Nach minic a chuireann duine ceist orainn agus níl freagra oiriúnach againn toisc go mbaintear stad asainn! Nach fuath linn nuair a tharlaíonn a leithéid! Uaireanta, caillimid cúpla uair a chloig codlata dá bharr sin, fiú más rud beag atá i gceist. Cuireadh ceist den saghas seo orm le déanaí, agus ba mhaith liom dul ag amthaisteal ar ais chun an cheist a fhreagairt i gceart. B’fhéidir nach bhfuil mé in ann amthaisteal a dhéanamh i ndáiríre, ach tá mé in ann é a dhéanamh le mo shamhlaíocht, agus ansin in ann scríobh faoi!

An Cheist

Cén fáth a bhfuil tú ag staidéar Gaeilge?”

Bhí mé sa teach tábhairne i nGleann Cholm Cille le Sinéad, mo bhean chéile, ag deireadh an lae. Bhí Sinéad ag bualadh le cúpla duine as a rang agus tháinig mise chun bualadh leo den chéad uair, mar ní raibh mé ag freastal ar an rang céanna leo.  Bhíomar ag cur aithne dár gcéile nuair a cuireadh an cheist orm. Ba é breitheamh a chuir orm é, agus óna thuin chainte, bhraith sé domsa gur cheap an fear seo nach raibh ciall ar bith dom a bheith ag staidéar Gaeilge, agus gur am amú a bhí ann. Bhí a fhios aige go bhfuil cónaí orm an chuid is mó den bhliain i gCalifornia, agus sin an méid. Sheas an focal i mo bhéal, agus bhí mé i mo staic le scaoll!

George Mallory

Níl a fhios agam cén fáth, ach chuir an cheist sin ceist eile i gcuimhne dom. Cuireadh ceist áirithe ar an dreapadóir cáiliúil George Mallory, go minic. Seo mar a scríobh Mallory faoi:

“Fiafraíonn daoine díom, ‘Cad is fiú é Sliabh Everest a dhreapadh?’ Is é m’fhreagra ar an bpointe ná Ní fiú go mór é!” Níl seans ar bith aon tairbhe a bhaint as. Ní thabharfaimid ar ais beagán óir ná airgid, ná seoda, ná gual, ná iarann.

Mura dtuigeann tú go bhfuil rud éigin ionainn a dtugann aghaidh ar dhúshlán an tsléibhe seo, agus go bhfuil an streachailt seo mar an gcéanna leis an streachailt suas gan sos atá inár saolta, fheicfidh tú cén fáth a dtéimid.

Is é an rud a fhaighimid ón eachtra seo ach fíor-áthas. Agus tar éis an tsaoil, is é áthas cúis an tsaoil. Ní mhairimid chun ithe agus chun airgead a dhéanamh. Ithimid agus déanaimid airgead chun maireachtáil. Sin an bhrí ag baint leis an saol agus sin cuspóir an tsaoil.

Nach iontach an freagra a bhí ag Mallory! Ní gá dom a rá nár cheist eisiach mar sin a cuireadh orm, ach d’aimsigh sé an t-éasc ionam, mar sin féin. Rith sé liom aithris a dhéanamh ar Mallory, agus freagra a scríobh síos don cheist a cuireadh orm.

Yu Ming is Ainm Dom!

Tá gearrscannán ar fáil ar ‘YouTube’ dar teideal ‘Yu Ming is Ainm Dom’. Roimh dó teacht ar cuairt go hÉirinn, léann Yu Ming gurb í Gaeilge teanga oifigiúil sa tír, agus tosaíonn sé á foghlaim ionas go bhfuil sé i gceist aige cur faoi in Éirinn. Ar dtús, ní thuigeann aon duine é agus ní thuigeann sé aon duine. Ach buaileann sé le Gaeilgeoir sa teach tábhairne, a insíonn do Yu Ming go “labhraítear Béarla anseo!”  Sa deireadh, faigheann Yu Ming post sa Ghaeltacht, agus bíonn sé in ann a chuid Gaeilge a úsáid. Ba é an fáth a d’fhoghlaim Yu Ming Gaeilge ná gur cheap sé go labhraíonn gach duine í gach lá. Ar an drochuair, ní raibh an ceart ag Yu Ming agus ní fáth bailí a bhí aige chun Gaeilge a fhoghlaim. Fiú sa Ghaeltacht, tá sé deacair go leor an Ghaeilge a úsáid an t-am go léir.

Cén fáth, mar sin, a chaithfeadh aon duine an ceistitheoir san áireamh, seachtain nó dhó sa bhliain ag freastal ar thumchúrsa Gaeilge? Bhí daoine ann ar úsáid siad Gaeilge ina bpoist, agus tuigim é sin go maith. Ach, fiú dfhormhór dóibhsean, níorbh é a gcuid poist a spreag siad chun feabhas a chur ar a nGaeilge ach a mhalairt!  Chomh maith leis sin bhí go leor daoine ann, an breitheamh san áireamh, nár ghá leo Gaeilge a úsáid, ó thaobh a bpoist de.

M’fhreagra

Faoi dheireadh, seo m’fhreagra féin:

.

Tá cultúr na hÉireann, agus go háirithe teanga na Gaeilge, de dhlúth agus d’inneach ionam, is cuma cá bhfuil cónaí orm nó cad a tharlaíonn dom. Is saghas DNA nó buntréith ionam é le mo chuimhne, atá ag mo mhuintir ar thaobh m’athair (file arbh as an Ghaeltacht é) leis na glúnta.  Faighimid fíor-áthas agus brí as a bheith dílis dúinn féin, agus nach mise a bheadh faillitheach agus fiú amaideach dá ndéanfainn neamhaird ar rud chomh tábhachtach leis sin?

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge