Thóg sé roinnt mhaith ama dom socrú síos mar scoláire cónaithe i gColáiste Chiaráin, agus ní raibh sé éasca i gcúpla slí. Gan dabht, bhíodh sé fuar sa gheimhreadh, go háirithe inár suanliosanna móra, mar cé go raibh radaitheoirí ar na ballaí, ní raibh aon teas i lár na seomraí sin. Ní raibh ach blaincéid éadroma againn sna leapacha, agus uisce fuar inár mbáisíní níocháin. Ní raibh an bia a fuaireamar sa phroinnteach go blasta, ach amháin na milseoga! Ach diaidh ar ndiaidh chuaigh mé i dtaithí ar na deacrachtaí sin agus tar éis tamaill níor chuir siad isteach ná amach orm. Ar an drochuair, gasúr beag, leochaileach a bhí ionam. Dá bhrí sin, ní raibh mé in ann iománaíocht a imirt go maith mar bhall foirne, agus aon uair ar bhain mé triail as, gortaíodh mé. Ach ba bhreá liom liathróid láimhe a imirt, mar ní spórt teagmhála é sin. Imreoir réasúnta maith a bhí ionam, agus bhain mé an-taitneamh as an spórt sin le linn mo sa mheánscoil. Ní raibh na bulaithe sa bhaile in ann teacht isteach ar thailte na scoile, agus buntáiste mór ba ea é sin. Ní dhearnadh aon bhulaíocht orm i gColáiste Chiaráin riamh, agus ceapaim nárbh aon dochar é go raibh m’athair ag múineadh sa scoil chéanna.

Múinteoirí agus Ábhair.

Ní raibh ach múinteoir amháin agus cúpla ábhar á staidéar againn sa bhunscoil – Gaeilge, Béarla, Suimeanna agus Creideamh. Chun an fhírinne a rá, bhí sé ró-éasca dom, agus bhínn dubh dóite ann. Ní raibh sé mar sin i gColáiste Chiaráin ar chor ar bith. Bhí go leor ábhar againn: Gaeilge, Béarla, Laidin, Gréigis, Fraincis, Eolaíocht, Stair, Tíreolaíocht, Ealaín agus Saoránaíocht. Thaitin na hábhair go léir go mór liom agus b’aoibhinn liom a bheith ag foghlaim gach saghas ruda. Idir rang amháin agus an chéad rang eile, bhíodh sos beag againn, agus nuair a d’fhillimis ar ais go dtí ár seomra ranga, bhíodh múinteoir eile ag fanacht linn chun a ábhar a múineadh dúinn. Bhí dúshláin éagsúla ag baint le gach ábhar, agus ní fhéadfainn srian a choinneáil ar an bhfiosracht nádúrtha a bhí agam. B’aoibhinn liom mo shamhlaíocht a úsáid, agus pictiúir a fheiceáil le m’intinn. Bhí go leor le foghlaim de ghlanmheabhair againn mar pháirt dár n-oideachas, ach ní raibh mé róthógtha leis an ngné sin de. B’fhearr liom na cúiseanna agus an loighic a bhí taobh thiar den eolas a thuiscint.

Spreagograis formhór na múinteoirí go mór mé, mar chuir siad a gcroíthe agus a nanamacha sa mhúinteoireacht, agus bhí sé sin tógálach. Níor úsáid na múinteoirí sin aon phionós corpartha mar bhí na scileanna acu jab iontach a dhéanamh. Ba chúis lúcháire dúinn é sin, agus bhímis ag súil go mór le ranganna na múinteoirí sin. Ar an drochuair, ba ghnáthrud é pionós corpartha a ghearradh ar dhaltaí in Éirinn ag an am, cé gur bhris sé na rialacha a bhí ag an roinn oideachais. Ó mo thaithí féin, bhraith cúpla múinteoir nárbh ar mhaithe na daltaí a bhí siad ag múineadh agus go minic ní raibh suim ar bith acu san ábhar a bhí á múineadh acu ach oiread. D’úsáididís an tslat chun iallach a chuir orainn aird a thabhairt dóibh de dheasca iad a bheith lofa mar mhúinteoirí.

Scéal Nollag

Bhí cara amháin agam sa scoil ar dtús – Nollaig ab ainm dó. Buachaill an-chliste, an-daingean, fiú ceanntréan a bhí ann. Bhuel, bhí múinteoir Laidine againn ar mhaith leis pionós corpartha a úsáid go flúirseach. Ag deireadh gach ranga, scríobhfadh sé stór focal ar an gclár dubh, agus uimhir ina dhiaidh – 1, 2 nó 4. Sin cé mhéad buille a gheofá le gach focal a bheadh mícheart agat sa scrúdú a tharlódh an chéad rang eile. Is maith is cuimhin liom an sléacht as éadan a tharlaíodh gach rang. Ba ghearr go mbíodh allas ar an múinteoir as an saothar ag baint leis an tslat a thabhairt do scoláirí, agus líne dóibh ag fanacht lena seal. Ag breathnú siar anois, gníomh barbartha, brúidiúil agus dochreidte a bhíodh i gceist. Cibé a tharla dó, fuair Nollaig cúpla ceann mícheart ag tosú an téarma, agus bualadh go dona é. Bhí an phraiseach ar fud na mias ansin, agus thosaigh Nollaig feachtas frithbheartaíochta síochánta mar agóid.

Ceapaim nach ndearna Nollaig aon staidéir don rang as sin amach. Bualadh go dona é ag tús gach ranga, agus is cuimhin liom é a fháil 32 buille, agus tharla sé sin níos mó ná uair amháin. Ach buachaill an-diongbháilte a bhí i Nollaig, agus dá mhéad ar bualadh é, is ea is lú staidéar a rinne sé, in ainneoin go raibh an múinteoir céanna againn ar feadh trí bliana! Níor stad an múinteoir stuacach dá bhualadh, ach an oiread. Ach níor éirigh leis an múinteoir Nollaig a bhriseadh síos, agus sa bhealach sin, chuir Nollaig é de dhroim seoil.

Tar éis scrúdú na hArdteistiméireachta, d’fhreastail Nollaig ar an ollscoil, agus bhain sé amach céim bhaitsiléara sna healaíona. Chuaigh sé le múinteoireacht bunscoile mar a ghairm agus tar éis tamaill ceapadh é mar phríomhoide na scoile. Ní call dom a rá nár leag sé lámh ar pháiste riamh! Ach tá casadh eile sa scéal. Lá amháin, agus Nollaig ina tríochaidí, buaileadh cnag ar a dhoras. D’oscail sé é, agus cé a bhí ann ach a iar-mhúinteoir Laidin! Níor aithin an múinteoir an t-iarscoláire a ndearna sé céasadh coirp agus intinne air ar scoil. Ach d’aithin Nollaig a chráiteoir ar an toirt! Thosaigh a Neimisis ag caint. Bhí sé ag seasamh mar iarrthóir i dtoghchán áitiúil agus ag iarraidh vótaí a mhealladh. “An féidir liom brath ort do vóta a chaitheamh ar mo shon?” a d’fhiafraigh sé de Nollaig.

“Bhuel,” arsa Nollaig, “Dá mba tusa an duine deireanach fágtha ar an gcruinne, ní thabharfainn mo vóta duit. Imigh anois, a leadaí, agus ná tar ar ais anseo go deo!” Fágadh a mhúinteoir gan focal, agus ansin faoi dheireadh d’aithin sé a iarscoláire.  Ach sula raibh seans aige focal eile a rá, dhún Nollaig an doras ina aghaidh. Mar a deir an seanfhocal: filleann an feall ar an bhfeallaire!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge