Tá a fhios ag gach duine atá ina chiall nach bhfuil staid an daonlathais i Meiriceá go maith! Agus an scéal amhlaidh, ní féidir linn a rá roimh ré go háirithe cad a tharlóidh. Mar sin féin, táimid in ann na scoilteanna ina gcóras rialtais a aithint, agus leis an eolas sin, moltaí a chur chun cinn ar céard a d’fhéadfaí a dhéanamh chun feabhas a chur ar chúrsaí.

.

Fadhbanna Struchtúracha

Tá trí bhrainse rialtais sna Stáit Aontaithe. Tá an Seanad agus Teach na nIonadaithe sa bhrainse reachtach, agus tá cumhacht reachtach acu.  Is é an tUachtarán ceannaire an bhrainse fheidhmiúcháin, agus in éineacht leis an chomh-aireacht, rialaíonn siad an tír i gcomhréir leis na dlíthe. Ar deireadh, tá an Chúirt Uachtarach agus na Cúirteanna Feidearálacha sa bhrainse bhreithiúnach, agus tá orthu an reachtaíocht a léirmhíniú. Ach an bhfuil an próiseas chun baill na mbrainsí sin a roghnú féaráilte? An freagra i bhfocal amháin – níl! Cén fáth?

Bhuel, braitheann sé ar an mbrainse atá i gceist. Sa Seanad, tá beirt seanadóirí ann ó gach stáit. Tá fadhb mhór ag baint leis sin – tá daonra beagnach 40 milliún duine ag California, agus tá daonra beagnach 600 míle duine ag Wyoming – ba cheart go mbeadh 140 seanadóir ag California mar sin chun a bheith cothrom!  Tá fadhbanna eile i gcás Teach na nIonadaithe. Sa chéad dul síos, bíonn ionad amháin le gach 750 míle duine. I gcomparáid, bíonn TD amháin le gach 29 míle duine! Ar an dara dul síos, tá fadhb leis na ceantair vótála, mar bhí na Poblachtaigh in ann línte a lán ceantair vótála a athrú, chun buntáistí a fháil i dtoghcháin.  Tá focal speisialta i mBéarla ag baint leis an gcleachtadh uafásach seo – Gerrymandering!

I gcás toghchán na hUachtaránachta, tá go leor fadhbanna.  Cuirfidh mé an bhéim anseo ar fhadhb mhór ag baint leis an gColáiste Toghcháin.

I mbeagnach gach Stáit, tá riail ‘an t-iomlán nó dada’ i bhfeidhm, agus de réir na rialach sin, buann an t-iarrthóir a bhfuil an líon is mó vótaí aige/aici gach vóta sa stáit sin. Mar sin, tá seans maith go roghnaítear Uachtarán nach bhfuil an líon is mó vótaí aige/aici sa tír ar fad. Tharla sé sin cúig huaire, agus dhá uair le déanaí – i 2000, le George W. Bush, agus i 2016 le Donald Trump. Is trua mhór é sin, i mo thuairim!

I gcás breithiúna na Cúirte Uachtaraí, níl aon toghcháin ann! Aon uair is gá breitheamh nua a fháil, roghnaíonn an tUachtarán iarrthóir agus deimhníonn an Seanad é/í.

Is é bun agus barr an scéil nach rialtas daonlathach é rialtas na Stáit Aontaithe ar chor ar bith!

.

An bhunfhadhb

Is é an t-airgead an bhunfhadhb – go háirithe an t-airgead a chaitear i dtacaíocht iarrthóirí agus páirtithe polaitíochta. Tar éis na bliana 2010, nuair a cheadaítear do chomhlachtaí airgead gan teorainn a thabhairt i dtacaíocht toghcháin, chuaigh daonlathas na Stáit Aontaithe in olcas, mar bhí cúpla duine an-saibhir in ann tionchar mór a imirt ar an gcóras rialtais .  Is é an aidhm atá ag na daoine sin ná éirí níos saibhre agus níos cumhachtaí, ach ar an drochuair tógann sé sin an rialtas i dtreo olagarcachta. Faoi láthair tá an tUachtarán féin agus a pháirtí mar ghníomhairí dóibh, ag déanamh mar a iarrann siad orthu – is é sin, ag scrios an chóras rialtais. Mura ndéanfar beart gan mhoill, beidh na Stáit Aontaithe cosúil leis an Rúis sula i bhfad.

.

Moltaí

Ceapaim gurb é an rud is fearr a dhéanamh ná scrios an chóras rialtais a mhoilliú, chun tuilleadh ama a fháil chun athruithe cuimsitheacha eile a chur i bhfeidhm. Mar sin, níl ach moladh amháin agam, an moladh is práinní ar fad. Tar éis sin, beimid in ann moltaí eile a phlé!  

Tá deis ag saoránaigh na Stáit Aontaithe gníomh inmholta a dhéanamh – ná caith vótaí ar son Trump! Is léir don dall go bhfuil an tUachtarán seo ag iarraidh a bheith mar dheachtóir na Stáit Aontaithe agus tá sé an-ghnóthach ag baint a rialtas as a chéile. Dá mbeadh ceithre bliana eile aige ní fheadair cén damáiste a dhéanfadh sé. B’fhéidir nach mbeadh seans eile ag poblacht na Stáit Aontaithe beart a dhéanamh! Tá dualgas orthu an rud ceart a dhéanamh i Mí na Samhna ag an mbosca ballóide – ní hamháin dóibh féin ach dúinn go léir ar fud an domhain a gcreideann i ndaonlathas liobrálach!  

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge