Laoch Ciúin na hÉireann!
Nuair a bhí Éire in ísle brí ina aonar go hiomlán agus leochaileach ar imeall na hEorpa, sheas ach duine amháin, Richard Hayes, idir Éire agus Ghearmáin na Naitsithe. Is í Éire tairseach an Atlantaigh, agus bhí sí an-tábhachtach mar líne soláthair idir na Stáit Aontaithe agus an Bhreatain Mhór. Dúirt Stiúrthóir Fáisnéise (le linn an Dara Chogaidh Domhanda), Dan Bryan, go raibh bagairt mór go gcothódh cumhacht iasachta dea-chaidreamh leis an IRA, agus mura bpléifeadh an Rialtas go práinneach leis, go dtosódh siad ag oibriú sa tír faoi rún. Is é a bhí ag teastáil ag Bryan ná go mbeadh a rannóg, darb ainm G2 (cosúil le MI5) in ann gníomhairí rúnda a aimsiú.
Le linn blianta an chogaidh, tháinig na spiairí Naitsithe go hÉireann as éadan a chéile. Bhí an-suim ag an Abwehr (rannóg fáisnéise na Gearmáine) in Éirinn, go bunúsach mar plean stráitéiseach chun an bonn a bhaint ón Ríocht Aontaithe. Cheap an Abwehr go raibh an IRA go láidir agus go mbeadh siad in ann é a úsáid in aghaidh na Ríochta Aontaithe. Chum an IRA agus spiairí Naitsithe plean darb ainm ‘Plan Kathleen’, chun ionradh a dhéanamh ar an Tuaisceart le chéile. Chum na Naitsithe plean eile chun ionsaí a dhéanamh ar an Riocht Aontaithe ó Éirinn. Cé gur theip ar na iarrachtaí sin, mar ní raibh an IRA láidir ag an am sin, bhí Éire an-tábhachtach mar bunáit spiaireachta. Bhí stáisiún tarchuir i Leagáideacht na Gearmáine i mBaile Átha Cliath, agus sheoladh teachtaireachta ionchódaithe ó na spiairí go dtí an Abwehr ón stáisiún sin. Nuair a bhraith an Ríocht Aontaithe na teachtaireachtaí tarchurtha sin, chuir siad brú ar Rialtas na hÉireann déileáil leo.
Ag an am seo, d’iompaigh an Taoiseach ar an Coirnéal Dan Bryan agus G2, chun an fhadhb mór seo a réiteach. Agus d’iompaigh Bryan ar an Dochtúir Richard Hayes, Stiúrthóir na Leabharlainne Náisiúnta, fear a d’oibrigh leo cheana, chun an cód a fhuascailt!
Duine éirimiúl ba ea Hayes, agus bhí Gearmáinis iontach aige. Bhí Hayes ar fheabhas ag scaoileadh cód agus é ag obair ina aonar formhór an ama.
Mar shampla, bhí na spiairí Naitsithe ag úsáid cód amháin, darb ainm cód ‘microdot’, agus bhí orthu micreascóp a úsáid chun teachtaireacht a léamh. Tháinig amhras ar Hayes nuair a chonaic sé go raibh micreascóp ag ceann de na spiairí, agus nuair a d’fhéach sé tríd an micreascóp ar páipéar a bhí ag an spiaire, chonaic sé teachtaireacht folaithe sa lánstad. Bhí MI5 agus Bletchley Park sa Bhreatain Mhór agus Oifig na Séirbhísí Straitéisigh sna Stáit Aontaithe an-tógtha leis an obair seo agus an fear seo freisin.
Ba é Hermann Goertz an spiare is dánséirí go mór fada a tháinig go hÉirinn agus níor ghabhadh é le tamall fada. Fiú amháin nuair a bhí sé i bpriosúin, bhí sé in ann teachtaireachtaí a sheoladh go dtí an Ghearmáin.
Bhí ar Hayes agus ar Ceannfort de Buitléar cód Goertz a bhriseadh. Thug siad teachtaireachtaí idircheaptha dó chun an bhrí a bhaint amach. Ní bhfuair siad ach leathbhrí, agus ní raibh sé an-úsáideach dóibh. Ach bhí a fhios acu gur úsáid Goertz eochairfhocal chun an bhrí a bhaint amach, agus chuaigh siad ar thóir chun é a fháil. Rinne siad cuardach tríd a chuid cáipéisí pearsanta ach ní bhfuair siad aon rud. Bhí an t-ádh dearg ar de Buitléar nuair a chonaic sé páipéir dóite i gcillín Goertz, agus thug Hayes na píosaí páipéir sin go dtí Coláiste na Trionóide. Tar éis ceimiceáin speisialta a chur ar na píosaí páipéir bhí siad in ann iad a léamh. Bhí cuid de na páipéir ar iarraidh, ach tar éis a lán obair, bhí Hayes in ann an eochairfhocal a shocrú: KATHLEEN NI HOULIHAN. Nuair a d’idircheap G2 teachtaireachtaí Goertz tar éis sin, bhí siad in ann freagraí a thabhairt dó. Rinne G2 agus go háirithe Hayes jab iontach!
Tar éis an chogaidh, nuair a bhí siad ar tí Goertz a dhíbirt as Éirinn ar ais go dtí an Ghearmáin, chaith sé siar capsúl ciainíde, agus fuair sé bás.
Tá sé ina ráfla go bhfuair Hayes féin bonn ó Churchill. Ar aon nós, laoch ciúin ba ea é, agus níor dúirt Rialtas na hÉireann rud ar bith faoin fear iontach seo, b’fhéidir mar thug sé cúnamh do na Chomhghuaillithe, cé gur tír neodrach an tír seo.
B’fhéidir go bhfuil sé thar am anois, áfach, don Rialtas buíochas a ghabháil leis an laoch ciúin seo, Richard Hayes – Códscaoilteoir!