Le linn an Ghorta Mhóir, bhunaigh baill de Chumann na gCarad tithe anraith, agus chuir siad córas tiomsaithe airgid le chéile chun cuidiú le híospartaigh an Ghorta Mhóir. Mar chuid den obair sin, d’eagraigh siad Coiste Faoisimh Ghorta, le brainsí ar fud an domhain, sna Stáit Aontaithe san áireamh.

Sa bhliain 1847 – ’47 an Bhróin – rinne Ceannfort Gnóthaí na nIndiach, an Maor William Armstrong, cathaoirleacht ar chruinniú i Skullyville in Oklahoma, ag iarraidh airgid a chruinniú don Choiste Faoisimh Ghorta. Bhailigh sé $710 (nó b’fhéidir $170 – níl na staraithe cinnte) ó threibh bhundúchasach darb ainm an Náisiún Choctaw – méid dochreidte ag an am, go háirithe mar bhí an treibh bhocht sin ag streachailt le blianta beaga anuas.  Chríochnaigh an t-airgead sin suas i Mainistir na Corann i gContae Chorcaigh.

Is dócha gur bhog a n-anás croí an Náisiún Choctaw, agus bhí dáimh acu le muintir na hÉireann. Ó 1831 go dtí 1833, díbríodh iad as a dtír dhúchais féin agus seoladh iad soir ó Mississippi go dtí Oklahoma. Bhí ar an chuid is mó dóibh an bealach ar fad (timpeall 900 ciliméadar) a chur díobh de shiúl na gcos. Meastar gur bhogadh 15,000 duine idir 1831 agus 1833, agus go bhfuair suas le 4,000 acu bás. Bealach na nDeor (Trail of Tears) a thugtar ar an mbealach uafásach sin. Is léir gur thuig an Náisiún Choctaw cruatan an tsaoil, agus nuair a chualadar faoin nGorta Mór in Éirinn, chuidíodar a oiread agus ab fhéidir leo.  

Nuair a d’fhoghlaim Éireannach darb ainm Don Mullan an scéal thuasluaite i Nua Eabhrac ag deireadh na hochtóidí, chuaigh sé go smior ann, agus sa bhliain 1989 chuaigh sé go Oklahoma, chun buíochas a ghabháil don Náisiún Choctaw, agus chun cuireadh a thabhairt dóibh a bheith i gceannas ar an tSiúlóid Náisiúnta an Ghorta Mhóir i 1990, siúlóid bhliantúil eagraithe ag Don, chun comóradh a dhéanamh ar scéal tragóideach a tharla in Éirinn i 1849. Sa bhliain sin, shiúil na céadta duine a bhí stiúgtha leis an ocras beagnach fiche ciliméadar idir Cluain Cearbán agus Dumha Locha i gContae Mhaigh Eo chun bia a fháil, faoi stiúir na n-údarás.  Ach ní raibh aon bhia ar fáil ann, agus bhí orthu filleadh ar ais go Cluain Cearbán. Fuair an chuid is mó dóibh bás ar an tslí an-chontúirteach sin, idir teacht agus imeacht.

Tugtar an t-ainm Bealach na nDeor (Trail of Tears) ar an tsiúlóid bhliantúil sa bhliain 1990, agus bhí toscaireacht an Náisiúin Choctaw páirteach ann, Ceannaire Roberts san áireamh. Ceapadh Don mar Cheannaire Oinigh an Náisiúin Choctaw ag tús na siúlóide.

Sa bhliain 1992, chuaigh baicle Éireannach ar shiúlóid ‘Bealach na nDeor’ sna Stáit Aontaithe, eagraithe ag an Náisiún Choctaw. Ócáid speisialta a bhí ann, chun airgead a chruinniú ar mhaithe le daoine na Somáile a bhí buailte go holc le gorta. Bhailigh siad $710,000 don chúis charthanachta sin (€1,000 do gach €1 ar bhronn an Náisiún Choctaw d’Éirinn).

Níos déanaí sa bhliain chéanna, tháinig ionadaithe an Náisiúin Chowtaw ar chuairt go hÉirinn agus nochtadh plaic chuimhneacháin in onóir an Náisiúin ag Teach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath.  Ceapadh an tUachtarán Robinson mar Cheannaire Oinigh an Náisiúin Choctaw le linn na cuairte céanna. Chuaigh sí ar chuairt stáit go Oklahoma i 1995, chun buíochas a ghabháil don Náisiún Choctaw.

Sa bhliain 2017, i mBaile Mainistir na Corann, nocht ionadaithe Choctaw leacht cuimhneacháin, a coimisiúnaíodh go speisialta chun bronntanas an Náisiúin a chomóradh.

Sa bhliain chéanna, chomhoibrigh beirt fhile cháiliúla le chéile chun dánta a chumadh ina dteanga dhúchais féin – LeAnn Howe as Choctaw, agus Doireann Ní Ghríofa as Gaeilge. D’úsáid siad Béarla mar theanga choiteann, agus mar sin leabhar trítheangach is ea ‘Singing, Still’.

Sa bhliain 2018, chuaigh an Taoiseach Leo Varadkar ar chuairt stáit go dtí an Náisiún Choctaw, agus d’fhógair sé clár scoláireachta nua ar fáil do mhic léinn ón Náisiún Choctaw chun freastal ar ollscoil in Éirinn.

Níorbh aon ionadh é mar sin an freagra an-dearfach a tharla le déanaí nuair a roinn an t-iriseoir Naomi Ó’Leary feachtas tiomsaithe airgid chun cabhrú le bundúchasaigh Navachóch agus Hopi dul i ngleic leis an gcoróinvíreas. Meastar gur dheonaigh Éireannaigh níos mó ná €500,000 agus é seo á scríobh. Fágfaidh mé an focal deireanach do dheontóir amháin, a scríobh: “Chabhair sibh linn nuair a bhíomar ar anchaoi. Is onóir dom an comhar a dhíol libh. Is cuimhin le hÉirinn, le buíochas.”

.

.

.

.

.

gaGaeilge