Is deacair a chreidiúint go bhfuil níos mó ná trí bliana imithe ó thús na pandéime COVID-19. Níl an pandéim sa nuacht ach go hannamh anois agus rudaí ag teacht ar ais beagnach mar a bhí siad roimh ré. Ach mharaigh COVID19 6.8 milliún duine ar a laghad ar fud an domhain agus níos mó ná 13 míle duine ar oileán na hÉireann. Tá sé tábhachtach dúinn machnamh anois ar cheachtanna a d’fhoghlaíomar agus leis an eolas sin ullmhúchán níos fearr a dhéanamh den chéad pandéim eile.   San alt seo, luafaimid cúig cheacht thábhachtacha ón bpandéim.  Sa chéad alt eile, luafaimid cúig mholadh thábhachtacha den chéad pandéim eile.

 

 

Ceacht 1 Cuir do mhuinín in eolaíocht in ionad ráflaí

 

 

Déanaimid talamh slán de anois, ach ní fhéadfaí barraíocht béime a chur ar thábhacht na vacsaíní agus chomh tapa is a forbraíodh iad. Ní hamháin sin, ach is beag nach míorúilt é forbairt vacsaín de shaghas m-RNA – cur chuige nuálach agus réabhlóideach maidir le dearadh vacsaínithe. De ghnáth, tógann sé suas go 15 bliain chun vacsaín a dhearadh, ach níor thóg sé ach bliain amháin i gcás COVID-19!  Rinne mífhaisnéis frithvacsaínithe damáiste mór, mar chuir sé eagla ar roinnt daoine, agus dhiúltaigh siad an vacsaín dá bhrí sin. Tá vacsaíní (vacsaíní m-RNA san áireamh) sábháilte, cumhachtach agus éifeachtúil.  Dá mhéad daoine atá vacsaínithe is ea is fearr a chuirtear cosc ar scaipeadh an ghalair.

 

 

Ceacht 2 – Oibríonn maisc i gcoinne an víris

 

 

Tá maisc in ann scaipeadh an choróinvíris a mhoilliú. Bhí éiginnteacht sna Stáit Aontaithe faoi sin ar dtús, mar bhí na húdaráis ag iarraidh maisc a choinneáil do dhochtúirí agus foirne leighis chun iad a chosaint ón víreas. Dúirt Lárionad um Ghalair a Chosc (CDC) ar dtús nár ghá do dhaoine nach raibh ionfhabhtaithe maisc a chaitheamh, ach ansin d’athraigh siad a moladh agus dúirt siad gur ba cheart do gach duine masc a chaitheamh. Bhí a gcuid teachtaireachtaí ag teacht salach ar a chéile ar an drochuair agus ní raibh daoine róchinnte cad ba cheart dóibh a dhéanamh. Maidir le cén saghas maisc a chaitheamh, bhí ganntanas masc N-95 ann, agus bhí ar dhaoine masc éadaigh a chaitheamh, nach raibh an-éifeachtach i gcoinne an víris.

 

 

Ceacht 3 Is rud tábhachtach caighdeán an aeir taobh istigh

 

 

Ar dtús, ní raibh a lán eolas againn faoi conas a scaipeann an víreas. Ach diaidh ar ndiaidh, d’fhoghlaíomar gurb é tras-seoladh aeriompartha an modh is éifeachtaí do scaipeadh an víreas. Mar sin, tá sé an-tábhachtach scagaire aeir a úsáid chun cáithníní víris a bhaint amach. Is é an scagaire is fearr ná scagaire ardéifeachtúil cáithníní aeir (scagaire HEPA). Tá córas mar sin in ann méid an víris COVID-19 a laghdú go suntasach, agus laghdaíonn sé veicteoirí ghalair eile freisin – mar shampla an fliú.  

 

 

Ceacht 4 –Tá monatóireacht fuíolluisce an-úsáideach i bpaindéim víris

 

 

Go luath sa phaindéim, d’eascair an smaoineamh chun monatóireacht a dhéanamh ar fhuíolluisce agus d’fhás an cleachtadh sin mar cur chuige le himeacht ama. Cuireann daoine cáithníní an víris COVID-19 díobh sula mbíonn siomptóim an ghalair le brath orthu. Is féidir aon bhorradh i gcásanna COVID-19 a thuar cúpla seachtain roimh ré trí anailísiú shonraí fuíolluisce a dhéanamh. Is féidir an t-anailísiú seo a dhéanamh ceantar ar cheantar, agus is mór an chabhair é sin chun plean a chur le chéile in aghaidh an víris.

 

 

Ceacht 5 Is gá faireachas géanómaíoch a dhéanamh

 

 

Ar an drochuair, sónn an víreas ó am go ham agus athraíonn sé an clúdach seachtrach ionas nach mbíonn vacsaíní chomh héifeachtach níos mó.  Is gá vacsaín nua a dhearadh i gcoinne leagan nua mar sin, i saghas armrása bitheolaíoch. Mar sin, tá sé an-tábhachtach do gach tír a bheith in ann faireachas géanómaíoch a dhéanamh agus leaganacha nua a aimsiú chomh luath agus is féidir. Fiú tar éis na pandéime, is gá a bheith san airdeall i gcónaí, mar ní bheadh a fhios agat cathain a thiocfaidh leagan nua dainséarach amach.

 

 

Conclúid

 

 

Braithimid faoiseamh orainn go bhfuil an pandéim thart anois, agus an saol ar ais beagnach mar a bhí. Bhí an pandéim an-phianmhar agus fuair líon mór daoine bás ón víreas agus mar sin tá sé éasca na droch-chuimhní a chur taobh thiar dúinn agus leanúint ar aghaidh linn mar a bhí roimh an phaindéim. Ach caithfimid dul i gcoinne ár nádúr sa chás seo agus gan dearmad a dhéanamh ar an bpandéim agus na ceachtanna thuasluaite. Níos mó ná sin, bunaithe ar na ceachtanna a d’fhoghlaíomar, caithfimid bearta a chur i bhfeidhm chun an ceann is fearr a fháil ar an gcéad pandéim eile, pé uair a tharlóidh sé.

 

 

.

 

 

gaGaeilge