Ar Bhealach a Shlánaithe!

Ar Bhealach a Shlánaithe!

Buaileann na ‘Sopranos’ leis an ‘Apprentice’!  B’in é an smaoineamh a bhí agam nuair a chonaic mé Michael Cohen ag tabhairt fianaise do Chomhdháil na Stát Aontaithe le déanaí.  Saghas teilifís réaltachta atá ar siúl, ach ag an am céanna, tá a fhios agam gur eachtra stairiúil atá ar siúl, cosúil le cúrsaí Nixon sa seachtóidí.

D’éist mé le beagnach gach rud a tharla agus bhí cúpla rud aisteach le tabhairt faoi deara.  Seo na rudaí is tábhachtaí a d’fhan liom tar éis na n-Éisteachtaí sin.

Iar-dhlíodóir an Uachtaráin Trump is ea Michael Cohen.  Seo an fear a dúirt uair amháin go nglacfadh sé piléar don Uachtarán.  Ach, ar chlár na mionn, ba scéal eile ar fad aige é. Rinne sé a lán rudaí a d’iarr Trump air a dhéanamh, nuair a bhí a fhios aige nach raibh siad ceart nó dlíthiúil.  Agus cuirfear sa phríosún é ar feadh trí bliana dá mbarr.

Ag tús a fhianaise, leag sé síos an chaoi a mbeadh cúrsaí an chuid eile den lá, nuair a d’fhógair sé gan frapa gan taca faoin Uachtarán Trump: “Tá náire orm mar tá a fhios agam cén saghas duine é an tUasal Trump.  Is ciníoch é, is cneámhaire é agus is séitéir é!” Focail thintrí ba ea iad sin, go háirithe nuair a thuigtear nach raibh sé ag caint faoi cheann feadhna ar bhuíon coirpeach, ach faoi Uachtarán Mheiriceá féin!

Thug Cohen a lán samplaí de rudaí dona ar chabhraigh sé le Trump iad a dhéanamh.  Mhínigh sé a ról in a lán gníomhaíochtaí neamhcheadaithe, ó imeachtaí eastát réadach go ceannach portráid an Uachtaráin, ó litreacha bagracha faoi mharcanna an Trumpaigh ar scoil go híocaíochtaí Stormy Daniels!

D’inis sé dúinn faoi rudaí a chonaic sé á ndéanamh, agus ar chuala sé á rá ag an Uachtarán agus ag oibrí sa Teach Bán.  I gcás amháin, nuair a bhí sé leis an Uachtarán ag tiomáint trí cheantar bocht i Chicago, dúirt an tUachtarán gurb iad na daoine gorma amháin a chaithfeadh a saol mar sin.  I gcás eile, dúirt an tUachtarán go raibh an breithiúnas is measa ar domhan ag a mhac is sine, Donald Trump Junior. Bhí sé sin ag tagairt do chruinnithe leis na Rúisigh faoi Thúr Trump agus b’fhéidir faoi thoghchán na hUachtaránachta.  I gcás eile fós, bhí a fhios roimh ré ag Trump faoi dhumpáil ríomhphost na nDaonlathach ó Wikileaks, mar chuala Cohen Trump agus Roger Stone ag caint faoi ar fón callaire cúpla lá roimh an sceitheadh sin.

Cé go bhfuil na liostaí thuas neamhiomlán, caithfidh tú a admháil nach bhfuil aon easpa eachtraí amhrasacha iontu!

Tar éis a ráiteas tosaigh, chuir Ionadaithe na Comhdhála ceisteanna ar Cohen.  Dá mba Phoblachtánach Comhdhála a bhí ag cur ceisteanna, chuir sé/sí an bhéim go léir ar a phearsantacht, ag iarraidh a thaispeáint gur bhréagadóir a bhí ann, agus gur bréagadóir anois é freisin.  Níor caitheadh mórán ama ag cosaint an Uachtaráin. Má ba Daonlathach Chomhdhála a bhí ann, chaith sé/sí a lán ama ag aontú le Cohen, agus ag ionsaí an Uachtaráin.

Tar éis na gceisteanna, dúirt Cohen an rud aisteach seo:

“Tá imní orm má theipeann air an toghchán a bhuachaint i 2020, nach mbeidh athrú cumhachta síochánta riamh ann agus sin an fáth ar aontaigh mé teacht os bhur gcomhair inniu.”

Bhí focail tábhachtacha le rá ag Cathaoirleach na hÉisteachta, Elijah Cummings (Daonlathach Maryland) ag an deireadh.  Seo mar a dúirt sé:-

“Tá a fhios agam go raibh sé sin deacair.  Tá a fhios agam go bhfuil dúshlán mór romhat.  Tá a fhios agam go bhfuil tú imníoch ar son do chlainne.  Ach is é seo cuid de do chinniúint. Agus tá súil againn go dtreoróidh an chuid seo de do chinniúint chuig an Michael Cohen is fearr,  chuig an Donal Trump is fearr, chuig na Stáit Aontaite ís fearr, agus chuig domhan níos fearr dúinn uilig! Ó mo chroí istigh a thagann an ghuí sin.  Nuair a bhímid ag damhsa leis na haingil, cuirfear an cheist, i 2019, céard a rinneamar chun a chinntiú go mbeadh ár ndaonlathas slán? Ar sheasamar ar leataobh gan tada a rá?  Ar shuíomar fúinn?”

Nach cumhachtach na focail iad sin!  Nach am ríthábhachtach é seo, nuair a tharlaíonn rudaí mar sin sa domhan, fiú amháin i Mheiriceá!

Tá an domhan go léir ag breathnú orainn anois, agus tá súil againn go ndéanfaimid mar ba cheart, agus mar ba chóir dúinn a dhéanamh.

Ar Bhealach a Shlánaithe!

Sága an Leathanbhanda!

Níl leathanbhanda ardluais agam fós, mar tá fadhbanna móra ag baint leis an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda.  Mura bhfuil a fhios agat cad atá i gceist agam, agus cén fáth gur ábhar tábhachtach é, is é atá i gceist ná rochtain idirlín in Éirinn.  Tá rochtain idirlín mar ocsaigin nó uisce sa lá atá inniu ann. Tá sé tábhachtach do dhaoine sa bhaile agus do ghnólachtaí. Tá sé tábhachtach d’eacnamaíocht na tíre anois, agus beidh sé i bhfad níos tábhachtaí sa todhchaí.  Níl seirbhísí idirlín ag breis is milliún daoine sna ceantair thuaithe. Agus mar sin, déanann na fadhbanna leis an bplean dochar millteanach do na ceantair sin. Ní rud maith don tír é seo!

Táimse féin ag fanacht le leathanbhanda le blianta anuas anois.  Tháinig cábla snáthoptaice chomh gairid dom le leath ciliméadair, ach stad sé ansin.  Tá mo theach i gCarraig Seabhac i ndeisceart an chontae. Shocraigh mé beagán taighde a dhéanamh ar an ábhar, le teann caidéise.  Bhain a bhfuair mé amach siar asam.

Tá scéal an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda dochreidte.  Níl spás anseo an scéal go léir a insint, ach seo na buaicphointí.  Bhí an plean cumtha i 2012 le leathanbhanda ardluais a chur ar fáil do gach duine agus gach comhlacht in Éirinn faoi dheireadh 2020.  Thógfadh sé sin cáblaí snáthoptaice a crochadh go 840,000 áitreabh. Chuir an Rialtas amach cuireadh chun tairisceana don togra seo. I lár 2016 phioc siad trí thairgeoir agus thosaigh an chéad chéim eile den phróiseas ansin.  Thosaigh an trioblóid freisin.

I lár 2017 rinne ceann de na tairgeoirí – Eir, margadh leis an Rialtas, chun breis ar 300,000 do na háitreabh a choimeád dóibh féin, le gealltanas seirbhís leathanbhanda a chur ar fáil dóibh roimh dheireadh 2018  . D’fhan Eir in iomaíocht leis an dá thairgeoir eile freisin, sin SIRO (ilchomhlacht ESB agus Vodaphone) agus ENET (comhlacht snáthoptaice faoi úinéireacht Granahan McCourt ag an am sin).

I Meán Fómhair 2017, tharraing SIRO amach, ag rá nach raibh cás tráchtála ann a thuilleadh.  Is dócha tar éis na 300,000 áitreabh a bhaint amach, bhí an cás tráchtála níos measa dóibh.

In Eanáir 2018, tharraing Eir amach, ag rá go raibh imní orthu faoi rialacháin agus praghsáil.   Thart ar an am sin, tháinig SSE (comhlacht fóntais as Albain) agus John Laing (comhlacht forbraíocht infreastruchtúr) isteach le ENET sa mhargadh.  Ansin ní raibh ach an cuibhreannas sin fágtha. An iomaíocht go léir imithe! Agus anois bhí Dave McCourt (fiontraí Gael-Meiriceánach agus bunaitheoir a comhlacht infheistíochta Granahan McCourt Capital) mar chathaoirleach an cuibhreannas.

I lár na bliana 2018, bhí go leor cruinnithe idir an tAire Dennis Naughten, agus Dave McCourt.  I mí Iúl d’fhág SSE an cuibhreannas tairiscint. Rinne Granahan McCourt margadh le Irish Infrastructure Fund (IIF) ( comhlacht infheistíochta faoi thacaíocht an Stáit), agus cheannaigh IIF an chuid is mó den chomhlacht ENET.

I Meán Fómhair fuair an Rialtas an tairiscint dheireanach ón gcuibhreannas.  Bhí an cuibhreannas sin ag athrú fós, mar d’imigh John Laing amach agus tháinig Actavo (comhlacht Denis O’Brien), Nokia, The Kelly Group agus KN Group isteach.  Thart ar an am sin, d’íol McCourt an píosa ENET a bhí fágtha aige go IIF.

Beagán ina dhiaidh sin, thug comhlacht Luxembourg – Cube, cás i leith McCourt, ag deimhniú gur gheall sé go ndíolfadh sé cuid den ENET dóibh, agus mar sin go raibh sé ag sárú an chonartha eatarthu.

Agus ansin, fuair daoine amach go raibh cruinnithe idir Naughten agus McCourt, cruinnithe  príobháideacha san áireamh. Tarraingíodh go leor ceisteanna eiticiúla ansin faoi na cruinnithe sin.   Bhí brú ollmhór ar Naughten ansin, agus d’éirigh sé as a phost go luath ina dhiaidh sin.

I mí an Mhárta 2019, níl aon socrú fós.  Beidh an togra seo an daor – suas le 3 billiún Euro a deirtear.

Scéal an-chasta is ea é, agus ag deireadh an lae, níl ach tairgeoir amháin fágtha, atá tar éis athrú an oiread sin nach é an t-eintiteas céanna anois é.  B’fhéidir go bhfuil sé in am don Rialtas athbhreithniú a dhéanamh ar an bPlean, mar chomh maith le fadhbanna tairgeoirí, is fiú bheith ag machnamh ar theicneolaíochtaí nua freisin atá ar fáil anois nó go luath.

Idir an dá linn, ní bheinn ag féachaint ar Netflix ag mo theach go ceann tamall maith eile!

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge