Stoirm Pholaitíochta

Stoirm Pholaitíochta

Is comhtharlúint é go raibh colún agam le déanaí dar teideal ‘Saint gan Staonadh’, ag plé ar mhí-úsáid chumhachta i réimsí éagsúla réimse na polaitíochta san áireamh. Léigh mé nuacht le déanaí a chuir idir iontas agus déistin orm – bhí ceannaire an DUP, Sir Jeffrey Donaldson, éirithe as a phost, agus é cúisithe as líomhaintí gnéis ‘stairiúla’. An chéad smaoineamh a bhí agam ná ‘dochreidte’! Ach ansin, tháinig ábhar mo cholún ar ais dom, agus ansin cheap mé go mb’fhéidir nach raibh sé chomh dochreidte sin tar éis an tsaoil. Tarlaíonn rudaí cosúil leis sin go minic sna Stáit Aontaithe, agus de ghnáth, tar éis do pholaiteoirí na cúisimh a shéanadh, faoi dheireadh ciontaítear iad den chuid is mó. Cé nach bhfuil cuma rómhaith ar chás Jeffrey Donaldson, fágaimis don chúirt obair amach an ciontach é. Beag beann ar sin, beidh ar pholaiteoirí sa Tuaisceart dul i ngleic le tírdhreach nua polaitíochta gan mhoill, agus b’fhéidir fís nua a chumadh sa phróiseas sin. Beidh cobhsaíocht pholaitíochta idir dhá cheann na meá, agus deacair go leor anois a thuaradh céard a tharlóidh. San idirlinn, cé hé Jeffrey Donaldson, agus cad iad na himpleachtaí ag baint le ceannaireacht nua an DUP?

Jeffrey Donaldson

I 1968, mar urlabhraí an bhinse tosaigh i Rialtas na Breataine, thug Enoch Powell óráid chonspóideach faoi ‘Aibhneacha Fola’, ag gríosú a lucht leanúna chun fuatha in aghaidh daoine de chine daite. De dheasca a óráide, tugadh bata is bóthar dó mar urlabhraí, ach d’fhan sé mar bhall den Pháirtí Coimeádach, nach raibh fáilte roimhe, go dtí 1974. I mí Dheireadh Fómhair 1974, fuair Powell dídean sa Pháirtí Aontachtach Uladh (UUP) agus na dílseoirí ag cur síos air mar fháidh agus ansin toghadh é mar MP sa Dún Theas. Dúirt Powell in óráid amháin go dteipeann gach gairmréim pholaitiúil sa deireadh – rud a bhí ar eolas go maith aige féin.

Maraíodh col ceathrar Jeffrey, Samuel Donaldson, i bpléasc de chuid an IRA i 1970, nuair a bhí ag obair don Chonstáblacht Ríoga Uladh (RUC). Spreag sé sin Jeffrey Donaldson chun saoil pholaitiúil.

Chuir Jeffrey Donaldson tús lena ghairmréim pholaitiúil féin timpeall 40 bliain ó shin mar ghníomhaire toghlaigh do Enoch Powell ó 1983 go 1985. I 1985, thosaigh sé ag obair mar chúntóir pearsanta d’iarcheannaire Pháirtí Aontachtach Uladh James Molyneaux.

I 1997, nuair a d‘éirigh an tUasal Molyneaux as a phost, d’éirigh le Jeffrey Donaldson suíochán i nGleann an Lagáin a ghlacadh. I 2003, i measc a fhreasúra in aghaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta agus ceannaireacht David Trimble, d’fhág sé an UUP agus chláraigh sé leis an DUP in éineacht le hArlene Foster. Ceapadh é mar cheannaire an DUP i 2021, tar éis do Edwin Poots éirí as an bpost gan ach trí seachtaine aige sa ról.

Mar cheannaire an DUP, rinne Jeffrey Donaldson baghcat dhá bhliain ar institiúidí polaitiúla Thuaisceart Éireann i Stormont, mar agóid faoi shocruithe trádála iar-Brexit. Tar éis idirbheartaíochtaí fada, d’aontaigh an DUP filleadh ar Stormont i mí Feabhra, 2024, tar éis comhaontú nua a fháil agus sraith dearbhuithe maidir le seasamh bunreachtúil Thuaisceart Éireann laistigh den Riocht Aontaithe. Tharla na líomhaintí tromchúiseacha do Jeffrey Donaldson agus é i mbarr a réime. Maidir lena bhí le rá ag a mheantóir, Enoch Powell go dteipeann gach gairmréim pholaitiúil sa deireadh is cosúil go dtiocfaidh an tuar faoin tairngreacht i gcás Jeffrey Donaldson.

Cad a dhéanfar anois?

Nuair a tháinig na líomhaintí chun solais, chuir oifigigh pháirtí an DUP Jeffrey Donaldson ar fionraí ón bpáirtí agus ceapadh an leascheannaire Gavin Robinson d’aon ghuth mar cheannaire eatramhach. Is é an tUasal Robinson an MP do Bhéal Feirste Thoir agus rinneadh leascheannaire an DUP de i mí an Mheithimh 2023. Is iar-Ardmhéara Bhéal Feirste é agus toghadh don pharlaimint den chéad uair é in 2015. Tá a sheasamh polaitiúil beagnach mar an gcéanna le seasamh Jeffrey Donaldson, agus reáchtáil sé feachtas rathúil ceannaireachta dó i 2021.

Dar le Sinn Féin agus an DUP, níl aon riosca do chobhsaíocht pholaitíochta an Tuaiscirt. nach gcreidim go bhfuil sé sin fíor, tuigim gurb é sin an rud is fearr dóibh a rá. an t-éiceachóras pholaitiúil leochaileach anois, agus éasca a bhriseadh. Níl an dúch tirim fós ar chinneadh Jeffrey Donaldson stad a chur le baghcat Stormont, cinneadh nach raibh tacú láidir aige sa DUP. Seans maith go dtapódh iad atá in aghaidh na cinniúna sin an deis é a athoscailt agus céim ar gcúl a thabhairt. Ar an taobh eile den argóint, tá brú mór ar an DUP gan dul ar ais go córas mífheidhmiúil sa Tuaisceart, córas ina mbíonn gach duine thíos leis, a lucht leanúna san áireamh.

Bímis go léir ag súil go mbeidh ciall agus guaim bheag ag gach páirtí polaitiúil sa Tuaisceart agus go háirithe ag an DUP in uair na cinniúna seo, agus sa tslí sin go bhfanfaidh an tsíocháin i réim. Mar is eol dúinn go léir, ní féidir linn go deo talamh slán a dhéanamh den staid pholaitiúil, go háirithe sa Tuaisceart!

.

Tuairisc ó Mheiriceá – An Searmanas Seamróige!

Tuairisc ó Mheiriceá – An Searmanas Seamróige!

Tuairisc ó Mheiriceá – An Searmanas Seamróige!

Bhí go leor daoine in Éirinn ag éileamh go gcuirfí an cruinniú idir an Taoiseach Leo Varadkar agus Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden ar ceal mar agóid i gcoinne na tacaíochta á tabhairt ag Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) dIosrael i rith a hionsaithe uafásaigh in Gaza. Maraíodh níos mó ná 30,000 duine ann, agus formhór dóibh ina sibhialtaigh. Maraítear timpeall 250 duine ar an meán gach lá sa Stráice huaire níos mó ná sa chogadh in Úcráin. féidir aon leithscéal a dhéanamh don ár agus argain atá ar siúl in Gaza an tUileloscadh san áireamh. Is gá stop a chur leis gan mhoill. Is náire saolta é seo, agus milleán indíreach ar SAM, mar is áisitheoir iad. Chomh maith le cúnamh airgeadais agus míleata, cuireann SAM tacaíocht pholaitiúil ar scála mór ar fáil d’Iosrael freisin. D’úsáid SAM a gceart crosta i 83 rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Bhí 42 dóibh sin in aghaidh cáineadh a dhéanamh in aghaidh Iosrael agus an ceann is déanaí (ar an 18 Deireadh Fómhair 2023) in aghaidh sosa dhaonnúil sa Stráice Gaza.

Tar éis a mhachnamh a dhéanamh, bheartaigh Varadkar ar an gcuairt a dhéanamh go Washington, in ionad droim láimhe a thabhairt do Biden. Bhí rún daingean aige seasamh láidir a chur in iúl do Biden, ag cáineadh polasaithe an rualoiscthe atá á gcur i bhfeidhm ag Iosrael, agus go bhfuil sé do-ghlactha don domhan thiar tacaíocht a thabhairt dIosrael maidir leis na polasaithe céanna.

An Searmanas Seamróige

D’fhreastal Varadkar ar na himeachtaí ag ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig. Cuid thábhachtach den cheiliúradh is é cuairt an Taoisigh ar an Teach Bán chun comhrá a dhéanamh le hUachtarán na Stát Aontaithe, duine le duine. Is mór an phribhléid é sin, agus níl aon tír eile agus go háirithe tír bheag, in ann seans mar sin a bheith aici, bliain i ndiaidh bliana. Dá bhrí chomh tábhachtach is atá sé, bhí mé an-sásta nár chuir Varadkar an cruinniú bliantúil sin ar ceal. Chomh maith leis sin, nach bhfuil sé níos fearr comhrá deacair a bheith againn, in ionad baghcat a dhéanamh?

Bhí comhrá príobháideach ag an mbeirt ar dtús, ag plé go leor ábhar. Thug Biden agus Varadkar óráidí ansin. Dúirt Varadkar go neamhbhalbh gurb í an fhadhb atá ag muintir na hÉireann ná go bhfuil SAM ag tabhairt tacaíochta míleata do na hIosraelaigh fós, in ainneoin cad atá a dhéanamh ag fórsaí míleata Iosrael (IDF) in Gaza. Ag an am céanna, ghlac sé go raibh SAM ag obair go dian ag iarraidh sos comhraic a chur i bhfeidhm in Gaza. Is suimiúil é gur aontaigh Biden le gach rud a dúirt Varadkar, ach ní briathra a dhearbhaíonn ach gníomh, agus tagann focail agus gníomhartha Biden salach ar a chéile, suas go dtí seo.

Seo cúpla sliocht as óráid Varadkar:

Beagnach 250 bliain ó shin, bhí Éireannaigh libh sa Chogadh Saoirse Mheiriceá. 100 bliain ó shin go díreach, ba iad na Stáit Aontaithe ar an gcéad tír a thug aitheantas foirmiúil do Stát nua-neamhspleách na hÉireann agus a bhunaigh caidreamh taidhleoireachta.

Agus anocht, déanaimis go léir machnamh ar fhocail an Uachtaráin Kennedy nuair a d’impigh sé orainn ‘obair na síochána is tábhachtaí’ a dhéanamh chun na daoine laga agus na daoine beaga a chosaint, mar a dúirt sé i bParlaimint na hÉireann: ‘ó Chorcaigh go dtí an Congó, ó Ghaillimh go Stráice Gaza’.

A Uachtaráin, mar is eol duit, tá muintir na hÉireann an-bhuartha faoin tubaiste atá ag titim amach roimh ár súile in Gaza. Agus mé ag taisteal an domhain, cuireann ceannairí ceist orm go minic cén fáth a an oiread sin comhbhá ag na hÉireannaigh do mhuintir na Palaistíne. Tá an freagra simplí: feicimid ár stair ina súile. Scéal díláithrithe agus díshealbhaithe, féiniúlacht náisiúnta a ceistíodh agus a diúltaíodh, eisimirce éigeantach, leithcheal, agus anois – ocras.

Mar sin tacaímid le d’obair agus obair do riaracháin, chun sos cogaidh dhaonnúil a bhaint amach agus chun spás a chruthú do shíocháin bhuan.

Tá bia, leigheas agus foscadh ag teastáil go géar ag muintir Gaza. Ach go háirithe is gá dóibh go stopadh na buamaí. Caithfidh sé seo stopadh. Ar an dá thaobh. Na gialla tógtha ar ais abhaile. Agus faoiseamh daonnúil ceadaithe teacht isteach.

Ní mór d’Iosrael a chinneadh géarchúiseach a fhreaschur maidir le hionradh talún i Rafah.

Agus tar éis 100 bliain d’fhoréigean, mar a dúirt tú, is í an t-aon slí slándála chun cinn dhá stát síochánta agus ceannasach a bheith ann, taobh le taobh.

Tá Éire réidh le stát Palaistíneach a aithint le comhpháirtithe den mheon céanna ag an am ceart ó thaobh na síochána de.

A Uachtaráin, feicimid stair Iosrael inár súile freisin. Diaspóra a raibh a chroí in Éirinn glúin i ndiaidh glúine. Náisiúnstát athshaolaithe. Agus athbheochan na teanga.

Creidim gur féidir a bheith ar son Iosrael agus ar son na Palaistíne agus creidim go gcreideann tusa mar an gcéanna.

Toisc go bhfuil stádas comhionann ag saol linbh Palaistíneach agus atá ag saol linbh Iosraelach.

Agus go bhfuil uaillmhian mhuintir na Palaistíne a dtír dhúchais féin a bheith acu, Stát lán-chuimsitheach i dtír a sinsir, ar comhchéim le stát a bheith ag muintir Iosrael.

Creidim freisin go bhfuil ceachtanna ar féidir a bhaint as ár bpróiseas síochána féin in Éirinn. Coincheap cothrom measa agus tábhacht an chaidrimh go háirithe.

Agus freisin ról ríthábhachtach Mheiriceá, a thug cathaoirleach dár gcainteanna síochána, an Seanadóir George Mitchell. Bhí rúnaíocht bhuan ann bunaithe ar mhuinín agus ar mhaoirseacht Mheiriceá.

Conclúid

Insíonn óráid an Taoisigh a scéal féin, agus ceapaim go n-aontaímid go léir leis a bhí le rá aige le Biden. Ceapaim go bhfuil rudaí ag dul sa treo ceart ach ar luas seilide. Ach ceapaim freisin nár comhtharlúint é go bhfuil níos mó ag tarlú i ndiaidh an chruinnithe eatarthu ná mar a bhí roimhe. Is lóchrann beag dóchais é sin, agus b’fhéidir go bhfuil seainsín beag ann go mbeidh sos cogaidh in Gaza roimh i bhfad.

Mar fhocal scor, tá sé fógartha ag Varadkar go mbeidh sé ag éirí as a ról mar Thaoiseach agus mar cheannaire ar Fhine Gael. “Tar éis seacht mbliana, ní mé an duine is fearr don phost níos mó,” a dúirt sé.  Go n-éirí do shaothar leat, a Leo!  

.

Fáilte Roimh Chách – Inné, Inniu agus Amárach!

Fáilte Roimh Chách – Inné, Inniu agus Amárach!

Fáilte Roimh Chách – Inné, Inniu agus Amárach!

Níl sé rófhada ó shin nuair ba bheag smaoineamh a bheadh ag aon duine go bhfeicfí an lá choíche nuair a bheadh daoine ina dtuile ag déanamh ar chóstaí ár dtírín, ag iarraidh bheith istigh a fháil inár measc.  Nach sa tslí chontráilte a bhí an tuile dhaonna ag sní amach uainn, lá i ndiaidh lae, seachtain i ndiaidh seachtaine agus bliain i ndiaidh bliana? Ní chloisfeá ón gcosmhuintir an tráth sin ach gearán agus casaoid faoi bhochtaineacht na tíre seo ’gainne. Bhí an port céanna ag gach duine, iad go léir ag maíomh go raibh an tír s’againne imithe i mbealach a basctha.  Bhí na meáin chumarsáide ag dearbhú an dearcaidh chéanna, ag rá go raibh an tír seo ‘gainne “banjaxed”, agus í imithe le sruth, síos poll an leithris, chun na mara móire. 

Bhí ár gcóras oideachais fiú, dírithe ar phoist a fháil dár ndaoine óga i dtíortha thar sáile, agus bhíomar ag oiliúint dochtúirí, banaltraí, sagairt, múinteoirí agus tuilleadh, nach raibh seans acu post a fháil ACH thar sáile.  Chomh maith leis sin, bhí muintir na tíre seo ar nós cuma liom faoi imirce na ndaoine oilte sin, nó faoin ‘Brain Drain’ mar a thugtar air as Béarla.

Gan dabht, d’éirigh go maith leo siúd a chuaigh ar an imirce, ach dár ndóigh, níor chóir ligean i ndearmad riamh an éagóir a ndearnadh orthu, nuair nach raibh muid, mar phobal, ábalta riar dóibh abhus, ina dtír dhúchais féin. gur éirigh leo slí bheatha maith a bhaint amach, ba mhinic a shil siad deora goirte na deoraíochta, mar nach mbeadh sé i bhfad níb fhearr an rath céanna a bheith acu ina dtír féin? Daoine iontacha a bhí iontu, a sheol airgead abhaile chugainn nuair a bhí géarghá lena leithéid abhus.

Teacht an Tíogair Cheiltigh

Thosaigh athruithe móra sna nóchaidí, go mall ar dtús agus ansin níos tapúla, go dtí nach raibh Conchubhar Mór sa Chúinne againn a thuilleadh. Bhí daoine óga ag dul ar saoire chuig áiteanna imchiana an domhain. Bhí gluaisteáin ag daoine nár chleacht riamh ach Neidí bocht na gceithre gcos is na gcluas fada. Bhí daoine ag dul amach chuig tithe ósta, agus chuig proinntithe, le béilí a chaitheamh iontu. Agus chomh maith le sin, bhí daoine gléasta go galánta, Domhnach is Dálach. Bhí cuma, blas agus boladh an airgid le fáil, thíos agus thuas, abhus agus thall, ó cheann ceann na tíre. Ní chloisfeá daoine ag rá feasta ar an Raidió nó ar an Teilifís go raibh an tírín s’againne “banjaxed”, nó bhí na daoine a bhíodh ag canadh an phoirt sin ina suí go te anois, agus carn airgid á shaothrú acu in aghaidh na bliana, as sparán an Stáitín “bhanjaxed” céanna sin.  Le scéal gairid a dhéanamh de, ba ghearr go raibh ainm an airgid amuigh orainn, ó cheann ceann na cruinne.

Na  Leanaí Gorma

Ní raibh ach toradh amháin ar cháil sin an airgid, agus b’in gur tháinig daoine ag déanamh ar chóstaí na tíre seo, ag súil go roinnfí go fial leo anseo. Tháinig na daoine sin, ina nduine agus ina nduine i dtosach, ansin ina mionghrúpaí, agus ar ball, tháinig siad ina dtuile tréan, do-stoptha. I dtosach báire, níor chaith muid chomh fial, flaithiúil, sin leis na strainséirí úd a tháinig inár measc, nó ní raibh aon chleachtadh againn ar a leithéid, ach le himeacht aimsire, b’éigean dúinn glacadh leis, go raibh dualgas orainn feasta, déileáil leo, le dínit agus le meas. Nár chaitheamar blianta fada sa tír seo ag tiomsú pinginí do na “Leanaí Gorma”, ach nuair a d’fhás na Leanaí céanna sin suas, agus nuair a tháinig siad ag iarraidh bheith istigh a fháil uainn, bhuel ba scéal eile ar fad é! Ach diaidh ar ndiaidh, cuireadh ar ár súile dúinn, nach raibh an dara rogha againn ach tearmann a thabhairt dóibh, nuair a bhí a leithéid dlite dóibh, agus chomh maith le sin, d’fháiltíomar roimh oibrithe riachtanacha a sheol chugainn ina gcaise thréan, dóchasach, do-stoptha, agus ní haon ionadh gur fháiltíomar rompu, nó chuidíodar linn an Tíogar gortach, Ceilteach, s’againne, a bheathú agus a ramhrú. Chomh fada is a bhaineann sé liomsa, ba chóir dúinn fáilte is fiche a fhearadh roimh na daoine fíréanta sin a thagann chugainn, ar thóir tearmainn, nó oibre, agus ba chóir go mbeadh muid sásta freisin saoránacht ár dtíre a bhronnadh orthu, dá dtuillfeadh siad a leithéid. 

Anois, níorbh iad na “Leanaí Gorma” amháin a tháinig chun an dorais chugainn, nó chomh luath is a scaip an scéal, go raibh obair agus saothrú den scoth le fáil abhus, thosaigh daoine ó chiníocha éagsúla ag ardú a seolta, lena mbealach a dhéanamh chun na tíre seo.

Fáilte roimh Chách

Cé go bhfuil sé níos deacra déileáil le níos mó daoine, caithfimid cloí leis ár mbunphrionsabail ina ainneoin sin.  Nár dhéanaimid dearmad riamh ar na milliúin dúinne a theith an tír seo in am an ghátair sa Ghorta Mhór agus a fuair tearmann i dtíortha eile, an Cheanada agus na Stáit Aontaithe san áireamh.  Dá dheacracht é, is ea is fearr é rud a dhéanamh, i mo thuairim, go háirithe i gcás mar seo. Ní hé sin a rá nach bhfuil gá le rialacha, mar tá, ach nuair a ligtear isteach aon duine go dlíthiúil sa tír, agus go háirithe iad ag lorg tearmainn, tá dualgas orainn chaitheamh go maith leo. Nuair a fheicim rudaí uafásacha ag tarlú i mBaile Átha Cliath, áit ar cuireadh campa do lucht iarrthóra tearmainn faoi thine, nó i mBaile an Chollaigh i gCorcaigh, agus iar-scoil curtha faoi thine, a bhí beagnach réidh chun tearmann a thabhairt do theifigh ón Úcráin, tagann idir dhíomá agus dhéistin orm.  Ní briathra a dhearbhaíonn ach gníomh, agus tá sé in am dúinn sa tír seo dul i ngleic leis an tseineafóibe, agus lámh chúnta a thairiscint do na teifigh ar ghlac ár rialtas isteach iad sa chéad áit, chun saol nua a thabhairt dóibh. Níl aon leithscéal againn agus caithfimid an rud ceart a dhéanamh as seo amach.  

.

  

.

.

.

Suirbhé ag teastáil go géar!

Suirbhé ag teastáil go géar!

Léigh mé alt spéisiúil ar tuairisc.ie le déanaí scríofa ag Máire Ní Fhinneadha agus chuir sé ag smaoineamh mé. Scríobh sí faoi shonraí ó dhaonáireamh 2022 agus líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge gach lá sa Ghaeltacht sna Limistéir Pleanála Teanga.  Bhí iontas ar Mháire nach raibh mórán le rá ag na saineolaithe agus go háirithe nár thug siad aon chomhairle dúinn bunaithe ar na torthaí sin. Dúirt sí gur mhaígh 43% ina ceantar féin sa Ghaeltacht gur cainteoirí laethúla iad, ach rinne sí pointe maith ansin go raibh gach seans gurb iad na cinn teaghlaigh – daoine fásta – a líon foirm an daonáirimh, cé go raibh an t-eolas is tábhachtaí faoi labhairt na teanga ag an aos óg. Rinne Máire a taighde neamhfhoirmiúil féin i gCois Fharraige.

.

Patrúin úsáide na teanga

D’aithin Máire trí phatrún maidir le húsáid na teanga ina ceantar féin, i mo thuairim:

1.Úsáid dhátheangach.  Chuala Máire fir óga ag comhrá le chéile ar an mbus. Bhí siad ag caint Béarla nóiméad amháin agus Gaeilge nóiméad eile, ag athrú teanga anonn is anall i ngan fhios dóibh féin.
2.Seachadadh teanga ó ghlúin go glúin. Chonaic Máire patrún eile ag obair nuair a bhí baill teaghlaigh ag caint le chéile. Bíonn na daoine fásta sa teaghlach ag caint eatarthu féin as Gaeilge, ach is Béarla amháin a labhraítear leis na gasúir bheaga.  

Chonaic Máire rud a bhí idir ghreann agus bhrón ag baint leis. Chas bean óg as an áit agus a mac uirthi agus rinneadar mionchomhrá faoin mbád pléisiúir a bhí amuigh ar an ród. Dúirt an bhean leis an mbuachaillín – ‘féach amuigh an bád’. ‘Why are you speaking Irish Mammy?’ a deir an putach!

3.Teanga cumarsáide idirghlúine.  Thug Máire faoi deara patrún eile nuair a bhíonn daoine óga ag obair sa Ghaeltacht, mar shampla sna siopaí. Labhraíonn siad Béarla le chéile, ach athraíonn siad go Gaeilge agus iad ag caint le Máire agus a leithéidí.

Anailís

De réir an daonáirimh, tháinig ardú ar líon na ndaoine sa Ghaeltacht a bhfuil Gaeilge acu, ó 63,664 in 2016 go 65,156 in 2022 (ardú 1,492 / +2.3%) tráth ar tháinig titim, áfach, ar líon na ndaoine sa Ghaeltacht a labhraíonn Gaeilge gach lá ó 20,586 in 2016 go 20,261 in 2022 (titim 325 / -1.6%). Cé go bhfuil scéal dearfach sa mhéid is go bhfuil ardú ar líon na ndaoine a bhfuil Gaeilge acu, is cúis imní é go bhfuil an pobal a labhraíonn Gaeilge ag titim. Ach nuair a chuireann tú na patrúin úsáide thuasluaite le chéile le figiúirí an daonáirimh, is léir go bhfuil an scéal níos measa fós. Nuair a líon na cinn teaghlaigh a labhraíonn Gaeilge gach lá, foirm an daonáirimh, is dóichí ná a mhalairt gur chuir siad síos go labhraíonn gach duine sa teaghlach Gaeilge gach lá. Mar sin, gach seans go bhfuil líon na ndaoine sa Ghaeltacht a labhraíonn Gaeilge mar phríomhtheanga gach lá roinnt mhaith níos lú ná 20,261.  Ní hamháin sin, ach seans maith nach labhraíonn formhór na ndaoine óga Gaeilge mar a bpríomhtheanga ach an oiread, fiú má labhraíonn siad Gaeilge gach lá, agus ní rud maith é sin, más fíor é. Seo mar a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí le Conradh na Gaeilge, ar an ábhar:

tá géarghá le tacaíocht láidir, leanúnach agus uaillmhianach ón Stát gan mhoill leis an taoide a chasadh agus borradh suntasach a bhaint amach maidir le húsáid na Gaeilge. Tá neart rudaí gur gá a dhéanamh chun an fhís sin a bhaint amach agus leis an fhás atá de dhíth a bhuanú; tá gá an Plean Fáis, Plean Infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht 2024-29, atá aontaithe ag breis is 115 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta a mhaoiniú chun infheistíocht shuntasach fhadtéarmach a chinntiú; tá gá le polasaí tithíochta náisiúnta don Ghaeltacht; tá gá le polasaí oideachais ón oideachas luath-óige go dtí an tríú leibhéal, agus eile.”  Cé go n-aontaím leis, ceapaim go bhfuil go bhfuil eolas sa bhreis ag teastáil chun cur chuige níos spriocdhírithe agus níos éifeachtaí a fhorbairt.

Moltaí

Bheadh sé an-úsáideach suirbhé a dhéanamh chun níos mó sonraí pearsanta a bhailiú ó na daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá, de réir an daonáirimh.  D’iarrfainn sonraí cosúil le: d’aois, do phríomhtheanga sa bhaile agus taobh amuigh, an saghas céatadáin Gaeilge agus Béarla a labhraíonn tú go laethúil, an labhraíonn tú meascán Gaeilge agus Béarla?  An labhraíonn tú Gaeilge le do ghlúin féin agus Béarla taobh amuigh de sin (nó a mhalairt)?

Bheadh a lán le foghlaim againn ó shuirbhé mar sin agus leis an eolas nua a gheofaí, bheimis in ann pleananna níos fearr a chumadh chun borradh suntasach a bhaint amach maidir le húsáid na Gaeilge.  

.

.

.

.

.

Tubsgate!

Tubsgate!

Fuair Ryan Tubridy €345,000 in íocaíochtaí rúnda breise ó RTÉ ó 2017 suas go dtí 2023.  Bhí an comhlacht i mbun chlár ollmhór costchiorraithe ar feadh an ama sin agus laghdú tuarastail 15% curtha i bhfeidhm ag an stáisiún.lucht RTÉ á cheistiú ag Coiste Oireachtais na Meán agus Coiste um Chuntais Phoiblí an Oireachtais. De réir RTÉ, is í Dee Forbes, iar-ardstiúrthóir an chomhlachta, an t-aon duine amháin a bhí ar an eolas faoi na sonraí go léir ag baint leis na híocaíochtaí breise do Tubridy. Is léir gur ceap milleáin í agus creideann an rialtas gur míniú áiféiseach atá i gceist leis an scéal seo!

Seo achoimre agus cúpla smaoineamh faoin gconspóid.

1.Easpa trédhearcachta is cuntasachta. D’iarr na coistí rialtais thuasluaite ar Dee Forbes, ar cuireadh ar fionraí í óna post mar ardstiúrthóir RTÉ, freastal ar chruinnithe na gcoistí. Tá an Taoiseach, Leo Varadkar, agus an Coiste um Chuntais Phoiblí an Oireachtais ag iarraidh ar Ryan Tubridy, ar a ghníomhaire Noel Kelly, agus ar Dee Forbes teacht os comhair an choiste, chun a scéalta a insint agus ceisteanna a fhreagairt.  Deir Dee Forbes go bhfuil sí tinn anois de dheasca na géarchéime seo!  Deir Tubridy agus Kelly go bhfreagróidh siad ceisteanna go luath, ach níl níos mó eolais againn agus an colún á scríobh agam. I mo thuairim, ba cheart go mbeadh an dualgas seo mar cheann de na coinníollacha fostaíochta dóibh siúd, gan beann ar aon rud eile. Nach gcaithfear daoine in oifigí poiblí nó i bpoist iontaoibhe eile a choinneáil cuntasach?   an rialtas in ann a sheirbheáil ar dhaoine teacht os comhair an Oireachtais, ach tá sé casta go leor é sin a dhéanamh, go háirithe i gcás Dee Forbes mar tá sí tinn agus níl sí ag obair in RTÉ níos mó. Ar aon nós, tá an rialtas ag tabhairt cuirí do na daoine thuasluaite, agus más gá cuirfear iallach orthu freastal ar chruinnithe eagraithe ag an gcoiste um Chuntas Phoiblí an Oireachtais.  
2.‘Ciste Dubh’. Chuaigh Príomhoifigeach airgeadais RTÉ Richard Collins os comhair an Oireachtais agus thug sé rudaí nua chun solais. Bhí cuntas bainc speisialta ag RTÉ, agus is as an gcuntas sin a rinne siad na híocaíochtaí breise do Tubridy. Baineadh úsáid as an gcuntas ‘babhtála’ seo, a raibh níos mó ná 1 milliún ann de ghnáth, le €275,000 a chaitheamh ar imeachtaí spóirt (taisteal, ticéid agus óstáin) – Corn Rugbaí an Domhain, Sraith na Seaimpíní (ticéid deich mbliana), cluichí IRFU agus sacair na hEorpa, ar an áireamh – fan trácht ar flip fleapanna! Dúirt Collins go mb’fhéidir gur fealladh ar na híocóirí cánach! Beidh ceisteanna eile le freagairt ag RTÉ faoin gciste seo, gan dabht, go háirithe mar fuarthas amach le fíorghairid go bhfuil trí chuntas den saghas seo i gceist! Dúirt Aire Caiteachas Phoiblí Pascal Donohoe go mbeidh an rialtas ag lorg tuairiscí airgeadais ag dul siar roinnt blianta, chun tuiscint níos doimhne a fháil faoin gconspóid.
3.Gníomhaire. Fear an-chumhachtach is ea Noel Kelly, gníomhaire hamháin do Tubridy, ach do dhaoine eile mór le rá freisinDave Fanning, Kathryn Thomas, Matt Cooper agus Ivan Yates san áireamh. Meáncheannaí is ea é, a thógann coimisiún 15% ó thuarastal a chliant. Beidh go leor ceisteanna le freagairt ag Kelly, gan dabht. Ach ná déan dearmad ar rud amháin: cé go bhfuil Kelly in ann a chomhairle a chur ar a chliaint, is iadsan atá i gceannas agus is iadsan a thugann treoracha dó. Sa tslí sin, is é ar Tubridy atá an cháipéis maidir leis na socruithe airgeadais a bhí á n-éileamh aige. Ar dtús, níor ghlac Tubridy leis an bhfreagracht sin, ach d’athraigh sé a phort gan mhoill tar éis tamaillín. I mo thuairim, ba cheart do RTÉ dul chun réitigh lena bhfostaithe faoina dtuarastail go díreach gan aon ghníomhaire i láthair.
4.An iomarca airgid. Nuair atá an iomarca airgid i gceist, bíonn fadhbanna ag baint leis sin i gcónaí, agus sáraíonn an tsaint í féin. Mar sin, is gá maoirseacht sheachtrach a dhéanamh ar chomhlachtaí agus cumhacht a bheith ann chun pionós a ghearradh ar chomhlachtaí a bhriseann na rialacha. I gcás RTÉ, tá an doras a dhúnadh i ndiaidh na foghla.

Conclúid

Níl muid ach ag tús an imscrúdaithe anois, agus tá go leor le foghlaim againn fós faoi cad a bhí ar siúl in RTÉ le roinnt blianta. Tiocfaidh an fhírinne go léir amach, is dócha, agus ansin beidh ar an rialtas cinneadh a dhéanamh ionas nach dtarlóidh a leithéid arís. Tá súil agam go gcuirfear eagraíocht maoirseachta sheachtrach in áit a mbeidh na cumhachtaí riachtanacha acu agus a choinneoidhil ghéar ar an RTÉ nua agus ar aon eagraíochtaí eile a úsáideann ár gcánacha chun feidhmiú.

.

.

.

Cothrom na Féinne sa Bhunreacht?

Cothrom na Féinne sa Bhunreacht?

 

Bhí mé ag ithe mo lóin i m’aonar, thuas staighre sa siopa troscáin ‘Meubles’ nuair a d’aithin mé mo sheanchara Séimí i scuaine an bhuifé.  Chroith mé mo lámh air chun a aird a tharraingt agus rinne sé meangadh mór gáire liom roimh dó teacht i mo threo.

“Deas bualadh leat anseo a Mhíchíl!” arsa Séimí agus é suite os mo chomhair ag an mbord.  “Ní raibh a fhios agam gur thaitin bialann ‘Meubles’ leat, a mhic!”

“Is aoibhinn liom an seabhdar breallach anseo.  Ach is ormsa a bhí an t-ionadh, mar bímse anseo i gcónaí, agus ní fhaca mé tú féin anseo riamh cheana, a Shéimí!” arsa mise.

“Táim déanach inniu, a Mhíchíl, ach tagaim anseo uair nó dhó sa tseachtain ag meán lae agus bím imithe laistigh de leathuair!”

“Cur glaoch orm as seo amach má tá mo chomhluadar ag teastáil uait, agus beidh mé sásta bualadh leat ag an meán lae,”  arsa mise i ndáiríre.

“Go raibh maith agat, agus muna bhfuil deifir orm cuirfidh mé glaoch ort!” a d’fhreagair Séimí.  “Ach cad faoi ‘cothrom na féinne’ a bunaíodh sa tír seo tar éis ‘Éirí Amach na Cásca, 1916’?  An bhfuil aon tuairim agat anois, a Mhíchíl?”  Mar is gnáth do mo charasa Séimí an Droichid, chuir sé leathcheann air féin, agus é do mo scrúdú.

“Roinn do thuairimí féin liom i dtosach, a Shéimí!” arsa mise, “agus ansin cuirfidh mé leo.”  D’ól mé bolgam caife, agus mé ag fanacht le cad a bheadh le rá aige féin.

“Mar is eol go maith duit, tá dearcadh liobrálach agam.  Uair amháin, ní raibh aon ghlacadh le mo thuairimí agus bhuail daoine lipéid hipí orm.  Ach anois tá tír liobrálach, forásach againn, beagnach saor ó chuing na hEaglaise ar deireadh.  Nuair a chumadh é i 1934-1937, bhí an bunreacht ag teacht go láidir le teagasc na hEaglaise, agus go háirithe le tuairimí an Athar Mc Uaid (uachtarán Choláiste na Carraige Duibhe ag an am, agus Ardeaspag agus Príomháidh na hÉireann Uile níos déanaí) agus an Íosánaigh an tAthair Ó Cahail.  Caitlicigh choimeádaigh ba iad an triúr acu (deValera, Mc Uaid agus Ó Cathail), a bhí ag obair as lámh a chéile chun an bunreacht a dhréachtú.  Ní haon ionadh é mar sin, gur bunreacht reiligiúnach agus coimeádach a bhí i gceist acu.  Ar an drochuair, bunreacht leithchealach a bhí ann freisin mar ní bhfuair cothrom na féinne tús áite sa bhunreacht.  Bhí 38 reifreann ar leasuithe don bhunreacht ó 1937 i leith agus tá an bunreacht atá againn anois go hiomlán éagsúil leis agus níos fearr ná an chéad cheann.  Ach tá obair le déanamh fós againn!”  Stad Séimí ag caint faoi dheireadh, agus thosaigh sé ag ithe a shailéid ilchineálacha.

“Aontaím leat, a chara,” arsa mise.  “Is trua mhór é nach raibh deValera níos oibiachtiúla maidir leis an mbunreacht, ach bhí sé faoi bhrú ó gach taobh ag an am.  Bhí an Eaglais Chaitliceach an-chumhachtach, mar ba iad Caitlicigh diaganta formhór an phobail ag an am.  Cé nach raibh mórán Protastúnaigh sa deisceart, bhí go leor sa Tuaisceart, agus ba mhaith le deValera bunreacht a chumadh a bheadh oiriúnach dóibhsean freisin.  Bhí sé deacair dó an dá thrá a fhreastal, áfach, agus cé go ndearna sé comhartha síochána sa bhunreacht do na Protastúnaigh, bhí deValera faoi réir ag an Eaglais Chaitliceach, agus is léir sin sa bhunreacht a d’fhoilsigh sé i 1937.”

“Den chéad uair riamh, níl muid ag argóint le chéile a Mhíchíl!” arsa Séimí, agus é ag gáire.  “Tá athruithe móra sa bhunreacht anois maidir le colscaradh, ginmhilleadh agus pósadh comhghnéis a bheadh doshamhlaithe tríocha bliain ó shin.  Ach an bhfuil muid críochnaithe fós?” 

“Níl, i ndáiríre, mar a dúramar!” arsa mise.  “Tá agus beidh obair le déanamh againn go deo.  Ach cé go bhfuil go leor le déanamh againn fós, is é an rud is tábhachtaí dúinn le déanamh anois díreach ná an tagairt do mhná a bheith chuing sa bhaile a bhaint amach as an mbunreacht.  Beidh reifreann ar sin againn ar ball agus tá súil agam go nglacfar leis an leasú sin!”

“Gan dabht, a Mhíchíl!”  arsa Séimí.  “Tír iarChaitliceach í Éire anois, agus tá sé in am deireadh go deo a chur le súistí agus le laincisí na heaglaise.”

“Ar an nóta sin, a Shéimí, cuirimis deireadh lenár seisiúin inniu!  Ní i gcónaí a aontaímid le chéile, ach aontaímid ar na rudaí is tábhachtaí, i mo thuairim – rudaí cosúil le cothrom na féinne sa tír iontach seo.”

Shiúlamar amach le chéile, agus gheall mé dom féin go mbeinn i dteagmháil le Séimí arís roimh i bhfad.

.

.

gaGaeilge