Bíonn plé poiblí diúltach le feiceáil ar an inimirce na laethanta seo.  Nuair a chuirtear foirgneamh ar leataobh chun dídean a thabhairt d’inimircigh, táthar ann a cheapann gur smaoineamh maith é an foirgneamh sin a dhó go talamh.  Nach uafásach é sin? Go háirithe nuair a chuimhníonn tú siar ar ár stair féin.  Mar shampla, tá go leor eolais faoin eisimirce ónár dtír féin le fáil ar an suíomh: https://www.ucc.ie/en/emigre/history/. Nuair a bhí John F. Kennedy ar a chuairt Uachtaránachta go hÉirinn i Meitheamh, 1963, dúirt sé:  Easpórtálann formhór na dtíortha ola nó iarann, cruach nó ór, nó barr éigin eile, ach níl ag Éirinn ach easpórtáil amháin agus sin iad a muintir.”

Is í Éire an tír is mó san Eoraip atá buailte leis an eisimirce le dhá chéad bliain anuas. San iomlán, chuaigh tuairim is deich milliún duine ar imirce ó oileán na hÉireann as 1800 amach. Sna hochtóidí sa chéad seo caite, d’fhág níos mó ná leathmhilliún Éireannaigh (~16%) a dtír féin. D’fhág 70,000 duine sa bhliain 1989 amháin cúpla bliain roimh theacht an Tíogair Cheiltigh. Ansin, tharla tobchliseadh an gheilleagair sa bhliain 2008, agus d’fhág 630,000 eile an tír idir 2008 agus 2015.

Mar sin féin, tá ár n-eisimircigh beagnach ligthe i ndearmad anois, ceapaim, agus in ionad sin tá an bhéim go láidir ar an inimirce – idir dhleathach agus mhídhleathach. Is trua mhór é sin, i mo thuairim, agus ceapaim féin gur rud maith é an dá rud a bheith ar intinn againn i gcónaí – an inimirce agus an eisimirce. Seachas sin, ní fhoghlaimeoimid cad ba cheart dúinn a dhéanamh maidir le polasaithe inimirce, nuair atá sé ar eolas againn cheana féin ónár stair féin.

I bhfad roimh ré an Tíogair Cheiltigh, bhí go leor daoine ag teacht thar an teorann ó dheas i Meicsiceo go Meiriceá ag lorg saol nua ann – agus tá fós. Tá sé mar chnámh spairne le fada an lá anseo idir na páirtithe polaitiúla. Aontaíonn gach duine go bhfuil fadhb mhór le réiteach, ach tá difríocht móra idir an cur chuige atá ag na Daonlathaithe agus na Poblachtaigh i Meiriceá. Chonaiceamar an cur chuige brúidiúil a bhí ag Trump ar son na bPoblachtach, agus 5,500 páiste scartha óna dtuismitheoirí de dheasca a pholasaí inimirce. Cuireadh i bpríosún cuid mhór de na tuismitheoirí, agus díbríodh an chuid eilebhfód dúchais.  Tugadh na páistí faoi choimeád cosanta ag an rialtas. Drochiompair náireach é sin, agus sárú ar chearta an duine, gan dabht.   Tá na céadta páistí gan a dtuismitheoirí fós, de dheasca an pholasaí bhrúidiúil sin. Níl cúrsaí chomh dona in Éirinn maidir le hinimircigh, ach níl siad thar moladh beirte, ag an am céanna. Mura gcuirtear srian ar an bhfuath agus ar an míshásamh atá á gcothú ag antoiscigh in aghaidh na n-inimirceach, tá baol mór ann go n-éireoidh cúrsaí níos measa agus go marófar daoine roimh i bhfad. Cén saghas réitigh é sin?  Tá dualgas ar an rialtas cúrsaí slándála a chur faoi smacht gan mhoill.  

Ár scéal

Tá go leor Éireannaigh ar eisimircigh iad – mo bhean chéile agus mé féin san áireamh. Ní raibh a fhios againn sa bhliain 1986, nuair a chuamar go Meiriceá ar dtús go bhfanfaimid ann feasta. Thug mfhostóir in Éirinn ag an am – IBM Ireland – post gearrthéarmach dom i gCalifornia. Dhá bhliain a bhí i gceist, ach tar éis bliana, iarradh orm teacht abhaile. Chun an fhírinne a rá, ní rabhamar réidh teacht abhaile ag an am. Bhí Sinéad i mbun oibre ar thráchtas a PhD san ollscoil (UCLA). Mar sin, fuair mé post eile le comhlacht eile. Bhí go maith agus ní raibh go holc! D’imigh bliain amháin agus ansin bliain eile, agus diaidh ar ndiaidh beagnach i ngan fhios dúinn, chuireamar fréamhacha trialacha fúinn. Le himeacht ama, d’fhás na fréamhacha níos láidre agus ansin bhí páiste againn. Cheannaíomar ár gcéad teach! Chríochnaigh Sinéad a cuid staidéir, bhain sí amach céim PhD sa tseandálaíocht agus ansin fuair sí post. Bhain mé féin amach céim mháistreachta san innealtóireacht leictreach. Bhí sé ríshoiléir do gach duine eile nach rabhamar ag teacht ar ais go hÉirinn lá ar bith feasta. Faoi dheireadh, d’éirigh sé soiléir dúinn freisin go gcaithfimis ár saol oibre i Meiriceá. Ná bain leis mura bhfuil sé briste, mar a déarfá. Bhíomar in ann dul ar cuairt go hÉirinn gach samhradh ar feadh míosa agus faoi dheireadh bhíomar in ann teach a cheannach i gContae Chill Chainnigh. Mar go bhfuil an bheirt againn ar scor anois, táimid in ann seal maith a chaitheamh in Éirinn gach bliain.  Bhí sé deacair go leor dul tríd an bpróiseas inimirce, ach chaith an rialtas go cothrom linn. Ní dhearnadh aon leithcheal orainn riamh i Meiriceá ach an oiread, agus bhí na deiseanna céanna againn agus a bhí ag aon duine eile. Creidim go láidir gur thug Meiriceá deiseanna iontacha dúinn, agus ina chúiteamh sin thugamar i bhfad níos mó airgid don rialtas ná mar a fuaireamar uaidh.

Is fuil an gheilleagair í an inimirce, i ndáiríre, agus san iomlán neartaíonn inimircigh a dtír nua i roinnt slite. Ní hé sin a rá gur cheart teorainneacha oscailte a bheith ag aon tír, ach is ceart ní hamháin polasaithe réasúnta a bheith ann ach pobal fáilteach freisin, a gcaitheann go féaráilte le daoine ag iarraidh teacht i dtír, agus le hinimircigh a bhfuil cónaí orthu in Éirinn cheana féin.

.

.

.

gaGaeilge