Foilsíodh na figiúirí maidir le húsáid na teanga le déanaí, bunaithe ar Dhaonáireamh 2022.  Tháinig titim 2.55% ar líon na ndaoine ag labhairt na teanga gach lá taobh amuigh den chóras oideachais, ó 73,803 i 2016 go 71,968 i 2022. Tháinig titim 2.18% ar líon na daoine ag labhairt na teanga gach seachtain, ó 111,473 i 2016 go 109,099 i 2022. fheicim féin ón rialtas ach béalghrá in ionad plean chuimsithigh chun méadú in ionad laghdú Gaeilgeoirí a bhaint amach. Oscailt súl dúinn atá sna staitisticí seo, gan dabht.

Tá cúpla focal agam!

Tháinig ardú ar líon na ndaoine a bhfuil Gaeilge acu de 0.6% den daonra ó 39.8% (1,761,420) i 2016 go 40.4% (1,873,997) i 2022. Ach as na daoine sin, ní dúirt ach 10% go bhfuil Gaeilge an-mhaith acu, agus trian eile ag rá go bhfuil Gaeilge mhaith acu. Dúirt an chuid eile (55%) a bhfuil Gaeilge acu nach bhfuil siad in ann í a labhairt go maith.  

Sa Ghaeltacht?

Mhéadaigh líon na ndaoine sa Ghaeltacht a bhfuil Gaeilge acu, ó 63,664 i 2016 go 65,156 i 2022 (ardú 2.3%). Ach laghdaigh líon na ndaoine sa Ghaeltacht a labhraíonn Gaeilge gach lá ó 20,586 i 2016 go 20,261 i 2022 (titim 1.6%).

Anailís

Cad atá ar siúl ar chor ar bith? Ar thaobh amháin, tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil rudaí ag feabhsú. Ach ar an taobh eile, deir na figiúirí go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas. Cé acu atá ceart?

I mo thuairimse, gá ceann amháin a bheith i gceart agus an ceann eile a bheith mícheart. Is gá anailís a dhéanamh chun brí a bhaint as na figiúirí sin.

Ceapaim go bhfuil líon na ndaoine a bhfuil Gaeilge acu ag méadú mar tá athbheochan na teanga ar siúl sa tír agus ba mhaith le daoine a gcuid Gaeilge a fheabhsú agus a chleachtadh más féidir. Ach den chuid is mó ní féidir le daoine Gaeilge a labhairt i mbun gnáthimeachtaí an tsaoil, mar níl a dhóthain infreastruchtúir a oibríonn as Gaeilge ar fáil dóibh. Agus sin an fáth bunúsach go bhfuil laghdú i líon labhartha na Gaeilge.  Mar sin, tá sé soiléir nach bhfuil polasaithe an rialtais maidir leis an nGaeilge ag obair go maith, in ainneoin toil an phobail. Nach mór an trua é sin!

Moltaí

Bhí mé i ngalar na gcás faoi cad is féidir a dhéanamh, nuair a fuair mé teachtaireacht ‘WhatsApp’ ó mo chara dílis, Micheál Ó Máirtín. Giotán cainte as an gclár ‘An Saol Ó Dheas’ a bhí ann, agus Helen Ní Shé ag cur agallaimh ar Irial Mac Murchú. Cé gur laghdaigh líon an luchta labhartha sna Gaeltachtaí ar an iomlán, mhéadaigh an lucht labhartha sna Gaeltachtaí i gContae Chiarraí agus i gContae Phort Lairge.  Príomhfheidhmeannach agus stiúrthóir an chomhlachta léirithe teilifíse, Nemoton, is ea Irial, agus léargas ar leith aige ar cheist na Gaeilge labhartha i nGaeltacht na nDéise i bPort Lairge. Seo achoimre cúpla pointe a bhí á phlé aige.  Bhí Gaeltacht na nDéise beagnach ar leaba an bháis sna seachtóidí, a dúirt Irial, nuair a tháinig saghas athbheochana. Ba é bunchloch na hathbheochana sin ná meánscoil San Nioclás, dar le hIrial. Bunaíodh an scoil sna caogaidí agus sna seachtóidí d’fhás méid na ndaltaí go suntasach. Bheartaigh glúin áirithe, bíodh gur tógadh le Béarla iad féin, a bpáistí a thógáil le Gaeilge, agus bhí a ndóthain Gaeilge sa timpeallacht fós gur oibrigh sé amach go maith. Tar éis tamaill, ní raibh smál an bhochtanais ar an teanga a thuilleadh, agus de réir a chéile bhí glúin nua le feiscint, idir mhúinteoirí, dhlíodóirí, altraí agus a leithéid, ar tógadh iad le Gaeilge.  Chuidigh tacaíocht na n-eagraíochtaí áitiúla leis na hiarrachtaí sin agus go háirithe an Cumann Lúthchleas Gael (CLG), mar chuir siad ranganna Gaeilge ar fáil do dhaoine agus rinne siad a ngnó as Gaeilge sa Ghaeltacht. Mar sin, chothaigh an CLG timpeallacht nádúrtha do dhaoine a bheith ag caint as Gaeilge. De réir a chéile bhí timpeallacht chompordach do dhaoine a bheith in ann gach rud a dhéanamh trí Ghaeilge.

Conclúid

Ní gá dúinn braith ar an rialtas lenár dteanga a athbheochan. Is féidir linn é a dhéanamh dúinn féin! Tá rath mór againn cheana féin maidir le bunscoileanna Gaeilge, agus anois tá sé in am dúinn meánscoileanna a bhunú i ngach áit is féidir linn é a dhéanamh. Ansin, caithfimid brú an phobail a chur ar na comhlachtaí áitiúla chun iad a spreagadh a bheith in ann Gaeilge a úsáid chomh maith le Béarla. Beimid in ann rath Ghaeltacht na nDéise a athchruthú in áiteanna eile mar sin, muid féin ag obair as lámha a chéile!

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge