Níor chaith mé mórán ama i mBaile Átha Cliath (BAC) le blianta fada anuas. Chaith mo bhean chéile níos mó ama ann – is as BAC í ó dhúchas ag tabhairt cuairteanna ar a gaolta atá cónaí orthu ann. Bhí cónaí orm féin i mBAC le níos mó ná fiche bliain in iomlán. Sin an áit ar chas mé le mo bhean chéile den chéad uair. Sin an áit a d’fhreastalaínn ar an Ollscoil. Sin an áit inar thosaigh mé ag obair den chéad uair, tar éis dom post a fháil ag Córas Iompar Éireann (CIE). D‘fhás mé suas agus rinne mé mo chomhairle féin i mBAC. I mbeagán focal, sin an áit inar chaith mé m’óige – go míchiallmhar uaireanta. Is cuid thábhachtach de mo stair í BAC, gan dabht ar bith. Mar sin, bhí sé thar am dom cúpla lá a chaitheamh sa phríomhchathair ársa seo chun ómós a léiriú di agus muid a chur in iúl dá chéile arís.

First Impressions

Fuaireamar seomra dúinn féin in óstán “Herbert Park Hotel” i nDroichead na Dothra (Ballsbridge) le haghaidh trí oíche. Tá an t-óstán lonnaithe in aice le Páirc Hoirbeaird, páirc iontach idir Droichead na Dothra agus Domhnach Broc. Tá cónaí ar dheirfiúr Shinéid in aici leis an bpáirc agus tugann sí a dhá madra amach ag siúl ann cúpla uair gach lá. Thiomáineamar ó Charraig Seabhac i gcontae Chill Chainnigh suas go BAC agus sheiceálamar isteach san óstán. Ansin, thiomáin mé go dtí an Port Thuaidh i lár na cathrach chun an carr a bhí ar cíos againn a thabhairt ar ais. Thug mé faoi deara na hathruithe móra ar Ché an Phoirt Thuaidh, agus comhlachtaí idirnáisiúnta, óstáin agus bialanna lonnaithe ann anois, nach raibh ann uair amháin. Tá an geilleagar faoi bhláth i lár na cathrach, ní amháin ar Ché an Phoirt Thuaidh ach in áiteanna éagsúla eile, freisin. Chonaic mé na crainn tógála agus mé sa tacsaí ag dul go dtí an t-óstán. Gan dabht, ba é mo chéad imprisean don chathair ná cathair rachmasach agus faoi bhláth. Tá a fhios agam go bhfuil fadhbanna móra ann freisin. Mar shampla, chonaic mé na bacainní síos agus aníos dhá thaobh na Canálach Móire – ní bealach buan í sin an easpa tithíochta a réiteach!

Coláiste na Tríonóide

Bhí bricfeasta iontach blasta againn ag an óstán, agus siúlóid i bPáirc Hoirbeaird. Ansin, fuaireamar bus go lár na cathrach, agus mar go rabhamar gar do Choláiste na Tríonóide, chuamar isteach ann agus chláraíomar do thuras na hOllscoile agus cuairt ar an Leabhar Ceanannais. Bhí iarmhac léinn againn mar threoraí – fear darb ainm Finn. Bhí stíl réidh aige agus muid ag súil tríd an champas, ag éisteacht le stair an Choláiste ársa seo. Bunaíodh an Coláiste sa bhliain 1592 faoi ordú na Banríona Eilís 1, mar ollscoil do Chinsealacht Phrotastúnach na tíre. Tógadh an foirgneamh brící dearga darb ainm Rubrics sa 17ú haois, agus is é sin an foirgneamh is sine ar an gcampas. clogtheach (Campanile) i lár cearnóige an Coláiste, agus is foirgneamh íocónach é sin. Tá scafall timpeall an fhoirgnimh faoi láthair agus obair chothabhála ar siúl ann. Bhí stair agus scéalta go leor ag Finn, ach níl spás agam iad a insint anseo – caithfidh tú dul ar an turas chun iad a nochtadh!

An tSean-Leabharlann agus Leabhar Cheanannais

Is é an Seomra Fada príomh-sheomra na Sean-Leabharlainne (tógadh é idir 1712 agus 1732), le 200,000 de na leabhair is sine ann. Ardaíodh an díon sa bhliain 1860 le go bhféadfaí níos mó spáis a fháil. Bhí dealbh soilsithe den Domhan ar taispeáint ann, darb ainm Gaia agus bhí sé go hiontach a fheiceáil ar crochadh suas san aer.

an Leabhar Ceanannais ar taispeántas sa tSean-Leabharlann ó lár an 19ú haois agus meallann sé os cionn 500,000 cuairteoir gach bliain. Tá an leabhar oscailte chun dhá leathanach den script a thaispeáint. Chonaiceamar leathanaigh le liosta ainmneacha ann – saghas ginealais. Bíontach an radharc é – leabhar a scríobhadh timpeall 800 A.D.

Mholfainn an turas seo do aon duine ar mhaith leis nó léi léargas ginearálta a fháil faoi Choláiste na Tríonóide, agus chun an Leabhar Cheanannais a fheiceáil.

Ard-Mhúsaem na hÉireann

An lá dár gcionn, agus an lá deireanach dúinn i mBAC, thugamar cuairt ar Ard-Mhúsaem na hÉireann. Bhí Sinéad ann go leor uaireanta cheana, mar is seandálaí í. Ach ceapaim, agus náire orm faoi, gurbh é seo mo chéad chuairt ar an Ard-Mhúsaem. Bhuel, is minic a bheireas an mhoill an barr léi, agus bhí sé sin fíor domsa, gan dabht ar bith. Chaitheamar dhá uair ann, agus ní raibh leath a bhí ar taispeáint feicthe againn. Beidh mé ar ais chun níos mó a fheiceáil agus a fhoghlaim. Is institiúid den chéad scoth é, gan dabht ar bith. Chonaiceamar go leor déantáin réamhstairiúil ón gCré-Umhaoistagann an bailiúchán dórshaothar na réamhstaire sin ó réimse de dhátaí idir 2200 BC agus 500 BC. Bhí an taispeántas Ríoghacht agus Íobairt an-suimiúil freisintoradh thaisí Thionscadal Taighde ar Chorpáin Phortaigh Ard-Mhúsaem na hÉireann, a bunaíodh in 2003 i ndiaidh dóibh dhá chorpán ón Iarannaois a fháil i bportaigh i gCruachán, Co. Uíbh Fhailí agus i gCluain Uí Chaomháin, Co. na Mí. Dátaíodh na hiarsmaí don tréimhse idir thart ar 400 BC agus 200 BC agus bhí siad caomhnaithe go han-mhaith ar fad. Bhí sé fíorspéisiúil iarsmaí chomh sean sin a fheiceáil, agus tú in ann corp an duine a fheiceáil ón tréimhse sin. Tá sé saor in aisce cuairt a thabhairt ar an Ard-Mhúsaem sin tairiscint nach féidir diúltú di!

.

.

.

.

gaGaeilge