Ní go minic a thagadh ár ngaolta ar cuairt mar ní raibh cónaí orthu gar dúinn. Turas fada a bhíodh ann dóibh sna seascaidí agus seachtóidí sa chéad seo caite. Bhí ár ngaolta ar thaobh mo mháthar ina gcónaí i mBaile Átha Cliath, agus ár ngaolta ar thaobh m’athar ina gcónaí ar an Muirthead i gContae Mhaigh Eo. raibh aon mhótarbhealach sa tír ag an am sin, agus bhí na bóithre ar dhrochchaighdeán.

Ach ó am go ham, thagadh gaolta céad chéime nach mbeadh fuacht ná faitíos orthu an chuairt sin a dhéanamh. Bhíodh orthu fanacht linn ar feadh tamaill, go háirithe agus iad ag teacht ón Muirthead, mar thógadh an taisteal sin lá amháin ag teacht chugainn agus lá eile ag dul abhaile dóibh. Nuair a chloisimis (mo dheartháir, mo dheirfiúr agus mé féin) go mbeadh gaolta ag teacht ar cuairt chugainn, bhíodh sceitimíní orainn na laethanta roimhe. Bhíodh milseoga peacúla ar fáil, brioscaí de gach saghas agus béilí blasta gach lá, mar bhíodh mo Mham ag iarraidh a dícheall a dhéanamh sa chistin. Chomh maith leis sin, bhíodh na cuairteoirí i gcónaí ag tabhairt bronntanas dúinn, milseáin san áireamh. D’ithimis na milseáin ar an toirt, agus bhímis ar na ribí amach is amach agus muid lán de shiúcra. Bhímis dána ansin, ag rith anseo is ansiúd, ag gáire, ag béicíl agus a leithéid. Níorbh fhada gur caití amach muid as an teach, ionas go mbeadh na daoine fásta in ann caint agus comhrá le chéile. Tar éis sin, ní bhímis in ann mórán ama a chaitheamh lenár ngaolta, mar chomh luath agus a d’fheiceadh mo Mham muid ag teacht, thugadh sé an doras dúinn gan mhoill. Ní dhéanadh na cuairteoirí aon iarracht am breise a chaitheamh linn ach an oiread – le heisceacht amháin!

Ár n-uncail John

Nuair a chloisimis go mbeadh ár n-uncail John agus a bhean chéile Evelyn ag teacht ar cuairt chugainn, is ar éigean a bhímis in ann néal codlata a dhéanamh. Bhí siad féin gan leanbh agus ceapaim go gcaithidís linn amhail dá mba a leanaí féin a bhí ionainn. Thagaidís agus bronntanais leo do gach duine sa chlann, agus bhíodh ní hamháin milseáin ach bréagáin agus greannáin acu dúinn, na páistí. Ní chaití amach muid, ach an oiread, mar thugadh John agus Evelyn a n-aird dúinn, ag cur ceisteanna orainn, ag éisteacht le cad a bhí á rá againn, agus ag caitheamh ama linn. Thaitin an bheirt acu go mór linn, mar mhothaímis go raibh spéis acu ionainn. Le formhór na ngaolta eile, mhothaímis nach raibh spéis dá laghad acu ionainn, ach gur pian sa tóin muid.

Níl dabht ar bith ach gurb é Uncail John an gaol ba mhó a thaitin leis an triúr againn, idir mo dheartháir, mo dheirfiúr agus mé féin. Cé gur fear mór a bhí ann – níos mó ná 6 troigh in airde agus é déanta dá réir fear séimh, gealgháireach agus de ghlór domhain a bhí ann, gan drochrud le rá aige faoi dhuine ar bith riamh. Ba é an deartháir ba shine ag m’athair, agus bhí meas mór ag m’athair ar John, gan dabht ar bith.

An tSiúlóid

Bhíodh sé de nós ag Uncail John muidne (na páistí) a thabhairt ar shiúlóid go lár na cathrach uair amháin gach cuairt. Ach ní siúlóid leadránach a bhíodh i gceist, agus mar sin bhímis ar bís faoin tsiúlóid chéanna chomh luath is a thagaidís ar cuairt chugainn. Níor leagadh Uncail John síos dúinn cén bealach a thabhairt tríd an gcathair, ach thugadh sé an rogha sin dúinne. Deirimse leat, bhíodh plean iontach againn gach uair. Thugaimis cuairt ar gach siopa bréagán agus gach siopa leabhar i lár Chill Chainnigh, ag féachaint isteach gach fuinneog shiopa ab fhéidir linn. Nuair a fheicfeadh ceann dúinn bréagán nó leabhar suimiúil, dhírímis méar air, agus deirimis rud cosúil le: “A Uncail John, nach deas an bréagán/leabhar é sin?” Ní bhíodh gá aon rud eile a rá agus cúpla nóiméad ina dhiaidh sin, thagadh Uncail John amach as an siopa, agus an bréagán/leabhar ina leathimh aige.

Nuair a d’iarradh Uncail John orainn fanacht leis taobh amuigh den phub siopa geallghlacadóra, ní bhíodh fadhb ar bith againn leis sin. Comhaontú folaigh a bhíodh i gceist, agus bhíodh sé de chiall againn dada a rá faoi sin sa bhaile. Bhíodh Uncail John ar a laethanta saoire, agus cé a dhiúltódh píosa spraoi a bheith aigesean freisin? Mar a deir an seanfhocal: An té atá saor caitheadh sé an chéad chloch! Faoi dheireadh na siúlóide iontaí sin, bhíodh féiríní deasa ag an triúr (ceathrar? ) againn, agus meangadh mór gáire ar chaon duine againn, Uncail John san áireamh.

Ní dhéanfaimid dearmad ar ár n-uncail iontach Uncail John riamh, a ndeachaigh a chuid flaithiúlachta go croí ionainn. Is dea-shampla é dúinn, an sárfhear seo nach ndearna neamhshuim dínn mar pháistí riamh, ach a mhalairt i gcónaí. Cé go ndéanaim mo dhícheall aithris a dhéanamh air, níl sé éasca, mar bhain Uncail John amach an caighdeán ab airde, ní hamháin mar uncail ach mar dhuine daonna. Braithimid uainn go mór , ár nUncail John!

.

gaGaeilge