Nuair a bhí mé sa séú rang sa bhunscoil, ní raibh aon cheist ach go mbeinn ag freastal ar Choláiste Chiaráin, an scoil ina raibh m’athair ag múineadh. Bhí orm scrúdú iontrála a dhéanamh ar dtús, a raibh na céadta dalta eile á dhéanamh freisin. Bhí ionadh an domhain orm nuair a fuair mé amach gur bhain mé amach an chéad áit sa scrúdú céanna. Bhí ionadh ní ba mhó fós orm a fháil amach go bhfuair scoláireacht a bhuíochas le mo chuid torthaí.  Tairgeadh áit dom mar scoláire cónaithe le cúig bliana anuas, saor in aisce. Cad a dhéanfainn?

Uair na Cinniúna

Bhí ríméad an tsaoil ar mo thuismitheoirí agus dúirt siad go bhfágfaidh siad an cinneadh maidir leis an scoláireacht faoi mo chomhairle féin. Phléamar na buntáistí agus na míbhuntáistí go macánta le chéile. Níorbh éigean dom an tairiscint a ghlacadh, mar ní raibh mé i mo chónaí i bhfad ón scoil. Ní hamháin sin, ach bheadh síob agam gach lá ó dhoras go doras. Gan dabht, bheadh sé ní ba chompordaí agus ní béasca dom fanacht sa bhaile, in ionad na léime sa dorchadas a bheadh ag baint le saol nua mar scoláire cónaithe.  Bhí argóintí láidre ar son fanacht sa bhaile. An raibh aon fháth dul isteach sa choláiste mar scoláire cónaithe? Cheap mé féin ag an am go raibh cúpla fáth. Ar an gcéad dul síos, ‘ná lochtaigh an rud a fhaigheann tú in aisce’! Bhuaigh mé an duais luachmhar seo, agus cén fáth nach nglacfainn é? Ar an dara dul síos, eachtránaí a bhí ionam, agus or dhuine mé a dhiúltódh dúshlán riamh.  Ar aon nós, dá dtitfeadh an tóin ar fad asam, nach mbeinn in ann filleadh abhaile arís. Ba chuimhin liom mo thréimhse as baile sa Ghaeltacht, agus b’aoibhinn liom an neamhspleáchas a thug sé dom agus mé ag fáil oideachas an tsaoil. Ní raibh sé deacair dom an tairiscint a ghlacadh.  Cé go raibh mo thuismitheoirí sásta ar mo shon, is dócha ná a mhalairt go raibh brón orthu freisin ar a son féin.  Tar éis an tsaoil, bhí a gcéad mhac ag fás aníos chomh tapa cheana féin, agus anois bheadh sé ag fágáil an bhaile ina theannta sin. B’fhéidir gur chuir mo chás i gcuimhne do m’athair a chás féin, nuair a bhí sé féin timpeall cúig bliana déag agus ag fágáil an bhaile chun an chliarscoil a thabhairt air féin.  Ceapaim go raibh sé idir dhá chomhairle faoin am a chaith sé in institiúidí atá faoi stiúir na heaglaise. Ar aon nós, ghlac sé le mo chinneadh gan focal diúltach a rá faoi. Choinnigh mo mháthair guaim ar a teanga freisin, is dócha. Gan dabht, bhí sí idir dhá cheann na meá. Ar thaobh amháin, bhí brón uirthi go gcaillfeadh sí a mac ón mbaile. Ach ar an taobh eile, bhí sí an-bhródúil asam, agus ní raibh uaithi ach an rud is fearr domsa.

Scoil Nua – Féiniúlacht Nua

Ag deireadh an tsamhraidh, nuair a bhí na laethanta saoire scoile ag druidim chun clabhsúr agus an t-ullmhúchán go léir déanta againn, bhí mé thar a bheith réidh le m’eachtraí nua a thosú. Bhailíomar mo chip is mo mheanaí agus thiomáineamar go dtí an Coláiste chun clárú mar scoláire cónaithe. Chuir baill fhoirne an Choláiste fáilte romhainn go léir agus ansin d’imigh ár dtuismitheoirí. Glaodh rolla agus ansin sannadh leapacha dúinne, na scoláirí cónaithe nua. Ar dtús, ní raibh mé i suanlios sa Choláiste féin, ach taobh amuigh i Halla Desart, ar Shráid Nua Íochtarach. Ach tar éis cúpla lá, cuireadh isteach i suanlios beag sa Choláiste mé. Ní raibh ach deich leaba i suanlios Naomh Columba, i gcomparáid le céad leaba nó mar sin sna suanliosanna eile sa Choláiste.  Bhí leaba agus taisceadán beag agam a raibh báisín uisce ar a bharr. Bhí laindéal inmheánach idir na leapacha a thug an méid is lú príomháideachais dúinn.  Bhí sé fuar sa suanlios sin freisin, ach ní raibh ar mo leaba ach braillín agus pluid thanaí a bhí beagnach caite. Bheadh saol crua go leor agam anseo, in easpa an chompoird chorpartha a raibh ar fáil agam sa bhaile. Ach níorbh aon chur as dom rudaí mar sin, agus lean mé ar aghaidh pé scéal é.

Nós na Leasainmneacha

Saol eile ar fad a bhí ann dúinn i scoil chónaithe, agus muid ag foghlaim scileanna sóisialta ionas go mbeimid in ann maireachtáil i dtimpeallacht nua na scoile. Tugadh leasainm ar gach duine sa scoil, idir mhúinteoirí agus scoláirí, agus go minic ní raibh na hainmneacha céanna rómholtach. Mar shampla bhí scoláire amháin a raibh éadulaingt aige ar ghlútan. Ní raibh sé in ann arán bán a ithe agus bhí arán donn speisialta aige. Baisteadh é mar ‘Arán Donn’.  Tugtar ‘Spud’ ar aon duine leis an sloinne ‘Ó Murchú’. I mo chás, nuair a fuarthas amach go raibh m’athair ina mhúinteoir sa scoil, a raibh an leasainm Peadar air, cuireadh an leasainm céanna ormsa. Bhí mé sásta go leor leis sin, agus leis an ainm nua agus na daoine nua agus an timpeallacht nua sa Choláiste, chaill mé féiniúlacht amháin agus thug mé féiniúlacht nua orm.  Sa bhealach sin, thosaigh saol nua na scoile dom.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge