Tá togra a bhí idir lámha agam curtha i gcrích faoi dheireadh, agus tá mo shuíomh www.mickgb.com beo anois. Ar dtús, chuir mé an suíomh le chéile chun mo cholúin sheachtainiúla don ‘Kilkenny People’ a chur ar líne, ionas go mbeadh siad go léir ar fáil go héasca ar líne.

Suíomh dátheangach atá ann, agus leagan Gaeilge agus Béarla ar fáil le gach alt scríofa agam le cúpla bliain anuas. Tá fuaimrian ar fáil, ag úsáid intleacht shaorga (AI) chun an téacs Gaeilge a léamh amach. Agus tá teanglann.ie ar fáil freisin, ionas gur féidir leat brú ar fhocal chun a bhrí a fháil amach, díreach ar an leathanach atá á léamh agat. Chuir mé mo cholúin go léir i gcartlann ar an suíomh, mar tá beagnach trí chéad dóibh scríofa agam suas go dtí seo. Rith sé liom go mbeinn in ann scríbhinní m’athar a uaslódáil freisin, agus líon mé cartlann eile le 805 colún uaidh.

Is léiriú é seo ar cad is féidir le duine amháin a dhéanamh as a stuaim féin chun cabhrú le hathbheochan na teanga.

Bhí mé i dteagmháil le www.peig.ie maidir le mo shuíomh, agus chuir siad cúpla ceist orm. D’fhoilsigh siad na ceisteanna agus mo fhreagraí i gcolún ar a suíomh, agus seo a leanas an colún céanna.

.

A person wearing a hat Description automatically generated

Cúpla Ceist le Micheál Bairéad

Is scríbhneoir agus colúnaí é Mícheál Bairéad a bhunaigh suíomh gréasáin dhátheangach mar chartlann dá scríbhinní, mickgb.com. Chuireamar cúpla cheist air faoina shuíomh gréasáin agus a chúlra mar scríbhneoir.

Inis dúinn píosa fút féin.

Micheál Bairéad is ainm dom agus is Éireannach mé atá i mo chónaí sna Stáit Aontaithe le blianta fada. Cé gur rugadh i gContae Mhaigh Eo mé, d’fhás mé aníos i mBaile Átha Cliath agus i gCill Chainnigh. Caithim cuid mhaith ama in Éirinn, agus is aoibhinn liom freastal ar thumchúrsaí Gaeilge gach seans a bhíonn agam. Tar éis dom éirí as mo phost mar innealtóir leictreonach agus ríomhaireachta, bhí mé in ann mo chuid Gaeilge a athbheochan.

Cathain ar thosaigh tú ag scríobh?

Colúnaí seachtainiúil ab ea m’athair ar feadh 40 bliain, ag scríobh don pháipéar áitiúil darb ainm ‘Kilkenny People’. De réir mar a d’éirigh m’athair níos sine thosaigh mé ag cabhrú leis. Roimh i bhfad bhí sé mar m’eagarthóir, agus mé féin mar an scríbhneoir. Chuaigh m’athair ar shlí na fírinne ag deireadh 2019, ach lean mé ar aghaidh leis an gcolún, atá á scríobh agam fós.

Cad a spreag thú chun an suíomh mickgb.com a bhunú?

Cé go bhfuil suíomh ag an bpáipéar ar an idirlíon, ní raibh mo cholún ar fáil ann. D’iarr mé ar fhoireann an pháipéir mo cholún a chur ar fáil, ach ní raibh ach cúpla ceann le feiceáil ar an suíomh, agus ní raibh sé éasca iad a aimsiú. Chomh maith leis sin, bhí suim ag Gaeilgeoirí i gCill Chainnigh a bheith in ann mo cholúin a fháil ar líne.

Is chuige na cúiseanna sin go díreach a chinn mé mo shuíomh féin a chur le chéile. Rith sé liom go mbeadh buntáistí eile ag baint leis sin freisin. Bheinn in ann bailiúchán mo scríbhinní a stóráil ar líne. Agus bheinn in ann bailiúchán scríbhinní m’athair a stóráil ar an suíomh freisin, mar bhí go leor scríofa aige a bhí agam ar mo ríomhaire. Dhear agus d’fhorbair mé suíomh idirlín d’eagraíocht neamhbhrabúis nuair a chuaigh mé ar scor ar dtús, agus mar sin bhí an teicneolaíocht ag baint le suíomh gréasáin ar eolas agam. Thug mé faoin obair agus roimh i bhfad bhí mo shuíomh faoi lán seoil. Rinne mé leasuithe agus athruithe tar éis sin.                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                              

Cad é an dúshlán ba mhó a bhí romhat agus an tionscadal faoi bhun agat?

Is é an dúshlán is mó atá agam anois ná mo shuíomh a fhógairt go poiblí, chun úsáid na teanga a chur chun cinn, agus chun cabhrú le daoine atá ag foghlaim ná ag feabhsú a gcuid Gaeilge.

Dúirt tú go raibh d’athair, Peadar Bairéad, ina scríbhneoir freisin. Inis dúinn píosa faoi agus faoina scríbhneoireacht.

Rugadh Peadar Bairéad in Iorras in iarthuaisceart Chontae Maigh Eo agus bhí cónaí air i gCill Chainnigh sula bhfuair sé bás sa bhliain 2019.

Múinteoir Ghaeilge, agus scríbhneoir prós agus filíochta ab ea Peadar Bairéad. Foilsíodh ceithre chnuasach filíochta (Duilleoga Fómhair, Cleití na hAislinge, Fataí Rómhair agus An Fómhar Deireanach) leis, chomh maith lena dhírbheathaisnéis (Doirse Dé). Bhí sciar maith dá chuid filíochta ar chúrsaí scoile agus léinn. Foilsíodh scríbhinní Pheadair i go leor irisí: Feasta, Comhar, An Sagart, An Timire, Anois, agus Scéala Éireann san áireamh. Colúnaí seachtainiúil ab ea é sa Kilkenny People freisin, ó 1979 – 2018. Tá 805 dá cholúin ar fáil ar mo shuíomh.

Chun scríbhinní Micheál agus Peadar a léamh, breathnaigh ar mickgb.com.

Tá súil agam go mbainfidh tú féin sult as mo shuíomh, agus go gcuirfidh tú daoine eile ar an eolas faoi!

.

.

gaGaeilge