An tseachtain seo caite, d’inis mé duit faoi m’odaisé ar thóir an tSoithigh Naofa sin – páipéar leithris. Léigh tú faoi na suáilcí is na duáilcí ag baint leis an eachtra ait seo, agus mé ag siopadóireacht i mo cheantar féin ar dtús, agus ansin ag siopadóireacht ar líne freisin. Ag deireadh an ailt sin, bhí mé dóchasach go bhfaighinn an páipéar luachmhar sin sula mbeadh ár soláthairtí féin ídithe.  Bhí dhá ordú déanta agam ar líne, ceann amháin ar Amazon ach bheadh orm fanacht le mí chun é a fháil, agus i gcás an chinn eile tobcheannach a bhí i gceist, agus i ndiaidh an ghnímh, bhí aithreachas ceannaitheora orm. Leanaimis ar aghaidh anois ón áit ar stopamar.  

Fuair mé ríomhphost ag deimhniú mo scaollcheannach, agus tháinig frídíní amhrais isteach i m’intinn nuair a chonaic mé gurb ón tSín a thiocfadh sé. Bhí nasc sa ríomhphost chun seiceáil ar stádas m’ordú, agus nuair a bhain mé triail as, d’oibrigh an nasc, ach chonaic mé nach bhfaighinn mo rollaí go ceann coicíse. Bheadh orainn ciondáil páipéir leithris a chur i bhfeidhm idir an dá linn! Bhuel, déanta na fírinne, níor stad mé ag lorg páipéir leithris sna hollmhargaí agus ar líne freisin. Ar ámharaí an tsaoil, fuair mé ceithre rolla san ollmhargadh gar dom – ní fhaca mé arís ach seilfeanna folmha sna siopaí! Uair eile agus mé ag déanamh cuardach ar líne, bhí mé in ann ordú a chur isteach ar Amazon, ach thógfadh sé mí amháin chun teacht! Ach chuir mé isteach an ordú ar aon nós agus is maith an rud é, mar a tharla sé!  

Tar éis coicíse eile, fuair mé pacáiste ón tSín – páipéar leithris! Ach bhí fadhb ann, mar ní bhfuair mé an rud ar ordaigh mé, ach táirge faoi bhun caighdeán – stiall chaol pháipéir i ngach rolla agus iad go léir gan pholl sa lár chun iad a cur ar dháileoir. Nuair a chonaic mo bhean chéile iad, bhris sí amach ag gáire ach ag an am céanna bhí fearg uirthi. “Cén fáth faoin spéir a bhfuair tú iad sin?” a d’íarr sí orm. “Ní úsáidfinn iadsan ach amháin b’fhéidir ar shaoire an mhála droma! Cuir ar ais iad chuig an díoltóir, in ainm Dé!”

“Níl sé chomh héasca sin”, a d’fhreagair mé, “is ón tSín a fuair mé iad!”

“Is cuma”, a dúirt sí, “faigh réidh leis an diabhal rud!”

Ní dúirt mé rud eile faoi, ach tháinig cuthach feirge orm ansin. “Rachaidh mé isteach i bPayPal agus déanfaidh mé gearán i gcoinne an díoltóra mhímhacánta sin. Gheobhaidh mé m’airgead ar ais, agus tarrthálfaidh mé mo chlú i súile mo bhean chéile, ar a laghad,” a dúirt mé liom féin. Agus rinne mé é sin díreach, agus ag an am céanna rinne mé iarracht teagmháil a dhéanamh leis an díoltóir. Ní bhfuair mé freagra don ríomhphost ar sheoladh mé chuig an díoltóir, áfach, agus nuair a rinne mé iarracht dul isteach sa suíomh a bhí aige, bhí sé imithe. Fuair mé freagra ó PayPal agus dúirt siad gurb é an rud is fearr dom a dhéanamh nó an díchorda a scaoileadh díreach leis an díoltóir. D’fhreagair mé nach raibh mé in ann teagmháil a dhéanamh leis. Dúirt siad liom fanacht tamall agus bheadh freagra acu.

Tar éis coicíse, bhí a bhfreagra agam ach gan aon mhíniú, ag rá go raibh an fhadhb réitithe ar thaobh an díoltóra. D’iarr mé an cás a oscailt arís, ach ní raibh an rogha sin agam. Bhí an t-ádh dearg orm nach raibh mórán airgid i gceist, mar ní raibh aon rud eile ab fhéidir liom a dhéanamh. Bhí ionadh an domhan orm go ndearna PayPal an cinneadh sin, agus beidh mé i bhfad níos cúramaí as seo amach.

Ar an dea-uair, tháinig mo pháipéar leithris ó Amazon níos luaithe ná mar a dúirt siad, agus díreach ag an am ceart – bhíomar ar na rollaí deireanacha ag an am sin!

Thar aon rud eile, bhí díomá orm nach raibh mé ar m’aire ar shiopadóireacht ar líne agus gur úsáid mé suíomh nach raibh ar eolas agam, lonnaithe sa tSín! Ní fhaca mé na bratacha dearga ag mún in aghaidh na gaoithe! An raibh an frása Caveat Emptor dearmadta agam?

Ar aon nós, tá rollaí deasa déanta sa tSín le díol agam, má tá suim ag aon duine!

.

.

.

gaGaeilge