Óráid Mitchell!

Óráid Mitchell!

Níos mó ná 27 bliain ó shin, thosaigh go leor daoine ag comhoibriú go dian le chéile le cúpla bhliain anuas lá i ndiaidh lae ag iarraidh teacht ar réiteach inoibrithe na dTrioblóidí i dTuaisceart na hÉireann.  Bhí gach cosúlacht ar an scéal gur tasc dodhéanta a bhí i gceist, ach leanadar ar aghaidh in ainneoin liosta fada deacrachtaí a bhí acu. In ainneoin na ndearcthaí éagsúla a bhí ag rannpháirtithe na gcainteanna, d’fhógair George Mitchell ar Aoine an Chéasta, 10 Aibreán 1998, gur thángadar ar chomhaontú.  Cé nach comhaontú foirfe é, is comhaontú praiticiúil é, atá i bhfeidhm fós, atá beo fós, agus atá mar ardeiseamláir ar fud an domhain ag léiriú cad is féidir leat a dhéanamh nuair a chomhoibríonn tú le do naimhde chun stop a chur leis an bhforéigean eadraibh.

Chuaigh gach duine a bhí páirteach sna cainteanna sin sa seans, agus gan dabht bhí drochthionchar ar chuid acu ar feadh i bhfad. Rud an-dearfach ba ea an Comhaontú, a thug caibidil fhuilteach i stair an Tuaiscirt chun críche. Fuair John Hume agus David Trimble gradam síochána Nobel dá saothar níos déanaí sa bhliain. Cé gur ainmníodh George Mitchell do dhuais Nobel freisin, ní bhfuair sé é.gcaithfinnse féin a roghnú an duine ba lárnaí i bpróiseas na síochána sa Tuaisceart, roghnóinn George Mitchell. Dá uireasa, ní móide go mbeadh an Comhaontú againn agus táimid go léir faoi chomaoin mhór aige.  Ba mhíorúilt é an Comhaontú.

Comóradh an Chomhaontaithe

Is míorúilt é freisin go raibh an t-iarSheanadóir Mitchell (atá 89) in ann freastal ar chomóradh an chomhaontaithe a tharla le déanaí in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste.  Buaileadh le leoicéime é trí bliana ó shin agus is é seo a chéad imeacht mór i ndiaidh a fháthmheasa.  Comóradh mór a bhí ann, agus bhí daoine cáiliúla eile ag freastal air freisin: iarUachtarán Mheiriceá Bill Clinton, an t-iar-Rúnaí Stáit Meiriceánach, Hilary Rodham Clinton, iarPhríomh-aire na Breataine Tony Blair agus an t-iarThaoiseach Bertie Ahern san áireamh. Bhí Uachtarán na Stáit Aontaithe Joe Biden sa Tuaisceart freisin don chomóradh, agus thug sé óráid spreagúil ann. Thug beagnach gach duine thuasluaite óráid freisin, ach ba í óráid Mitchell an ceann ab fhearr liom.  

Óráid Mitchell

Ag an gcomhdháil, tugadh aitheantas do na páirtithe a léirigh misneach agus iad ag déileáil le naimhde. Bhí brú indíreach freisin ar an DUP filleadh ar Stormont agus Tuaisceart Éireann a chur ag obair.  Thar na trí lá ba iad na téamaí ná, ‘Machnaimh, Athnuaigh, Athshamhlú’.  Chuir Mitchell tús leis an gcomhdháil agus leis a hóráid spreagúil, leag sé síos an chaoi a mbeadh cúrsaí an chuid eile den chomóradh.

Deirim anois, le ceannairí Thuaisceart Éireann faoi láthair agus amach anseo: Is iomaí na difríochtaí eadraibh i do stair agus i do pholaitíocht. Ach tá go leor ann freisin chun sibh a thabhairt le chéile, chun leanúint ar aghaidh leis an rud a thosaigh do réamhtheachtaithe ceathrú céid ó shin! arsa Mitchell.

Lean ar aghaidh: “Ní comhartha laige é do chuid difríochtaí a réiteach ar bhealaí daonlathacha agus síochánta. A mhalairt ar fad, is comhartha é a léiríonn neart agus gaois. Agus léiríonn sé go soiléir toil fhormhór mór mhuintir Thuaisceart Éireann.”

Ag meabhrú dó an lá ar aontaigh na páirtithe leis an mbeart, dúirt: “Ar an lá sin d’oscail an stair í féin chun dóchais. Dhiúltaigh muintir Thuaisceart Éireann foréigean polaitiúil mar an bealach chun a gcuid difríochtaí a réiteach. sé soiléir nach bhfuil siad ag iarraidh filleadh ar an bhforéigean. Ní anois. Ní riamh,” a d’áitigh sé.

“Táthar ann nach bhfuil sásta aon chomhghéilleadh a dhéanamh choíche. Dóibhsean, is comhartha laige é aon chomhréiteach a dhéanamh.  Ach deirim libh gur gá comhréiteach prionsabálta i sochaithe deighilte, agus go léiríonn sé creideamh i luachanna daonlathacha.  Más olc maith libh é, táimid go léir anseo le chéile. Ní mór neart, misneach agus fís chun aghaidh a thabhairt ar fhírinne na todhchaí, seachas a bheith ag cloí le miotais an ama atá caite.  Ó thús na dTrioblóidí go dtí 1998, maraíodh breis is 3,500 duine, agus gortaíodh 50,000 i bhforéigean seicteach. Sna 25 bliain ó thángthas ar an gcomhaontú bhí thart ar 164 bás ag baint le slándáil,” a dúirt an Seanadóir sular iarr sé ar a lucht éisteachta seasamh ina dtost chun cuimhneamh ar na híospartaigh ar fad.

Conclúid

Bhí teachtaireacht shoiléir ag an Seanadóir Mitchell agus ag an gcomhdháil féin gur sos cogaidh stairiúil a bhí i gComhaontú Aoine an Chéasta, ach cuireadh in iúl go soiléir freisin an méid oibre atá le déanamh go polaitiúil lena chinntiú nach bhfillfear ar na laethanta dorcha. Beidh sé níos deacra anois d’uireasa George Mitchell!

.

.

.

.

Séasúr an Dóchais

Séasúr an Dóchais

Tá athmhúscailt ag tarlú chuile áit a gcaitheann muid súil. Tá na plandaí ag teacht chucu féin tar éis chodladh fada an Gheimhridh. Tá duilleoga úr ag péacadh go beoga ar na crainn agus na toir. Agus tá na héin a bhí imithe uainn le linn séasúr an fhuachta, chugainn arís anois agus iad lán croí agus dóchais. Tá na héin a d’fhan le linn na drochaimsire ag canadh go lán glórach agus iad ag fógairt theacht an tséasúir nua dúinn. Gan dabht, is séasúr an dóchais agus na hathbheochana é an t-earrach.  D’éirigh leis an bhfile dall Antoine Ó Raifteirí spiorad an Earraigh a léiriú sa dán ‘Cill Aodán’

“Anois teacht an Earraigh beidh an lá dul chun síneadh,

Is tar éis na Féil’ Bríde ardóidh mé mo sheol,

Ó chuir mé i mo cheann é ní stopfaidh mé choíche

Go seasa mé thíos i lár Chontae Mhaigh Eo.

Chuir teacht an Earraigh fuinneamh agus spreacadh i gcroí an fhile agus é ar deoraíocht i gContae na Gaillimhe. Músclaíodh fonn taistil agus cumha i ndiaidh an bhaile i gcroí an fhile bhoicht daill, bíodh nach raibh ann ach fís gan fíoradh.

Níl le déanamh againne ach féachaint ar stair ár dtíre le go dtuigfimid gur músclaíodh spiorad agus fonn na saoirse inár muintir féin le teacht na Cásca, níos mó ná céad bliain ó shin anois.

Éirí amach na Cásca 1916

Ní de thimpiste a roghnaigh ceannaire na reibiliúnach Patrick Pearse an Cháisc mar an t-am is fearr chun Poblacht na hÉireann a fhógairt. Tar éis na gcéadta bliain de dhaorsmacht Gall, theastaigh ón bPiarsach go bhfaigheadh an náisiún athnuachan na Cásca ar bhealach cosúil leis an aiséirí féin.  Ar dtús rinne muintir na tíre magadh ar bharúil an Phiarsaigh, ach roimh i bhfad thuig siad cad a bhí i gceist aige agus sheas siad go cróga ar son a fhís.

Thosaigh an t-éirí amach ar 24 Aibreán, 1916 agus chríochnaigh ar 29 Aibreán, 1916.  Baill de Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann, baill d’Arm Saoránach na hÉireann agus baill Cumann na mBan a d’éirigh amach I gcoinne riail na Breataine in Éirinn. Ba é an chéad éirí amach in Éirinn ó éirí amach 1798 é.

Ar dtús, bhí sé beartaithe ag na hÉireannaigh na mílte reibiliúnach a bheith acu. Ach gabhadh fear darbh ainm Sir Roger Casement ar an mbealach ar ais ón nGearmáin le gunnaí agus dá bhrí sin níor ghlac ach thart ar 1,250 páirt san éirí amach. Astu seo chuaigh thart ar 300 isteach in Ard-Oifig an Phoist (GPO) i mBaile Átha Cliath faoi cheannas Phádraig Mac Piarais agus James Connolly. Ghlac grúpaí eile seilbh ar chodanna éagsúla den chathair, Faiche Stiabhna, Óstán an Shelbourne, Boland’s Mills agus Jacobs Factory san áireamh.

Tharla an troid ba mheasa i Muilte Bolands nuair a thosaigh Éamon de Valera agus a chuid reibiliúnach ag lámhach ar shaighdiúirí na Breataine ar a dtugtar Sherwood Foresters agus iad ag tuirlingt sa chathair. Mharaigh an lámhach sin thart ar 200 duine agus gortaíodh go leor eile. Tharla troid mhór freisin i bhFaiche Stiabhna agus cailleadh méid mór Éireannach ann. Tar éis sé lá bhí na hÉireannaigh traochta agus bhí siad á lámhach ag píosaí ollmhóra airtléire a bhí suite ar long Bhriotanach ar a dtugtar HMS Helga. Buaileadh Ard-Oifig an Phoist go dona agus ba ghearr gur ghéill na hÉireannaigh. Lámhachadh seisear déag de cheannairí na hÉireann ag scuad lámhaigh tar éis an Éirí Amach.  Chuir sé sin isteach go mór ar mhuintir na tíre, mar ba shárú iontaoibhe ag rialtas na Breataine é sin, dar leo.  As sin amach, ní raibh muintir na hÉireann sásta a bheith faoi smacht ag Impireacht na Breataine níos mó, agus ní haon ionadh gur bhris Cogadh na Saoirse amach i 1919. Lean an cogadh ar aghaidh go dtí 1922, nuair a rinne ceannairí Shinn Féin agus Feisirí na Breataine conradh síochána. Seachas na Sé Chontae i gCúige Uladh (ina raibh tromlach Aontachtach), rinneadh Éire ina tír féin.

Conclúid

Tá go leor athraithe in Éirinn ó bhí an fhís náisiúnta ag an Piarsach agus gan dabht bheadh ionadh air an tír s’againne a fheiceáil sa lá atá inniu ann, go háirithe maidir le saibhreas na tíre sa lá atá inniu ann, i gcodarsnacht shuntasach leis an mbochtaineacht a bhí ann i rith a shaoil féin. Is dócha nach mbeadh an Piarsach róshásta le staid na Gaeilge, ach an oiread! Ach bíodh sin mar atá, caithfimid a bheith buíoch den Piarsach agus go leor Éireannaigh eile freisin, maidir leis a bhfís go mbeadh ár dtír féin againn. Agus nach é um Cháisc an t-am is fearr dúinn na laochra sin agus ár neamhspleáchas a cheiliúradh!

.

.

.

.

.

.

.

.

Ceann ón gCartlann: Fís Dhearmadta

Ceann ón gCartlann: Fís Dhearmadta

Scríobh m’athair an t-alt seo a leanas roinnt blianta ó shin faoi na gcroíphrionsabail atá mar bhunchlocha ár náisiún, agus tá na ceisteanna ar dhírigh sé orthu chomh húr agus chomh tábhachtach céanna inniu agus a bhí riamh…

Is dócha go bhféadfá a rá, gur tógadh an Stát s’againne thart ar fhís na saoirse agus an náisiúnachais. Ní gá a rá, nach bhfuil dada faoin ngréin chomh riachtanach i mbunú Stáit leis an bhfís chéanna sin, go háirithe, nuair is fís í a chorraíonn agus a aclaíonn chuile chroí ag an am céanna. Ní gá a rá, ach oiread, nach fás aon oíche a bhí sa bhfís uilíoch sin, i gcás na tíre seo. Níorbh ea, in aon chor, nó caitheadh blianta fada ag gaibhniú agus ag dealbhú an earra chéanna sin.

Gaibhniú agus dealbhú

Conas a deineadh beart dá leithéid, an ea?

I ndeireadh na naoú haois déag, tháinig dreamanna áirithe éagsúla ar an tuairim gurbh é a leas é saothrú ar son saoirse agus leithleachais náisiúnta feasta. Tugann muid faoi deara, bunú Chumann Lúthchleas Gael, i ndeireadh an naoú haois déag, agus é d’aidhm acusan na cluichí náisiúnta a fhorbairt, agus a chur chun cinn. Thart ar an am céanna, d’fhéadfá a rá, bhí Conradh na Gaeilge ar a dhícheall, ag iarraidh an teanga náisiúnta a athbheochan. Bhí fórsaí eile freisin i mbun oibre, fórsaí cosúil le Sinn Féin, na Fíníní, agus tuilleadh. D’éirigh le cinnirí áirithe na snáitheanna éagsúla náisiúnta sin a shnaidhmeadh agus a fhí in aon téad ioldhualach amháin. Daoine cosúil leis an bPiarsach, daoine a raibh ar a gcumas, fís a fhí as na snáitheanna céanna sin a chuir dreamanna áirithe den náisiún ar fáil, fís a shásaigh, agus a mheall, baill an náisiúin, glacadh leis mar aidhm onórach, inmhianaithe, insroichte. I rith an ama áirithe sin freisin, tháinig Óglaigh na hÉireann ar an bhfód, dream a raibh ar a gcumas fís an náisiúin a ghlacadh chucu fhéin, a fhorbairt, agus a chur chun cinn, i measc an phobail. Caithfear a thabhairt faoi deara freisin, nach dtiocfadh chuile bhall den náisiún isteach faoi bhratach na físe céanna sin, ach bhí seans maith ann, go bhféadfaí Móramh Morálta a mhealladh ar thaobh na físe sin, agus b’in mar a tharla, i ndeireadh na feide.

Trí bhriseadh is trí bhua

B’in cuid de na fórsaí a bhí gníomhach i measc daoine, i dtús na haoise seo caite, agus de réir a chéile, trí bhriseadh agus trí bhua, deineadh gnéithe éagsúla na físe sin a shoiléiriú don phobal. Nuair a deineadh an fhís sin a pharsáil, agus a iniúchadh, tuigeadh gurbh iad na gnéithe ba thábhachtaí a bhí uathu nó, go mbeadh an pobal a bhunófaí, Gaelach, Aontaithe, agus Saor. B’in í fís an Phiarsaigh. B’in í fís na nÓglach, agus b’in í an fhís a spreag agus a mhisnigh na Gaeil a d’éirigh amach, leis an bPoblacht a bhunú, agus a bhuanú, anseo in Éirinn iathghlas oileánach.

De réir mar a chuaigh cúrsaí ar aghaidh áfach, agus de réir a chéile, cailleadh roinnt mhaith den fhís chéanna sin. Bhí daoine anseo, agus dár leosan go bhféadfaí an fhís a chomhlíonadh, gan bacadh leis an Teanga, daoine eile den tuairim, go bhféadfadh an náisiún teacht i dtír, gan bacadh leis an aontacht, sea, agus tuilleadh fós den tuairim, nárbh fhál go haer é, mura mbeadh an tsaoirse fhéin againn, mar náisiún.

Ceisteanna le freagairt

Ar dheineamar an teanga a athbheochan? Ar dheineamar an tír a aontú? Ar baineadh saoirse amach don Phoblacht a bunaíodh? Nó an féidir teacht i dtír dá n-éagmais? Nó an bhfuil, fiú, tús curtha againn le fíorú na n-aidhmeanna inmhianaithe sin?

Níl fúm na ceisteanna sin a fhreagairt, ach fágfaidh mé fút fhéin é sin a dhéanamh. Ach tá sé soiléir, nach bhfuil an fhís chéanna sin ag spreagadh an phobail s’againne anois, faoi mar a dhein sí, blianta fada ó shin. Ní hionann sin is a rá, go bhfuil an fhís sin caillte, amach is amuigh. Is soiléir gur chailleamar ár slí, agus gur thugamar bóithrín na sainte, in áit bóithrín na saoirse, orainn fhéin mar phobal, agus anois tá sé soiléir nár chuir sin aon Útóipe ar fáil dúinn, nó chailleamar an saibhreas bréige faoi mar ba chúr na habhann é. Mar sin, níl an dara rogha againn anois, ach dul siar go foinse na saoirse arís, agus an babhta seo, caithfimid tabhairt faoi phoblacht cheart chóir, chothrom, a dhealbhú. Poblacht a thálfaidh ar ál uile an náisiúin. Poblacht nach mbronnfaidh bunús shaibhreas an phobail ar chéatadán an-bheag dár ndaoine, agus poblacht nach bhfágfaidh dream ar bith ar an mblár fholaimh, sea, agus poblacht ina mbeidh muintir na tíre sásta saothrú ar a son.

.

.

Ceann ón gCartlann: Fís Dhearmadta

Súil Siar!

Tháinig mé ar an bpíosa iontach seo a scríobh m’athair Peadar tamall ó shin, agus cheap mé gurb fhiú é a roinnt libh. Tá sé chomh húr céanna sa lá atá inniu ann is a bhí ag an am ar scríobhadh é.

Carraig Seabhac

Ag léamh píosa faoi Chath Charraig Seabhac a bhí mé, ar na mallaibh, nuair a tháinig mé ar an gcuntas sin faoin ollchruinniú a bhí acu, thart ar an tráth úd, i mBaile Héil, “ag cur in aghaidh deachú agus sraith teampaill”, faoi mar a chuireann an Dialannaí cáiliúil Amhlaoibh Ó Súilleabháin é.

Féach mar a scríobh sé, faoin dáta, 8ú Iúil, 1832…

Lá breá. Gealáin is scailíní. Bhíos ag comhthionól Bhaile Héil, láimh le Cnoc an Tóchair agus Carraig Seac. Bhí céad míle fear ann, an chuid is lú de. Bhí fiche míle marcach ann. Bhí fir Chontae Loch Garman agus Chontae Thiobraid Árann ag cur in aghaidh deachú agus sraith teampaill agus ag iarraidh pharliament do thabhairt thar ais go Baile Átha Cliath. Labhras i nGaeilge ann.

Nár chorraithe an tráth é i stair na tíre seo, nó ba ghearr roimhe sin a tharla an marú úd i gcath Charraig Seac. Agus cé cheapfadh go raibh an Ghaeilge chomh beo sin sa dúiche sin an tráth úd, sa chaoi go bhféadfadh an Dialannaí cáiliúil fhéin óráid i nGaeilge a thabhairt don slua ollmhór sin i nGaeilge?

Choinnigh an tír an teanga

Chuaigh an teanga i léig i measc daoine sna Contaetha sin, san idirlinn, ach má chuaigh fhéin, ní dhearna na cnoic nó na gleannta; na haibhneacha nó na locha; na páirceanna nó na dúichí; dearmad ar an dteanga as ar ainmníodh iad, le sinsearacht. Níl le déanamh ag duine ach dul i dteagmháil leis an taobh tíre ina gcónaíonn sé, le fáil amach, cé chomh Gaelach is atá siad fós. Baineann daoine úsáid as na logainmneacha Gaeilge ina gcomhrá is ina seanchas, lá i ndiaidh lae. Nuair a chloiseann tú duine ag labhairt faoi Bhóthar na Manach, tuigeann tú láithreach, go bhfuil sé ag labhairt faoin mbóthar sin, faoi mar a labhraíodh riamh faoi, sea, agus céard faoin abhainn a sníonn tríd an gCathair álainn fhéin, “An Fheoir”, nach beag difir idir sin agus “The Nore”, faoi mar a thugtar uirthi i mBéarla? Sea, agus an baile ar deineadh tagairt dó thuas, Cnoc an Tóchair, nó i mBéarla Knocktopher, an-chóngarach dá chéile arís. Níl dabht ar domhan, ach go mba uafásach an feall é, ár logainmneacha a bhascadh agus a bhearnadh, faoi mar a deineadh leo, agus arís, nárbh é an feall é, nuair nár deineadh iad a chur i réim arís, tráth raibh an deis ag an tír a leithéid a dhéanamh?

Leabhar Owen Kelly

Arís, má thógann tú leabhar cosúil le “The Place-Names of County Kilkenny” le Owen Kelly, feicfidh tú ansin, cé mar a coinníodh an teanga fhéin sna logainmneacha. Nach minic a thagann duine thar logainm ina bhfuil focail cosúil le….garraí; gráig clais; bán; bóithrín; gort; poll; goirtín; páirc; droim; tobar; log; doire; rath, sceach, agus tuilleadh dá leithéid, agus ansin, ag gabháil leis na focail sin, le hainm iomlán a bhaisteadh ar an áit, gheobhaidh tú focail eile, sa chaoi go ndéanann an péire focal sin carachtar leithleach áite a leagan os ár gcomhair, faoi mar a tharlaíonn sna hainmneacha seo ….Goirtín na mBó, Poll a’ Chapaill, Gort na Móna, An Gleann Mór, Fíodh Ard, Garraí na Cruaiche, Cill Chiaráin, Gráig na Manach, Bóisín na gCloch, agus tuilleadh. Chuir mé spéis ar leith san ainm, Bóithrín na gCloch, mar nach é a ghlaoitear air, de ghnáth, nó Bóisín na gCloch, agus nach suimiúil mar a dhéantar “s” den “r” caol, sa chomhthéacs sin, Tarlaíonn an rud céanna i gcás an fhocail “Máire”, agus tuilleadh. Déantar an cleas teanga céanna díreach, thíos i gContae Mhaigh Eo, thart ar an áit ina raibh an trioblóid go léir sin idir Iorrasaigh agus Muintir Shell.

Feasta, mar sin, bímis ag éisteacht leis an taobh tíre, agus í ag labhairt linn i nGaeilge agus muid ag gabháil thar bráid, cuirimis cluas orainn fhéin, agus tugaimis aird ar a bhfuil le rá aici, nó is uaithi a shíolraigh muid, is ar tháinig romhainn. Sea, mh’anam, tá an Ghaeilge coinnithe beo fós ag cnoc is ag gleann, ag gort is ag cuimín, ag bóthar is ag bóisín; d’éistimis leo, agus tugaimis freagra orthu ina dteanga dhúchais fhéin.

      .

  .

.

.

   .

.

.

.

.

Ceann ón gCartlann: Fís Dhearmadta

Éire agus an Náisiún Choctaw – Achoimre

Le linn an Ghorta Mhóir, bhunaigh baill de Chumann na gCarad tithe anraith, agus chuir siad córas tiomsaithe airgid le chéile chun cuidiú le híospartaigh an Ghorta Mhóir. Mar chuid den obair sin, d’eagraigh siad Coiste Faoisimh Ghorta, le brainsí ar fud an domhain, sna Stáit Aontaithe san áireamh.

Sa bhliain 1847 – ’47 an Bhróin – rinne Ceannfort Gnóthaí na nIndiach, an Maor William Armstrong, cathaoirleacht ar chruinniú i Skullyville in Oklahoma, ag iarraidh airgid a chruinniú don Choiste Faoisimh Ghorta. Bhailigh sé $710 (nó b’fhéidir $170 – níl na staraithe cinnte) ó threibh bhundúchasach darb ainm an Náisiún Choctaw – méid dochreidte ag an am, go háirithe mar bhí an treibh bhocht sin ag streachailt le blianta beaga anuas.  Chríochnaigh an t-airgead sin suas i Mainistir na Corann i gContae Chorcaigh.

Is dócha gur bhog a n-anás croí an Náisiún Choctaw, agus bhí dáimh acu le muintir na hÉireann. Ó 1831 go dtí 1833, díbríodh iad as a dtír dhúchais féin agus seoladh iad soir ó Mississippi go dtí Oklahoma. Bhí ar an chuid is mó dóibh an bealach ar fad (timpeall 900 ciliméadar) a chur díobh de shiúl na gcos. Meastar gur bhogadh 15,000 duine idir 1831 agus 1833, agus go bhfuair suas le 4,000 acu bás. Bealach na nDeor (Trail of Tears) a thugtar ar an mbealach uafásach sin. Is léir gur thuig an Náisiún Choctaw cruatan an tsaoil, agus nuair a chualadar faoin nGorta Mór in Éirinn, chuidíodar a oiread agus ab fhéidir leo.  

Nuair a d’fhoghlaim Éireannach darb ainm Don Mullan an scéal thuasluaite i Nua Eabhrac ag deireadh na hochtóidí, chuaigh sé go smior ann, agus sa bhliain 1989 chuaigh sé go Oklahoma, chun buíochas a ghabháil don Náisiún Choctaw, agus chun cuireadh a thabhairt dóibh a bheith i gceannas ar an tSiúlóid Náisiúnta an Ghorta Mhóir i 1990, siúlóid bhliantúil eagraithe ag Don, chun comóradh a dhéanamh ar scéal tragóideach a tharla in Éirinn i 1849. Sa bhliain sin, shiúil na céadta duine a bhí stiúgtha leis an ocras beagnach fiche ciliméadar idir Cluain Cearbán agus Dumha Locha i gContae Mhaigh Eo chun bia a fháil, faoi stiúir na n-údarás.  Ach ní raibh aon bhia ar fáil ann, agus bhí orthu filleadh ar ais go Cluain Cearbán. Fuair an chuid is mó dóibh bás ar an tslí an-chontúirteach sin, idir teacht agus imeacht.

Tugtar an t-ainm Bealach na nDeor (Trail of Tears) ar an tsiúlóid bhliantúil sa bhliain 1990, agus bhí toscaireacht an Náisiúin Choctaw páirteach ann, Ceannaire Roberts san áireamh. Ceapadh Don mar Cheannaire Oinigh an Náisiúin Choctaw ag tús na siúlóide.

Sa bhliain 1992, chuaigh baicle Éireannach ar shiúlóid ‘Bealach na nDeor’ sna Stáit Aontaithe, eagraithe ag an Náisiún Choctaw. Ócáid speisialta a bhí ann, chun airgead a chruinniú ar mhaithe le daoine na Somáile a bhí buailte go holc le gorta. Bhailigh siad $710,000 don chúis charthanachta sin (€1,000 do gach €1 ar bhronn an Náisiún Choctaw d’Éirinn).

Níos déanaí sa bhliain chéanna, tháinig ionadaithe an Náisiúin Chowtaw ar chuairt go hÉirinn agus nochtadh plaic chuimhneacháin in onóir an Náisiúin ag Teach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath.  Ceapadh an tUachtarán Robinson mar Cheannaire Oinigh an Náisiúin Choctaw le linn na cuairte céanna. Chuaigh sí ar chuairt stáit go Oklahoma i 1995, chun buíochas a ghabháil don Náisiún Choctaw.

Sa bhliain 2017, i mBaile Mainistir na Corann, nocht ionadaithe Choctaw leacht cuimhneacháin, a coimisiúnaíodh go speisialta chun bronntanas an Náisiúin a chomóradh.

Sa bhliain chéanna, chomhoibrigh beirt fhile cháiliúla le chéile chun dánta a chumadh ina dteanga dhúchais féin – LeAnn Howe as Choctaw, agus Doireann Ní Ghríofa as Gaeilge. D’úsáid siad Béarla mar theanga choiteann, agus mar sin leabhar trítheangach is ea ‘Singing, Still’.

Sa bhliain 2018, chuaigh an Taoiseach Leo Varadkar ar chuairt stáit go dtí an Náisiún Choctaw, agus d’fhógair sé clár scoláireachta nua ar fáil do mhic léinn ón Náisiún Choctaw chun freastal ar ollscoil in Éirinn.

Níorbh aon ionadh é mar sin an freagra an-dearfach a tharla le déanaí nuair a roinn an t-iriseoir Naomi Ó’Leary feachtas tiomsaithe airgid chun cabhrú le bundúchasaigh Navachóch agus Hopi dul i ngleic leis an gcoróinvíreas. Meastar gur dheonaigh Éireannaigh níos mó ná €500,000 agus é seo á scríobh. Fágfaidh mé an focal deireanach do dheontóir amháin, a scríobh: “Chabhair sibh linn nuair a bhíomar ar anchaoi. Is onóir dom an comhar a dhíol libh. Is cuimhin le hÉirinn, le buíochas.”

.

.

.

.

.

Ceann ón gCartlann: Fís Dhearmadta

Scéal Mháire Ní Mhealláin!

Mar is eol duit, thug Uachtarán na Stáit Aontaithe, Donald Trump, ‘Víreas na Síne’ mar ainm ar an gCoróinvíreas ar dtús. Stad sé an cleachtadh sin tar éis glao gutháin le hUachtarán na Síne, Xi Jinping. Tá cumhacht speisialta ag focail, go háirithe na focail a úsáideann Uachtarán na Stáit Aontaithe i lár géarchéime mar seo. Ba cheart don ár gceannairí sampla a thabhairt dúinn go léir maidir leis an mbealach is fearr déileáil leis. Caithfimid go léir a bheith go dubh i gcoinne an chiníochais an t-am ar fad.  Ach is cúis díomá é go méadaíonn an ciníochas aon uair a tharlaíonn pandéim.

Le déanaí, rinneadh ionsaí danartha i Londain ar Jonathan Mok, mac léinn ó Singeapór. Gabhadh beirt dhéagóirí as an tromionsaí. Dar le Jonathan, bhí fearg ar a ionsaitheoirí agus dúirt ceann acu leis “Ní theastaíonn uaim do Choróinvíreas a bheith inár dtír.”

