Istigh i ngarraí an Chaisleáin a bhí mé an lá cheana; sínte siar ó chluas go ruball, agus mé ag ól na gréine buí ar mo shástacht agus ar mo sháimhín só, nuair a chuala mé an fhead ghéar, chluasphléascach, fead a dhúisigh as mo mharana mé i dtobainne! Ach, thuig mé ar an toirt cé a bhí chugam, nó cé eile ach mo sheanchara, Séimí an Droichid, a ligfeadh fead dá leithéid, istigh i ngarraí neamhaí an Chaisleáin. D’fháiltigh mé roimhe, agus rinne áit dó taobh liom ar an mbinse garraí.

“Buail fút ansin taobh liom ar an mbinse seo” arsa mé féin leis, go béasach.

“Gura maith agat” ar seisean, “agus nach deas an áit a roghnaigh tú le do mharana a dhéanamh?

“Abair é! a chara, ach an bhfuil scéal ar bith nua agat an lá beannaithe seo?”

“Níl agam ach an scéal atá i mbéal gach Gaeilgeoir, na laethanta seo.”

“Agus cén scéal é féin?” arsa mise, agus mé ag iarraidh deis scéalaíochta a chur ar fáil do Shéimí na buile, nó b ’fhacthas dom, go raibh scéal éigin ag dó na geirbe aige.”

Ceist na Teanga

Is dócha gur thug tú faoi deara go bhfuil sraith chruinnithe Chomhchoiste na Gaeilge ar chóras na ndíolúintí ar siúl faoi láthair? arsa Séimí.

“Níor thug, muise! An bhfuil fadhb mhór leis ár gcóras atá againn anois maidir le díolúintí, a Shéimí?” Bhí mé ag iarraidh tuiscint a fháil maidir leis an ábhar seo.

“Fadhb an-mhór, agus má leanann cúrsaí ar aghaidh mar seo, ní bheidh teanga bheo againn roimh i bhfad. Táthar ann le fada nach dtacaíonn le stádas ár dteanga. Bhí gluaiseacht in aghaidh na Gaeilge darb ainm “Language Freedom Movement” sna seascaidí den chéad seo caite, mar shampla. Ba é toradh a feachtais deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge a bheith ag státseirbhísigh ó 1974. Dá bharr sin, ní raibh ach 16 duine á n-earcú chun déileáil le pobal na Gaeilge sa bhliain 2018 rud náireach!”

“Ach,” arsa mise, “Is é príomhsprioc Achta na dTeangacha 2021 ná 20% d’earcaithe nua don tseirbhís phoiblí a bheith inniúil sa Ghaeilge roimh dheireadh 2030. Nach rud maith é sin?” Chuir mé an cheist seo ar Shéimí agus mé ag lorg leighis ar a dhearcadh duairc ar an teanga.

Trí chéim ar chúl…

Trí chéim ar chúl, agus ansin ach céim amháin ar aghaidh!” a d’fhreagair Séimí. “Agus níl sna díolúintí seo ná céim eile ar chúl. Ar dtús, bhí na díolúintí seo ag baint le cásanna eisceachtúla – le daltaí a raibh sainriachtanais acu. Ach diaidh ar ndiaidh, scaoileadh na rialacha sin, agus anois tá roinnt mhaith tuismitheoirí ag teacht i dtír ar sholúbthacht na rialacha, chun díolúine a fháil dá bpáistí – páistí nach mbeadh fadhb acu an Ghaeilge a fhoghlaim, mar tá níos mó ná leath dóibh ag foghlaim teangacha iasachta eile gan aon cheist faoi dhíolúine.

“Ach b’fhéidir leis an mbainistíocht cheart go n-oibreodh scéim mar seo, nach ea?” arsa mise, ag cur na ceiste géire ar Shéimí.

“Cibé atá á dhéanamh ag an Roinn Oideachais, níl an scéim ag obair go maith ar chor ar bith. Agus níl mise amháin sa smaoineamh sin. Dúirt Declan Glynn, ardrúnaí cúnta, Aontas Múinteoirí Éireann (TUI), go bhfuil an córas atá i bhfeidhm faoi láthair “lochtach agus míshásúil”, agus go bhfuil sé chomh héasca sin díolúine a fháil anois go maithfí don té a mheasfadh gur próiseas uathoibríoch é den chuid is mó.  

D’aontaigh ionadaithe eile atá ag freastal ar na cruinnithe leis an tuairim gur ceart go mbeadh curaclam ann do gach dalta ag cibé leibhéal cumais atá siad agus ceistíodh an ceart ‘strus’ nó ‘sain-mhíchumas foghlama teanga’ a úsáid mar leithscéal chun díolúine a éileamh. Tá an ceart acu, i mo thuairim, a Mhichíl, agus is gá an fhadhb seo a réitigh gan mhoill.  

“Bhuel, a Shéimí, caithfidh mé aontú leat, mar tá sé soiléir go bhfuil d’obair bhaile déanta go maith agat ar an ábhar, agus ní raibh mo shúile féin ar an liathróid sin ar chor ar bith. Go raibh maith agat as a bheith foighneach liom, agus tá súil agam go ndéanfaidh ár rialtas an rud ceart agus rialacha i bhfad níos doichte a chur in áit!”

“Mise freisin! Deas bualadh leat san áit iontach seo, a Mhichíl, agus cúrsaí tábhachtacha á phlé againn le chéile as Gaeilge!   

Leis sin, d’imigh Séimí gan mhoill, agus fágadh ar mo chonlán féin mé le hábhar nua a chur faoi chaibidil!

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge