cúpla pictiúr ar crochadh taobh le chéile i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann. Cé go bhfuil aithne ag cách ar an duine i bportráid amháinSinéad O Connor, ní móide go bhfuil aithne ag mórán ar an duine sa phortráid eile. Ach fós féin, d’fhéadfaí a mhaíomh go raibh tionchar chomh láidir ar thodhchaí na tíre ag an mbean sin agus a bhí ag Sinéad féin! Sa phortráid den bhean neamhshuntasach, suíonn sí i gcathaoir phlaisteach ar phóirse a teach soghluaiste áit éigin san fhásach, b’fhéidir i Meiriceá.  Má tá tú d’aois áirithe, seans maith go músclódh sé do chuimhne nuair a insím duit gur Annie Murphy ainm na mná sin.

D’fhéadfadh sé tarlú d’easpag!

Nuair a tháinig Annie Murphy go hÉirinn ó Mheiriceá i 1974, bhí súil aici saol nua a thosú agus an saol a bhí aici roimhe sin a fhágáil ina diaidh.  Colscaradh an deireadh a bhí lena pósadh agus bhí sí fós ag déanamh bróin tar éis di leanbh a chailliúint.  Bhí gaol i bhfad amach ag athair Annie leis an Easpag Eamonn Casey, agus scríobh sé litir chuig an easpag cabhair a thabhairt do Annie nuair a thiocfadh sí i dtír. Easpag neamhghnách a bhí in Eamonn – fear an-mhórchúiseach ar mhaith leis an aird a choimeád air féin. Ba mhaith leis an ‘dulce vita’, mar a deirtear san Iodáil. Bhí cáil air mar gheall ar a dhúil i bhfíonta den scoth agus i mbéilí costasacha. B’aoibhinn leis taisteal thar lear. Bhí a chroí go mór istigh sna carranna gasta agus is minic a d’fheictí é ag rásaíocht timpeall a dheoise ar ardluas. Bhí saol an mhadra bháin aige, gan dabht.  Ní raibh ach rud amháin in easnamh. Ach anois bheadh leigheas an scéil sin ar a chumas! Níos déanaí, déarfadh lucht a gcáinte go raibh sé dosheachanta go mbeadh grá neamhcheadaithe ar na bacáin don easpag péacach seo.

Ar aon nós, tar éis dó Annie a bhailiú ón aerfort, thug an t-easpag seomra di ina theach féin in aice na farraige, ar a dtugadh ‘The Red Cliff House’ air.  Bhí Annie splanctha ina dhiaidh, agus é ina diaidh. Ní haon ionadh é, mar sin, nárbh fhada gur shleamhnaigh sé isteach ina seomra oíche amháin. Tá a fhios ag an saol Fódlach cad a tharla ina dhiaidh sin!  Thosaigh caidreamh faoi rún eatarthu. Tar éis tamaill, chuir Annie a himní in iúl do Eamonn, ag ceistiú an mbeadh sé in ann leanúint leis an gcaidreamh. D’fhreagair sé í mar seo: “Dá mbeadh Dia anseo, d’aontódh sé lena bhfuil á dhéanamh agam.” Dúirt sé léi go raibh uirthi an caidreamh a choinneáil faoi rún, áfach.

Ach d’athraigh gach rud nuair a d’éirigh sí torrach.  Tháinig críoch thobann don saol fantaisíochta a bhí á mhaireachtáil acu. Mhol Eamonn di an páiste a thabhairt suas le huchtú, ach d’easaontaigh Annie go hiomlán. I 1974, bliain go leith tar éis tús a gcaidrimh, bhog Annie ar ais go dtí na Stáit Aontaithe lena páiste, Peter. As sin go ceann beagnach fiche bliain, chuir an t-easpag airgead chuig Annie chun tacaíocht a thabhairt dá mac.  Ach má cheap an t-easpag go leanfadh cúrsaí mar sin go deo, bhí breall air.

Faoi thrí a shéanfaidh tú mé

I mí na Bealtaine, 1988, thug comhpháirtí Murphy, Arthur Pennell, cuairt ar an easpag agus chuir sé in iúl dó go raibh Peadar ag iarraidh tamall a chaitheamh leis. Thug an t-easpag freagra dó a chuir tús le suaitheadh ceart a bhainfeadh an t-easpag anuas sa ghearrthéarma, agus a mbeadh tionchar mór fadtéarmach aige ar an eaglais Chaitliceach in Éirinn. Seo a dúirt , dar le Peter Murphy a chuala é ó Arthur féin: Striapach a bhí in Annie a mbeadh gnéas aici leis an mbaile ar fad. Agus ní hé mo pháiste é Peter.” Ba é sin an buille marfach agus nuair a d’fhill Pennell go Nua Eabhrac, thug Annie cás in aghaidh an easpaig chun na cúirte, ag rá gur fhulaing sí dá bhrí gníomhartha an easpaig. Nuair a chríochnaigh an cás sa bhliain 1990, bhí ar an Easpag Casey $98,000 a íocadh, ach níor admhaigh sé gurbh é féin athair Peter.  Nuair a chuaigh an t-easpag go Nua Eabhrac chun cáipéisí dlíthiúla a shíniú, chas sé le Peter gan choinne.

Mar a mheabhraigh Peter níos déanaí, comhrá cúig nóiméad a bhí ann agus bhí an t-easpag “amach an doras”. Mhothaigh sé gur chaith a athair leis mar “earráid bheag chléireachais ina shaol”.  As sin amach bheartaigh go gcuirfeadh sé iallach ar a athair an fhírinne a admháil go poiblí.

Ina dhiaidh sin rinne Annie Murphy éileamh go n-íocfadh an t-easpag as oideachas Peter, a bhí ag freastal ar ollscoil. Níor thug an teaspag pingin rua di, agus chinn Annie an scéal a chur ar fáil don phobal.

Leagan an easpaig

Chuaigh Pennell agus Murphy i dteagmháil leis an Irish Times i 1992. Scaip an scéal faoi mhac an easpaig go tapa ar leathanaigh tosaigh na nuachtáin agus go gairid ina dhiaidh sin, d’fhógair an Vatacáin go raibh Eamonn Casey tar éis éirí as mar easpag ar Ghaillimh, cé go bhfanfadh sé sa tsagartacht.  Go luath ina dhiaidh sin, d’fhág Eamonn Casey Éire ar eitilt Aer Lingus go Nua-Eabhrac, áit ar eisigh sé ráiteas ag admháil gurbh é athair Peter Murphy é agus gur úsáid sé airgead as cistí deoise chun tacaíocht a thabhairt dó. Tar éis sé mhí, cuireadh chun Eacuadór é mar shagart misinéireachta ar feadh sé bliana go leith. Ba é sin a “phionós”. Chaith sé am tar éis sin i Sasana, agus ní raibh sé ceadaithe teacht ar ais go hÉirinn go dtí 2006.

Aisfhreagra thar barr!

Sa bhliain 1993 foilsíodh leabhar, scríofa ag Annie Murphy agus an t-údar Peter de Rosa darb ainm: ‘Forbidden Fruit: The True Story of My Secret Love Affair With Ireland’s Most Powerful Bishop.’  Rinne Annie mionchur síos ar a caidreamh leis an Easpag Casey, agus níor cheil sí aon rud. Baineadh siar an tír go léir, ach go háirithe an ghlúin is sine, a bhí dílis don Eaglais Chaitliceach. Imríodh feall muiníne ar an tír, agus ní raibh aon dul siar ann.   

Nuair a bhí Annie Murphy ar ais in Éirinn dá seoladh leabhair, fuair sí cuireadh don ‘Late Late Show’, le Gay Byrne. San agallamh sin, ghlac Gay Byrne taobh na heaglaise, ag tabhairt le tuiscint gurbh é ise a thug bealach don easpag. Chríochnaigh Gaybo an t-agallamh ag rá: “Cuirimis deireadh le nóta ag rá ‘má tá do mhac leath chomh maith lena athair, ní bheadh sé ag éirí dhona.

“Níl mise ag éirí ródhona ach an oiread, a Uasail Byrne,” a d’fhreagair Annie Murphy, sular fhág sí an seó gan lámh an óstaigh a chroitheadh. Mhairfeadh an nóiméad sin mar uain chinniúnach i stair na tíre. Cé nach raibh a fhios againn ag an am, bhíomar ach ag tús scannal don Eaglais Chaitliceach in Éirinn agus ar fud na cruinne. Ní bheadh a leithéid chumhachta ag an Eaglais in Éirinn choíche arís, tar éis a fill uafásaigh ar ár n-iontaoibh.   

.

.

.

.

.

gaGaeilge