An tseachtain seo chaite, bhíomar ag caint faoin Náisiún Choctaw sna Stáit Aontaithe agus faoin síntiús airgid ar thug siad dúinn le linn an Ghorta Mhóir. Thosaigh sé sin sraith imeachtaí atá ar siúl fós, agus is é an ceann is deireanaí ná an lámh chuidithe atá muintir na hÉireann ag tabhairt do bhundúchasaigh Navachóch agus Hopi chun dul i ngleic leis an gcoróinvíreas.  Nuair a léigh mé alt a scríobh Nicholas Kristoff sa ‘New York Times’ le déanaí, cheap mé go mbeadh sé oiriúnach cuid amháin den alt a roinnt leat, a léiríonn cé chomh tábhachtach is atá sé cuidiú leis na treibheanna bundúchasacha sin in am a ngátair, go háirithe mar tá neamhaird thubaisteach tugtha ag rialtas feidearálach na Stáit Aontaithe orthu. Anois, seo scéal Shawna Gonzalez.

Is as Chinle, in Arizona, ar dhúiche na Navachóch í Shawna. Tá seachtar páiste aici, agus iad go léir ina gcónaí i dteach traidisiúnta na Navachóch darb ainm ‘hogan’. Níl ach seomra amháin ann, agus níl uisce reatha acu.  Inimirceach mídhleathach Meicsiceach is é a fear céile, ach díbríodh é tamall ó shin.  Ní bheadh Shawna in ann leanúint ar aghaidh murach cabhair óna máthair, ach níorbh fholáir í a chur san ospidéal le déanaí nuair a bhí sí ionfhabhtaithe leis an gcoróinvíreas.  Tar éis sin, ní raibh an dara rogha aici ach rudaí a choinneáil ar siúl ar bhealach éigin, cé go ndeachaigh cúrsaí in olcas di.

Gan aon uisce reatha, bíonn ar Shawna tiomáint i bhfad i gcéin go minic chun seasca lítear uisce a fháil.  Ní foláir di an t-uisce a úsáid go barainneach ansin.  Caithfidh Shawna dul go dtí Oifig a Phoist chun a post a fháil, mar níl aon seachadadh poist ar fáil di. Ní mór di dul go dtí ionad níocháin chun éadaí an teaghlaigh a ní freisin.  Tá rioscaí go dtolgfaidh Shawna an coróinvireas ag baint leis na turais sin, mar bíonn go leor daoine eile bailithe le chéile sna háiteanna sin. Ach níl an dara rogha ag aon duine acu, i ndáiríre.

De ghnáth, bíonn Shawna ag obair ar leoraí bia a dhíolann fulachtaí fia. Le linn na pandéime, áfach, ní théann an leoraí amach ach go hannamh. Cé go raibh sí ar ioncam íseal roimh na pandéime, níl ach fíorbheagán airgid ag teach isteach anois. Dá dheasca sin, bíonn sí ag streachailt chun a clann a chothú. Deir sí go bhfuil go leor imní uirthi faoi sin.

As ábharaí an tsaoil, tá eagraíocht dheonach in Chinle darb ainm ‘Chinle Planting Hope’. Tá feachtas Gofundme acu anseo: https://www.gofundme.com/f/support-for-elderly-on-navajo-nation. Tá siad ag déanamh obair iontach in Chinle le linn na géarchéime, ag seachadadh bia do theaghlaigh bhochta, Shawna agus a páistí san áireamh.  Is seirbhís éigeantach é seo freisin do dhaoine nár cheart dóibh a bheith gar do dhaoine eile; daoine atá i bhfíorchontúirt ón gcoróinvíreas.  Is oibrí deonach í Shawna ag banc bia, mar is maith léi an comhar a íoc leis an bpobal.

Cé go bhfuil sé go hiontach go bhfuil daoine ar fud an domhain ag cabhrú leis na Navachóch agus treibheanna eile, níl aon leithscéal don easpa tacaíochta a bhfaigheann siad ó Rialtas Feidearálach na Stáit Aontaithe, atá ag déanamh neamairt iontu le fada.  Déanta na fírinne, bhí siad in umar na haimléise cheana féin, agus chuaigh siad in olcas le teacht an choróinvíris ar an bhfód.

Chuir rialtas na Stáit Aontaithe an tarcaisne i gceann na héagóra maidir le dáileadh an airgid éigeandála a bhí curtha ar leataobh acu do threibheanna bundúchasaí. Bhí an rialtas ag iarraidh cuid den airgead sin a thabhairt do chomhlachtaí in Alasca nach bhfuil cáilithe mar threibheanna. Mar sin, bhí ar na Navachóch agus treibheanna eile caingean dlí a thabhairt i gcoinne an rialtais chun stop a chur leis sin, agus chun an t-airgead ceart a fháil dóibh féin. Faoi dheireadh – sé seachtaine níos déanaí ná mar ba cheart – fuair siad $600 milliún ón rialtas chun dul i ngleic leis an bpandéim. Is fearr déanach ná riamh, agus idir an dá linn, bhí an t-airgead a fuair siad go dtí seo ón Éireann an-úsáideach ar fad, agus tá an Náisiún Navachóch an-buíoch dúinn as.  Níl aon dabht faoi sin, mar ghabh Ard-Aighne an Náisiún Navachóch Doreen McPaul buíochas dúinn in Éireann, ag rá freisin go bhfuil dúchas Éireannach aici a bhfuil sí an-bródúil as. Is as Éireann a seanaithreacha, agus tá déshaoránacht ag a hathair. Nach é an domhan atá beag!

.

.

.

.

    .

.

.

.

  .

.

.

gaGaeilge