Meascann an tseineafóibe sin le polaitíocht freisin, agus tá tú in ann é sin a fheiceáil san Eoraip in iompar náireach páirtithe na heite deise. San Iodáil, chuir Matteo Salvini (ceannaire páirtí na heite deise darb ainm ‘Lega Nord’) an milleán ar lucht iarrtha tearmainn ón Afraic, ag rá gur thug siad an Coróinvíreas isteach sa tír, agus ag moladh a dteorainneacha a dhúnadh chun iad a choimeád lasmuigh den tír. Bhí sé mícheart an milleán a chur ar na daoine bochta sin agus níl aon fhianaise ann a thacódh leis an áitiú sin. Anois, tá teorainneacha dúnta ag beagnach gach tír, ach ní dhearnadar an cinneadh sin ar chúis chiníochais, ach chun scaipeadh an víris a mhoilliú.

Is é an príomhrud anseo ná go bhfuil dualgas orainn go léir ní amháin an víreas fisiciúil a troideadh, ach an víreas intinne a thagann leis a troideadh freisin.  Is é an téarma a úsáideann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) ar an víreas intinne seo ná ‘Stiogma’, a tharlaíonn nuair a chreidtear nach bhfuil duine nó grúpa daoine chomh maith leat féin.  I gcónaí, eascraíonn leithcheal as an dearcadh sin, nuair a bhíonn deis ann. Ní mór dúinn bheith i gcónaí ar ár n-aire ar mhéadú an leithcheala sin, go háirithe in amanna mar seo nuair atá géarchéim ar siúl.

Dúirt Ardstiúrthóir an EDS é seo faoi: “Déanta na fírinne, tá Stiogma níos contúirtí ná an (Coróin)víreas féin!”  Nach bhfuil an ceart aige agus nach trua mhór é nach bhfuil muid in ann deireadh a chur leis an víreas intinne sin, an Stiogma!

Ba cheart go bhféadaimis mar Éireannaigh, an Stiogma seo agus a iarmhairtí tubaisteacha a thuiscint níos éasca, mar bhíomar féin in áit na leathphingine ní rófhada ó shin. Tá scéal beag ábhartha agam chun é sin a chur i gcuimhne dúinn.

.

Rugadh agus tógadh Máire Ní Mhealláin i gCorr Chríochach, i gContae Thír Eoghain sa bhliain 1869. Chuaigh sí go Nua Eabhrac i 1883. Fuair sí obair mar chailín aimsire, agus níos déanaí mar chócaire.  Bhí seacht bpost aici mar chócaire thar thréimhse seacht mbliana. Sa phost deireanach, fuair seisear duine bás ó fhiabhras tíofóideach, agus d’fhostaigh an teaghlach imscrúdaitheoir eipidéimeolaíochta chun a dhéanamh amach céard a bhí ar siúl. Nuair a d’fhiosraigh an t-imscrúdaitheoir an scéal, fuair sé amach gur fhág Máire léirscrios tíofóidigh ina diaidh, i ngach áit ar oibrigh sí mar chócaire. B’éigean di tástáil a dhéanamh, agus fuarthas toradh deimhneach le haghaidh tíofóideach.

Coimeádadh ar leithlis í ansin ar feadh dhá bhliain ach tar éis í a bheith ag obair mar chócaire arís, fuair daoine eile an galar uaithi. Cuireadh ar ais ar leithlis í an chuid eile dá saol (23 bliana).

Cé gur aimsíodh na mílte iompróirí sláintiúil tar éis sin, ní bhfuair aon duine eile droch-cháil cosúil le Máire, agus níor choimeádadh ar leithlis aon duine eile in éadan a thola.

Cén fáth nach bhfuair Máire cothrom na Féinne? Stiogma – Bean bhocht Chaitliceach as Éirinn a bhí inti, agus ag an am sin i Meiriceá, sin ceithre stiogma!   Nuair a tháinig sé amach gur scaip sí an tíofóideach, tháinig an leithcheal amach ansin! Chuir an ‘Journal of the American Medical Association’ an tarcaisne i gceann na héagóra, nuair a thug siad an ‘leasainm ‘Typhoid Mary’ uirthi!

Scéal forálach é seo dúinn go léir go gcaithfimid troid in aghaidh galair uafásaigh an leithcheala i gcónaí, go háirithe nuair a bhíonn rudaí bunoscionn.  Táimid ag déanamh go maith in Éirinn óna thaobh sin de agus ag tabhairt sampla maith do thíortha eile. Ba cheart dúinn go léir a bheith bródúil as sin!  

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge