An tSiria!

An tSiria!

 “Bíonn deicheanna de bhlianta nuair nach dtarlaíonn dada; agus bíonn seachtainí ina dtarlaíonn deicheanna de bhlianta.” – Vladimir Lenin, bunaitheoir Pháirtí Chumannach na Rúise.

Tháinig deireadh tobann go dtí an cogadh cathartha a bhí ar siúl sa tSiria ón mbliain 2011 – Earrach na nArabach, am a bhí léirsithe agus agóidí ar siúl sa domhan Arabach, an tSiria san áireamh. Sheas an deachtóir Bashar al-Assad an fód an t-am sin. Bhí arm láidir aige agus le cabhair ón Liobáin (agus go háirithe fórsaí Hezbollah), ón Rúis agus ón Iaráin, chuir sé an t-éirí amach faoi chois go brúidiúil. Tuairiscítear gur maraíodh níos mó ná leathmhilliún Siriach agus gur ruaigeadh na milliúin as a gcuid tithe le linn an chogaidh, agus go bhfuil sé milliún teifeach i dtíortha eile dá bharr sin.

Ní raibh an bua aige in aghaidh na reibiliúnach an uair seo. Cén fáth?

Lag Trá Comhghuaillíochtaí!

Bhí gach rud difriúil an t-am seo. Ghearr fórsaí na reibiliúnach tríd an tír mar scian trí im, agus ba ar éigean a chuir an t-arm oifigiúil ina gcoinne in aon chor. Is é an grúpa is mó i measc na reibiliúnach ná “Hayat Tahrir al-Sham” (HTS), grúpa míleatach Ioslamaíoch a bhfuil Abu Mohammad al-Jolani i gceannas air. Cé go bhfuil na grúpaí sin ann ó thús an chogaidh, d’aithin siad laigí ar thaobh Uachtarán Bashar al-Assad, agus go háirithe i gcúpla tír thábhachtach a bhí i gcomhghuaillíocht leis – An Rúis agus an Iaráin. Thapaigh HTS an deis stairiúil sin, agus d’éirigh go hiontach leo. Ach cén fáth nach raibh dé ná deatach ar an Rúis agus an Iaráin an t-am seo?

An Rúis

Chonaic an domhan cá ndeachaigh an deachtóir gránna Bashar al-Assad nuair a d’fhill an feall ar an bhfeallaire. Rinne sé mar a dhéanfadh aon mheatachán sceimhlithe agus theith sé chomh luath agus ab fhéidir leis. Agus cá ndeachaigh sé ach go Moscó, áit ina bhfuil sé slán sábháilte, faoi choimirce an uachtaráin – Vladimir Putin. Beidh siad in ann comhbhrón a dhéanamh le chéile faoi cad a tharla sa tSiria. Bhain na caillteanais ollmhóra ní hamháin do al-Assad, ach do Putin freisin. Mar a dúirt iar-aire gnóthaí eachtracha na hÚcráine Dmytro Kuleba: “Chaith Putin faoin mbus Bashar al-Assad, ionas go mbeadh sé in ann fad a chur leis a chogadh san Úcráin. Tá ganntanas acmhainní air, agus níl sé chomh láidir agus a ligeann sé air féin!” Bhí cúpla focal le rá fiú ag Donald Trump, a dúirt: “Toisc go bhfuil an Rúis chomh cheangailte suas san Úcráin, agus toisc gur chaill sí níos mó ná 600,000 saighdiúir ann, ní raibh sé de chumas aici stad a chur leis an máirseáil tríd an tSiria, tír a chosain siad le blianta anuas.”

Níl aon dabht ach gur léirigh an bua a fuair fórsaí na reibiliúnach ar réimeas al-Assad nach bhfuil ar bun ag Putin taobh amuigh den Rúis ach buaileam sciath.

An Iaráin

Le míonna beaga anuas, níorbh fhéidir leis an Iaráin bac a chur ar oibríochtaí Iosrael. Maraíodh ceannaire polaitiúil Hamas, Ismail Haniyeh, i dTehran. Rinne Iosrael ionsaithe ar timpeall 20 targaid mhíleata san Iaráin. Tar éis feachtas míleata ina n-aghaidh, tá Hamas agus Hezbollah buailte go dona ag Iosrael, agus a gcumhacht mhíleata déghrádaithe. Bhí an Iaráin ag tabhairt tacaíochta do Hamas agus Hezbollah mar bíonn siad ag troid ar a son. Bhí an Iaráin agus Hezbollah ag úsáid na Siria chun airm agus soláthairtí a iompar go dtí an Liobáin. Níl an rogha sin ar fáil acu níos mó, agus mar sin tá an Ais Fhrithbheartaíochta (an Iaráin, an tSiria suas go dtí seo, Hezbollah, Hamas, na Houthi ón Éimin agus cúpla grúpa eile san Iaráic) thíos chomh dona sin, go gceapfá go bhfuil sí marbh. Feicfimid linn.

An tSiria

Cad atá i ndán don tSiria féin? Tá HTS ag iarraidh rialtas idirthréimhseach a chur in áit, le Mohammed al-Bashir mar thaoiseach. Bhí sé ina thaoiseach ar chríocha HTS in iarthuaisceart na tíre roimhe seo. Beidh go leor deacrachtaí ag an taoiseach agus ag HTS cobhsaíocht a bhaint amach don tír.

Tá grúpaí eitneacha éagsúla sa tír: Arabaigh, Coirdigh, Turcánaigh, Asairigh, Airméanaigh, Ciscisigh, Druze, Alawítigh, Yazidigh agus teifigh Phalaistíneacha. Chomh maith leis sin, tá reiligiúin éagsúla ann: Moslamaigh (idir Sunni agus Shia), Alawítigh, Críostaithe, Yazídigh, Ismailigh agus Giúdachas.

Tá drochbhail ar gheilleagar na tíre mar iarsma den chogadh cathartha. Tá an geilleagar ag crapadh le breis is 13 bliain anuas – aon séú chomh mór faoi láthair agus a bhí sé roimh an gcogadh.

Tá breis is leath de dhaonra na tíre díláithrithe, agus meastar go bhfuil cúnamh ag teastáil ó 16.7 milliún duine. Is dídeanaithe nó iarrthóirí tearmainn thart ar 6.3 milliún, agus tá go leor daoine ag iarraidh filleadh abhaile anois.

Is tír straitéiseach í an tSiria sa Mheánoirthear, agus tá teorainneacha aici leis an Tuirc ó thuaidh, an Iaráic san oirthear, an Iordáin ó dheas, agus Iosrael agus an Liobáin san iardheisceart. Beidh an tír in ann tionchar mór a bheith aici ar chothromaíocht na cumhachta sa Mheánoirthear, agus gan dabht beidh leas dílsithe ag go leor tíortha eile sa tSiria dá bhrí sin.

Lámh shocair?

Suas go dtí seo, ní fhaca mé ach cúpla tír atá páirteach sa tSiria – Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Iosrael. Ach in ionad cabhair a thabhairt don tír, bhíodar ag buamáil targaidí míleata go trom ann. Cén saghas cabhair í sin? Ní chuireann iompar mar sin an teachtaireacht cheart in iúl don tSiria, nó fiú don domhan mór.  

Ach is féidir tacaíocht a thabhairt don tSiria tríd an ngéibheann. Ba cheart do na tíortha a bhfuil smachtbhannaí acu ar an tSiria iad a mhaolú go luath, agus maoiniú a ghealladh di chun a hinfreastruchtúr a atógáil. Tá géarchéim dhaonnúil sa tír freisin, agus tá cabhair dhaonnúil ag teastáil go géar. Chomh maith leis sin, bheadh sé oiriúnach do na Náisiúin Aontaithe fórsa coimeádta síochána a thabhairt isteach mar bheart eatramhach, go dtí go mbeidh téarnamh marthanach agus cobhsaíocht pholaitíochta le feiceáil sa tír.

Cé gur ábhar dóchais é gur cloíodh réimeas uafásach al-Assad, níl deireadh déanta fós, agus níl ach suíochán leochaileach sa tSiria faoi láthair. Bímis ag súil nach é sin an ciúnas roimh anfa, ach tá sé róluath a rá fós.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

.

.

.

.

.

.

Olltoghchán 2024 – Scamaill dhorcha ag bun na spéire!

Olltoghchán 2024 – Scamaill dhorcha ag bun na spéire!

 

Ó tharla go bhfuil an t-olltoghchán críochnaithe, agus an mhargántaíocht faoi lán seol, ceapaim go bhfuil sé in am scrúdú iarbháis a dhéanamh air.

Dá dtabharfá súil ghasta ar cad a tharla san olltoghchán, cheapfá go bhfuil muintir na tíre sásta go leor. Níor caitheadh amach na príomhpháirtithe sa rialtas – Fianna Fáil agus Fine Gael, ach fuaireadar níos mó suíochán in olltoghchán 2024 – 86, ná in olltoghchán 2020 – 73. Beidh sé níos éasca dóibh 88 suíochán a shroicheadh an uair seo, agus comhrialtas a dhéanamh. 

Vóta Muiníne?

An vóta muiníne sa rialtas reatha atá i gceist? Sin an cheist mhór, i mo thuairim. Chun í a phlé, is gá féachaint taobh thiar de na torthaí.

Ar an gcéad dul síos, níor vótáil ach 59.7% de na toghthóirí sa tír, ceann de na céatadáin is measa riamh. Ní comhartha maith é sin, mar léiríonn sé míshástacht na ndaoine nach mbíonn páirteach sa phróiseas. Nuair a bhíonn an céatadán sin ag titim, mar a tharla sa chás seo, is cosúil go bhfuil an daonlathas ag dul chun donais agus níos lú muiníne ag daoine sa chóras sin.

Ar an dara dul síos, ní raibh an dara rogha ag toghthóirí ach Fianna Fáil agus Fine Gael a chur i gcumhacht arís. Dála an scéil, bhí an Comhaontas Glas ina cheap milleáin agus chuir Fianna Fáil agus Fine Gael an locht orthu leo maidir le haon cháineadh géar a fuair an rialtas reatha – go háirithe maidir le polasaithe glasa an rialtais, cé go raibh dualgas orthu ón Aontas Eorpach iad a chur i bhfeidhm. Chaill na Glasaigh 11 suíochán san olltoghchán, agus mar chuid den sléacht sin, chaill an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, a suíochán agus a hAireacht. Beidh faitíos ar aon mhionpháirtí dul isteach i gcomhrialtas le Fianna Fáil agus Fine Gael as seo amach!

Cé go gceapfá uair amháin go mbeadh Sinn Féin san iomaíocht an uair seo, chaill siad tacaíocht den chéad uair i 35 bliain. Gan dabht, bhain siad cor coise astu féin le cúpla botún a ndearnadar. Agus bhíodar rómhall ag aithint nach raibh sciar mór dá lucht leanúna sásta le seasamh Shinn Féin ar cheist na hinimirce. Chaill siad tacaíocht ó dhaoine a raibh dearcadh diúltach acu maidir le hinimirce, agus ar mhaith leo polasaithe inimirce láidre a bheith i bhfeidhm, chun srian a chur ar líon na n-imirceach ag teacht i dtír. Is cosúil go ndeachaigh roinnt dóibhsean i dtreo páirtithe ar an eite dheas – Aontú nó Independent Ireland, mar shampla. Ar aon nós, níl sé de chumas Shinn Féin comhrialtas a chur le chéile, go príomha mar níl mórán seans go rachadh Fianna Fáil nó Fine Gael i gcomhrialtas leo. Mar sin, is léir nach bhfuair Fianna Fáil agus Fine Gael aon saghas mandáite ó mhuintir na hÉireann, agus go leanfaidh siad i gcumhacht in ainneoin na bhfadhbanna tábhachta nár réitigh siad fós, tar éis ceann amháin nó an dá cheann acu a bheith i gcumhacht le fada an lá. Tá géarchéimeanna móra ann agus Fianna Fáil agus Fine Gael fós ag caint fúthu agus ag rá cad a dhéanfaidh siad – ach níl mórán dul chun cinn le feiceáil, i ndáiríre. Táim ag caint go bunúsach faoi chúrsaí tithíochta, easpa dídine agus cúrsaí sláinte, gan trácht ar chúrsaí inimirce. Ní féidir an rialtas aon leithscéal a dhéanamh mar gheall ar a easpa gnímh maidir leis na géarchéimeanna leanúnacha sin nach bhfuil réitithe le níos mó na deich mbliana anuas. Tír shaibhir atá againn, agus barrachas trádála againn le blianta anuas, gan trácht ar an cháin amhantair (€13 billiún) ó Apple atá chun teacht isteach sa státchiste go luath. Is deacair a shamhlú go mbeadh daoine sásta le Fianna Fáil nó Fine Gael, maidir lena dtaifead polaitiúil uafásach sin.

I gcoinne an tsnáithe

Tá sé soiléir nach bhfuil formhór na ndaoine ar fud an domhain sásta lena gcuid rialtais dhaonlathaigh. Sa bhliain 2024, lagaíodh nó caitheadh amach formhór na bpáirtithe a bhí i gcumhacht. Tharla a leithéid i Meiriceá, sa Bhreatain, sa Fhrainc, sa Ghearmáin, san Iodáil, san Ostair, sa tSualainn, san Fhionlainn, sa Ghréig, san Airgintín, san Eacuadór, sa tSeapáin agus san Afraic Theas. Ach níor tharla sé sin in Éirinn, agus is eisceacht í.  Mar a dúirt mé níos túisce, ní raibh rogha inmharthana ag daoine, i gcodarsnacht leis na tíortha thuasluaite. Sna tíortha sin, bhí daoine in ann a mhíshástacht a léiriú go polaitiúil, mar bhí páirtithe láidre eile ar fáil mar roghanna dóibh. Níl sé mar sin in Éirinn fós, ach níl sé deacair a shamhlú go dtiocfadh ceann feadhna carasmatach chun tosaigh a bheadh in ann labhairt go díreach leis na daoine a mothaíonn nach bhfuil ionchur sa phróiseas polaitiúil acu. Is cosúil go mbeadh an duine sin ar an eite dheis, le fís an-difriúil ó na páirtithe i gcumhacht. Má tharlaíonn sé sin, agus má fhaigheann duine mar sin agus a pháirtí mandáit in olltoghchán na tíre, gach seans go dtiocfadh athstruchtúrú rialtais ina theannta. Gan dabht, bheadh an daonlathas faoi mar is eol dúinne é, i dtrioblóid sa chás sin. Féach, mar shampla, ar cad atá ar siúl sna Stáit Aontaithe, a bhí mar léaró an daonlathais don domhan suas go dtí 2016. Le Trump mar Uachtarán Mheiriceá, beidh sé deacair don tír an daonlathas a thabhairt shlán. Agus tá a fhios againn go léir conas a chríochnaíonn scéal an deachtóra!

Moltaí

Ní breac é go mbíonn sé ar an bport, agus tá seans againn fós in Éirinn rialtas leatromach a sheachaint. Caithfidh baill an rialtas dul amach ina ndáilcheantair i measc a dtoghthóirí, caithfidh siad éisteacht leo maidir leis na fadhbanna atá acu a bheadh an rialtas in ann a réiteach. Ansin, is gá dóibh polasaithe a chur le chéile chun dul i ngleic leis na fadhbanna sin, agus beart de réir a mbriathar a dhéanamh. Tá sé thar am don rialtas a bheith gníomhach, agus tá a fhios acu cheana féin faoi na fadhbanna tábhachtacha leanúnacha atá fós ann, agus ag éirí níos measa. Tá sé ríthábhachtach dúinn mar thoghthóirí brú a chur ar ár dTeachtaí Dála cur lena ngealltanais, mar caithfear ár n-ionadaithe a choinneáil cuntasach dúinn.

Mura n-athraíonn an rialtas a chur chuige agus a bpolasaithe a chur i bhfeidhm gan mhoill, chomh maith le dul i ngleic le haon fhadhbanna eile atá ag a dtoghthóirí, seans maith go mbeidís as obair tar éis an chéad toghcháin eile. Ar an drochuair, thógfadh mí-éifeachtacht mar sin seans mór don eite dheas toghthóirí a mhealladh ina treo, agus caithfear é sin a sheachaint ar ais nó ar éigean.

 

 

 

 

 

.

.

.

.

.

.

Olltoghchán 2024 – Scamaill dhorcha ag bun na spéire!

Olltoghchán 2024 – Príomhcheisteanna agus Moltaí na bPáirtithe (FF,FG,SF)!

Olltoghchán 2024 – Príomhcheisteanna agus Moltaí na bPáirtithe (FF,FG,SF)!

Tá an t-olltoghchán beagnach buailte linn! Tá na polaiteoirí ag scaipeadh a ngealltanais go flúirseach ar na meáin traidisiúnta agus sóisialta, agus tá forógraí fada foilsithe ag na páirtithe ar líne. Conas is féidir linn an grán a scaradh ón lóchán?

Manifestos

Léigh mé na forógraí atá foilsithe ag Fianna Fáil, Fine Gael agus Sinn Féin, agus tá an t-uafás sonraithe iontu. Ní raibh sé éasca polasaithe na bpáirtithe a chur i gcomparáid le chéile, mar tá struchtúir dhifriúla ag na forógraí go léir. Níos measa ná sin, fiú tar éis polasaithe áirithe a aimsiú sna trí fhorógra, tá tú fós ag cur dubh agus bán i gcomparáid le chéile. Ba cheart go mbeadh buiséad, cuspóir agus spriocdháta ag baint le gach polasaí, ach go minic níl ann ach spriocanna ardaidhmeannacha, gan na sonraí. Tá forógra Sinn Féin níos fearr ná na cinn eile maidir leis a bpolasaithe a shonrú go soiléir.

Ar aon nós, tar éis dom na forógraí a léamh, rinne mé achoimre faoi na príomhcheisteanna sa toghchán agus na pleananna atá ag na trí pháirtí chun dul i ngleic leo. Roinnfidh mé é leat anseo, agus b’fhéidir go mbainfidh tú úsáid as.

Achoimre: Príomhcheisteanna agus Moltaí na bPáirtithe (FF,FG,SF)

  1. Costas Maireachtála: Is cúis mhór imní an costas maireachtála, cé go bhféadfadh rátaí úis a bheith ag titim agus an féirín buiséid de €10.5 billiún an phian a mhaolú.
  • Fianna Fáil: An Pinsean Stáit a ardú go €350 sa tseachtain ar a laghad; teorainn le táillí cúraim leanaí ag €200 in aghaidh na míosa.
  • Fine Gael: An tairseach do na bandaí cánach is airde a ardú faoi €2,000 gach bliain; creidmheasanna cánach príomha a mhéadú faoi €75 gach bliain; athruithe chun an Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU) a laghdú; athruithe chun cáin oidhreachta a laghdú; teorainn le táillí cúraim leanaí ag €200 in aghaidh na míosa.
  • Sinn Féin: Deireadh leis an MSU ar an gcéad €45,000 d’ioncam, ag sábháil €1,100 in aghaidh na bliana; faoiseamh cíosa €1,000; faoiseamh morgáiste sealadach suas le €1,250 in aghaidh na bliana; cúram leanaí €10 in aghaidh an lae.
  1. Géarchéim Tithíochta: Dar le pobalbhreith an bhliain seo caite, dúirt 61% na bhfreagróirí go bhfuil an ghéarchéim tithíochta ar cheann de na fadhbanna is measa in Éirinn. Ní haon ionadh go bhfuil tithíocht mar phríomhthosaíocht ag Fianna Fáil, Fine Gael, agus Sinn Féin ina bhforógraí.
  • Fianna Fáil: Tógáil tithe a leathnú go 60,000 in aghaidh na bliana faoi 2030; tosaíocht do thithe inacmhainne agus sóisialta.
  • Fine Gael: 300,000 teach a thógáil faoi 2030, le buiséad €40 billiún.
  • Sinn Féin: 370,000 teach a thógáil faoi 2030, lena n-áirítear 125,000 teach sóisialta agus inacmhainne faoi 2029; reo cíosa ar feadh trí bliana.
  1. Cúram sláinte: In ainneoin barrachas buiséid de bheagnach €2.2 billiún, léiríonn daoine a míshástacht leis an gcóras cúram sláinte, go háirithe maidir le plódú ospidéil agus liostaí feithimh fairsinge.
  • Fianna Fáil: Amanna feithimh a laghdú trí leapacha ospidéil, comhairleoirí, agus dochtúirí teaghlaigh a leathnú; clinicí Nua Seachtracha Rochtana Tapa a chur ar fáil; táillí sláinte a laghdú; cártaí dochtúra saor in aisce do gach leanbh faoi bhun 12 bliana, agus seirbhísí speisialtóra do chúram ailse agus do shláinte na mban.
  • Fine Gael: Acmhainn cúram sláinte a leathnú le 5,000 leaba ospidéil nua, sé mhol máinliachta, agus ceithre ospidéal roghnacha; cúram dochtúra teaghlaigh saor in aisce a leathnú do dhaoine faoi bhun 18 mbliana d’aois, agus teorainn le costais oideas ag €50.
  • Sinn Féin: Cúram sláinte uilíoch le hoidis a sholáthar saor in aisce; 5,000 leaba ospidéil nua, agus ceithre ospidéal roghnacha a bheith i bhfeidhm faoi 2031; seirbhísí dochtúirí teaghlaigh a leathnú; cúram meabhairshláinte agus tacaíochtaí do dhaoine faoi mhíchumas a fheabhsú; 40,000 oibrí cúram sláinte a earcú; €15 billiún a infheistiú in infreastruchtúr, agus €1 billiún a shábháil trí leasuithe éifeachtacha, ag cinntiú cúram sláinte cothrom agus nua-aimseartha.

Agus An Ghaeilge?

Seo na moltaí is mó atá beartaithe ag na trí pháirtí maidir leis an nGaeilge.

  1. Ceannaireacht Rialtais agus Beartais
  • Sinn Féin: Post nua a chruthú sa Rialtas d’Aire Sinsearach don Ghaeilge agus an Ghaeltacht, chun tosaíocht a thabhairt do cheisteanna Gaeilge agus Gaeltachta.
  1. Maoiniú agus Infheistíocht
  • Sinn Féin: Clár Caipitil Teanga Gaeilge tiomnaithe a bhunú chun Cultúrlanna a chruthú agus Ceathrúna Gaeilge a fhorbairt i gceantair uirbeacha.
  • Sinn Féin: €50 milliún breise a chur ar fáil i maoiniú reatha thar chúig bliana agus €75 milliún i gcaiteachas caipitil go sonrach don Ghaeilge agus d’fhorbairt Ghaeltachta.
  1. Oideachas
  • Fianna Fáil: Líon na nGaelscoileanna agus na nGaelcholáistí a mhéadú, oiliúint múinteoirí a fheabhsú, agus an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta a leathnú.
  • Fine Gael: Naíonraí a neartú laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, agus tumoideachas Gaeilge a leathnú do leanaí bunscoile sa Ghaeltacht.
  • Sinn Féin: Leabhair Ghaeilge saor in aisce a chur ar fáil do gach páiste agus déagóir, uair amháin le linn na bunscoile agus uair eile le linn na meánscoile.
  1. Tacaíocht Chultúrtha agus Phobail
  • Fine Gael: Obair le mná tí agus coláistí samhraidh chun tacaíocht a thabhairt do chláir thumoideachais Gaeilge.
  • Sinn Féin: Cultúrlanna a fhorbairt agus Ceathrúna Gaeilge a chruthú le maoiniú breise do phleanáil teanga.
  1. Lucht Oibre agus Cearta Dlí
  • Sinn Féin: Suímh ghréasáin stáit a bheith dátheangach; riachtanais teanga a leathnú chuig fógraí clóite agus ar líne.
  • Sinn Féin: 20% de sheirbhísigh phoiblí dhátheangacha a bhaint amach faoi 2030, le riachtanas inniúlachta Gaeilge B2+ do róil stáit.

Conclúid

Tá súil agam go dtógann na comparáidí thuasluaite tuiscint níos fearr duit faoi na difríochtaí idir pleananna Fianna Fáil, Fine Gael agus Sinn Féin maidir leis na polasaithe is mó atá ag dó na geirbe dúinn mar shaoránaigh, agus mar Ghaeilgeoirí. Ach níl ann ach píosa amháin den scéal. Rud amháin é gealltanas a dhéanamh, ach rud ar fad eile é a chomhlíonadh.

De réir na bpobalbhreitheanna, is cosúil go mbeidh Fine Gael agus Fianna Fáil in ann comhrialtas a bhunú le tacaíocht ó pháirtí eile (na Glasaigh mar shampla).

Is é an rud is tábhachtaí ná comhrá a bheith agat leis na hiarrthóirí polaitiúla i do cheantar féin, agus a chur in iúl dóibh cad atá ag teastáil uait uathu. Má aontaíonn siad do thoil a dhéanamh, faigh a ngealltanas faoi sin roimh do vóta a chaitheamh ar a son. Má thoghtar iad, bí cinnte brú leanúnach a chur orthu a ngealltanais a chomhlíonadh – ach go háirithe maidir leis an nGaeilge!

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

.

.

.

.

.

.

Litir ó Mheiriceá – Oscailt Súl don Pháirtí Daonlathach!

Litir ó Mheiriceá – Oscailt Súl don Pháirtí Daonlathach!

Thug Donald Trump an lá go rábach leis. Ghabh na Poblachtánaigh ceannas ar an Seanad. Coimeádfaidh na Poblachtánaigh Teach na nIonadaithe faona smacht freisin. Sin fírinne na polaitíochta ar an talamh i Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) i ndiaidh an toghcháin is déanaí. Ní de thimpiste a tharla a leithéid, ach an oiread. Gan dabht, is oscailt súl é sin don Pháirtí Daonlathach.

Slat Chollóireachta

Cén fáth ar chaill Kamala Harris an toghchán? Bhuel, bhí amhras ar go leor daoine nach mbeadh ach an riarachán céanna ag leanúint ar aghaidh leis a bpolasaithe céanna, agus ní raibh siad sásta leis an riarachán ná a bpolasaithe. Bhí ráta sástachta Uachtaráin Biden ag 36% sular tharraing sé amach as an rás uachtaránachta, agus is ráta uafásach é sin. Ar an gclár teilifíse ‘The View’, cuireadh ceist ar Kamala Harris an athródh sí aon chinneadh a rinne Biden mar uachtarán le linn a théarma. Smaoinigh sí ar feadh nóiméad, agus d’fhreagair sí: “Ní ritheann aon rud liom, agus bhí mé páirteach sna cinntí ba thábhachtaí.” Leis an bhfreagra sin, cheangail sí í féin go díreach le hUachtarán Biden agus a bpolasaithe. Tháinig daoine ar an tuairim nach mbeadh aon athrú suntasach le Harris mar uachtarán. Ach bhí formhór pobal na tíre míshásta le Biden, agus bhí athruithe ag teastáil go géar uathu. Mar sin, chonacthas dóibh nach raibh an dara rogha acu ach Trump a chur in oifig, is cuma ar thaitin an fear sin leo ná nár thaitin. Ach cén fáth a raibh an méid sin daoine míshásta le Biden agus a riarachán? Bhuel, mar a tharla, tá slat collóireachta ag Trump, agus tá sé in ann na grúpaí daoine is mó atá thíos le fadhbanna móra a aithint. Ansin, labhraíonn sé go díreach leo, ag rá go réiteoidh sé a bhfadhbanna mar uachtarán. Cad iad na fadhbanna agus cé hiad atá buailte fúthu?

Uibheacha, Caife, Bainne…

Bhí straitéisí darb ainm James Carville a bhí ag obair do Bill Clinton mar pháirt dá bhfeachtas uachtaránachta. Cuireadh ceist air faoi na teachtaireachtaí ba thábhachtaí don fheachtas an bhéim a chuir orthu. Bhí trí theachtaireacht aige, ach scaip ceann amháin go rábach, agus tá an teachtaireacht sin in úsáid fós. “It’s the economy, stupid!” a dúirt Carville. Ní raibh daoine sásta leis an ngeilleagar ag an am, agus mar sin, ba cheart d’fheachtas Clinton an bhéim a chur ar an ngeilleagar, agus a bplean chun é a fheabhsú. D’éirigh go barr leis an bplean sin ag an am sin agus bhuaigh Clinton an uachtaránacht.

Bhí Trump in ann an bhéim a chur ar an gheilleagar freisin, agus a theachtaireacht a rá ar bhealach simplí, dírithe ag na daoine a bhí ag streachailt ó thaobh airgid de. Roinn sé grafaic eolais ar a mheán sóisialta (‘Truth Social’), ag maíomh go raibh go leor earraí i bhfad níos costasaí faoi láthair le Kamala Harris ina leas-Uachtarán, ná nuair a bhí Trump ina uachtarán. Luaigh sé bradán, caife, prátaí, cáis, bainne, liamhás agus uibheacha, agus an t-ardú praghais ag baint leo ón uair a tháinig Biden isteach mar uachtarán. Cé gur féidir argóint a dhéanamh faoi na sonraí, bhí a theachtaireacht an-soiléir – tá sé níos deacra bia a chur ar an mbord anois de dheasca Biden agus Harris a bheith i gceannas. Chuaigh an teachtaireacht sin go mór i bhfeidhm ar dhaoine sa tír a bhí ag streachailt agus nach raibh acu féin ach ón lámh go dtí an béal.

An Lucht Oibre/Gen Z

Roimh 1992 agus uachtaránacht Bill Clinton, ba pháirtí an lucht oibre é an Páirtí Daonlathach. Ach bhog Clinton a pháirtí i dtreo na heite deise agus na ngnólachtaí ollmhóra, agus lean cúrsaí sa bhealach sin ó shin i leith. Leis sin, chaill siad baill an lucht oibre, diaidh ar ndiaidh. Go minic, bhí na daoine sin idir dhá chomhairle agus ba vótálaithe comhlúlacha iad. D’éirigh cúrsaí níos measa dóibh le linn tréimhse Biden, nuair a mhéadaigh praghsanna go suntasach, ionas is ar éigean a bhí siad in ann maireachtáil. Chuir siad an locht ar Biden agus a pháirtí, agus chaitheadar a vótaí ar son na bPoblachtánach.

Bhí an fhadhb chéanna ag daoine óga Gen Z (18-27 bliain d’aois), beag beann ar a n-aicme, a bhí ag iarraidh a neamhspleáchas a bhaint amach, ach nár éirigh leo é a dhéanamh, de dheasca costais mhaireachtála. Bhí roinnt mhaith dóibhsean ag vótáil den chéad uair.

Chuir na Poblachtánaigh an cheist ar dhaoine: “An bhfuil cúrsaí níos fearr duit anois ná mar a bhí ceithre bliana ó shin?” Do sciar mór den lucht oibre agus de Gen Z, níl cúrsaí níos fearr, agus tá siad ag fulaingt dá bhrí sin. Dar leo, in ionad a bheith ag cabhrú leo, bhí na Daonlathaithe ag tabhairt neamhaird dóibh. Ní raibh na Daonlathaithe fiú ag caint nó ag éisteacht leo. Cén fáth a gcaithfidís vótaí ar son na nDaonlathaithe, mar sin? Agus níor chaith.

Labhair Trump le Joe Rogan ar a phodchraoladh “The Joe Rogan Experience”ar feadh trí uair a chloig. Sin an podchraoladh is mó a bhfuil tóir air sna Stáit Aontaithe leis an lucht éisteachta atá os cionn trí bliana déag d’aois. Bhí Trump in ann a theachtaireacht a scaipeadh i measc na ndaoine a bhí ag streachailt, ag cur an milleán ar Biden agus Harris, agus ag rá go gcabhródh sé leo mar uachtarán. Tá go leor samplaí eile de na Poblachtánaigh ag déanamh teagmhála leis an lucht oibre agus Gen Z (mar shampla ar sheó Hasan Piker ar YouTube), agus ag rá go raibh a fhios acu go raibh na Daonlathaithe ag tabhairt neamhaird dóibh, ach go gcabhródh na Poblachtánaigh leo ionas go mbeadh cúrsaí níos fearr dóibh as seo amach.

Ceacht

Gan dabht, lig na Daonlathaithe na maidí le sruth. Bhí siad ag déanamh anailísíochta sonraí in ionad a mbéim a bheith ar phobal na tíre. Ní raibh siad i dteagmháil le gnáthdhaoine na tíre agus mar sin níor thuigeadar cad a bhí ag teastáil go géar uathu. Tá sé in am don Pháirtí Daonlathach domhainmhachnamh a dhéanamh, chun cur chuige ionchuimsitheach nua a chruthú a rachaidh i ngleic ar bhonn práinne agus ar bhonn phraiticiúil leis na fadhbanna reatha is mó atá ag muintir na tíre. Chun tuiscint a fháil ar na rudaí atá ag déanamh buartha dóibh, is gá don Pháirtí teagmháil a dhéanamh leo agus ansin éisteacht leis atá á rá acu. Beidh sé deacair a muinín a thuilleamh, agus tógfaidh sé tamaill, ach níl aon slí eile do na Daonlathaithe iad féin a athbheochan.  

.

.

.

.

.

.

Litir ó Mheiriceá – Dearcadh Hanrahan agus na Poblachtánaigh!

Litir ó Mheiriceá – Dearcadh Hanrahan agus na Poblachtánaigh!

Níl dabht ar domhan ach go bhfuil Dearcadh Hanrahan imithe go smior na gcnámh ionainn anseo i Stáit Aontaithe Mheiriceá, nó nach cuma cén ghné de na meáin chumarsáide a thagann faoi do shúil, is féidir leat a bheith cinnte, nach fada go gcloisfidh tú an gháir chatha seo nó a mhacasamhail á chanadh ag duine éigean ón bPáirtí Poblachtánach, ag eisiúint rabhadh dian faoi cad a tharlóidh mura mbeidh an bua sa toghchán uachtaránachta ag Trump/Vance...

 “We’ll all be ruined (said Hanrahan),

Before the year is out.”

Bí ag caint ar dhearcadh diúltach!

Mar is eol do mhadraí na sráide, tá Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) sáite go dtí na cluasa i mbréageolas i láthair na huaire seo agus má theastaíonn uainn teacht slán as an mbogach sin de shlogaide ina bhfuil muid gafa, níl an dara rogha againn ach teacht ar ár gciall, nó ní neart go cur le chéile. Nachdár bpolaiteoirí an fhírinne a rá amach go neamhbhalbh, agus a bpleananna a nochtadh chun cúrsaí a fheabhsú sa tír? Ach, in ionad sin, baill an Pháirtí Poblachtánach ag obair go dian, chun miotais agus bréageolas diúltacha a bhréagnú agus a shárú, ach chun iad a chumadh agus a scaipeadh! Chuile sheans a fhaigheann Donald Trump agus a chomhghleacaithe, bíonn siad ag roinnt dearcaidh dhiúltaigh faoi Reachtas Joe Biden agus faoin bPáirtí Daonlathach in ard a gcinn is a ngotha.

“Millfear sinn uilig má vótáiltear ar son Kamala Harris sa toghchán uachtaránachta atá le teacht. B’fhearr dúinn dul slí eile ar fad, más uainn teacht slán as an bpoll slogaide seo ina bhfuil muid sáinnithe ag Joe Biden agus Kamala Harris faoi láthair.”

Anois, tuigtear dúinn uilig gur gá do Donald Trump, JD Vance agus baill a bPáirtí iad féin a chur chun cinn, agus an taobh eile a lochtaigh. Ach bíonn siad ag caitheamh maslaí gránna pearsanta le Harris agus Walz an t-am go léir. Bíonn siad ag rá rudaí nach bhfuil fíor ina n-aghaidh freisin. Agus ní admhaíonn Trump nó Vance gur chaill Trump an toghchán uachtaránachta deireanach. Agus níl plean dá laghad acu, ach an oiread.

Seo sampla de chúpla rud atá á rá ag Donald Trump le déanaí agus é i mbun feachtais:

Madraí agus Géanna

Sa díospóireacht uachtaránachta idir Trump agus Harris, dúirt Trump, agus 67 milliún duine ag féachaint: “I Springfield tá siad ag ithe madraí,” ag tagairt do chathair Ohio ina bhfuil go leor inimirceach dleatheach as Háítí ina gcónaí. “Tá siad ag ithe na gcat. Tá siad ag ithe … peataí na ndaoine atá ina gcónaí ann. Agus seo a bhfuil ag tarlú inár dtír, agus is mór an náire é.” Tamall ina dhiaidh sin, cuireadh ceist air le linn agallaimh ar Fox TV ag iarraidh cén fáth nach n-admhódh sé nach raibh a leithéid ar siúl. “Níl a fhios agam an bhfuil sé sin fíor ná nach bhfuil. Cad faoi na géanna? Cad a tharla ansin? Tá siad go léir ar iarraidh.”

FEMA

Bíonn dualgas ar an nGníomhaireacht fheidearálach um bhainistíocht éigeandála (FEMA) fóirithint anachaine a sholáthar do phobail buailte le tubaistí uafásacha (tuillte, hairicíní, creathanna talún agus a leithéid). Tar éis Hairicín Helene, bhí lucht oibre FEMA ar an láthair go tapa, ag déanamh gach ruda arbh fhéidir leo chun cabhair a thabhairt dóibhsean a bhí buailte go dona ag an hairicín. Ach dúirt Trump arís is arís eile nach raibh aon airgead ag FEMA chun cabhair a thabhairt do na híospartaigh.“Chaith siad go leor airgid ag tabhairt isteach inimircigh mhídhleathacha…Níl aon airgead acu do dhaoine a bhfuil cónaí orthu anseo,” arsa Trump. “Tá an t-airgead caite acu ar na hinimircigh mhídhleathacha.”

Gadaithe siopa

Ag labhairt ag slógadh i Pennsylvania le déanaí, dúirt an t-iar-uachtarán Trump gurb é an eochair chun coireanna cosúil le gadaíocht siopa a chosc ná cead a thabhairt do na póilíní na gadaithe a bhualadh. “Dá mbeadh lá fíor-fhoréigneach amháin agat…uair an chloig garbh, agus is é atá i gceist agam ná fíor-gharbh, scaipfeadh an nuacht agus chríochnódh sé láithreach.”

An namhaid laistigh

Is údar mór imní é an méid atá le rá ag Trump faoi shaoránaigh a dtíre féin. Seo a dúirt sé ar ‘Fox News’ le déanaí. “Tá roinnt drochdhaoine againn. Tá roinnt gealt radacach na heite clé againn. Is dóigh liom go mbeadh sé an-éasca é sin a láimhseáil leis an nGarda Náisiúnta, nó más gá, leis an arm.” Agus dúirt sé in agallamh eile “Tá go leor drochdhaoine againn, ach nuair a fhéachann tú ar Shifty Schiff agus ar chuid de na cinn eile, sea, is iad, dar liomsa, na naimhde laistigh. Ceapaim gur namhaid laistigh í Nancy Pelosi.

Conclúid

Tar éis na rudaí thuas a léamh (agus níl iontu ach cúpla sampla!), nach bhfuil sé deacair a chreidiúint go bhfuil aon seans ag Trump an toghchán uachtaránachta a bhua? Ach más cruinn na pobalbhreitheanna, tá Trump agus Harris gob ar ghob agus mar sin ní féidir an toradh a thuar. Dochreidte!

Dúirt iar-cheann foirne Trump, John F. Kelly, gur faisistí é Trump, dar le sainmhíniú an fhocail, agus go rialódh sé mar dheachtóir dá gceadófaí é, agus nach raibh aon tuiscint aige ar an mBunreacht ná ar choincheap smacht an dlí.

I mo thuairim féin, aontaím le Trump ar an namhaid laistigh – ach níl mé ag caint faoi Adam Schiff ná Nancy Pelosi, ach faoi Trump féin. Is é Trump an namhaid laistigh. Ach ní gá feidhm a bhaint as an nGarda Náisiúnta ná as an Arm chun é a chloí. Ar an dea-uair, tá sé ar ár gcumas é a chloí go síochánta agus go dleathach ag an mbosca ballóide. Tá dualgas faoi leith ag na vótálaithe sna stáit chinniúnacha – Pennsylvania, Michigan, Nevada, Wisconsin agus North Carolina. Impím ar phobail na stát sin machnamh domhain a dhéanamh roimh a vótaí a chaitheamh – ní hamháin ar a son féin, ach ar son gach duine sa tír, agus faoina bhfuil i ndán don tír. Thaispeáin Trump a lámh cheana féin, agus dúirt sé cad a dhéanfadh sé mar uachtarán as seo amach. Le Trump mar uachtarán, seans maith nach mbeidh tír dhaonlathach againn níos mó. Is athrú dochúlaithe é Trump a chur in oifig – ná déan é!

.

.

.

    

.

Tuairisc ó Mheiriceá -An Deighilt Mhór

Tuairisc ó Mheiriceá -An Deighilt Mhór

D’fhéach mé ar an díospóireacht leas-uachtaránachta idir J.D. Vance (Poblachtánach) agus Tim Walz (Daonlathach) ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2024. Bhí codarsnacht iomlán idir an díospóireacht seo agus an dá dhíospóireacht uachtaránachta a tharla rompu, ceann amháin idir Trump agus Biden agus ceann eile idir Trump agus Harris. Mar is eol don saol mór, bhí drochlá ag Biden sa chéad díospóireacht uachtaránachta agus ní raibh cosaint ar bith aige in aghaidh an Trumpach, a d’inis bréag i ndiaidh bréige. Sa dara díospóireacht uachtaránachta, bhí an bua ag Harris gan dabht, ach bhí siad ar an ionsaí nóiméad amháin agus ansin ar a gcosaint an chéad nóiméad eile, agus níor chuala muintir na tíre mórán faoi na topaicí is tábhachtaí dóibh. Ba mhó a n-aird ar a íomhá phoiblí, agus ar a bheag a dhéanamh dá gcéile comhraic. Ach sa díospóireacht leas-uachtaránachta, phléigh na hiarrthóirí ceisteanna tábhachtacha ginmhilleadh, inimirce agus mhaigh ar láthair scoile san áireamh. Bhí meas ag Vance agus Walz ar a chéile, cé gur ionsaigh an bheirt acu an tiarrthóir uachtaránachta ar an taobh eile. Seo leanas na buaicphointí ag baint leis an díospóireacht, i mo thuairim.

Cúram Sláinte

Cuireadh ceist ar Vance ag iarraidh cén fáth nach raibh ach coincheap ag Trump maidir le plean nua cúram sláinte. An mbeadh Vance in ann a dhearbhú nach n-íocfadh Meiriceánaigh níos mó dá mbeadh aon riocht sláinte acu a bhí ann cheana. Go deimhin, bheadh clúdach árachais sláinte acu dá mbeadh aon riocht sláinte acu a bhí ann cheana!” a d’fhreagair Vance. Ach ní dúirt Trump amach riamh cad a dhéanfadh sé sa chás sin. Chomh maith leis sin, dhiúltaigh Vance sonraí phlean Trump a phlé, ag rá go mbeadh sé leadránach bille de 900 leathanach a phlé ar an stáitse díospóireachta. Dúirt sé freisin gur thacaigh Trump le plean Obama, an ‘Affordable Care Act (ACA). Dúirt Walz gur gheall Trump i 2016 plean Obama a aisghairm, agus gur bheag nár éirigh leis ach amháin gur sheas Seanadóir John McCain ina haghaidh.

Inimirce

Chuaigh Vance ar an ionsaí, agus chuir sé an locht ar leas-uachtarán Kamala Harris maidir leis na fadhbanna ag baint le hinimirce neamhdhleathach ag an teorainn idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Meicsiceo. Thagair sé di mar ‘Border czar’. Ansin cháin Walz iar-uachtarán Trump, ag rá gur chuir sé cosc ar bhille dépháirteach a rachadh i ngleic leis na fadhbanna céanna, agus go ndearna sé é chun buntáiste a fháil ina fheachtas uachtaránachta.

Ginmhilleadh

Bhí Vance ag snámh in aghaidh an easa ar an ábhar seo agus thóg sé cur chuige cúramach anseo. Dúirt Vance go mbeadh sé oiriúnach dá mbeadh gach Stáit in ann a dlíthe féin a chur in áit maidir le ginmhilleadh. Dúirt Walz gur bhuncheart daonna atá i gceist, agus mar sin is dualgas feidearálach an ceart sin a chosaint do gach duine sa tír, beag beann ar leagan amach na tíre. D’admhaigh Vance gur gá don Pháirtí Poblachtánach jab níos fearr a dhéanamh maidir le cóir leighis torthúlachta agus maidir le tithíocht inacmhainne a sholáthar. Fear cliste is é Vance agus bhí sé ag iarraidh vótaí a mhealladh ó na daoine atá idir dhá chomhairle faoi láthair.

Foréigean le gunnaí

Bhí Vance agus Walz ar aon aigne go raibh cúrsaí go dona agus ag dul in olcas maidir le foréigean le gunnaí, go háirithe sna scoileanna. D’aontaigh siad gur gá dul i ngleic leis an bhfadhb. Ach níor aontaigh siad ar chur chuige chun an fhadhb a réiteach. D’admhaigh Vance go raibh go leor cúiseanna taobh thiar den fhadhbagus go háirithe fadhbanna meabhairshláinte agus mí-úsáid drugaí. Níor réitigh Walz leis sin. “Uaireanta is iad na gunnaí atá i gceist, na gunnaí amháin!” a dúirt sé. Agus Ní chiallaíonn fadhb mheabhairshláinte gur duine foréigneach thú.”

Eanáir 6

Bhí sé soiléir go raibh deighilt mhór idir Vance agus Walz maidir le cad a tharla ar Eanáir 6, 2021. Nuair a bhí siad i mbun díospóireachta faoin éirí amach agus faoi na héilimh bhréagacha inar mhaígh Trump gur bhuaigh sé an toghchán uachtaránachta, chuir Walz ceist dhíreach ar Vance. “Ar chaill sé (Trump) toghchán 2020?” “A Thadhg, táim dírithe ar an todhchaí”, a d’fhreagair Vance. “Neamhfhreagra cáinteach é sin!” arsa Walz. Níos déanaí, dúirt Walz: “Táimid anseo 4 bliana níos déanaí, sa chás céanna. Is gá go mbeidh an buaiteoir mar bhuaiteoir. Caithfidh sé seo stopadh. Tá sé ag réabadh as a chéile muid.”

Athrú meoin Vance

Cuireadh ceist ar Vance cén fáth a raibh athrú meoin aige faoi Trump. CháinTrump go géar sa bhliain 2020 ach tá sé go mór ar a shon anois. Chuir Vance an locht ar na meáin, ag rá gur chuir siad ar míthreoir é le bréagnuacht faoi Trump. Dúirt sé gur chuir Trump lena gealltanais do mhuintir na tíre freisin mar uachtarán.

Cearnóg Tiananmen

Sa bhliain 2009, dúirt Walz go raibh sé i Hong Kong nuair a bhí agóidí Chearnóg Tiananmen ar siúl. Ach bhí sé i Nebraska ag an am. Nuair a cuireadh ceist air faoi sin, bhí sé anonn is anall leis ar feadh a bhfad. Nuair a cuireadh an cheist air arís, d’admhaigh sé faoi dheireadh go ndearna sé botún.

Conclúid

Máistir na cainte síodúla is é J.D. Vance, gan dabht ar bith. Bhí na deiseanna ag J.D. Vance nach raibh ag Tim Walz. Mar a dúirt Walz: “D’fhás mé aníos i mbaile beag – Butte, Nebraska, daonra 400 – agus bhí 24 dalta i mo rang sa mheánscoil. Agus níor fhreastail ceann acu ar ‘Yale’.” Bhí Walz ag iarraidh a rá gur ghnáthdhuine é féin, difriúil le Vance. B’fhéidir gur saghas leithscéil a bhí i gceist freisin, mar bhí Vance níos fearr ar ardán na díospóireachta. Ach nach cuma? Is í an cheist is lárnaí ná cén t-iarrthóir uachtaránachta ba cheart a roghnú. Agus maidir leis an gceist sin, tá sé soiléir gur contúirt do Mheiriceá agus don domhan é Trump, agus go mbeadh sé go hiomlán mícheart é a thoghadh mar uachtarán arís.

Cé go bhfuil J.D. Vance in ann dallamullóg a chur ar dhaoine lena chaint mhín, ní bheathaíonn na briathra na bráithre. In ainneoin plámás Vance, níl bealach ar bith go mbeadh sé ceart an coirpeach ciontach, Donal Trump, a chuir in oifig arís. Bhí sé sin an-soiléir, nuair a dhiúltaigh Vance freagra a thabhairt don cheist a chur Walz air: “Tá Trump fós ag rá nár chaill sé an toghchán. Ar chaill sé toghchán 2020?”

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge