Nach crua an bhliain a bhí againn agus muid buailte go holc ag ráig i ndiaidh ráig den ghalar uafásach COVID-19. Tháinig an cineál Delta den choróinvíreas in áit an chineáil Alpha, agus anois tá gearrcach nua tagtha leis an gcineál Omicron! Cé go bhfuil an formhór dúinn vacsaínithe, níl imdhíonacht tréada faighte againn fós, agus le gach cineál nua éiríonn sé níos deacra é a fháil! Ina ainneoin sin, tá sé in am dúinn Nollaig a cheiliúradh, cé go gcaithfimid a bheith airdeallach an t-am ar fad faoin ngalar!

B’fhéidir gur smaoineamh maith é dúinn dul siar bóithrín na smaointe, go dtí na laethanta úd fadó, nuair a sheasamar ag breathnú le hionadh ar an mBeithilín álainn, a bhí socraithe go deas síochánta, i dTeach an Phobail, agus siar níos faide fós, go dtí an chéad Mhainséar i mBeithil Ríoga, sa Tír Naofa féin, i dtús ré na Críostaíochta, nuair a rugadh Íosa sa Stábla, toisc nach raibh áit ar bith le fáil ag a mháthair, Muire, nó ag Iósaf, i dTeach Aíochta an bhaile, an oíche bheannaithe sin.

Oíche Nollag

Féach mar a chuir an file, Máire Mhac an tSaoi, é, ina dán “Oíche Nollag”, agus í ag rá go raibh dídean le fáil ag lucht an airgid sa Teach Aíochta céanna sin, an oíche úd, ach gur fágadh an Mhaighdean is a céile, gan bheith istigh le fáil acu, ach amháin i seanstábla na mbeithíoch.

Bhí soilse ar lasadh i dtigh sin na haíochta,

Cóiriú gan chaoile, bia agus deoch,

Do cheannaithe olla, do cheannaithe síoda,

Ach luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht.

Tá an file ag tagairt don nós a bhí beo, i measc Gael, an tráth úd, go mbíodh an Teaghlach Naofa ag fánaíocht timpeall an oíche sin, agus iad ag iarraidh bheith istigh a fháil i dteach eicínt, agus b’in an fáth a d’fhágtaí an doras ar leathadh, coinneal na Nollag ar lasadh, agus áit socraithe réidh dóibh ag an mbord, ag súil go dtiocfaidís ar chuairt chucu, an oíche bheannaithe sin. Féach arís mar a chuireann Máire Mhac an tSaoi é, i véarsa eile, sa dán céanna sin

Fágaig’ an doras ar leathadh ina coinne,

An Mhaighdean a thiocfaidh is a naí ar a hucht,

Deonaigh do shuaimhneas a ligint a Mhuire,

Luíodh Mac Dé ins an tigh seo anocht.

Níl dabht ar domhan, ach gur éirigh leis an bhfile, dearcadh agus creideamh na cosmhuintire a thuiscint, agus a léiriú, i véarsaí an dáin álainn sin, “Oíche Nollag”.

Cuimhní agus Dán ó m’athair

Ní raibh sé de nós ag an muintir thiar dul thar fóir, an oíche sin, le bia nó le deoch, nó bhí siad ag feitheamh ar theacht an Teaghlaigh Naofa ar chuairt chucu. Gnáthshuipéar a bhíodh acu, fataí agus iasc, b’fhéidir, nó rud eicínt dá leithéid, mar nach mbeadh dinnéar mór na Nollag le hullmhú acu, an mhaidin dár gcionn, sé sin, i ndiaidh an Aifrinn, nó an mhaidin sin, bhí de nós ag chuile shagart trí Aifreann a rá, agus dá bharr sin, thosaídís go breá luath ar maidin, ag a leath i ndiaidh a hocht, b’fhéidir, agus bhíodh na daoine sin sa bhaile arís, thart ar a deich, agus ansin, thosaídís ar an dinnéar a ullmhú. Sea, mh’anam, agus smaoinigh nach mbíodh gléasanna nua-aimseartha cócaireachta acu, an tráth sin, ní bhíodh, muis! Nó ní bhíodh acu ach oigheann na dtrí chos agus pota, agus bhíodh orthu na gléasanna sin a oibriú ar an tine oscailte. Mór idir inné agus inniu!

Níl dabht ar domhan ach go bhfilleann scaoth cuimhní orm, an tráth seo bliana, agus mé ag dul siar bóithrín anacair, casta, spéisiúil, úd, na smaointe. Seo dáinín don ócáid:

Breith sa Stábla

Séasúr na Nollag ‘na rás chugainn,

Is calóga bána anuas

Mar bhrat geal, naofa, gléigeal,

Ag folach dúinn bruscar is smúit.

.

Ach istigh im chroíse, le díograis,

Ullmhóidh mé mainséar, le dua,

is glanfaidh mé bruscar na mblianta

As seanstáblán m’anama chrua.

.

Séasúr na Nollag ‘na rás chugainn,

Is an Naí naofa, neamhdha, anuas,

Ag ní, is ag slánú Chlann Éabha,

Is ag folach dúinn peaca is buairt.

.

Nollaig Shona daoibh uilig agus bígí sábháilte!

.

gaGaeilge