Dí-armáil Núicléach!

Dí-armáil Núicléach!

Táimid go léir chomh tógtha suas leis an gcoróinvíreas nár thóg roinnt mhaith dúinn faoi deara lá cuimhneacháin Hiroshima agus Nagasaki le déanaí! Seachtó cúig bliana ó shin chaith Aerfhórsa SAM buamaí adamhach ar Hiroshima agus ansin ar Nagasaki. Rinneadh ár agus slad sna cathracha sin, agus leis sin thosaigh rás na n-arm núicléach atá ar siúl fós.  

Dar le Nikolai Sokov, saineolaí i gcúrsaí dí-armála núicléiche “Is ar éigean a thugtar faoi deara bagairt tubaiste móire núicléiche.  Tá dearmad déanta againn ar uafáis chogaidh eithnigh agus mura bhfuil eagla orainn fúthu, ní féidir iad a sheachaint!”

Le déanaí, thug Státrúnaí Stáit na Náisiún Aontaithe António Gutteres rabhadh dúinn i mír fhíse, nuair a dúirt sé: “Níl ach deighilt, amhras agus easpa idirbheartaíochta le feiceáil maidir le hairm núicléacha, agus mar sin tá bagairt mhór go bhfillfimid ar ais go rás núicléach.” I mo thuairim, tá an rás sin agus an iomaíocht ag baint leis ar siúl cheana féin, gan seans mór go mbeidh socrú ann inniu nó amárach!

Gearrchuntas Stairiúil

Sa bhliain 1962, tar éis Géarchéime Diúracán Chúba, nuair ba bheag nár thosaigh cogadh eithneach idir na Stáit Aontaithe agus iar- Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha, shínigh siad conradh teoranta in aghaidh tástáil airm núicléacha.

Ansin, i 1968, tháinig Uachtarán an Stáit Aontaithe Lyndon Johnson ar chomhréiteach leis na tíortha núicléacha eile agus shínigh siad an Conradh in aghaidh iomadú núicléach.

Sna hochtóidí, bhí cruinnithe mullaigh idir Ronald Reagan agus Mikhail Gorbachev, agus rinne siad dul chun cinn suntasach. Shínigh siad conarthaí tábhachtacha – an comhaontú Fórsa Núicléach Idirmheánach san áireamh – chun deireadh a chur le diúracáin núicléacha, idir ghearr-raoin agus meánraoin.

Chuir George H.W. Bush agus Mikhail Gorbachev an chéad chomhaontú START (a sheasann don Bhéarla: Strategic Arms Reduction Treaty) le chéile i 1991. Laghdú i ráta táirgthe na n-arm núicléach a bhí i gceist sa chonradh sin. Lean an obair ar aghaidh agus i 1993 shínigh George W. Bush agus Boris Yeltsin comhaontú START 2. Chuir an comhaontú sin dualgas ar an dá thaobh laghdú a dhéanamh de dhá thrian ar stórais diúracán fadraonach ilbhuamaí núicléacha.  Dhaingnigh na Stáit Aontaithe an conradh seo i 1996, agus ansin an Rúis i 2000.  

Shínigh Barack Obama agus Dmitri Medvedev an comhaontú START nua i 2010, inar cuireadh teorainn (800) leis an méid diúracáin straitéiseacha agus buamadóirí troma ar féidir leo a bheith acu. Chuaigh an comhaontú sin i bhfeidhm i 2018.

Sa bhliain 2015 síníodh comhaontú idir an Iaráin, An Aontas Eorpach agus an cúig bhall buan i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, chun cosc a chur leis a clár núicléach.

Gan dabht, caithfimid na hiarrachtaí sin a bhí ar siúl ar feadh níos mó ná leathchéad bliain a mholadh go hard.  Tá domhan níos sábháilte againn go léir a bhuí le hiarrachtaí na gceannairí cróga a bhí i gceannas i rith an ama sin.

Dearcadh Éiginnte

Tar éis an dul chun cinn sásúil sin, cén fáth nach mbeinn ródhóchasach faoin ábhar núicléach?

I bhfocal amháin – TRUMP!  Tharraing sé amach as beagnach gach comhaontú a bhí sínithe agus i bhfeidhm – an comhaontú Fórsa Núicléach Idirmheánach agus an comhaontú leis an Iaráin san áireamh. Níos measa fós, theip air an comhaontú START nua a shíneadh amach mar, seachas sin, rachaidh sé in éag an bhliain seo chugainn. Agus tá Trump ag caitheamh a lán airgid chun cumhacht núicléach na Stáit Aontaithe a nuachóiriú.

Mar sin, tá Uachtarán na Stáit Aontaithe ag ullmhú le haghaidh cogadh uafásach, in ionad a bheith ag comhoibriú i dtreo síocháin. Cad is féidir linn a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an mbunfhadhb? Cúpla rud! Sna Stáit Aontaithe, tá dualgas ar an bpobal Trump a chaitheamh amach mar uachtarán i dtoghchán na huachtaránachta! Agus tá dualgas ar na tíortha nár dhaingnigh an conradh maidir le Toirmeasc ar Airm Núicléacha fós é a dhéanamh gan mhoill.

Le déanaí, toghadh Éire mar bhall sa Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, agus ar ‘Lá Hiroshima’ 2020, dhaingnigh ár dtír an Toirmeasc ar Airm Núicléacha.  Rachaidh an Toirmeasc i bhfeidhm tar éis é a bheith daingnithe ag 50 tír agus is muidne an tríú thír is daichead! Ar an drochuair, táimid fós ag fanacht le tír núicléach chun an Toirmeasc a dhaingniú.

B’fhéidir go bhfuil mé ag brionglóideach go neamhréalaíoch faoin todhchaí, ach tá súil agam go mbeidh na Stáit Aontaithe, faoi cheannas agus faoi stiúir Joe Biden, ar an chéad tír núicléach é a dhaingniú.  Tús ré nua dóchasach a bheadh ann ansin, gan dabht ar bith!

.

.

.

.

Dí-armáil Núicléach!

Hong Cong!

Má bhíonn amhras ar bith ort faoi céard atá ar intinn ag an tSín, níl ort ach féachaint ar chúrsaí i Hong Cong.  Ná bí ag ceapadh gur saghas eisceacht é sin ach an oiread, mar tá stair fhada acu ag baint le sárú ceartingearach daonna. Ní gá dom a chur i gcuimhne duit go raibh Mao Zedong freagrach as líon uafásach básanna – meastar suas le 45 milliún duine – i bhfad níos mó ná Hitler nó Stalin!  Níos deireanaí i 1949, d’ionghabh an tSín réigiún Xinjiang.  Tá géarleanúint ar bun ag údaráis na Síne ar phobal Moslamach na nUigiúrach a bhfuil cónaí ar 12 milliún dóibh ann. Tuairiscítear go bhfuil ‘athoiliúint’ á cur ar idir milliún agus trí mhilliún Uigiúrach i gcampaí géibhinn.

Ba neamartach dom gan an sléacht i gCearnóg Tiananmen i Meitheamh 1989 a lua. Chuaigh na mic léinn amach sna sráideanna ag éileamh daonlathais. Mar fhreagairt ar an agóidíocht cuireadh tancanna agus saighdiúirí ag ceansú na n-agóideoirí, agus níl aon dabht ach go bhfuair na mílte bás de thoradh na cniogbheartaíochta seo.

Tar éis níos mó ná 150 bliain mar choilíneacht Shasana, cruthaíodh an Sainréigiún Riaracháin (SAR) Hong Cong, de réir idirbheartaíocht socraithe sna hochtóidí idir an Ríocht Aontaithe agus an tSín. Gheall ceannaire na Síne ag an am, Deng Xiaoping, méid mór féinrialach do Hong Cong. Ar an drochuair, níor chomhlíonadh an gealltanas sin, ach a mhalairt ar fad, mar chuir rialtas na Síne féinrialtas Hong Cong faoi bhagairt arís agus arís eile. Tabharfaidh mé cúpla sampla duit a tharla cheana féin, agus ansin sampla atá ar siúl faoi láthair.

Dlí in aghaidh ceannairce

I 2002, gabhadh baill den tseict chreidimh darb ainm ‘Falun Gong’, agus iad ag agóidíocht go síochánta. Ansin, rinne príomhfheidhmeannach Hong Cong, Tung Chee-hwa, iarracht Bille nua a chur i bhfeidhm, a ligfeadh an rialtas cosc a chur ar eagraíochtaí i Hong Cong a bhfuil cosc orthu ar an mhórthír. Rinne na céadta míle duine agóid in aghaidh na hiarrachta sin. D’éiligh siad go n-éireodh Tung as a phost, mar gheall ar an mBille agus mar gheall ar an tslí a ndeachaigh sé i ngleic leis an ngéarchéim SARS. D’éirigh sé as a phost sa bhliain 2005 faoin mbrú leanúnach a bhí air.

Scáthghluaiseacht Hong Cong

I 2014, d’fhógair Béising go raibh ceart acu iarrthóirí a dhiúltú i dtoghcháin i Hong Cong. Thosaigh gluaiseacht ag moladh toghcháin oscailte. Nuair a úsáideadh scáthanna báistí chun bac a chur ar sprae piobair in úsáid ag an bpéasfhórsa in aghaidh na n-agóideoirí, baisteadh Scáthghluaiseacht (Umbrella Movement) ar an ngluaiseacht.  Chuaigh na céadta míle amach ar sráideanna Hong Cong ag léirsiú, agus lean na léirsithe ar feadh beagnach trí mhí. Cuireadh i bpríosún cuid de na ceannairí as bheith ag fógairt a ndearcthaí polaitiúla, agus thosaigh rudaí ag ciúnú síos ansin, ar feadh tamaill ar aon nós.

‘Tír Amháin, Dhá Chóras’ faoi ionsaí!

Ionsaíodh an prionsabal bunúsach ‘Tír Amháin, Dhá Chóras’, nuair a d’iarr rialtas na Síne ‘An tOrdú um Eiseachadadh (Hong Cong)’ a chur i bhfeidhm i Hong Cong. Leis an ordú sin, bheadh coirpigh líomhanta ó Hong Cong i mbaol mór eiseachadta chun na Síne. Sin rud a d’fhéadfadh inmharthanacht fhadtéarmach na samhla ‘tír amháin, dhá chóras’ a chur i mbaol.

Thosaigh na mórshiúlta agóide in aghaidh an ordú sin agus meastar go raibh suas go dhá mhilliún duine ar na sráideanna ar 16 Meitheamh, 2019. Faoi dheireadh, i mí Dheireadh Fhómhair, tarraingíodh siar an Bille conspóideach sin. Ach bhí sé ródhéanach ansin agus ní hamháin nár stad an chorraíl shibhialta agus na léirsithe leanúnacha ach tháinig méadú mór ar an bhforéigean i Hong Cong freisin.

Dlí Slándála Náisiúnta úr

Chuir rialtas na Síne an tarcaisne i gceann na héagóra ansin, nuair a d’eisigh siad dlí slándála nua le déanaí (mí Iúil, 2020) gan dul i gcomhairle le rialtas Hong Cong fiú.  Cuireann an dlí sin srianta ar chearta sibhialta i Hong Cong.  Maítear go forleathan gur sárú é an dlí nua seo ar na coinníollacha a bhí sa dearbhú comhpháirteach idir an tSín agus an Ríocht Aontaithe a bhí comhaontaithe i 1984, agus cláraithe leis na Náisiúin Aontaithe.

Ní fios cad a tharlóidh i Hong Cong anois, ach níl cuma na maitheasa air. Agus gan ach 28 bliain fágtha roimh athaontú iomlán idir an tSín agus Hong Cong, níl sé soiléir conas an bhearna eatarthu a laghdú.

.

.

.

.

.

.

.

Dí-armáil Núicléach!

Ní mór breith ar an uan ar an urla! (2)

(Cuid 2)

 

.

Cé gur foilsíodh an ‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030’ sa bhliain 2010, bhí an Rialtas fós ag scríobh faoi sa bhliain 2018, agus ba shoiléir dom nach raibh mórán dul chun cinn déanta acu faoin am sin. Seo mar a scríobh siad ar www.gov.ie (2018): “Tugann an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge breac-chuntas ar chur chuige comhtháite i leith na Gaeilge.  Sonraítear 9 réimse gníomhaíochta: oideachas, an Ghaeltacht, an teaghlach, seirbhísí poiblí, na meáin agus teicneolaíocht, foclóirí, reachtaíocht, an geilleagar agus tionscnaimh leathana.” Ansin, chuir siad cúpla tuarascáil ar fáil chun stádas na straitéise a chur in iúl. Léigh mé ‘Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn: 2010 – 2015’.  Níl ann ach dhá leathanach, agus ag an deireadh, scríobhann siad: “Aithníonn an Roinn seo an tábhacht a bhaineann le roinnt foirne a bheith líofa agus ábalta ag soláthar seirbhísí i nGaeilge. Ag teacht le beartas an Rialtais, beidh scéimeanna teanga na Sonróidh Roinn faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla na poist a bhfuil Gaeilge acu riachtanas inniúlachta.” Is é an tátal a bhain mé as sin ná nach raibh dada sa Straitéis curtha i bhfeidhm fós tar éis ocht mbliana! Uafásach!

Sa bhliain chéanna (2018), sheol Aire na Gaeltachta, Joe McHugh, Plean Gníomhaíochta 2018–2022 don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Ceapaim gurb é sin iarracht an Straitéis a athbheochan, mar ní raibh aon amscála nó freagracht luaite sa Straitéis féin. Go deimhin, céim sa treo ceart is é an plean seo. Tá go leor mionphleanála i gceist leis, agus naoi gcaibidil sa phlean gníomhaíochta, ag baint leis na naoi gcuspóir sa Straitéis féin.

Cé go bhfuil bunobair maith déanta leis an bPlean Gníomhaíochta 2018-2022, níl an plean sin críochnaithe i mo thuairim, agus mar sin tá sé deacair é a chur i bhfeidhm i gceart.  Bhí mé féin i mo stiúrthóir innealtóireachta le fada agus sa ról sin bhí mé freagracht le tionscadail mhóra. Bhí orm pleananna gníomhaíochta a chur le chéile agus ansin iad a chur i bhfeidhm. Mar sin, ceapaim go bhfuil léirmheastóireacht chuiditheach agam, agus seo m’ionchur ar cad tá ar iarraidh sa phlean.

liostaí tascanna sa phlean, agus trí colún leis na ceannteidil: Gníomh, Ceanneagraíocht agus Amscála. Tús maith é sin, ach tá fadhbanna le ábhar na gcolún, agus tá colúin eile ar iarraidh, i mo thuairim.

Sa cholún darb ainm Gníomh, níl cuspóir sainiúil ag gach tasc, agus nil sé soiléir ansin, cad go díreach ai gceist.  Sa cholún darb ainm Ceanneagraíocht, luaitear roinn nó ranna rialtais atá freagrach le gach tasc, ach tá sé i bhfad níos éifeachtaí duine amháin a bheith freagrach le tasc agus an cumhacht a bheith ag an duine sin aon acmhainní ag baint leis an tasc a fháil. Sa cholún darb ainm Amscála, ní luaitear ach amháin an bhliainsprioc-am éiginnte é sin, agus bheadh sé níos fearr dáta a chur isteach, bunaithe ar an obair ag baint leis an dtasc. tascanna ann freisin le sprioc-amanna cosúil le ‘ar bhonn leanúnach’ agus ‘2018 ar aghaidh’. Is gá tascanna mar sin a bhriseadh suas i fothascanna agus sprioc-amanna soiléire a bheith acu. Tar éis na hoibre sin a dhéanamh, tá cúpla rud an-tábhachtach fágtha. foláir na tascanna sa liosta a chur in ard tosaíochta (ag úsáid colúin nua), ionas go gcuirfear an bhéim ar na tascanna is tábhachtaí, agus iad a dhéanamh ar dtús, más féidir. Braitheann an tionscadal go léir ar an maoiniú a ar fáil, ach níl faic sa phlean faoi! Tar éis an maoinithe a bheith ar eolas, is costas gach taisc a lua go sonrach. Beidh tú in ann cinnte eolaigh a dhéanamh ansin faoin slí is éifeachtaí airgead agus am a chaitheamh ar an dtionscadal!

Faoi dheireadh, níl aon gealltanas mar gheall ar cruinnithe stádais, a an-tábhachtach chun monatóireacht a dhéanamh ar stádas an tionscadail, agus chun athruithe a dhéanamh más gá.  

Agus cad faoi na tuarascáil bhliantúil a bhí geallta dúinn ní fhaca ceann amháin fós. Tá muid leath bealaigh tríd an bPlean, agus thar am tuarascáil a fhoilsiú! Ó tá a lámh ann, mar tá muid leath bealaigh tríd an Straitéis 2010-2030 freisin, ta sé thar am tuarascáil a chur ar fáil faoin tionscadal sin freisin!

Ó – agus rud eile, caithfidh an Rialtas léiriú go bhfuil siad tiomanta don Ghaeilge. Ní chuirfí mórán muinín iontu, áfach, le ceapachán (agus an dóigh ar léiríodh é) Jack Chambers ina aire stáit Gaeltachta!

.

Dí-armáil Núicléach!

Ní mór breith ar an uan ar an urla! (1)

   (Cuid 1)   

 

.

Tá rialtas nua ann agus níl aon dabht ach go mbeidh tasc ollmhór le déanamh ag Catherine Martin agus Dara Calleary ó thaobh na Gaeilge de! Is í Catherine Martin an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Spóirt, Cultúir agus Gaeltachta. Tá cúram na Gaeltachta agus an Spóirt leagtha ar an Aire Stáit, an Príomh-Aoire Dara Calleary.

Bhí díomá ar a lán daoine agus eagraíochtaí, mar bhí siad dóchasach go mbeadh freagracht na Gaeltachta faoi Aire Sinsearach amháin, ach beag beann ar sin tá fonn orthu bogadh ar aghaidh go tapa.  Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Beidh na hAirí in ann gníomhú as lámh a chéile láithreach bonn chun cothrom na féinne a bhaint amach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht tríd Bille na dTeangacha Oifigiúla a láidriú le spriocdhátaí do na forálacha is tábhachtaí sa bhille agus cinntiú go mbeidh maoiniú sásúil curtha ar fáil d’Fhoras na Gaeilge agus d’Údarás na Gaeltachta mar ábhar práinne, rud nach raibh déanta ó 2008.”  Tá cruinniú á lorg ag Conradh na Gaeilge leis an dá Aire go luath chun ceisteanna móra a phlé leo maidir leis a gclár agus a bpleananna.

Thug Catherine Martin geallúint go mbeidh an tAire sinsearach agus an tAire Stáit sa roinn nua rialtais ag obair as lámha a chéile ar son na teanga. I mo thuairim, tá lán na lámh acu.  

Caithfidh mé a rá mar ghnáthdhuine, go bhfuil sé deacair na hAchtanna agus na Pleananna a bhaineann leis an nGaeilge a thuiscint, maidir leis a n-ábhar agus a staid. Agus mé ag iarraidh tuiscint a fháil, roghnaigh mé Acht amháin agus Plean amháin agus chuir mé achoimrí gairide le chéile a roinnfidh mé leat sa cholún seo.

Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 / Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019

.

Tá Treoirleabhar ar fáil ar an idirlíon, ina ndeirtear:

Is iad cuspóirí ginearálta an Achta (2003) úsáid na Gaeilge a chur chun cinn chun críoch oifigiúil sa stát, dualgais na gcomhlachtaí poiblí i leith theangacha oifigiúla an stáit a leagan amach agus Oifig an Choimisinéara Teanga a bhunú.

Cé gur fíor é an seanfhocal “Tús maith leath na hoibre”, ní foláir an obair a chríochnú chun na sochair a bheith leat. Ar an drochuair, bhí forálacha an Achta lag go leor. Mar sin, thosaigh obair chun an tAcht a neartú i 2011 agus i 2014, foilsíodh ceannteidil do bhille a dhéanfadh an t-acht a leasú. Ní raibh eagrais teanga agus fiú amháin an Coimisinéir Teanga sásta leis, áfach, agus tar éis a lán obair foilsíodh ceannteidil nua i 2017. Faoi dheireadh, i 2019, foilsíodh an bille féin.

sprioc sa bhille go mbeadh 20% d’earcaithe nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge agus chinnteofaí gur trí Ghaeilge a dhéanfadh gach oifig phoiblí sa Ghaeltacht a cuid gnó. Deirtear sa reachtaíocht go mbunófar coiste comhairleach nua chun plean a chur le chéile.

Chuirfí deireadh chomh maith le córas na scéimeanna, chun caighdeán amháin a chur in áit do gach comhlacht poiblí. Ach níl eolas beacht ar bith tugtha faoi cad iad na dualgais reachtúla teanga a bheidh ar chomhlachtaí poiblí faoin gcóras nua sin seachas liosta ginearálta rudaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist. 

Príomhlaige mór é freisin nach bhfuil dualgas reachtúil leagtha ar aon duine nó dream a bheadh freagrach as an mbille a chur i bhfeidhm.

Mar sin, is cinnte go mbeidh leasuithe á moladh ar an mbille. Beifear ag iarraidh sprioc-am a chur leis an gcuspóir 20% agus is dócha chomh maith go mbeifear ag iarraidh dualgas reachtúil a leagan ar dhuine nó dream éigin as cur i bhfeidhm an phlean. 

.

Dúirt an tAire nua Martin go mbeidh sí féin agus an tAire Stáit Calleary ag breathnú ar an bhféidearthacht an bille a láidriú roimh é a bheith os comhair an Oireachtais san Fhómhar.

Cén tslí agus cén uair? Ní fios.

.

Mar sin, seo iad mo cheisteanna dóibh. Cad iad na láidreachtaí go sonrach atá i gceist ag Catherine sa bhille? Cé a bheidh freagrach astu? Cén maoiniú a bheidh ag teastáil ón rialtas chun iad a dhéanamh? Cad iad na spriocamanna ag baint leo? Cén seicphointí a bheidh ann chun cinntiú go bhfuil tasc déanta de réir mar a bhí beartaithe, agus mura bhfuil cad é straitéis mhaolaitheach?  

Gan freagraí soiléire, níl ann ach béalghrá!

.

Nuacht is deireanaí – dochreidte!

Bhí mé ar tí an t-alt a sheoladh chuig an bpáipéar, nuair a ceapadh Jack Chambers mar aire stáit Gaeltachta in athrú airí a tharla tar éis Barry Cowen a bhriseadh as a phost mar Aire Talmhaíochta. Ábhar ailt eile atá anseo, ach críochnóidh mé anois le cad a bhí le rá faoin gceapachán sin ag Dónall Ó Cnáimhsí, an tOifigeach Plenála Teanga do cheantar Ghaoth Dobhair.

Cén t-ábhar dóchais atá ina cheapachán do mhuintir na Gaeltachta? Ar leag sé cois ariamh inár measc, nó an ndúirt sé focal riamh ar ár son, an bhfuil fhios aige gurbh ann do phobal labhartha na Gaeilge?

“Tá imní orm nach bhfuil againn anseo arís leis an chinneadh seo ach léiriú eile ar sheasamh na Gaeilge i gclár oibre an rialtais seo. Easpa suime, easpa físe agus mar sin easpa gnímh agus easpa dul chun cinn.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Dí-armáil Núicléach!

Teicneolaíocht agus Polaitíocht (Moltaí)

Bhí plé bríomhar againn an tseachtain seo caite, agus muid ag caint faoin gcaoi a n-úsáidtear claontacht dearbhaithe chun dúshaothrú a dhéanamh orainn ar an idirlíon, go háirithe ar Google agus Facebook agus a macasamhail.  Sa lá atá inniu ann is é an t-idirlíon a scaipeann scéalta agus táim cinnte go rabhamar ar fad aontaithe faoi na contúirtí ag baint leis sin.  Déanta na fírinne, tá dhá chontúirt bhunúsacha ann. Sa chéad áit, roghnaíonn algartaim na míreanna nuachta a chuirtear faoinár mbráid. Sa dara háit, chomh maith le nuacht ó fhoinsí iontaofa, tá a lán bréagnuacht amuigh ansin ar an idirlíon, agus go minic níl sé éasca idirdhealú a dhéanamh eatarthu.  Dá bharr sin, táimid go léir i mbaol dúshaothraithe agus d’fhéadfadh iarmhairtí tubaisteacha a bheith ann, go háirithe nuair a úsáideann drochdhaoine na laigí sin chun muid a ionramháil chun a leasa féin.        

I rith na Cásca seo caite, cuireadh fiche túr ‘5G’ trí thine sa Bhreatain Mhór. Cén fáth? Scaipeadh bréagnuacht ar an idirlíon, ag maíomh gurbh é 5G an cúis leis an ngalar COVID-19.  Cé gur teoiric áiféiseach atá ann, ina ainneoin sin creideann riar maith daoine an tseafóid sin. Is dócha gur scriosadh an t-infreastruchtúr tábhachtach de bharr na bréagnuachta sin. Sin ach sampla amháin, sampla dochreidte den damáiste is féidir le bréagnuacht a dhéanamh. Nach rud iontach é cé chomh héasca is atá sé dubhéitheach a chur ina luí ar roinnt dhaoine?   Is rud iontach é, gan dabht, ach an mise ceann de na daoine ar cuireadh dallamullóg air? Ní dócha sa chás seo, ach céard faoi gach am eile atáim ag sú rudaí isteach ón idirlíon? Tá sé deacair a rá! Céard a d’fhéadfainn a dhéanamh faoi?

Seachain eolas nach bhfuil iontaofa!

Tá foinsí eolais agus nuachta ar fáil a bhfuil sé léirithe arís agus arís eile acu gur foinsí iontaofa iad. Mar shampla, b’fhéidir gur léigh tú an ‘Irish Times’ le fada, agus tá tú sásta nach bhfuil aon aidhm fholaigh ag an bpáipéar bréaga a insint duit! Aontaíonn tú le fealsúnacht an fhoilseacháin an chuid is mó den am freisin.  

Ach nuair atá nasc postáilte ar do mheáin sóisialta nach bhfuil eolas agat air mar gheall ar an suíomh (URL), is fearr gan é a chliceáil. Níos fearr fós, molaim go láidir duit gan do mheáin sóisialta a úsáid mar fhoinse nuachta, ar chor ar bith. Úsáid do mheáin sóisialta chun a bheith i dteagmháil le do chairde, agus nuacht pearsanta á roinnt agaibh. Agus úsáid foinsí dílse chun do nuacht eile a fháil.  

Foinsí

Ní mór duit eolas a bheith agat faoi d’fhoinsí.  Is é an rud is tábhachtaí ná cé hé/hí an t-údar. Go minic, ní thugann an léitheoir faoi deara cé scríobh an colún atá á léamh aige/aici. Sin dearmad mór is dócha, mar sa chás sin níl cliú aige/aici faoi dhintiúr an údair.  Mura bhfuil taithí agat ar scríbhinní agus dearcadh an údair, chaith súil ghrinn ar an gcolún. Ach má léann tú colúin an údair go minic agus má tá meas agat air/uirthi, beidh tú in ann a bheith níos compordaí ag glacadh céard atá scríofa aige/aici.

Claonadh

Níl aon dabht ach gur fearr linn nuacht a léamh nó a fheiceáil atá ar aon intinn linn.  Tá sé tábhachtach go bhfuil na fíricí cruinn mar sin féin, agus is nós maith na fíricí agus na tagairtí a sheiceáil má tá aon rud i gceist agat. Tá acmhainní iontaofa iontacha ar fáil ar an idirlíon, cosúil le www.factcheck.org, www.snopes.com, agus www.politifact.com. Cé go bhfuil sé beagáinín pianmhar, is nós maith é freisin nuacht a léamh ó fhoinsí iontaofa a bhfuil dearcadh eile acu, nach n-aontaíonn tú leo.  Saghas seiceáil slánchéille é sin!

Mothúchán

Má airíonn tú mothúchán éigin géar, bí cúramach! Níl tú in ann smaoineamh go soiléir nuair a bhíonn tú i staid mhothúchánach, agus tá a fhios ag drochdhaoine faoi sin.  Má ghineann alt nó físeán mothúcháin láidre ionat, tá gach cosúlacht ar an scéal go bhfuil sé bréagach, agus drochdhuine ag iarraidh dul i gcion ort. Lorg an t-eolas céanna ar dhóigh eile.

Tá a lán moltaí eile ann, ach is iad na moltaí thuasluaite na cinn is tábhachtaí.  Bain triail astu, agus cuimhnigh – tá dualgas saoránaigh ort do dhícheall a dhéanamh a bheith i gcónaí ar an eolas, chomh maith agus is féidir leat.  B’fhéidir go bhfuil todhchaí ár sochaí féin ag brath air seo!

.

.

.

.

.

.

.

.

Dí-armáil Núicléach!

Teicneolaíocht agus Polaitíocht

Scríobh mé alt le déanaí ar theacht chun cinn na heite deise ailtéarnaí atá ag tarlú in a lán tíortha faoi láthair, na Stáit Aontaithe san áireamh.  Idir deireadh an Dara Cogadh Domhanda agus timpeall 2005, bhí tréimhse fhada againn ina raibh síocháin i dtaca le holc – ré óir an daonlathais. Tar éis sin, thosaigh roinnt mhaith tíortha ar an mbealach i dtreo údarásaíochais, agus níl an turas sin críochnaithe fós, is dócha. Tarraingíonn na hathruithe suntasacha sin ceist mhór bhunúsach – cad ba chúis leo? Sa cholún seo, iarrfaidh mé an cheist chasta sin a fhreagairt.

Tar éis rugadh an iPhone sa bhliain 2007, ní raibh an domhan mar an gcéanna arís, mar d’athraigh an fón cliste sin an tslí ina maireann muid. Tá beagnach gach rud ar bharr ár méara sa lá atá inniu ann, an nuacht san áireamh, agus an t-idirlíon ar fáil dúinn an t-am go léir. Bíonn ár laethanta faoi shíor-ionsaí gan sos ag brúfhógraí i mbun cogaíochta ag lorg ár n-airde.  Mar sin, is minic a mbíonn muid trí chéile, agus an iomarca eolais ag briseadh isteach orainn.

Cé go gceapfá nach mbaineann an dá rud thuasluaite le chéile, ní haon timpiste é gur mhéadaigh na hathruithe i dtreo údarásaíochas tar éis teacht an fhóin cliste, i mo thuairim.  Toisc nach bhfuil an t-am againn smaoineamh go domhain faoin na rabhartaí eolais atá ag teacht isteach, in ionad sin úsáidimid ár n-iomas.  “Cén dochar? Cé chuma?” An ea?

Scríobh mé alt tamaill ó shin ag caint faoi bheirt eolaithe sóisialta, Amos Tversky agus Daniel Kahneman. Fuair siad amach go bhfuil lochtanna nádúrtha orainn nuair a dhéanaimid breithiúnais nó tuar – ‘claonadh cognaíoch’ a bhaist siad air. Scríobh Kahneman leabhar iontach darb ainm ‘Thinking, Fast and Slow’, agus molaim go hard é.  Deir sé sa leabhar sin go bhfuil an t-iomas an-úsáideach nuair atá bagairt práinneach ann (mar shampla, leon sa tóir ort!), gan an t-am agat a bheith ag smaoineamh roimh rud éigin a dhéanamh.  Is córas fabhtach é sin, áfach, agus tá an réasúnaíocht i bhfad níos sofaisticiúla, níos cumhachtaí agus níos cirte ná an t-iomas. Nuair a bhíonn strus orainn, úsáidimid ár n-iomas in ionad na réasúnaíochta, ag déanamh dóighe dá mbarúil. Tagann claonadh cognaíoch agus go háirithe claontacht dearbhaithe isteach sa scéal ansin nuair atá iomas i gceist.

Le claontacht dearbhaithe, déanfaimid faisnéis a chuardach, a léirmhíniú, a fhabhar, agus a thabhairt chun cuimhne a dhearbhaíonn ár gcreideamh atá ann cheana féin.  Sin an rud a tharlaíonn nuair a bhíonn muid báite le heolas an t-am go léir. Toisc go mothaíonn daoine faoi bhrú, ní dhéanann siad taighde ar fhoinsí an t-eolas, chun idirdhealú a dhéanamh idir foinsí iontaofa agus foinsí neamhiontaofa. Ansin, glacann siad na scéalta a dhearbhaíonn a gcreideamh, agus diúltaíonn siad scéalta eile, beag beann ar an fhírinne!

Tá sé i bhfad níos measa ná sin fós, mar fhormhór an ama déanann algartaim na cinntí faoi céard a thaispeánfar duit, go háirithe ar na meáin sóisialta! Taispeántar duit an nuacht agus an t-eolas is ansa leat, ag iarraidh tú a choimeád ar líne chomh fada agus is féidir, mar ansin tá deis ann níos mó fógraí a thaispeáint duit, agus is é fógraíocht an rud a shaothraíonn airgid ar an idirlíon.  Ach, is cineál claontacht dearbhaithe é sin freisin, bunaithe ar na rudaí a dhéanann tú ar an idirlíon, go háirithe in áiteanna cosúil le Google agus Facebook. Ní rud maith é sin, agus tá téarmaí speisialta ann as Béarla cosúil le ‘filter bubble’ agus ‘echo chamber’ ag baint le tionchar na halgartaim sin orainn.

Úsáideann grúpaí éagsúla an t-idirlíon – go háirithe na meán sóisialta – mar arm, chun tionchar a imirt ar dhaoine, ar mhaithe leo féin. Mar sin, tá siad in ann cuir isteach ar an bpróiseas polaitiúil. Sa tslí sin, tá naimhde an domhain thiar ar iarraidh ár ndaonlathais a dhíchobhsú, agus tá na torthaí le feiceáil go soiléir, go háirithe sna Stáit Aontaithe.

Ach níl aon tír slán sábháilte ó ionsaithe mar sin, agus ní foláir dúinn go léir aghaidh a thabhairt ar an mbagairt mhór seo, sula mbeidh sé ródhéanach. Cad is féidir linn a dhéanamh? Bhuel, sin scéal eile do cholún eile.

.

.

.

.

  .

gaGaeilge