Tá an tseanbhliain feoite ag dul i léig

A saol caite aici agus í ar tí imeacht

Tá bliain úr láidir anois ag fáil réidh

Chun brionglóidí nua a thabhairt isteach!

.

An tSeanbhliain Feoite

ag ceapadh nach n-aireoidh aon duine uathu bliain na pandéime! Ní aireoidh mise uaim í, mar chomh maith le huafás na tragóide sin, cailleadh mo mháthair i mí Iúil, seacht mí tar éis bháis m’athair! Cuimhnímid orthu go léir a ndeachaigh ar shlí na fírinne i rith na bliana 2020 go ndéana Dia a mhaith orthu.

Bhí bliain dheacair againn go léir de dheasca pandéime COVID-19. Cailleadh 2,200 duine as na 82,000 a tholg an galar uafásach go dtí seo. Bhíomar go léir ag tuairteáil ó dhianghlasáil amháin go dtí an chéad cheann eile agus muid ag éirí tinn tuirseach den rud ar fad – ach níl na cosa tugtha linn fós againn!  Nach gcuireann an bhliain 2020 lionn dubh ort?  

Is rud ait é, ach d’eascair iarmhairtí dearfacha le linn na pandéime. Thuigeamar go léir cé chomh tábhachtach is atá ár dteaghlaigh agus ár gcairde, mar uaireanta ní rabhamar in ann cuid dóibh a fheiceáil nó bhí orainn scaradh sóisialta a chleachtadh leo agus bhí sé an-deacair orainn.  Seans maith go bhfuil tú go léir breá cleachta le ‘Zoom’, le siopadóireacht ar líne agus le béilí le tabhairt leat. B’fhéidir gur ansa leat a bheith in ann obair ón mbaile, mar tá níos mó ama agat gan tiaráil laethúil na comaitéireachta, agus tá an stíl maireachtála seo níos neamhdhíobhálaí don timpeallacht freisin!  B’fhéidir go bhfuil caitheamh aimsire nua agat sa bhaile, cosúil le cócaireacht, nó grianghrafadóireacht, nó léitheoireacht. B’fhéidir go bhfuil tú ag cur feabhas ar do chuid Gaeilge, nó ag staidéar ábhar eile a bhfuil suim agat ann! Nó b’fhéidir gur thosaigh ag siúlóireacht, ag rothaíocht, mar is fearr leat a bheith amuigh faoin aer!  Níl aon easpa deiseanna duit dúshláin nua a thabhairt faoi, má tá an suim agat!  Go gcoimeádaimid ach amháin na dea-rudaí sa bhliain úr agus go ndéanaimid dearmad ar COVID-19 go deo!

.

Bliain Úr Láidir

.

Ach anois tá sé in am dúinn a bheith ag amharc go dóchasach ar an mbliain úr atá le teacht! Tá údar dóchais againn arís don todhchaí anois, buíochas le Dia! Beidh an vacsaín ar fáil do chách sula i bhfad, agus beidh ré an víris ag druidim chun clabhsúir, le cúnamh Dé, agus cúrsaí in ann teacht ar ais mar a bhí siad roimh an ngalar. Táimid ag tnúth go mór leis an lá nach mbeidh aon ghá le dianghlasáil scaradh sóisialta a bheith i bhfeidhm, agus gach rud ar oscailt arís. Tiocfaidh ár lá gan dabht ach ní mór dúinn a bheith foighneach tamaillín eile ar dtús.

Samhlaím lá mar seo roimh i bhfad: Tar éis mo bhricfeasta, rachaidh mé ar shiúlóid i lár na cathrach, agus beidh mé ag féachaint thart sna siopaí ar mo shuaimhneas, agus ag comhrá leis na daoine a gcasfaidh leo. Ansin, buailfidh mé le mo chara Séimí an Droichid ag an Smugairle Róin le haghaidh lóin agus chun dreas comhrá a dhéanamh.  Sa tráthnóna, rachaidh chuig cluiche iomána i bPáirc Uí Nualláin i dteannta slua mhóir lucht leanúna Cill Chainnigh!  Beidh an bua againn, le cúnamh Dé, agus tabharfaimid ár n-aghaidh ar theach tábhairne chun deoch a fháil agus anailís a dhéanamh ar an gcluiche.  Tar éis fliuchadh béil, beidh ocras orainn agus rachaimid go dtí bialann in aice láimhe chun béile blasta a bheith againn. Gan dabht, beidh lá galánta againn nuair a thagann an saol ar ais arís mar a bhí!

Idir an dá linn, ba mhaith liom mé féin a choinneáil beo, agus caithfidh mé mo mhasc, nífidh mé mo lámha agus fanfaidh mé dhá mhéadar amach ó dhaoine eile sa chás gur féidir!  Geallaim go bhfaighidhan vacsaín in aghaidh COVID-19 chomh luath riamh i 2021 agus is féidir liom! Ansin, beidh mé in ann bliain an víris a chur taobh thiar díom i gceart agus an bhliain úr a cheiliúradh go croíúil! Mholfainn do chách an vacsaín a fháil agus leis sin saol nua a fháil.

Faoi dheireadh – teachtaireacht do mo léitheoirí dílse – Athbhliain faoi mhaise dhaoibh go léir!

.

.

gaGaeilge