Bhí múinteoir sa choláiste darb ainm Tomás Ó Murchú, arbh as Corcaigh dó ó dhúchas. Chaitheadh sé feisteas ildaite agus chonaic mé féin é ag caitheamh geansaí a raibh stríoca deargadh agus bána air. Cé gur ‘Spud’ an leasainm a tugadh ar aon duine leis an sloinne Ó Murchú de ghnáth, fuair Tomás leasainm nua a bhuí lena rogha éadaí sin. Wasp a baisteadh ar an bhfear mí-ámharach seo. Mhúin sé Gaeilge dúinn sa chéad bhliain agus gan dabht bhí Gaeilge iontach aige. Fuaireamar amach cé chomh cuí is a bhí a leasainm roimh i bhfad. Buíochas le Dia, níor úsáid Wasp an tslat. Ar an drochuair, áfach, níor ghá dó é a úsáid, mar bhí pionós i bhfad níos díobhálaí aige – an ghoineog! Ghearrfadh goineog amháin ón Wasp níos doimhne ná dornán buillí ón tslat. Nach cruálach íorónta an leasainm sin Wasp, agus droch-chealg aige níos goimhiúla ná aon slat ar domhan! Ní raibh Wasp ag iarraidh ach smacht a choimeád ar a rang, agus ní raibh sé ar intinn aige aon duine a ghortú. Thuigeamar é sin, agus bhíomar in ann a cheisteanna a fhreagairt gan aon fhaitíos díoltais. Mar sin, saghas cluiche a bhíodh ann i gcónaí, agus gan dabht, caithfidh intinn ghéar a bheadh agat chun an lámh in uachtar a fháil ar Wasp.

Duine dínn féin

Ba dhuine dínn féin é Wasp, mar ní raibh sé i bhfad níos sine ná na daltaí sa chúigiú rang. Níor úsáid sé an tslat ach an oiread. Agus bhí an-acmhainn grinn aige freisin. Bhíomar ag foghlaim Gaeilge, i ngan fhios dúinn féin, mar bhíodh an chraic againn le Wasp an t-am go léir, agus ní raibh aon fhaitíos orainn go mbuailfí sinn. Dúinne, ní raibh cuma an mhúinteora air, ach cuma carad. Bhí an stíl sin an-chumhachtach, i mo thuairim. Cé go raibh eagla an domhain orainn ceisteanna a chur ar na múinteoirí eile, nó aon saghas dúshláin a thabhairt dóibh, ní raibh sé mar sin le Wasp. Bhíomar in ann a bheith ag cur is ag cúiteamh leis, gan chamadh gan chlaonadh. Thug sé sin muinín dúinn go raibh luach ag baint linn agus lenár smaointe, agus nár ghá dúinn gach rud a ghlacadh gan cheist ar bith. Bhí Wasp ar thaobh s’againne! Bhí sé in ann muid a thuiscint! Mar sin, bhí nasc speisialta againn leis an múinteoir neamhchoinbhinsiúnach seo. Agus bhí meas mór againn air, agus d’éisteamar leis agus d’fhoghlaimíomar uaidh! Bhí cuma chúláilte ar pé rud a bhí le rá aige. Ag breathnú siar, feictear dom go raibh bua speisialta aige, mar ba shaghas idirghabhálaí é, idir muid agus na húdaráis, idir muid agus an domhan!

Persona non Grata

Bhraith mé gur ‘persona non grata’ nó duine dofheicthe a bhí ionam. Cé gur thaitin an iománaíocht go mór liom agus go háirithe na scileanna ag baint le smacht a choimeád ar an liathróid, ag an am céanna ba lagrachán . Dóbair gur cailleadh mé nuair a chniog niúmóine mé agus mé ach cúig bliana d’aois, agus níor tháinig mé chugam féin arís go dtí go raibh mé fásta aníos. Ní raibh sé éasca imeascadh le daltaí na scoile sin ach go háirithe, nuair nach raibh scileanna iománaíochta agat. Ba iad do scileanna iománaíochta d’airgeadra sóisialta i gColáiste Chiaráin, agus ní raibh fiú pingin rua agamsa. Bhí sé deacair féinmhuinín a bheith agat i gcás mar sin.

Slánaitheoir

D’aithin Wasp go raibh méid mhaith dúinn nár mhaith nó nárbh fhéidir linn a bheith páirteach san iománaíocht, agus chinn sé rud a dhéanamh faoi. D’úsáid sé a am saor chun ficheall a mhúineadh, agus grúpa a chur le chéile chun cluichí fichille a imirt. Tháinig an fhicheall isteach orainn go héasca, agus thug sé cuspóir seach-churaclaim dúinn nach raibh a leithéid againn roimh ré. Bhí Wasp ina Shlánaitheoir dúinn nárbh iománaithe muid. Agus bhíomar thar a bheith iomaíoch, caithfidh mé a admháil. Cur chuige ceannródaíoch a bhí ann, gan cheist, mar ní raibh gníomhaíochtaí seach-churaclaim mar sin ar fáil de ghnáth sna meánscoileanna in Éirinn ag an am. Thug an club fichille sin an-mhuinín dom féin, agus cé go raibh mé go hainnis ag imirt iománaíochta, níorbh fhéidir an rud céanna a rá fúm maidir leis an bhficheall.

Ar Shlí na Fírinne

Bhí brón orm nuair a léigh mé sa bhliain 2021 tuairisc a bháis, scríofa ag iarmhúinteoir Ghaeilge eile, Micheál Ó Diarmada. D’aithin Micheál go leor gnéithe eisceachtúla ag baint le Tomás Ó Murchú, agus d’fhoghlaim mé nár stad Tomás féin ag foghlaim an t-am go léir. Fuair dioplóma sa Ghearmáinis sna hochtóidí. Tar éis sin, chaith sé samhradh sa Ghearmáin lena theaghlach ag taistil agus ag cleachtadh na teanga. Faoi dheireach, thosaigh sé ag múineadh Gearmáinise sa scoil. Bhí an treallús ó dhúchas ann, gan dabht ar bith. Ní dhéanfaidh mé dearmad ar Wasp go brách na breithe, agus beidh faoi chomaoin ag an múinteoir ceannródaíoch sin go deo, agus go háirithe as ucht an méid a rinne domsa maidir le forbairt m’fhéinmhuinín.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge