Ba bheag nár tharla na Cluichí Oilimpeacha i mbliana de bharr an chineáil Delta den choróinvíreas, atá i bhfad níos tógálaí ná aon chineál eile go dtí seo. Ar an 8 Iúil, coicís roimh thús na gcluichí, fógraíodh go mbeadh dianghlasáil i bhfeidhm i dTóiceo ó 12 Iúil go dtí an 22 Lúnasa, agus nach mbeadh cead ag an bpobal freastal ar na Cluichí Oilimpeacha. Ach lean na cluichí féin ar aghaidh, agus ceapaim gur rud maith é sin, a thóg ardú meanman dúinn go léir, agus a tharraing ár n-intinn ó na drochscéalta a bhí ar siúl sa domhan mór. Bhí na cluichí an-rathúil in ainneoin na srianta a bhí ann, agus bhí iomaíocht ghéar le feiceáil i ngach mórimeacht spóirt. Bhí scéalta daonspéise ann freisin, agus d’fhoghlaimíomar faoin strus a bhíonn ar gach iomaitheoir sna cluichí. Seo iad mo bhuaicphointí ó Thóiceo 2020!

Éireannaigh sna Cluichí Oilimpeacha

Ba cheart dúinn a bheith an-bhródúil asainn féin, agus as ár lúthchleasaithe. Bhuamar ceithre bhonn, bonn óir agus bonn cré-umha sa dornálaíocht agus bonn óir agus bonn cré-umha sa rámhaíocht. Sa rámhaíocht, bhuaigh Aifric Keogh, Eimear Lambe, Fíona Murtagh agus Emily Hegarty an bonn cré-umha. Is as Gaeltacht Chonamara iad Aifric agus Fíona. Rás 2k a bhí ann agus le 200m fágtha sa rás, agus foireann Ríocht Aontaithe sa tríú háit, chuaigh foireann na hÉireann tharstu chun an bonn a thuilleadh!  Dá ghaire don chnámh is ea is milse an fheoil!  Bhuaigh Paul Ó’Donovan agus Fintan McCarthy bonn óir sa chomórtas rámhaíochta Bád Beirte Éadrom. Rogha na coitiantachta ba ea iad mar bhuaigh siad Craobhacha na hEorpa agus an Domhain roimhe sin. Ní raibh foireann na Gearmáine in ann an bhua a bhaint amach, agus fuair siadsan an bonn airgid.  Sa dornálaíocht bhuaigh Aidan Walsh ó Bhéal Feirste an bonn cré-umha. Bhí air tarraingt amach ansin mar gheall ar ghortú rúitín.  Sa dornálaíocht freisin, ar lá deiridh na gcluichí, fuair Kellie Harrington an ceann is fearr ar Beatriz Ferreira sa chomhrac ceannais 60kg. Ba é sin buaicphointe na gcluichí dom, mar is gnáthdhuine tarraingteach í Kellie a léiríonn meon dochloíte na hÉireann.

Curriarrachtaí Domhanda Nua againn

Briseadh go leor curriarrachtaí domhanda i dTóiceo – an iomarca acu ann lena lua as a n-ainm anseo. Ach luafaidh mé cúpla ceann anseo ar díol suntais iad.

Sna cluichí raon agus faiche, bhí babhtaí ceannais an chliathrása 400m dochreidte, idir fhir agus mhná. Bhí rás na mban beagnach críochnaithe nuair a luasghéaraigh Sydney McLoughlin thar Dalilah Muhammad chun an bhua a bhaint amach. Sháraigh an bheirt ó Mheiriceá an churiarracht dhomhanda a bhí ag Sydney McLoughlin go dtí sin.

Bhí babhta ceannais na bhfear beagnach mar an gcéanna sa chaoi ar tharla an eachtra os ár gcomhair amach. Sa chás seo, bhí an rás beagnach buaite ag an Meiriceánach Rai Benjamin, ach díreach roimh an líne chríche, fuair an tIoruach Karsten Warholm an ceann is fearr ar Rai Benjamin chun an bonn óir a bhuachan. Scrios Karsten a churriarracht dhomhanda féin, agus bhris Rai í freisin!

Tar éis 26 bliain, thit curiarracht dhomhanda na mban sa trí léim. Ba í Yulimar Rojas ó Veiniséala a bhris an churiarracht dhomhanda, agus ba í Yulimar an chéad bhean ó Veiniséala a bhua bonn óir riamh freisin!

Sa linn snámha, bhuaigh Caeleb Dressel ó Mheiriceá cúig bhonn óir agus sháraigh sé dhá churiarracht dhomhanda sa phróiseas, ceann amháin sa rás sealaíochta 4X100m na bhfear agus an ceann eile sa snámh féileacáin 100m na bhfear.

Sháraigh an tógálaí meáchan Lasha Talakhadze ón tSeoirsia trí churriaracht dhomhanda a bhí aige féin, agus bhuaigh sé bonn óir amháin.

Agus an meall mór ar deireadh, briseadh curiarrachtaí domhanda na bhfear (an Iodáil) agus na mban (an Ghearmáin agus an tSín) sa raonrothaíocht!

Meabhairshláinte!

Las an sárimreoir leadóige Seapánach Naomi Osaka an tóirse Oilimpeach. Níor éirigh le Naomi bonn a fháil sna cluichí, ar an drochuair. Bhí sí sa nuacht le déanaí, mar níor fhreastail sí ar preasócáid ag baint leis an gCraobhchomórtas Oscailte Leadóige na Fraince, chun aire a thabhairt di féin mar gheall ar a meabhairshláinte.  

Chuir sé leis an teachtaireacht seo nuair a tharraing Simon Biles amach as cúpla comórtas gleacaíochta. Luigh sí a meabhairshláinte mar chúis leis an bhfadhb.

Bhí fadhbanna meabhairshláinte ag an iar-sheaimpín Oilimpeach Michael Phelps le fada, agus thug sé a thacaíocht do Naomi, Simone agus lúthchleasaithe eile a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu.

Is sár-réalta iad an triúr dóibh mar tá sé de chrógacht acu labhairt amach ar son daoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu.

.

.

.

.

.

.

.

  .

.

.

.

.

.

.

.

  .

.

  .

.

gaGaeilge