Thug mé an madra amach ag siúl sa chomharsanacht, le déanaí, ní ar ár ngnáthbhealach ach ar bhealach dhifriúil, mar athrú.  Chuamar thar ionad siopadóireachta beag sa bhaile a mbainim úsáid as go minic, mar tá cúpla siopa beag ann agus an siopa bearbóra lonnaithe san ionad céanna. Suas go dtí dianghlasáil na pandéime, bhínn ann go minic ag siopadóireacht, agus gach mí nó mar sin, d’fhaighinn bearradh gruaige sa siopa bearbóra. Tá an bearbóir céanna agam le bliain is fiche anois. Emilio is ainm dó, fear as Cúba ó dhúchas. Is leis an siopa bearbóra, agus cabhraíonn bearbóir eile leis, fear darb ainm John, ó am go ham, agus go háirithe nuair a bhíonn a lán custaiméirí ag fanacht.

Rith sé liom dul go dtí an siopa bearbóra, chun a fháil amach an raibh sé ar oscailt, ós é gur cheadaíodh iad a bheith ar oscailt arís cúpla seachtain ó shin. B’fhéidir go bhféachainn mo chara agus go mbeadh an deis agam dreas comhrá a dhéanamh leis. Nach mbeadh sé sin go hiontach! Shiúl mé díreach go dtí an siopa, ach bhí an doras dúnta. ‘’Níor oscail sé fós, b’fhéidir roimh i bhfad!” Sin a cheapas ar aon nós! Ní raibh sé éasca féachaint isteach sa siopa mar bhí screamh dhorcha ar na fuinneoga ionas nach mbeadh daoine in ann an taobh istigh a fheiceáil. Ach nuair a chuir mé mo lámh os comhair mo shúile, agus mé in éadan na fuinneoige, bhí mé in ann gach rud a fheiceáil. Baineadh droch-chroitheadh asam ar an toirt!

Ní raibh ann anois ach seomra stórais don teach tábhairne béal dorais. Bhí stólta arda agus lampaí teasa caite sa mhullach ar a chéile, agus gach rud a bhíodh sa siopa imithe. Tháinig tocht orm agus tháinig go leor cuimhní ar ais go tréan chugam.

Nach ann a thugainn mo mhac chun bearradh gruaige a fháil, agus é fós ina luathdhéagóir! Nuair a bhíodh sé ag bearradh a ghruaige, thaispeánadh Emilio fístéipeanna dó – cartúin Disney agus a leithéid. B’aoibhinn le mo mhac dul ann agus bhíodh sé i gcónaí ag tnúth leis an chéad chuairt eile go Emilio. Déanta na fírinne, b’aoibhinn liomsa dul ann freisin. Agus é ag bearradh mo chuid gruaige, bhímis ag geabaireacht an t-am go léir faoi gach ábhar faoin spéir. Go minic, athraíodh ábhar an chomhrá go cúrsaí i gCúba nó in Éirinn, mar bhí suim mhór ag Emilio in Éirinn agus suim mhór agam i gCúba. D’insímis scéalta dá chéile faoi eachtraí ár n-óige inár dtíortha dúchais agus ceol aigeanta na seascaidí agus na seachtóidí le cloisteáil sa chúlra. Ní bearradh gruaige a bhí i gceist dom riamh – ach amthaisteal.

Thagadh cuairteoirí chuig an siopa freisin agus bhíodh fáilte mhór ag Emilio roimh gach cuairteoir, fiú amháin daoine nach raibh bearradh gruaige ag teastáil uathu, agus bhí scéalta iontacha ag gach duine acu agus go háirithe ag na cuairteoirí seasta. Club sóisialta a bhí ann, i ndáiríre, agus bearradh gruaige mar leithscéal teacht le chéile.

Tar éis tamaill mar chustaiméir ann, neartaigh an cairdeas eadrainn.  Nuair a bhí mé in Éirinn samhradh amháin, cheannaigh mé cúpla mionbhuidéal fuisce sa siopa saor ó dhleacht san aerfort. Ar mo chéad chuairt eile go dtí an siopa bearbóra, thug mé mionbhuidéal liom ag deireadh an lae. Fuair mé mo bhearradh gruaige, agus ansin thóg mé amach cúpla mionbhuidéal agus d’ólamar iad. B’aoibhinn le Emilio gach saghas fuisce, ach go háirithe fuisce braiche as Éirinn. Neartaigh an deoch sin an nasc eadrainn agus gineadh nós nua ansin. Gach uair tar éis dom mo bhearradh gruaige a fháil, tharraingínn amach cúpla mionbhuidéal, agus bhíodh an-chraic againn ansin. Uaireanta, bhíodh rum Cúbach ag Emilio, agus d’ólaimis rum iontach cosúil le ’Havana Club Gran Reserva’.   

Tar éis tamaill agus an nós sin againn, nuair a d’fhéachadh Emilio mé ag teacht, deireadh sé: “Ah, seo mo ‘Irish Connection’ ag teacht.” Bhí aithne ag na custaiméirí go léir orm roimh i bhfad agus mise orthu – ach ní raibh a fhios acu cén fáth ar thug Emilio an t-ainm sin orm. Sin rún a d’fhan idir Emilio agus mé féin – go dtí an nóiméad seo, ar aon nós!

Braithim uaim go mór an siopa bearbóra sin, agus go háirithe mo bhearbóir phearsanta agus mo ‘Cuban Connection’. Fuair seoid bheag áitiúil bás, áit sóisialta do mhuintir na háite, agus ní bheidh a leithéid le feiceáil arís, is dócha. Ceapaim go bhfuil mo phost mar an ‘Irish connection’ caillte go deo, freisin! Ní bheidh an saol ach go háirithe bearradh gruaige mar an gcéanna arís!

.

.

.

.

.

gaGaeilge