rud a chuir tús le tinte agus a spreag foláireamh slándála domhanda. Tá sé deimhnithe ag CENTCOM go bhfuil seisear ball de sheirbhísí armtha Mheiriceá maraithe le diúracáin ón Iaráin ó thosaigh an choinbhleacht ar an 28 Feabhra.

Tá an costas sibhialta níos measa fós. Ar an gcéad mhaidin, bhuail diúracán bunscoil chailíní Shajareh Tayyebeh i Minab. De réir an Chorráin Dheirg, maraíodh suas go 180 duine — daltaí bunscoile an chuid is mó acu. Léirigh físeáin ón láthair lucht tarrthála ag baint téacsleabhar agus crián fuilteacha as na spallaí faoi mhúrphictiúr.

Easpa diúracán idircheaptha agus riosca cibearshlándála

Cé gur mhol an rialtas go bhféadfadh an choinbhleacht maireachtáil ar feadh seachtainí fada, deir criticeoirí nár daingníodh a dóthain muinisin d’fheachtas fada. Thug an Seanadóir Andy Kim rabhadh go bhféadfadh bunáiteanna míleata SAM sa Mhurascaill a bheith faoi léigear ag líon mór diúracán mura gceadaíonn an Chomhdháil leathnú práinneach ar tháirgeadh.

Ag an am céanna, tá an chibearshlándáil intíre i mbaol. De bharr ciorruithe géara sa Ghníomhaireacht um Chibearshlándála agus Shlándáil Infreastruchtúir (CISA), tá sé níos deacra SAM a chosaint. Tugann saineolaithe rabhadh go bhféadfadh an Iaráin ionsaithe díobhálacha a dhéanamh ar eangach chumhachta agus ar chórais uisce Mheiriceá.

Rún na gCumhachtaí Cogaidh

Maíonn Marco Rubio gur thug sé fógra do cheannairí an rialtais ar oíche na hionsaithe. Ach faoi Rún na gCumhachtaí Cogaidh 1973, caithfidh an t-uachtarán tuairisc fhoirmiúil scríofa a chur faoi bhráid na Comhdhála laistigh de 48 uair an chloig tar éis fórsaí a thabhairt isteach i gcogaíocht.

Chuaigh an spriocdháta sin thart ar maidin Dé Luain, 2 Márta, gan aon tuairisc fhoirmiúil ón Teach Bán. Dá réir sin, tá an rialtas i gcoimhlint dhíreach leis an dlí. Dúirt an Seanadóir Kim gurb é seo “an sárú is soiléire ar ár mBunreacht dá bhfaca mé riamh.”

An Rogha roimh an gComhdháil

Tá SAM páirteach i gcoinbhleacht thar a bheith contúirteach. Tá praghas ola ardaithe go mór agus Caolas Hormuz dúnta. Tá seans láidir ann go leathnódh an cogadh ar fud an réigiúin go léir.

Ní mór don Chomhdháil a húdarás a dhearbhú trí:

  • Ráiteas soiléir ar chuspóirí a éileamh: Cad is “bua” ann an Iaráin i ndiaidh Khamenei?
  • Maoiniú faoi smacht: Cosc a chur ar rannpháirtíocht mhíleata gan athnuachan reachtach.
  • Vóta a reáchtáil: Chun gach ball den Teach agus den Seanad a chur ar an taifead go poiblí maidir lena sheasamh.

Mura ngníomhaíonn an Chomhdháil anois, géillfidh sí cumhacht bhunreachtúil ríthábhachtach don fheidhmeannas. Is céim í sin i dtreo na huachtaránachta uilechumhachtaí — an toradh go díreach a rinne bunaitheoirí an Bhunreachta a seacht ndícheall a sheachaint.

 

Cuairt Thráthúil ar San Miguel de Allende

Cuairt Thráthúil ar San Miguel de Allende

Cuairt Thráthúil ar San Miguel de Allende

Ní turas gan dua é San Miguel de Allende (SMA) i Meicsiceo a bhaint amach. D’eitlíomar ó Tijuana le déanaí, díreach thar an teorainn ó San Diego, go León sa lár-ardchlár. Thug an eitilt thart ar trí huaire an chloig. Ansin thugamar aghaidh ar an mbóthar ar feadh dhá uair an chloig eile ar bhus cairte go dtí gur shroicheamar SMA.

Bhí lóistín againn i dteach a bhí cosúil le músaem beag, lonnaithe deich nóiméad siúil ó lár an bhaile ag barr cnoic ghéar. Bhí maisc shearmanais ag féachaint anuas orainn ó na ballaí, agus cultas matadóra ina sheasamh i gcás gloine sa chúinne. Bhí taipéisí fite agus pictiúir ar crochadh ar na ballaí, agus cathaoireacha péinteáilte ina seasamh in aghaidh na mballaí. Shuigh muid ag bord mór darach faoi bóveda brící (síleáil bhoghtach bricí) — síleáil a raibh cáil uirthi tráth mar an ceann ba mhó i Meicsiceo.

Gach maidin dhúisíomar tumtha i gceardaíocht na tíre. Ba bhunáit fhoirfe í don tseachtain. Tá an baile caomhnaithe i bhfoirm choilíneach na Spáinne. Sráideanna caola. Go leor acu aontreo. Clocha pábhála i ngach áit. Bhíomar buíoch nach raibh carr ar cíos againn. Is fearr an tiomáint a fhágáil faoi chúram na ndaoine áitiúla. Bhí Uber éasca agus saor, ach níor úsáideamar é ach cúpla uair, mar bhí lár an bhaile gar dúinn.

