Nósanna Beaga Bídeacha!

Nósanna Beaga Bídeacha!

Má tá tú cosúil leis an gcuid is mó againn, ní móide gur éirigh leat na dea-rúin a bhí agat an bhliain seo caite a chur i bhfeidhm. Tá leithscéal láidir againn mar tháinig COVID-19 aniar aduaidh orainn, agus chuir an pandéim uafásach ár saolta bunoscionn. Ach déanta na fírinne, is leithscéal é, mar sin féin. Teipeann ar dhaoine nósanna nua a bhunú, formhór an ama. Caithfidh mé a admháil gur theip ormsa le beagnach gach iarratas nós nua a bhunú, go dtí le déanaí. D’athraigh cúrsaí tar éis dom an leabhar ‘Tiny Habitsa léamh, scríofa ag BJ Fogg, eolaí iompraíochta san Ollscoil Stanford sna Stáit Aontaithe. Cé go raibh amhras orm ar dtús an ndéanfadh a mholtaí aon difríocht, bhí ionadh orm faoi dheireadh tar éis triail a bhaint astu. Oibríonn an córas a mholann Fogg, gan dabht!

Leag Fogg amach bunphrionsabail a chur chuige go deas gonta, ag rá gur gá trí thréithe ionas go mbeidh tú in ann iompar nua a chur i bhfeidhm. Ar dtús, caithfidh tú a bheith spreagtha chun an tasc a dhéanamh. Mar shampla, má tá tú róthrom, seans maith go dteastaíonn go mór uait roinnt meáchain a chailliúint. Ansin, caithfidh sé a bheith ar do chumas an tasc a dhéanamh, agus mar sin tá sé níos fearr tasc éasca a roghnú ná tasc deacair.  Tá gá le leideanna chun a mheabhrú duit an tasc a dhéanamh. Seo an liosta comhábhair: spreagadh, cumas agus leid.  Is é seo a leanas oideas chun an nós beag bídeach a dhearadh agus a chleachtadh.

1.Ní foláir díocas thar na bearta a bheith ort do nós roghnaithe a bhaint amach.   
2.Roghnaigh píosa beag bídeach den nós mar thasc ar dtús.
3.Cuir an tasc i do chlár ama laethúil, ag úsáid an taisc a thagann díreach roimhe mar leid.
4.Tabhair aitheantas duit féin don mhéid a rinne tú!

Lig dom mo thaithí féin a roinnt leat, ionas go mbeidh tú in ann córas Fogg a fheiceáil ag obair. Bhí a fhios agam le fada go bhfuil buntáistí móra ag baint le traenáil meáchain, go háirithe ós rud é go bhfuil na cúlfhiacla curtha go maith agam! Theastaigh uaim traenáil meáchain a dhéanamh, ach theip orm nós a dhéanamh as, in ainneoin go leor iarrachtaí.  Chomh luath is a chríochnaigh mé an leabhar, rith sé liom ionsaí nua a dhéanamh ar an traenáil sin. Gan dabht, bhí díocas thar na bearta orm an cuspóir sin a bhaint amach. Ansin, roghnaigh mé tasc an-bheag a dhéanamh mo mheáchain a chrochadh os mo chionn uair amháin. Bhí orm ansin an tasc a sceidealú agus leid a bheith agam ionas nach ndéanfainn dearmad faoi!giomnáisiam beag agam sa bhaile, le rothar aclaíochta agus tromáin lúith ann. Gach maidin, téim amach sa gharáiste chun rang spineála a dhéanamh ar an rothar. Mar sin, bheartaigh mé an tasc nua a dhéanamh díreach tar éis dom tuirlingt ón rothar.  Déarfainn ‘go hiontach’ liom féin nuair a bheadh an tasc nua críochnaithe agam.

Conas ar éirigh liom, an ea? Caithfidh mé a rá go raibh mé amhrasach faoin gcur chuige seo ar dtús.  Ach ní raibh aon ní le cailleadh agam, agus bhain mé triail as. Tar éis cúpla lá, ní raibh orm smaoineamh ar an tasc nua ar chor ar bith, agus rinne mé é go huathoibríoch. Bhí mé sásta gach uair a chríochnaigh mé an tasc agus scread mé ‘go hiontach!’ sa gharáiste. Tar éis tamaillín eile, bhí fonn orm níos mó a dhéanamh, agus d’ardaigh mé na meáchain dhá uair. Lean mé ar aghaidh mar sin, agus i gceann míosa bhí mé ar ardú na meáchain sin deich n-uaire.  Níor stad mé ansin ach an oiread, mar nach raibh mé ar mhuin na muice! Thosaigh mé cleachtadh nua leis na meáchain, agus ar aghaidh liom mar sin. Agus é seo á scríobh, tá deich gcleachtadh dhifriúla agam, agus gach ceann á dhéanamh agam deich n-uaire! An rud a thosaigh mar nós beag bídeach, is nós déanta é anois agus níor chaill mé oiread is lá amháin ag crochadh meáchain! Creidim go láidir i dteagasc Fogg, mar nach é tástáil na putóige a hithe!

Beidh tú in ann triail a bhaint as an gcur chuige seo duit féin, saor in aisce ar an suíomh: https://recipemaker.tinyhabits.com/. Ní gá an suíomh a úsáid, ach is fiú brabhsáil air, ar aon nós.

.

.

.

.

Má tá tú cosúil leis an gcuid is mó againn, ní móide gur éirigh leat na dea-rúin a bhí agat an bhliain seo caite a chur i bhfeidhm. Tá leithscéal láidir againn mar tháinig COVID-19 aniar aduaidh orainn, agus chuir an pandéim uafásach ár saolta bunoscionn. Ach déanta na fírinne, is leithscéal é, mar sin féin. Teipeann ar dhaoine nósanna nua a bhunú, formhór an ama. Caithfidh mé a admháil gur theip ormsa le beagnach gach iarratas nós nua a bhunú, go dtí le déanaí. D’athraigh cúrsaí tar éis dom an leabhar ‘Tiny Habitsa léamh, scríofa ag BJ Fogg, eolaí iompraíochta san Ollscoil Stanford sna Stáit Aontaithe. Cé go raibh amhras orm ar dtús an ndéanfadh a mholtaí aon difríocht, bhí ionadh orm faoi dheireadh tar éis triail a bhaint astu. Oibríonn an córas a mholann Fogg, gan dabht!

Leag Fogg amach bunphrionsabail a chur chuige go deas gonta, ag rá gur gá trí thréithe ionas go mbeidh tú in ann iompar nua a chur i bhfeidhm. Ar dtús, caithfidh tú a bheith spreagtha chun an tasc a dhéanamh. Mar shampla, má tá tú róthrom, seans maith go dteastaíonn go mór uait roinnt meáchain a chailliúint. Ansin, caithfidh sé a bheith ar do chumas an tasc a dhéanamh, agus mar sin tá sé níos fearr tasc éasca a roghnú ná tasc deacair.  Tá gá le leideanna chun a mheabhrú duit an tasc a dhéanamh. Seo an liosta comhábhair: spreagadh, cumas agus leid.  Is é seo a leanas oideas chun an nós beag bídeach a dhearadh agus a chleachtadh.

1.Ní foláir díocas thar na bearta a bheith ort do nós roghnaithe a bhaint amach.   
2.Roghnaigh píosa beag bídeach den nós mar thasc ar dtús.
3.Cuir an tasc i do chlár ama laethúil, ag úsáid an taisc a thagann díreach roimhe mar leid.
4.Tabhair aitheantas duit féin don mhéid a rinne tú!

Lig dom mo thaithí féin a roinnt leat, ionas go mbeidh tú in ann córas Fogg a fheiceáil ag obair. Bhí a fhios agam le fada go bhfuil buntáistí móra ag baint le traenáil meáchain, go háirithe ós rud é go bhfuil na cúlfhiacla curtha go maith agam! Theastaigh uaim traenáil meáchain a dhéanamh, ach theip orm nós a dhéanamh as, in ainneoin go leor iarrachtaí.  Chomh luath is a chríochnaigh mé an leabhar, rith sé liom ionsaí nua a dhéanamh ar an traenáil sin. Gan dabht, bhí díocas thar na bearta orm an cuspóir sin a bhaint amach. Ansin, roghnaigh mé tasc an-bheag a dhéanamh mo mheáchain a chrochadh os mo chionn uair amháin. Bhí orm ansin an tasc a sceidealú agus leid a bheith agam ionas nach ndéanfainn dearmad faoi!giomnáisiam beag agam sa bhaile, le rothar aclaíochta agus tromáin lúith ann. Gach maidin, téim amach sa gharáiste chun rang spineála a dhéanamh ar an rothar. Mar sin, bheartaigh mé an tasc nua a dhéanamh díreach tar éis dom tuirlingt ón rothar.  Déarfainn ‘go hiontach’ liom féin nuair a bheadh an tasc nua críochnaithe agam.

Conas ar éirigh liom, an ea? Caithfidh mé a rá go raibh mé amhrasach faoin gcur chuige seo ar dtús.  Ach ní raibh aon ní le cailleadh agam, agus bhain mé triail as. Tar éis cúpla lá, ní raibh orm smaoineamh ar an tasc nua ar chor ar bith, agus rinne mé é go huathoibríoch. Bhí mé sásta gach uair a chríochnaigh mé an tasc agus scread mé ‘go hiontach!’ sa gharáiste. Tar éis tamaillín eile, bhí fonn orm níos mó a dhéanamh, agus d’ardaigh mé na meáchain dhá uair. Lean mé ar aghaidh mar sin, agus i gceann míosa bhí mé ar ardú na meáchain sin deich n-uaire.  Níor stad mé ansin ach an oiread, mar nach raibh mé ar mhuin na muice! Thosaigh mé cleachtadh nua leis na meáchain, agus ar aghaidh liom mar sin. Agus é seo á scríobh, tá deich gcleachtadh dhifriúla agam, agus gach ceann á dhéanamh agam deich n-uaire! An rud a thosaigh mar nós beag bídeach, is nós déanta é anois agus níor chaill mé oiread is lá amháin ag crochadh meáchain! Creidim go láidir i dteagasc Fogg, mar nach é tástáil na putóige a hithe!

Beidh tú in ann triail a bhaint as an gcur chuige seo duit féin, saor in aisce ar an suíomh: https://recipemaker.tinyhabits.com/. Ní gá an suíomh a úsáid, ach is fiú brabhsáil air, ar aon nós.

.

.

Nósanna Beaga Bídeacha!

Cúig cheist a fhreagairt!

1. Céard é an chuimhne is mó atá agat ar 2020?

Bás mo mháthar, Patricia, i mí Iúil na bliana.  Fuair sí bás i ndiaidh di cath fíochmhar agus pianmhar a throid in éadan na hailse.  Bhí na hadhlacóirí ag caitheamh trealamh cosanta pearsanta nuair a d’iompair siad a cónra amach ón teach altranais go dtí an t-eileatram

Eispéireas ait ba ea é sin agus an tsochraid ina dhiaidh sin.  Ní raibh ach garghaolta in ann dul chuig an tsochraid.  Ar an tslí go dtí an reilig chuamar thar an teach s’againne agus stad ár gcomharsana taobh amuigh dá dtithe chun ómós a thabhairt do mo mháthair.  Bhog an beart flaithiúil sin mo chroí!  Bheadh lúcháir an domhan ar mo mháthair faoi sin, gan dabht.  Braithim go mór uaim an bhean iontach seo.  Mhúin sí dom aislingí móra a bheith agam agus iad a bhaint amach go diongbháilte.  Síocháin lena hanam uasal!

2. Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2020?

B’fhéidir go bhfuil sé róluath a bheith ag ceiliúradh ach bhí ríméad orm nuair a chuala mé an scéal go mbeadh vacsaíniú ar fáil in aghaidh Covid-19.   D’fhógair Pfizer agus Moderna torthaí dearfacha tar éis dóibh trialacha cliniciúla a dhéanamh, agus mhaígh siad go raibh éifeachtacht timpeall 95 faoin gcéad léirithe ag na vacsaíní nua in aghaidh an Covid-19.  Tá vacsaín traidisiúnta ar fáil freisin ó Astrazeneca a níos saoire ná an péire eile agus níos fusa a stóráil.

Úsáideann vacsaíní Pfizer agus Moderna teicneolaíocht nua – instealltar píosa mRNA (ábhar géiniteach) isteach sa cholainn, agus ansin gintear próitéiní spící sna cealla agus caitear amach iad.   Spreagann na próitéiní spící an córas imdhíonachta ionas go bhfuil sé in ann iad a neodrú.  

Tá na próitéiní sin díreach cosúil leis na próitéiní spící a bhfuil an coróinvíreas clúdaithe leo.  Úsáideann an víreas na próitéiní spící mar eochair chun dul isteach sna cealla chun coróinvíreas nua a athchruthú agus a chaitheamh amach, agus ansin tosaíonn an timthriall sin as an nua.   Tar éis duine a bheith vacsaínithe, neodraíonn a chóras imdhíonachta na próitéiní spící agus níl an coróinvíreas in ann dul isteach sna cealla.  D’fhéadfá an cur chuige seo a úsáid chun cóir leighis a chruthú go tapa i gcoinne go leor víris eile.

B’fhéidir go bhfuil an spéir dorcha ach tá údar dóchais fós againn go bhfillfidh ár saol ar ais mar a bhí sa bhliain 2021. Mholfainn do gach duine vacsaín a fháil – déanfaidh tú gar ní hamháin duit féin ach dúinn go léir ar scáth a chéile a mhairfimid!

3. Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2020?

Gabhadh agus maraíodh George Floyd i nDeisceart Minneapolis ar an 25 Bealtaine, 2020. Is dócha go bhfacamar an taifeadadh ina raibh duine de na póilíní darb ainm Derek Chauvin agus a ghlúin chlé ag cur brú millteanach ar mhuineál Floyd. Coimeádann sé a ghlúin air ar feadh ocht nóiméad agus 46 soicind, in ainneoin impí na daoine a bhí in aice láimhe agus in ainneoin impí Floyd féin agus é ag scairteadh amach lena mháthair.

Chonaiceamar go léir an t-uafás doshamhlaithe sa taifeadadh agus leis sin, gránnacht an chiníochais i Meiriceá. Sa bhliain 2020, is soiléir go bhfuil a lán obair le déanamh i Meiriceá agus ar fud an domhain chun deireadh a chur leis an gciníochas. Tá dualgas againn go léir seasamh prionsabálta a ghlacadh in aghaidh an chiníochais!

4. Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2020?

D’fhoghlaim mé go bhfuil bolscaireacht mhioscaiseach an-dainséarach! Bhí ionadh mór orm faoin méid daoine a chreideann gach saghas raiméis. Ar an drochuair, bíonn sé éasca do bhithiúnaigh dúshaothrú a dhéanamh ar na daoine saonta sin agus iad a ionramháil chun a leasa féin. Tuigim níos fearr anois an tslí ar tháinig deachtóirí cosúil le Hitler i gcumhacht! Go deimhin, níl mé ag iarraidh go dtarlóidh an rud céanna arís go deo!

5. Ar éirigh leat déanamh de réir aon rún a bhí agat ag tús na bliana 2020?

D’éirigh, ar an mórgóir! Ach ní raibh mé in ann a lán taisteal a dhéanamh, de dheasca an víris. Bhí sé deacair casadh le mo chairde freisin, agus dianghlasáil i bhfeidhm! Bhí níos mó ama agam le rudaí eile a dhéanamh, áfach, cosúil le cócaireacht, aclaíocht, itheoireacht agus scríbhneoireacht. Cé gur bliain dheacair a bhí ann, ní gearán dom!

Seol do fhreagraí féin chugam (mickgb@gmail.com), agus b’fhéidir go bhfoilseofar sa cholún seo iad!

.

.

.

Nósanna Beaga Bídeacha!

An gá Leibhéal 5 i ndáiríre?

Le déanaí, bhí ar an rialtas srianta dianghlasála leibhéal 5 a chur i bhfeidhm, in aghaidh an ardaithe shuntasaigh atá tagtha ar líon na gcásanna den COVID-19 sa tír. An gá é seo i ndáiríre?  

Tá i bhfad níos mó ar eolas againn anois faoin víreas ná mar a bhí fiú cúpla mí ó shin. Tá tuiscint níos fearr ag na heipidéimeolaithe faoi scaipeadh an víris anois freisin. Ar an drochuair ní dhéanann an taighde sin eolas do na polasaithe rialtais in a lán tíortha.  Ach cúpla tír ag úsáid thuiscint na heipidéimeolaithe ina bpolasaithe an Chóiré Theas, Vítneam agus an tSeapáin san áireamh. Ach cé chomh héifeachtach agus atá polasaithe na Seapáine mar shampla, chun líon na ndaoine ag fáil bás ó COVID-19 a laghdú? Bhuel, agus é seo á scríobh, fuair 1,650 duine bás ón ngalar sa tSeapáin go dtí seo, i gcomparáid le 1,849 in Éirinn. Ach tá daonra 126 milliún duine sa tSeapáin, i gcomparáid le daonra 5 milliún duine in Éirinn. Mar sin tá ráta mortlaíochta ón ngalar fiche cúig huaire níos airde in Éirinn ná sa tSeapáin. Nach dochreidte é sin, go háirithe nuair a fhaigheann tú amach nach mbíonn srianta chomh géar orthu agus a mbíonn orainn?  Cad atá ar siúl? Gan dabht, leanann saoránaigh na tíortha thuasluaite sin treorú a rialtais agus tá níos mó cleachtadh acu ag déileáil le géarchéim víris (SARS, MERS). Ach tugann a rialtais cur chuige eolach i leith na géarchéime COVID-19 freisin, ag cur na béime ar an mbealach a scaipeann an víreas ó dhuine go duine.

.

In iarthar an domhain, cuirimid béim ar an ráta tarchurtha an víris (R). In Éirinn, mar shampla, úsáidtear an uimhir sin mar chritéir mheastóireachta nuair atá an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) ag iarraidh cinneadh a dhéanamh mar gheall ar cén leibhéal srianta a mholadh don rialtas. Ar an meán, scaipeann duine ionfhabhtaithe an víreas do R daoine eile, agus má tá R níos lú ná a haon, bíonn laghdú ar líon na ndaoine ag tolgadh an galar COVID-19.  Rinneadh taighde ar an ábhar sin, agus fuarthas amach nach bhfuil R roinnte go cothrom. Ní scaipeann timpeall 70 faoin gcéad den daonra ionfhadhbtaithe an víreas ar chor ar bith. Ach scaipeann timpeall 10 faoin gcéad den daonra ionfhadhbtaithe suas le 80% cásanna nua, agus tugtar ollscaiptheoirí (superspreaders’ as Béarla) ar na daoine sin.  Mar a tharlaíonn, sin eolas an-tábhachtach ar fad.  

Rinneadh a lán taighde eile ar na coinníollacha atá fabhrach do scaipeadh an víris, agus fuarthas amach cúpla rud suntasach. Tá sé i bhfad níos éasca an víreas a scaipeadh taobh istigh ná mar atá sé taobh amuigh b’fhéidir fiche uaire níos éasca!   Laistigh, tá sé níos éasca an víreas a scaipeadh in áiteanna cúnga nach bhfuil aeráil mhaith ann, agus ina bhfuil go leor daoine gar le chéile le tamall fada, agus go háirithe nuair atá siad ag caint nó ag canadh. Smaoinigh ar thoit thánaisteach tobac, agus bíonn an víreas san aer i slí cosúil leis sin.

Moltaí:

Tá cuardach teagmhálaithe an-tábhachtach i straitéis na tíortha thuasluaite, ach cuardach teagmhála ar gcúl atá i gceist nach bhfuil mar an gcéanna leis an gcuardach a dhéantar in Éirinn anois. Is é aidhm an chuardaigh sin ná an ollscaiptheoir a aithint. Déantar cuardach teagmhálaithe ar dtús ar an duine a bhfuil an galar aige ach déantar iarracht a fháil amach n teagmháil a thug an galar dó. Seans maith gur ollscaiptheoir an duine sin, agus más ea (tá slite ann chun é sin a dhearbhú), déanann tú cuardach teagmhálaithe ar an ollscaiptheoir agus ansin cuireann tú srianta ar an ollscaiptheoir agus a theagmhálaithe. Tá an straitéis seo i bhfad níos fearr, mar tá tú in ann braislí a bhriseadh suas níos éifeachtaí.

Chomh maith leis sin, caithfidh tú cosc a chur ar aon bhailithe neamhriachtanaigh a bheadh laistigh in áiteanna cúnga le go leor daoine, gan aeráil mhaith a bheith ann. Cuirtear rialacha i bhfeidhm lasmuigh den teach mar gheall ar chaitheamh mascanna agus ar scoitheadh sóisialta go hiondúil freisin.

Agus sin an méid! Tá an tSeapáin, an Chóiré Theas agus tíortha eile ag éirí thar cionn leis an gcur chuige sin, agus níl sé dheacair ar an bpobal cloí le spriocanna mar sin ach an oiread. Is fiú do NPHET agus an rialtas an cur chuige seo a staidéar ar a laghad – tá sé amuigh ag an bpobal orthu!

.

.

.

.

.

Nósanna Beaga Bídeacha!

Ábhar Conspóideach – Maisc!

Is ábhar polaitíochta é an coróinvíreas i gcúpla tír anois, sna Stáit Aontaithe go mór mór. Níor láimhseáil an PríomhÚtamálaí Trump an ghéarchéim mar is ceart ó thús na pandéime seo. Ar dtús, shéan sé go raibh aon fhadhb ann agus cailltear am luachmhar chun dul i ngleic leis. Ar an drochuair, chaill a lán daoine a mbeatha de dheasca na moille seo. Lena chois sin, bhí fadhb mhór leis na fearais tástála a d’fhorbair an Lárionad um Ghalair a Rialú (CDC). Bhí moill shíoraí tar éis sin, tuairim is sé seachtaine nó breis, fad is a bhí an CDC agus an tÚdarás Bia agus Drugaí (FDA) ina gcíor thuathail ag iarraidh an fhadhb a shocrú, agus iad báite i sraitheanna maorlathais. Ansin, bhí fadhb mhór le trealamh cosanta pearsanta (PPE) agus aerálaithe, mar bhí ganntanas mór ann. Thosaigh an PríomhÚtamálaí ag argóint leis na Stáit, ag rá go raibh siad freagrach as iad a fháil. Bhí mearbhall mór ansin agus na Stáit in aghaidh a chéile sa phróiseas tairisceana ar PPE agus aerálaithe. Lean cúrsaí ar aghaidh mar sin agus chuaigh siad ó mhaoil go mullach. Mhol Trump do dhaoine hydroxychloroquine a úsáid, cé nach raibh aon fhianaise eolaíoch ann. Níos measa fós ná sin, mhol Trump do na saineolaithe taighde a dhéanamh ar dhíghalrán agus solas ultraivialait mar leigheasanna do COVID-19. Le déanaí, ionas go bhfuil tástáil COVID-19 ag méadú faoi dheireadh agus mar sin ag aimsiú níos mó cásanna COVID-19, dúirt an PríomhÚtamálaí go gcuirfeadh sé moill ar an tástáil sin! D’fhéadfainn leanúint ar aghaidh an lá ar fad, ach cuirfidh mé an bhéim ar an rud deiridh seo – ní ghlacann sé le comhairle a rialtas féin maidir leis an víreas! Tá sé níos soiléire gach lá gur dea-chomhairle é clúdach a chaitheamh ar d’aghaidh dá mbeifeá i spás cúng gan deis agat fanacht dhá mhéadar ó dhaoine eile. Ní chaitheann an PríomhÚtamálaí masc ar chor ar bith – ag déanamh neamhaird go hoscailte le moladh an CDC agus ag tabhairt drochshampla do mhuintir na tíre. Ach ní hamháin sin ach leis a dhrochiompar tiontaíodh ceist sláinte phoiblí ina ceist pholaitiúil – agus ní rud maith é sin!

Cén fáth go bhfuil an oiread sin clampair faoi mhaisc sna Stáit Aontaithe anois, go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh go bhfuil an ghéarchéim ag dul in olcas ann?  

Sna Stáit Aontaithe, fiú sular tharla an pandéim seo, bhí cultúr polaitiúil gangaideach ann. Tá dhá phríomhpháirtí ann. Ar thaobh amháin, tá na Poblachtaigh a thugann tacaíocht do na gnóthaí móra agus a chreideann go bhfuil an iomarca rialacháin rialtais ann. Ar an taobh eile, tá na Daonlathaithe atá ar thaobh na gnáthdhaoine, agus mar sin creideann siad i dtimpeallacht rialacháin a chosnaíonn cearta an phobail agus a thugann tacaíocht láidir dóibh trí pholasaithe sóisialta. Tá an bhearna idir na Poblachtaigh agus na Daonlathaithe ag méadú agus ag leathnú le tamall anuas, agus anois tá sé ag déanamh an-damáiste don tír, mar tá easpa comhoibriú eatarthu le linn na pandéime uafásach seo.  

Nuair a thug Trump neamhaird ar chomhairle a rialtas féin agus go háirithe na saineolaithe ann, lean a lucht tacaíochta díograiseach a shampla, agus mar chuid den amaidí sin, diúltaíonn siad glan maisc a chaitheamh. Tá an fhianaise ag carnadh gach lá ar son na mbuntáistí ag baint le maisc a úsáid, go háirithe i gcóngar daoine eile. Ach níl Trump nó a lucht leanúna ag éisteacht. Bhí cúpla slógadh ag Trump (Tulsa, Oklahoma agus Phoenix, Arizona) agus is ar éigean a caitheadh maisc ann.  

Thosaigh roinnt mhaith gobharnóirí Poblachtaigh ag oscailt geilleagair a Stáit róluath, nuair a bhí an víreas ag scaipeadh fós, agus anois tá an ghéarchéim tar éis dul in olcas orthu, go háirithe in Arizona, Florida agus Texas.  Anois, ní mór dóibh athruithe a dhéanamh chun dul i ngleic leis an víreas, ach tá a lán damáiste déanta, cheana féin, agus beidh sé deacair cúrsaí a chur faoi smacht.

Tríd is tríd, tá na Stáit Aontaithe trí chéile ar fad ag déileáil leis an ngéarchéim seo. Tá mífheidhmithe an PríomhÚtamálaí agus a chuid deisceabal le feiceáil go soiléir, agus ní chreideann ach a lucht tacaíochta a leithscéalta leamha. Ar an drochuair, díolfaidh a lán daoine lena n-anam as na gníomhartha mínáireacha amaideacha sin. Tá Teamhair ina féar agus féach an Traoi mar atá!

.

  .

.

.

   .

.

.

.

.

.

Nósanna Beaga Bídeacha!

Ceisteanna Móra na Fichidí -3!

Tá a fhios ag gach duine atá ina chiall nach bhfuil staid an daonlathais i Meiriceá go maith! Agus an scéal amhlaidh, ní féidir linn a rá roimh ré go háirithe cad a tharlóidh. Mar sin féin, táimid in ann na scoilteanna ina gcóras rialtais a aithint, agus leis an eolas sin, moltaí a chur chun cinn ar céard a d’fhéadfaí a dhéanamh chun feabhas a chur ar chúrsaí.

.

Fadhbanna Struchtúracha

Tá trí bhrainse rialtais sna Stáit Aontaithe. Tá an Seanad agus Teach na nIonadaithe sa bhrainse reachtach, agus tá cumhacht reachtach acu.  Is é an tUachtarán ceannaire an bhrainse fheidhmiúcháin, agus in éineacht leis an chomh-aireacht, rialaíonn siad an tír i gcomhréir leis na dlíthe. Ar deireadh, tá an Chúirt Uachtarach agus na Cúirteanna Feidearálacha sa bhrainse bhreithiúnach, agus tá orthu an reachtaíocht a léirmhíniú. Ach an bhfuil an próiseas chun baill na mbrainsí sin a roghnú féaráilte? An freagra i bhfocal amháin – níl! Cén fáth?

Bhuel, braitheann sé ar an mbrainse atá i gceist. Sa Seanad, tá beirt seanadóirí ann ó gach stáit. Tá fadhb mhór ag baint leis sin – tá daonra beagnach 40 milliún duine ag California, agus tá daonra beagnach 600 míle duine ag Wyoming – ba cheart go mbeadh 140 seanadóir ag California mar sin chun a bheith cothrom!  Tá fadhbanna eile i gcás Teach na nIonadaithe. Sa chéad dul síos, bíonn ionad amháin le gach 750 míle duine. I gcomparáid, bíonn TD amháin le gach 29 míle duine! Ar an dara dul síos, tá fadhb leis na ceantair vótála, mar bhí na Poblachtaigh in ann línte a lán ceantair vótála a athrú, chun buntáistí a fháil i dtoghcháin.  Tá focal speisialta i mBéarla ag baint leis an gcleachtadh uafásach seo – Gerrymandering!

I gcás toghchán na hUachtaránachta, tá go leor fadhbanna.  Cuirfidh mé an bhéim anseo ar fhadhb mhór ag baint leis an gColáiste Toghcháin.

I mbeagnach gach Stáit, tá riail ‘an t-iomlán nó dada’ i bhfeidhm, agus de réir na rialach sin, buann an t-iarrthóir a bhfuil an líon is mó vótaí aige/aici gach vóta sa stáit sin. Mar sin, tá seans maith go roghnaítear Uachtarán nach bhfuil an líon is mó vótaí aige/aici sa tír ar fad. Tharla sé sin cúig huaire, agus dhá uair le déanaí – i 2000, le George W. Bush, agus i 2016 le Donald Trump. Is trua mhór é sin, i mo thuairim!

I gcás breithiúna na Cúirte Uachtaraí, níl aon toghcháin ann! Aon uair is gá breitheamh nua a fháil, roghnaíonn an tUachtarán iarrthóir agus deimhníonn an Seanad é/í.

Is é bun agus barr an scéil nach rialtas daonlathach é rialtas na Stáit Aontaithe ar chor ar bith!

.

An bhunfhadhb

Is é an t-airgead an bhunfhadhb – go háirithe an t-airgead a chaitear i dtacaíocht iarrthóirí agus páirtithe polaitíochta. Tar éis na bliana 2010, nuair a cheadaítear do chomhlachtaí airgead gan teorainn a thabhairt i dtacaíocht toghcháin, chuaigh daonlathas na Stáit Aontaithe in olcas, mar bhí cúpla duine an-saibhir in ann tionchar mór a imirt ar an gcóras rialtais .  Is é an aidhm atá ag na daoine sin ná éirí níos saibhre agus níos cumhachtaí, ach ar an drochuair tógann sé sin an rialtas i dtreo olagarcachta. Faoi láthair tá an tUachtarán féin agus a pháirtí mar ghníomhairí dóibh, ag déanamh mar a iarrann siad orthu – is é sin, ag scrios an chóras rialtais. Mura ndéanfar beart gan mhoill, beidh na Stáit Aontaithe cosúil leis an Rúis sula i bhfad.

.

Moltaí

Ceapaim gurb é an rud is fearr a dhéanamh ná scrios an chóras rialtais a mhoilliú, chun tuilleadh ama a fháil chun athruithe cuimsitheacha eile a chur i bhfeidhm. Mar sin, níl ach moladh amháin agam, an moladh is práinní ar fad. Tar éis sin, beimid in ann moltaí eile a phlé!  

Tá deis ag saoránaigh na Stáit Aontaithe gníomh inmholta a dhéanamh – ná caith vótaí ar son Trump! Is léir don dall go bhfuil an tUachtarán seo ag iarraidh a bheith mar dheachtóir na Stáit Aontaithe agus tá sé an-ghnóthach ag baint a rialtas as a chéile. Dá mbeadh ceithre bliana eile aige ní fheadair cén damáiste a dhéanfadh sé. B’fhéidir nach mbeadh seans eile ag poblacht na Stáit Aontaithe beart a dhéanamh! Tá dualgas orthu an rud ceart a dhéanamh i Mí na Samhna ag an mbosca ballóide – ní hamháin dóibh féin ach dúinn go léir ar fud an domhain a gcreideann i ndaonlathas liobrálach!  

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Nósanna Beaga Bídeacha!

Ceisteanna Móra na Fichidí -2!

Bhíomar ag cur agus ag cúiteamh faoi cheisteanna móra na fichidí cheana féin sa chéad alt den tsraith seo, nuair a phléamar an Téamh Domhanda.  Inniu, is é an dúshlán a bheidh idir chamáin againn ná staid ár gcórais daonlathais sa Domhan Thiar. Ní haon áibhéil a rá go bhfuil daonlathas liobrálach ar fud an domhain faoi ionsaí treascrach anois díreach.

.

Daonlathas faoi bhagairt

“Níl sé ródhéanach!” arsa Jimmy Stewart. Bhí creathán ina ghuth agus cuma thraochta air agus é ag impí ar Chomhdháil na Stát Aontaithe tarrtháil a dhéanamh ar a gcóras daonlathais.  Tharla sé sin sa scannán ‘Mr. Smith goes to Washington’, eisithe sa bhliain 1939.

Ar ámharaí an tsaoil, ní raibh sé ródhéanach an uair sin, agus tá súil agam nach bhfuil sé ródhéanach an t-am seo, ach an oiread. Ach ní bhraitheann sé go maith.  

Gan dabht, tá neart cosúlachtaí idir na tríochaidí sa chéad seo caite, agus na fichidí anois. Sna tríochaidí, tháinig lagú ar go leor rialtais dhaonlathacha, agus ansin cuireadh rialtais fhorlámhacha ina n-áit le neart míleata, de ghnáth. Ón mbliain 2005 I leith, thosaigh rialtais fhorlámhacha ag teacht i gcumhacht in áit rialtais dhaonlathacha seanbhunaithe. An uair seo, ní raibh aon ghá le gabháil ceannais míleata, mar rinneadh an t-athrú ar an taobh istigh, de réir a chéile.

.

Frog Bruite!

Tá meafar seanchaite ann nach bhfuil fíor, ach tá sé úsáideach mar sin féin. De réir an mheafair seo, má chuirtear frog in uisce bruite, léimfidh sé amach ar an toirt. Ar an lámh eile, má chuirtear é in uisce fuar agus ansin cuirtear an teas ar siúl, fanfaidh sé san uisce.

Ar an drochuair, is muidne (saoránaigh tíortha daonlathacha) an frog sa mheafar seo. Rialtas daonlathach is ea an t-uisce fuar, agus rialtas forlámhach is ea an t-uisce bruite. De réir a chéile, déantar athruithe go dtí ár gcóras daonlathach agus tar éis go leor athruithe, bíonn deachtóireacht ann. Broicimid gach athrú ar an mbealach sin, agus fán am atá a fhios againn go bhfuil muid bruite, tá sé ródhéanach, mar a dúirt Jimmy Stewart!

.

Ar an mBealach

Idir deireadh an Dara Cogadh Domhanda agus timpeall 2005, bhí borradh ar na tíortha daonlathacha ar fud an domhain, agus sórt ré óir a bhí againn. Ach anois, tá roinnt mhaith tíortha ar an mbealach i dtreo údarásaíochas agus cúpla ceann ann cheana féin . Lig dom cúpla sampla a lua, chun an pointe a dhéanamh: Putin (an Rúis), Erdoğan (an Tuirc), Orbán (an Ungáir), Kaczyński (an Pholainn), Duterte (na hOileáin Fhilipíneacha), Bolsonaro (an Bhrasaíl), Modi (an India), Netanyahu (Iosrael) agus Trump (na Stáit Aontaithe).  Deir siad go léir go bhfuil daonlathach iontach acu, ach an cuimhin leat gurb é an rud céanna a bhí á rá ag Hitler agus Mussolini sna tríochaidí.  Tá an leabhar beartaíochta céanna á úsáid ag gach duine thuasluaite, bíodh is nach bhfuil siad go léir ag an áit chéanna sa leabhar. Is é atá i gceist sa chur chuige ná na ráillí cosanta sa chóras polaitíochta a bhaint as a chéile, agus ansin na hinstitiúidí ba chóir dóibh freastal ar an bpobal a úsáid mar arm chun iad a chur faoi chois. Mar shampla, ní maith le haon duine thuasluaite preas saor a bheith ann, mar sin é guth an phobail, agus bheadh an pobal sin in ann an preas a úsáid chun easaontú leis.  B’fhearr leis dá mbeadh an preas ag obair mar a ghuth féin, agus ar ndóigh sin a tharlaíonn luath sa scéal seo. Ansin, diaidh ar ndiaidh faigheann an ceannaire smacht ar an bparlaimint, na breithiúna agus na dlíthe. Féach ar Vladimir Putin – tá an leabhar beartaíochta críochnaithe aige, agus cé go maíonn sé gur daonlathas iontach atá sa Rúis, is deachtóireacht dhian é i ndáiríre!

.

Léas Dóchais?

Foilsíonn “The Economist” liosta gach bliain darb ainm “The Democracy Index”, ina n-áirítear 167 tír.  Chuir siad an teideal “Global Democracy in Retreat” ar an liosta is déanaí (2019). Tá Éire sa séú háit – ceann de na tíortha is fearr, roimh an Ríocht Aontaithe (14), agus na Stáit Aontaithe (25). Tá daonlathas lochtach ag na Stáit Aontaithe, dar leo. Má theipeann ar an daonlathas go hiomlán sna Stáit Aontaithe, ceapaim gur droch-chomhartha é sin dúinn go léir. Mar sin, breathnaímis ar chóras rialtais na Stáit Aontaithe an tseachtain seo chugainn, agus déanfaimid iarracht an cheist “An bhfuil aon léas dóchais againn ár gcóras rialtais a shábháil?” a fhreagairt.   

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge