Chaith mo bhean chéile Sinéad agus mé féin seachtain i nGaeltacht Dhún na nGall le déanaí agus bhí am iontach ag an mbeirt againn. D’fhreastalaíomar ar chúrsaí eagraithe ag Oideas Gael i nGleann Cholm Cille Sinéad ag cúrsa a raibh an bhéim ar Ghaeilge labhartha agus mise ar chúrsa san aistriúchán. Thaitin an cúrsa ar fhreastal Sinéad air go mór léi, agus chuir sí feabhas ar a cuid Gaeilge labhartha. Ní dhearna mé cúrsa san aistriúchán riamh cheana, agus mar sin ní raibh cliú agam cad leis a raibh mé ag siúl.

Baineadh croitheadh asam

Cheap mé go raibh na bunscileanna aistriúcháin agam cheana féin agus go gcuirfinn snas orthu sa rang seo. Baineadh croitheadh asam gan mhoill. Ar dtús, d’iarr an múinteoir orainn frásaí nó abairtí as Béarla a aistriú go Gaeilge. Rinne mé mar a d’iarr sé agus ansin díreach thosaigh na fadhbanna. Mar shampla, bhí orainn ‘Mixed Doubles’ (sa leadóg) a aistriú go Gaeilge. Chuaigh mé isteach i Foclóir.ie agus is é an t-aistriúchán a fuair mé ná ‘cluiche dúbailte measctha’. Bhí an t-aistriúchán céanna sin againn go léir (cúigear dúinn) sa rang. Cheapamar go mbogfaimis ar aghaidh gan mhoill go dtí an chéad fhrása eile. Cúpla uair a chloig níos déanaí bhíomar fós ag comhrá faoin aistriúchán sin. Máistir-rang a bhí á mhúineadh ag an Dochtúir Micheál Ó Duibh dúinn – níl aon dabht faoi sin. D’úsáid Mícheál an sampla seo agus cúpla ceann eile freisin, chun na deacrachtaí ag baint le haistriúchán a chur in iúl dúinn. Cad a tharla le linn an ama a bhíomar ag plé maidir le ‘Mixed Doubles’?

Máistir-rang

Bíonn muinín againn as na foclóirí a úsáidimid san aistriúchán. Ní rud maith é sin i gcónaí, agus is fiú smaoineamh ar dtús faoi cad atá taobh thiar den leagan Béarla. Is fiú freisin a shamhlú go bhfuil tú ag míniú an Béarla as Gaeilge do dhuine nach bhfuil Béarla acu. Chomh maith leis sin, ní gá don fhoclóir cloí leis an gCaighdeán oifigiúil. B’fhéidir nach cuma leat, ach tá cásanna ina bhfuil sé riachtanach duit cloí leis an gCaighdeán oifigiúil chun téarmaí do chonartha a chomhlíonadh. Faoi dheireadh, bíonn roghanna agat an t-am go léir agus tú ag déanamh aistriúchán.

Thug Micheál tríd an bpróiseas muid, céim ar chéim. Mar réamhrá, dúirt sé go raibh níos mó ná slí amháin aistriúchán a dhéanamh, agus go dtaispeánfadh sé dúinn a shlí féin. Seo leanas a phróiseas.

Roimh ‘mixed doubles’ a aistriú, cad faoi ‘doubles’? Mholamar ‘dúbailte’ dó. Is féidir dúbailte a úsáid a dúirt sé, ach an bhfuil slí níos fearr chun é a aistriú go Gaeilge? Nach gceapfá nach bhfuil ach beirt ag imirt leis an bhfocal ‘dúbailte? An bhfuil sé ceart dúbailte a úsáid ag déanamh tagartha do dhaoine? Ní raibh na freagraí againn. Mhol sé ‘cluiche beirteanna’ mar aistriú ‘doubles’, agus ‘cluiche beirteanna na bhfear’, ‘cluiche beirteanna na mban’ agus ‘cluiche beirteanna measctha’ mar aistriúcháin do ‘mens doubles’, ‘womens doubles’ agus ‘mixed doubles’. Caithfidh mé a rá go bhfuil na haistriúcháin sin i bhfad níos fearr, i mo thuairim, ná a bhfuil san fhoclóir. Rinne Micheál aistriúcháin ar mhínithe na frásaí, in ionad lomaistriúcháin na bhfocal féin. Ardaíonn an cur chuige sin caighdeán an aistriúcháin go suntasach. Sin ach sampla amháin, ach tugann sé blas duit faoi cad atá i gceist nuair a dhéanann tú aistriúchán.

Uaireanta, bíonn frása nach bhfuil sé soiléir conas é a aistriú, agus caithfidh tú na roghanna a lua agus ansin machnamh a dhéanamh chun an ceann is cirte a phiocadh. Mar shampla: ‘Irish Music Month 2024’. Is féidir na haistriúcháin seo a chur air: ‘Mí Cheol na nÉireannach 2024’, Mí Cheol na hÉireann 2024’, ‘Mí Cheol Éireannach 2024’, agus ‘Mí Ceoil Éireannaigh 2024’. Is í an fhadhb is mó ag baint leis sin ná go bhfuil an leagan Béarla débhríoch. Mar shampla, is féidir ‘Irish’ a úsáid ag déanamh tagairt do dhuine as Éirinn nó do rud éigin as Éirinn. Agus is féidir ‘Irish Music’ month’, nó ‘Irish ‘Music month’’ a bheith i gceist agus ní mar an gcéanna iad. As Gaeilge, bíonn aistriúchán difriúil ag baint le gach míniú sin. Cheapamar go raibh Mí Cheol na hÉireann 2024 ar an aistriúchán is fearr agus an rud a bhí i gceist sa bhunleagan Béarla.

Cleachtadh a dhéanann máistreacht

Bhí go leor cleachtaí le déanamh againn sa rang, agus chaitheamar an chuid is mó den am i mbun ceird an aistriúcháin. Bhí gach saghas pasáiste le haistriú againn, ó mhíreanna oifigiúla ó cháipéisí an rialtais go hóráidí neamhfhoirmiúla polaiteoirí, ó chomharthaí bóthair go sleachta as úrscéalta. Roinneamar thart ár n-iarrachtaí go dtí na scoláirí eile sa rang, agus scríobh siad moltaí orthu. Sa tslí sin, fuaireamar aiseolas an-úsáideach agus bhíomar ag foghlaim agus ag feabhsú ár scileanna an t-am go léir.

Tar éis sin, dúirt Micheál go bhfuil sé an-deacair ráitis cháiliúla a aistriú. Thug sé ceann deacair dúinn, scríofa ag George Bernard Shaw: ‘Dancing is a perpendicular expression of a horizontal desire’. Cheap mé faoi, agus thug mé cúpla rud faoi deara. Ar an gcéad dul síos, oibríonn na focail ‘perpendicular’ agus ‘horizontal’ go maith as Béarla, ach bheadh sé sách crochta iad a aistriú go díreach go Gaeilge. Ar an dara dul síos, is leath-thagairt gnéis atá i gceist agus ní bheadh sé ceart an mína aistriú go díreach, mar caillfear an leath-thagairt ansin atá lárnach don ráiteas. Ansin, tháinig sé chugam, agus rinne mé m’aistriúchán is fearr sa chúrsa agus b’fhéidir riamh:Scaoileann fonn fonn’. Níl ach trí fhocal ann, ach cuireann siad in iúl bunbhrí ráiteas Shaw. In ionad patrúin gheoiméadracha a úsáid, d’úsáid imeartas focal. Ciallaíonn fonn port nó tiúin, ach ciallaíonn sé mian nó dúil freisin. Bheifeá in ann ‘Scaoileann port dúil’ a bhaint amach mar mhíniú an frása ‘Scaoileann fonn fonn’. Bhí mé cinnte leis an aistriúchán sin go raibh an t-uafás foghlamtha agam sa rang iontach seo, agus go bhfuil mé i bhfad Éireann níos muiníní anois chun dul i ngleic le gach saghas aistriúcháin as seo amach!

.

.

.

.

gaGaeilge