Tá eaglais an pharóiste Parroquia de San Miguel Arcángel lonnaithe i lár an bhaile. Bunaíodh an paróiste sa 16ú haois, cé gur atógadh an struchtúr reatha den chuid is mó sna 1690í. Sna 1880í, d’athchruthaigh Zeferino Gutiérrez an t-éadan ina struchtúr bándearg nua-Ghotach atá anois mar chuid lárnach de spéirlíne an bhaile. Is é croílár an bhaile é.

In aice leis, tá an cloigtheach. Gach cúig nóiméad déag, buaileann na cloig. Sa Jardín, an plaza lárnach, leathnaíonn an fhuaim thar an gcearnóg. Tar éis lá nó dhó, stopann tú ag tabhairt faoi deara é; éiríonn sé mar chuid de rithim an tsaoil. Sa tráthnóna, shuíomar ar bhinsí sa plaza. D’athraigh an solas an chloch go dath órga le himeall rós-bhándearg. Bhailigh bannaí Mariachi chun a gcuid fonn a sheinm. Bhí teaghlaigh áitiúla ag fánaíocht nó ag scíth faoi scáth na gcrann. Bhí leanaí ag rith timpeall na cearnóige.

Bunaíodh San Miguel i 1542. D’éirigh go maith leis san 18ú haois agus é suite ar bhealach an airgid. Rugadh an ceannaire réabhlóideach Ignacio Allende anseo sa bhliain 1769, agus tar éis an neamhspleáchais, cuireadh a ainm leis an mbaile mar onóir dó. Inniu, is eachtrannaigh iad thart ar an gceathrú cuid de dhaonra SMA, go leor acu Meiriceánach nó Ceanadach. Thosaigh an traidisiún sin tar éis an Dara Cogadh Domhanda, nuair a tháinig iarshaighdiúirí as Stáit Aontaithe Mheiriceá chun staidéar a dhéanamh, maoinithe faoin mbille darb ainm an “GI Bill”. Léiríonn an bonneagar an tionchar sin fós: scoileanna maithe, ospidéil nua-aimseartha, institiúidí teanga, agus bialanna den scoth.

D’itheamar i mbialanna gach tráthnóna. Bhí na praghsanna réasúnta. Meiriceánaigh nó Ceanadaigh ba ea formhór na gcustaiméirí. Bhuail muid le roinnt ban a fhilleann bliain i ndiaidh bliana chun éalú ón bhfuacht sa bhaile. Labhair siad go croíúil faoin aimsir, faoin mbia agus faoin gcultúr i San Miguel de Allende. Le linn an Super Bowl, bhí ár mbialann plódaithe le muintir na háite. Bhí siad ann chun Bad Bunny a fheiceáil ag seinm ag an sos leath-ama. Le linn an tseó, bhí siad dírithe go hiomlán ar an scáileán. Chomh luath agus a chríochnaigh an ceol, d’imigh siad leo.

Lá amháin, d’fhostaíomar tiománaí chun cuairt a thabhairt ar bhaile eile darb ainm Guanajuato — trí thimpiste, i ndáiríre. Bhí sé i gceist againn dul go Cañada de la Virgen, láithreán seandálaíochta thart ar uair an chloig uainn sa charr. Nuair a shroicheamar, bhí sé dúnta. Níos déanaí, fuaireamar amach gur cuireadh saighdiúirí i gceannas ar an láthair de bharr aighnis idir na húdaráis fheidearálacha agus úinéir talún áitiúil. Ba é sin an chéad leid dúinn go raibh teannas faoi bhun an dromchla, in ainneoin an tsuaimhnis a bhí le brath.

Mhol an tiománaí dúinn cuairt a thabhairt ar Guanajuato ina ionad, agus d’aontaíomar leis. Bhí cuma go hiomlán difriúil ar an mbaile sin i gcomparáid le San Miguel. Ailtireacht ón 19ú haois. Trácht ag sreabhadh trí tholláin faoi thalamh. Tithe daite cruachta go géar ar na cnoic.

Thugamar cuairt ar áit bhreithe an ealaíontóra cháiliúil Diego Rivera. Bhí saothair luatha agus grianghraif sa mhúsaem, chomh maith le hábhar a bhain lena bhean chéile, Frida Kahlo. Mhothaigh sé pearsanta agus dlúth.

Ar ais i San Miguel ar an lá deiridh, chaitheamar am sa Fábrica La Aurora, monarcha teicstíle tráth a bhfuil stiúideonna agus dánlanna inti anois. Bhí na healaíontóirí ag obair taobh thiar de dhoirse oscailte. Bhí fuinneamh cruthaitheach an bhaile le mothú go láidir.

Thart ar sheachtain tar éis dúinn filleadh abhaile, tháinig scéal mór amach. Maraíodh Nemesio Rubén Oseguera Cervantes, ar a dtugtar “El Mencho”, ceannaire an Jalisco New Generation Cartel, in oibríocht mhíleata. Lean frithbheart i roinnt cathracha. Fir armtha ar ghluaisrothair. Feithiclí dóite ar mhórbhealaí. Ollmhargaí curtha trí thine. Tuairiscí ar fhoréigean i Puerto Vallarta, Guadalajara, Tijuana, León agus in áiteanna eile.

Bhíomar tar éis eitilt trí Tijuana. Bhíomar tar éis tuirlingt i León. Go bhfios dúinn, ní raibh tionchar díreach ar SMA, ach bhí an suaimhneas níos leochailí ná mar a cheapamar. Ba mhaith linn filleadh ar an mbaile álainn sin arís, ach fanfaimid tamall eile go socróidh cúrsaí síos arís.

Deis na Seamróige!

Deis na Seamróige!

I gceann cúpla seachtain, seasfaidh an Taoiseach i Seomra an Oirthir sa Teach Bán. Bronnfar an babhla seamróige. Beidh na ceamaraí ag cliceáil agus ag splancáil. Cloisfear na focail bhliantúla céanna faoi chairdeas agus faoi cheangal stairiúil.

Ach taobh thiar den searmanas sin tá ceist níos tromchúisí i bhfolach.

Bailíodh breis is €20 billiún i gcáin chorparáide anuraidh in Éirinn, cuid mhór di ó líon beag comhlachtaí ilnáisiúnta a bhfuil ceanncheathrú acu sna Stáit Aontaithe. Mar sin, tá sé nádúrtha don Taoiseach Micheál Martin a bheith aireach i gcomhrá leis an Uachtarán Trump, mar ní fios cén freagra a bheadh ann dá dtiocfadh teannas chun cinn. Cad ba cheart don Taoiseach a dhéanamh — fanacht ina thost, nó a bheith macánta faoinár dtuairimí?

Chun dul i ngleic le saol idirnáisiúnta atá ag éirí níos éiginnte gach nóiméad, is fiú féachaint ar Cheanada agus ar a Príomh-Aire, Mark Carney.

Tá aithne ar Carney go hidirnáisiúnta mar iar-Ghobharnóir ar Bhanc Cheanada agus ar Bhanc Shasana. Thuill sé meas mar gheall ar a sheasmhacht le linn tréimhsí corraíl airgeadais. Is ar ghníomh seachas ar chaint a sheasann a chreidiúnacht.

Is as Maigh Eo do sheantuismitheoirí Carney. Tá saoránacht Éireannach aige agus labhraíonn sé go poiblí go minic faoin oidhreacht shaibhir sin.

Tá cosúlachtaí struchtúracha idir Ceanada agus Éire. Tá an dá thír fite fuaite go domhain go heacnamaíoch leis na Stáit Aontaithe. Braitheann an dá thír go mór ar thrádáil oscailte leo agus bíonn siad leochaileach nuair a athraíonn ton nó treo pholasaí Mheiriceá. Le déanaí, tá an riosca sin níos feiceálaí agus níos suntasaí.

Tá freagra Carney tomhaiste. Ag Davos níos luaithe i mbliana, leag sé amach cur chuige ar féidir “straitéis na gcumhachtaí meánmhéide” a thabhairt air. Níor ionsaigh sé na Stáit Aontaithe. Ina áit sin, mhaígh sé go neartaíonn tíortha níos lú iad féin trí chomhordú agus trí chomhoibriú le chéile.

Chonacthas an prionsabal sin le déanaí i gcás na Graonlainne. Nuair a léirigh Uachtarán Trump spéis athnuaite i sealbhú na Graonlainne, críoch leath-uathrialach de Ríocht na Danmhairge, d’fhreagair an Danmhairg agus rialtas na Graonlainne go soiléir: ní raibh an chríoch ar díol ná le plé. Léirigh ceannairí an Aontais Eorpaigh tacaíocht don Danmhairg agus dhearbhaigh comhpháirtithe NATO a ngealltanais slándála san Artach. Cuireadh ar ceal na bagairtí taraifí a bhain leis an díospóireacht agus níor leathnaigh an scéal ina ghéarchéim níos leithne.

Léirigh an eachtra sin láidreacht comhghuaillithe nuair a sheasann siad le chéile.

Leanfaidh Ceanada ar aghaidh ag trádáil agus ag comhoibriú leis na Stáit Aontaithe agus, ag an am céanna, leathnóidh sí a roghanna eacnamaíocha agus straitéiseacha. Sin bainistíocht riosca. Laghdaíonn éagsúlú an leochaileacht.

In Éirinn, braitheann cuid mhór den cháin chorparáide ar líon beag gnólachtaí atá bunaithe sna Stáit Aontaithe. Is cuid shuntasach dár n-iarmhéid trádála iad onnmhairí cógaisíochta agus teicneolaíochta chuig Meiriceá. Dá dtarlódh athrú tobann i bpolasaí Washington, bhuailfeadh sé geilleagar na hÉireann níos géire ná mar a bhuailfeadh sé go leor tíortha móra san AE a bhfuil bonn ioncaim níos ilghnéithí acu.

Is féidir le hÉirinn a caidreamh eacnamaíoch leis na Stáit Aontaithe a chothú agus a neartú agus, ag an am céanna, ceangail trádála agus infheistíochta a leathnú in áiteanna eile — go neamhspleách agus trí mheán an Aontais Eorpaigh. Laghdaíonn bonn trádála níos leithne an baol a bhaineann le hathrú polasaí in aon phríomhchathair amháin.

Tugann sé sin ar ais sinn chuig Lá Fhéile Pádraig.

Cuirtear moltaí chun tosaigh bliain i ndiaidh bliana ag éileamh go mbaghcatálfaí an chuairt ar an Teach Bán. Ach ní bheadh sé ciallmhar an chomhairle sin a ghlacadh. Tá rochtain shiombalach ag Éirinn ar Washington nach mbíonn ag tíortha eile den mhéid céanna. Is deis mhór í an rochtain sin.

I mo thuairim, ní ceist í an bhfreastalódh an Taoiseach ar Washington. Is í an cheist le plé ná cén úsáid a bhainfidh Micheál Martin as an deis sin ar Lá Fhéile Pádraig.

Is féidir leis an Taoiseach a thiomantas do chomhoibriú bunaithe ar rialacha idirnáisiúnta agus do thrádáil intuartha a chur in iúl go socair agus go soiléir. Is féidir leis a sheasamh a léiriú gan an chomhpháirtíocht a chur i mbaol. Tá sé sin comhsheasmhach le traidisiún taidhleoireachta na hÉireann agus ag teacht le go leor dá comhpháirtithe Eorpacha.

Tá béim Carney ar éagsúlú oiriúnach do shaol atá níos éiginnte ná mar a bhí. Cuireann sé cur chuige praiticiúil ar fáil — ní hamháin do Cheanada ach do thíortha eile cosúil le hÉirinn atá ag seoladh sa domhan nua seo gan léarscáil. Níl fágtha anois ag Micheál Martin ach an deis ar Lá Fhéile Pádraig a thapú.

 

Casphointe!

Casphointe!

Ó am go ham, cruthaíonn nuálaíocht mhór casphointe cinniúnach. In amanna mar seo, athraíonn an domhan go tapa. Is minic a fhágtar cuideachtaí nó tíortha atá dírithe ar theicneolaíochtaí seanbhunaithe—na cinn chéanna a thug rath neamhghnách dóibh sa chéad áit – in áit na leathphingine, agus cinn eile sásta glacadh leis an teicneolaíocht nua agus é a bhrú chun cinn go hionsaitheach. Is féidir leis na hiarmhairtí a bheith domhain, ag athmhúnlú margaí, struchtúir chumhachta, agus fiú ord an domhain.

Pléitear an dinimic seo i leabhar tábhachtach Clayton Christensen, The Innovator’s Dilemma. Léirigh Christensen go dteipeann ar cheannairí ní maidir le drochbhainistiú, ach le heaspa cinnteoireachta straitéisí. Leanann siad orthu ag infheistiú i dteicneolaíochtaí a fhreastalaíonn ar chustaiméirí agus ar shruthanna ioncaim atá acu cheana féin, agus cuireann siad teicneolaíochtaí nua i leataobh mar rudaí laga, contúirteacha nó neamhbhrabúsacha.

I dtosach báire, bíonn an measúnú sin go minic ceart. Bíonn teicneolaíochtaí nua neamhaibí, costasach, agus níos laige ná na cinn seanbhunaithe. Ach le himeacht ama, athraíonn an chothromaíocht. Feabhsaíonn an teicneolaíocht nua go tapa, agus sroicheann an tseanteicneolaíocht a teorainneacha fisiciúla. Laghdaíonn brabúsacht an chórais oidhreachta díreach mar a mhéadaíonn cumas an ceann nua. Faoin am a dtuigeann na ceannairí seanbhunaithe cad atá ag tarlú, bíonn an bhearna rómhór le líonadh. Níl an dara rogha acu ansin ach a bheith ina lucht leanúna nó níos measa, a bheith curtha ó mhaith.

Tá sé thar a bheith deacair casadh mar sin a aithint roimh ré, áfach. Uaireanta, is aláraim bhréige iad na comharthaí a fheictear. Is sampla clúiteach é Betamax i gcoinne VHS maidir le fístaifeadadh. Measadh go forleathan go raibh Betamax níos fearr ná VHS ó thaobh na teicneolaíochta de. Dá bhrí sin, cheap go leor anailísithe go mbuafadh Betamax an cath. Ina ionad sin, bhailigh VHS nirt, mar bhí an teicneolaíocht sin níos saoire, níos solúbtha, agus le tacaíocht níos láidre ó earnáil na tionsclaíochta. Scriosadh iad siúd a lean glaoch mealltach Betamax.

Sa lá atá inniu ann, táimid ag feiceáil casphointí móra i réimsí an fhuinnimh agus na hintleachta saorga (AI), agus sa mheascán den dá rud. Le fada an lá, bhí (agus tá fós) seasamh ceannasach ag Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) i mbreoslaí iontaise. Is í SAM an táirgeoir ola is mó ar domhan faoi láthair, le cúlchistí ollmhóra agus éiceachóras eacnamaíoch fairsing bunaithe ar hidreacarbóin. Mhúnlaigh an seasamh seo ord an domhain, ó pholasaithe eachtracha go bonneagar intíre.

Ach tá an ré sin ag druidim chun deiridh. Tá córas fuinnimh an domhain ag casadh i dtreo fuinnimh inathnuaite go tapa. Tá fuinneamh gréine níos saoire anois ná fuinneamh ola. Tá sé níos saoire feithiclí leictreacha a thiomáint ná feithiclí peitril. Ach is í an tSín príomhthiománaí na n-athruithe seo. Tá infheistíochtaí ollmhóra déanta ag an tSín i ndéantúsaíocht fuinnimh, i dteicneolaíocht cadhnraí agus i bhfeithiclí leictreacha. Ní mar dheiseanna tráchtála amháin a fheiceann sí na tionscail seo, ach mar thosaíochtaí straitéiseacha.

Tá na torthaí soiléir. Tá cuideachtaí Síneacha i gceannas anois ar tháirgeadh painéal gréine. Tá siad chun tosaigh i ndéantúsaíocht cadhnraí. Agus i réimse na bhfeithiclí leictreacha, tá BYD na Síne tar éis Tesla a shárú ó thaobh sciar dhomhanda de. In áit dul san iomaíocht go díreach, tá polasaithe cosanta glactha ag SAM—mar shampla le taraifí arda ar fheithiclí Síneacha. D’fhéadfadh sé sin déantóirí baile a chosaint sa ghearrthéarma, ach léiríonn an stair gur drochstraitéis fhadtéarmach í sin.

Tá cur chuige SAM níos measa fós toisc gur cúis lárnach den athrú aeráide í breoslaí iontaise. Ní athraíonn an pholaitíocht an fhisic. Cé go leanann an díospóireacht, feicimid go léir an t-athrú aeráide atá ar siúl. Idir an dá linn, leanann an tSín uirthi ag onnmhairiú teicneolaíochtaí inathnuaite agus ag daingniú a ról mar phríomhsholáthraí córas fuinnimh sa todhchaí.

Is é an baol do SAM ná imeallú. De réir mar a luasghéaraíonn glacadh domhanda le fuinneamh inathnuaite, beidh tíortha ag brath níos mó ar shlabhraí soláthair agus ar shaineolas na Síne. Má chuireann SAM moill rófhada ar chúrsaí, beidh uirthi na teicneolaíochtaí seo a ghlacadh ó áit laige. Sa chás sin, ní féidir fiú le Silicon Valley a bheith cinnte go dtiocfaidh sí slán.

Léirigh a tharla le déanaí go bhfuil cumhacht na Síne ag méadú go tapa. Chuir bagairt na Síne chun srian a chur ar mhianraí tearc-chré, mar aon lena ceannasaíocht iomlán i dtaighde agus forbairt an fhuinnimh ghlain, iallach ar SAM cúlú óna gcuid pleananna le haghaidh taraifí pionósacha 60% a ghearradh ar an tSín. Léirigh an frithbheart straitéiseach seo go raibh smacht Beijing ar mhaoin intleachtúil agus ar shlabhraí soláthair sa todhchaí ina arm níos cumhachtaí ná smachtbhannaí eacnamaíocha traidisiúnta Washington.

Tá comórtas comhchosúil ar siúl i réimse na hintleachta saorga. Anseo, tá SAM chun tosaigh fós i samhlacha bunúsacha agus bogearraí. Ach tá an tSín ag dul chun cinn go tapa. D’fhéadfadh an meascán d’intleacht shaorga agus fuinneamh a bheith cinniúnach. Smaoinigh ar róbait dhaonnúla. Ní hamháin go mbraitheann siad ar bhogearraí, ach ar chrua-earraí, déantúsaíocht agus córais chumhachta freisin (fuinneamh gréine, cadhnraí agus araile). Tugann neart na Síne sna réimsí sin buntáiste struchtúrach di. Léiríonn tuairiscí go bhfuil róbait dhaonnúla á n-úsáid cheana féin chun patról a dhéanamh i gcathracha ar nós Shenzhen, rud a mbeidh tionchar mór aige ar chúrsaí tráchtála agus slándála.

Seans mór go bhfuilimid ar imeall ré nua. Tá sé soiléir go bhfuil SAM ag dul sa treo mícheart. Bíonn réimeas na tíre ag bagairt ar a chomhghuallaithe i gCeanada agus san Eoraip agus ag cur taraifí orthu ag an am céanna agus atá siad an-chairdiúil le réimeas Putin sa Rúis. Tá deighilt mhór pholaitíochta oscailte sa tír freisin, ina bhfuil an daonlathas faoi bhrú ag an údarásaíochas.

Dá bharr sin, tá an Eoraip agus Ceanada ag neartú a gceangail leis an tSín, leis an India agus le Meiriceá Theas. Athróidh sé seo trádáil dhomhanda, agus is í SAM is measa a bheidh buailte. Is é an baol freisin, gan cheannasaíocht SAM mar churadh an daonlathais, go sleamhnóidh ord an domhain i dtreo ceannais údarásaigh. Léiríonn an stair gur cosán fada agus foréigneach é sin.

Táimid déanach sa chluiche, ach ní bhíonn sé riamh ródhéanach i ndáiríre. Is gá do SAM comhghuaillíochtaí a atógáil, infheistíocht dáiríre a dhéanamh i dteicneolaíocht an todhchaí, agus muinín a athbhunú inti féin. Is ar éigean a tháinig muid slán san aois núicléach tríd an srianadh agus an comhoibriú. D’fhéadfadh intleacht shaorga a bheith níos contúirtí fós i lámha deachtóirí nach bhfuil ach a leas féin ar a n-aire acu.

Tá an casphointe gar dúinn anois. Conas a thabharfaidh muintir SAM faoin dúshlán seo—sin í an cheist ríthábhachtach dúinn go léir.

 

Litir ó Mheiriceá –  Aird an domhain ar Mhinneapolis

Litir ó Mheiriceá – Aird an domhain ar Mhinneapolis

Ní bhaineann an méid atá ag tarlú i Minneapolis le déanaí le hinimirce mhídhleathach amháin. Is tástáil struis ar dhaonlathas Mheiriceá é, le hiarmhairtí a théann i bhfad níos faide ná cathair amháin, stát amháin, ná fiú tír amháin.

Maraíodh beirt shaoránach Mheiriceánaigh tar éis teagmhálacha le gníomhairí feidearálacha le linn agóidí a léiríonn finnéithe agus fístaifeadtaí mar agóidí síochánta. Ní raibh taifead coiriúil ag ceachtar acu. Sa dá chás, chuir oifigigh shinsearacha feidearálacha an lipéad “sceimhlitheoirí baile” orthu beagnach láithreach, sular deineadh aon imscrúdú neamhspleách agus gan aon fhianaise a chur os comhair an phobail. Sa dá chás freisin, insíonn físeáin fóin scéal atá éagsúil go bunúsach ón leagan oifigiúil.

Mar a chonacthas le déanaí leis an mbrú a chuir Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) ar an Danmhairg maidir leis an nGraonlainn, ní ceist intíre amháin í cobhsaíocht pholaitiúil Mheiriceá. Nuair a lagaítear noirm dhaonlathacha i Washington, braitear na hiarmhairtí i bhfad is i ngar. Braitheann tíortha ar an gcóras idirnáisiúnta a bheith i bhfeidhm agus ar gach mórchumhacht cloí lena dualgais. Do thíortha cosúil le hÉirinn, a bhfuil a leasanna eacnamaíocha agus slándála ceangailte go dlúth le cobhsaíocht Mheiriceá, is bagairt phraiticiúil í an creimeadh seo.

Agóidí Síochánta

Agóidí síochánta a bhí ar shráideanna Minneapolis. Bhí an slua ag spalpadh manaí. Cháin siad gníomhairí feidearálacha ó Phatról Teorann na Stát Aontaithe (CBP) agus ó Fhorfheidhmiú Inimirce agus Custam (ICE). Rinneadar fístaifeadtaí ar a gcuid fón. Is gníomhaíochtaí dleathacha iad seo ar fad, cosanta faoin gCéad Leasú ar Bhunreacht SAM.

Ina ainneoin sin, léiríonn na fístaifeadtaí go soiléir gur fhreagair na gníomhairí feidearálacha le fórsa. Úsáideadh sprae piobair agus deoirghás. Úsáideadh bataí. Cuireadh daoine go talamh, cuireadh ceangail phlaisteacha orthu, agus tugadh faoi choimeád iad i gcoinne a dtola, in ainneoin nach raibh aon fhianaise ar ionsaí fisiciúil ó lucht na hagóide.

Marú Alex Pretti

Mhaígh oifigigh fheidearálacha ar dtús gur ionsaigh Alex Pretti gníomhairí feidearálacha agus gunna aige. Ní thacaíonn na fístaifeadtaí leis an dearcadh sin ar chor ar bith.

Bhí Pretti ag iompar gunna faoi cheilt go dleathach agus bhí na ceadanna riachtanacha aige. Níor tharraing sé an gunna.

Chonaic Pretti bean i dtrioblóid tar éis do ghníomhaire í a bhrú chun talaimh agus í a spraeáil le sprae piobair. Bhí sé ag iarraidh cabhair a thabhairt di. Spraeáladh Pretti féin, cuireadh chun talaimh é ag seisear nó seachtar gníomhairí. Bhuail gníomhaire amháin é agus thóg gníomhaire eile a ghunna. Ansin, agus é ina luí gan chosaint ar an talamh, scaoil gníomhaire amháin urchair leis, agus ansin gníomhaire eile. Buaileadh deich n-uaire é agus fuair sé bás.

Tar éis an lámhaigh sin, níor daingníodh an láthair de réir ghnáthnósanna imscrúdaithe. D’imigh na gníomhairí, gan an láthair a chaomhnú ná fianaise a dhaingniú.

Bhí Pretti ag glacadh páirte in agóid shíochánta, gníomh a chosnaítear faoin gCéad Leasú an Bhunreachta. Bhí sé armtha go dleathach faoi dhlí an stáit agus faoin méid a thuig sé féin a bheith dleathach de réir an Dara Leasaithe. Ar an mbonn sin, ardaíonn na fístaifeadtaí ceisteanna tromchúiseacha faoi riachtanas agus comhréir an fhórsa mharfaigh a úsáideadh.

Marú Nicole Good

Lean bás Nicole Good patrún comhchosúil. Maraíodh í tar éis do ghníomhairí iarracht í a bhaint as a carr agus í ag iarraidh imeacht. Gan aon imscrúdú neamhspleách déanta, dúradh go hoifigiúil gur sceimhlitheoir a bhí inti, sular scrúdaíodh na fíricí go poiblí.

Arís eile, léiríonn fístaifeadtaí agus cuntais finnéithe bearna shoiléir idir an méid a dúradh go hoifigiúil agus an méid atá le feiceáil. Mar a tharla le Pretti, dhiúltaigh na húdaráis fheidearálacha cead a thabhairt do ghníomhairí stáit nó don FBI imscrúdú neamhspleách a dhéanamh, ag maíomh go mbeadh athbhreithniú inmheánach amháin ann. Mar is eol dúinn go léir, ní féidir le cuntasacht a bheith ann nuair a dhéanann na daoine a úsáideann fórsa imscrúdú orthu féin.

Fóin Chliste

Tá fóin chliste anois ar cheann de na huirlisí daonlathacha is tábhachtaí den ré nua-aimseartha. Nochtann siad aon chontrárthacht idir ráitis oifigiúla agus an méid atá le feiceáil sna fístaifeadtaí. Ligeann siad don phobal na himeachtaí a fheiceáil dóibh féin agus a mbreithiúnas féin a dhéanamh, gan brath ar ráitis oifigiúla amháin.

Mhol Gobharnóir Minnesota, Tim Walz, do dhaoine a bhfóin a iompar leo i gcónaí agus idirghníomhaíocht le gníomhairí feidearálacha a thaifeadadh. Is gníomh dleathach é seo. Cruthaíonn taifeadtaí fianaise bhuan ar féidir le cúirteanna, reachtóirí, iriseoirí agus an pobal iad a scrúdú níos déanaí.

Forlámhas gan Chuntasacht

Sa dá bhás, dhiúltaigh na húdaráis fheidearálacha imscrúdú neamhspleách a cheadú. Ag an am céanna, tá Gobharnóir Walz agus Méara Minneapolis faoi fhiosrúchán mar dhiúltaigh siad comhoibriú le CBP agus ICE, agus iad ag maíomh go raibh údarás an stáit agus cearta sibhialta á sárú.

Má leanann na cleachtais seo gan dúshlán, is dócha go leathnóidh siad. D’fhéadfadh cathracha eile a bheith thíos leo. D’fhéadfadh gníomhairí feidearálacha a bheith imlonnaithe le linn tréimhsí toghcháin, ag cur brú ar vótálaithe faoi leithscéal slándála. Is annamh a fhanann creimeadh cearta sibhialta teoranta d’áit amháin.

Níor thosaigh réimeas údarásach na Gearmáine, an Aontais Shóivéadaigh ná na Síne le dúnmharuithe ar scála mór. Thosaigh siad le heasaontóirí a chur i láthair mar namhaid agus le héilimh ar chách cloí in ainm an ordaithe.

Freagra

Níl muintir Mheiriceá gan chumhacht. Is féidir leo agóidí síochánta a eagrú. Tá vótaí acu sna toghcháin. Tá fóin acu. Is féidir leo brú a chur ar ionadaithe tofa agus cuntasacht a éileamh.

Tá ról ag an bpobal idirnáisiúnta freisin. Léirigh iarrachtaí SAM le déanaí ar chomhéigean geopholaitiúil, lena n-áirítear brú maidir leis an nGraonlainn, go n-oibríonn cur i gcoinne comhordaithe. Thaispeáin freagraí aontaithe ón Aontas Eorpach agus ó Cheanada cad is brí le dlúthpháirtíocht dhaonlathach, gan dul i muinín teannais ná bagairtí.

Is léir anois go bhfuil an córas idirnáisiúnta ag athrú. I bhfianaise na bhforbairtí seo, tá sé réasúnach do thíortha beaga athmhachnamh a dhéanamh ar a spleáchas agus ar a straitéisí amach anseo, agus súil ghéar a choinneáil ar chúrsaí daonlathais.

 

 

 

Litir ó Mheiriceá –  Scéal Dochreidte Donna Hughes-Brown

Litir ó Mheiriceá – Scéal Dochreidte Donna Hughes-Brown

Scaoileadh Donna Hughes-Brown saor ó Ionad Coinneála Chontae Campbell i Kentucky, na céadta míle óna teaghlach i Missouri, tar éis di cúig mhí a chaitheamh faoi ghlas. A coir? Dhá sheic dhona (arbh fhiú $80 iad in iomlán) a scríobh sí ag siopa grósaera breis agus deich mbliana ó shin agus a ndearna sí aisíoc orthu cheana féin.

Is cúis mhór faoisimh é go bhfuil an tseanmháthair Éireannach seo saor anois, tar éis di a bheith gafa i gcontúirt na gníomhaíochta imirce atá ar siúl i Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) faoi láthair. Deir a fear céile, Jim Brown, gur chuir an polasaí “isteach go hiomlán” ar a dteaghlach agus go léiríonn sé cruálacht rialtas SAM go soiléir.

Fadhb gan choinne i Chicago

Thosaigh an tromluí i mí Iúil 2025. Bhí Donna agus a fear céile Jim Brown tar éis taisteal go hÉirinn chun freastal ar shochraid aintín Donna. Turas rialta a bhí ann do Donna, a rugadh i Sasana do thuismitheoirí Éireannacha i 1966 agus a bhog go dtí na Stáit Aontaithe i 1977 ag aois 11.

In ainneoin Cárta Glas a bheith aici le beagnach leathchéad bliain agus a bheith tar éis taisteal go hidirnáisiúnta go minic gan aon fhadhb, bhí an uair seo difriúil. De réir Jim, ní raibh fadhb ar bith ag Donna ag Réamh-imréiteach Custaim SAM i mBaile Átha Cliath. Mar sin féin, nuair a thuirling sí ag Aerfort Idirnáisiúnta O’Hare i Chicago, scaradh an lánúin.

“Tugadh cead iontrála di i mBaile Átha Cliath agus gabhadh í mar sin féin,” a dúirt Jim Brown le déanaí. Dúradh leis nach raibh de dhíth ar a bhean chéile ach roinnt cáipéisí a shíniú. Ina áit sin, cuireadh iall láimhe uirthi, choinnigh Forfheidhmiú Inimirce agus Custaim (ICE) í, agus cuireadh i bpríosún i Kentucky í.

Shínigh Trump an “One Big Beautiful Bill Act” ar 4 Iúil, 2025. Mar pháirt den bhille sin, leasaíodh reachtaíocht an Achta Imirce agus Náisiúntachta, ag rá gur féidir leis an rialtas daoine (nach saoránaigh iad) a ghabháil ar sháraigh aon dlí le fiche bliain anuas. Tháinig an dlí i bhfeidhm ar 24 Iúil, nuair a bhí Donna agus Jim in Éirinn cheana féin.

“Coireanna Suarachais Mhorálta”

Idir 2012 agus 2015, ba mháthair shingil í Donna a bhí ag streachailt agus ag tabhairt aghaidh ar ghéarchéim airgeadais thromchúiseach. Scríobh sí dhá sheic dhona ag siopa grósaera áitiúil.

“Ba le haghaidh níos lú ná $80 iad le chéile,” a mhínigh Jim Brown i bhfianaise a thug sé ag éisteacht Comhdhála. “Cúisíodh í as mí-iompar, d’íoc sí an cúiteamh, agus chríochnaigh sí bliain amháin promhaidh. Tharla sé sin deich mbliana ó shin.” Faoin léiriú nua ar an dlí imirce, tá na mí-iompraíochtaí seo á n-aicmiú anois mar “choireanna suarachais mhorálta.” Is féidir leis an rialtas ceart cónaithe Donna a bhaint di agus í a dhíbirt ó SAM ar an mbonn sin.

Feachtas Tábhachtach

Tá Jim i mbun feachtais le míonna anuas ar son a mhná céile. Admhaíonn sé gur vótáil sé ar son Donald Trump, mar chreid sé gealltanais Trump go ngabhfaí inimircigh a bhí ina gcoirpigh fhoréigneacha, agus go ndíbreofaí iad ón tír. Ach creideann sé anois go bhfuil an rialtas ag díriú ar dhaoine cosúil lena bhean chéile chun cuótaí díbeartha a bhaint amach.

“Féach ar an nuacht, agus níl an rialtas ag insint na fírinne faoi cad atá ag tarraging do go leor inimirceach dlíthiúil,” a dúirt Jim. “Is é an rud is measa ná go bhfuil Trump chomh dímheasúil do dhaoine, chomh ceannairceach agus chomh frithbheartach go bhfuil eagla ar dhaoine aon rud a rá.”

Aighneas i Washington

Bhain an cás buaicphointe amach i Washington, D.C., le linn éisteachta ar “Worldwide Threats to the Homeland.” Sheas Jim Brown san áiléar agus chuir ionadaithe Daonlathacha brú láidir ar Kristi Noem, Rúnaí DHS agus comhghuaillí de chuid Trump, maidir le mímhoráltacht Donna a bheith faoi choinneáil gan triail.

Chuir an tIonadaí ó Rhode Island, Seth Magaziner, iallach ar Noem aghaidh a thabhairt ar an gcostas daonna a bhaineann le beartais a ranna. “Is iarshaighdiúir cogaidh de chuid an Chabhlaigh é, a rinne seirbhís dár dtír i gCogadh na Murascaille,” a dúirt Magaziner, ag tagairt do Jim. “Tá sé pósta le bean darb ainm Donna a tháinig go dtí ár dtír go dlíthiúil nuair a bhí sí 11 bhliain d’aois… Mar gheall ortsa, tá Donna i bpríosún le ceithre mhí anuas.”

Nuair a rinne Noem iarracht an cheist a sheachaint, ag rá nach raibh sí freagrach as cén dlíthe ba chóir a fhorfheidhmiú, bhrúigh Magaziner ar ais, ag tabhairt faoi deara a lánrogha leathan mar Rúnaí parúl a eisiúint. Faoi shúil an choiste agus faoi shúil an fhir chéile atá trína chéile, ghéill Noem sa deireadh: “Déanfaidh mé athbhreithniú ar an gcás.”

Patrún dírithe

Ní eachtra aonair é an cruachás atá ag Donna. Tá cosúlachtaí suntasacha idir a cás agus cás Éireannaigh eile – Cliona Ward. Cé go bhfuil Cárta Glas aici, gabhadh Ward ag Aerfort Idirnáisiúnta San Francisco i mí Aibreáin 2025 tar éis cuairte ar Éirinn, mar gheall ar mhionchoireanna freisin a théann siar beagnach 20 bliain. Cé gur scaoileadh Ward saor faoi dheireadh i mí na Bealtaine, thug a coinneáil le fios go raibh tús á chur leis an straitéis nua fhorfheidhmithe ionsaitheach seo.

Teacht Abhaile don Nollaig

Tháinig deireadh sona leis an scéal ag an éisteacht chúirte ríthábhachtach ar an 18 Nollaig. In ainneoin na n-eagla go gcuirfí moill eile air, scaoileadh Donna saor ó choimeád ICE.

Roimhe sin, dúirt Jim: “Taispeáin dom cá bhfuil sé scríofa sa Bhíobla go bhfuil sé ceart rud mar seo a dhéanamh. Tá sé mícheart, lánstad!” Anois, tar éis cúig mhí de chruatan agus éiginnteacht, beidh Donna in ann an Nollaig a cheiliúradh sa bhaile lena muintir i Missouri.

“Tá sí céad faoin gcéad neamhchiontach. Tá sí sa tír seo go dleathach,” a dúirt Jim. Anois, faoi dheireadh, tá an ceart bainte amach acu.

gaGaeilge