Mar shaoránaigh fhreagracha, ag cloí go dílis le comhairle na Roinne Sláinte maidir le COVID-19, tá orainn go léir idirghníomhaíocht shóisialta a laghdú agus achar 2m a choinneáil idir muid féin agus daoine eile. Mar ainmhithe sóisialta, tá sé beagnach dodhéanta é sin a dhéanamh, go háirithe le tréimhse bhreisithe ama. Ach níl an dara rogha againn, mar más olc maoil is measa mullóg, mar a déarfá. Cén fáth na dianshrianta sin? Bhuel, táimid ag iarraidh chuar an víris a chothromú dar leis na saineolaithe atá ag tabhairt comhairle dúinn faoin gCoróinvíreas. Agus cad is brí leis an gcothromú sin, an ea? Is é atá i gceist anseo ná scaipeadh an víreas a mhoilliú, agus sa tslí sin an méid daoine infhabhtaithe leis an víreas a laghdú.  Go hidéalach, bheadh na seirbhísí sláinte phoiblí in ann déileáil le buaicráta daoine ionfhabhtaithe leis an víreas. Mar níl aon vacsaín le fáil i láthair na huaire, is é an t-aon bhealach é sin a dhéanamh ná idirghníomhaíocht shóisialta a laghdú. Caithfimid comhairle na Roinne Sláinte a dhéanamh, ní amháin dúinn féin, ach do gach duine sa tír.  Tá an dualgas poiblí sin orainn, gan dabht.

Athruithe suntasacha atá ann, agus níl sé éasca dul i dtaithí ar na cúinsí nua seo. Bímid gafa taobh istigh i rith an lae, agus tá baol ann go rachaimid as ár meabhair! Má tá tú in ann obair ón mbaile, b’fhéidir nach bhfuil an fhadhb sin agat, ach céard faoin gcuid eile againn – cad is féidir linn a dhéanamh agus muid sáinnithe sa teach ó dhubh go dubh?

Ná caill do mhisneach – tá scata rudaí le déanamh! Mar briseadh beag ón ngruaim ar fad, seo liosta beag a chuir mé le chéile ar mhaithe leis an gcraic, ach déanta na fírinne tá sé níos úsáidí dom ná mar a shamhlaigh mé!

.

10 moladh do gach duine sáinnithe sa bhaile:

1.Scríobh mé cúpla alt le déanaí ag cur i láthair na n-acmhainní flúirseacha atá ar an idirlíon ó thaobh na Gaeilge de.  Seo do sheans chun feabhas a chur ar do chuid Gaeilge. Bain triail as cúpla smaoineamh ar scríobh mé fúthu cheana agus ná bí faiteach!
2.Freastail ar rang cócaireachta ar an ríomhaire. Tá na bialanna dúnta, agus beidh tú in ann béilí blasta a réiteach duit féin agus do theaghlach!
3.Tá na hionaid aclaíochta go léir dúnta. B’fhéidir go bhfuil trealamh aclaíochta ina luí thart ag bailiú dusta. Níl am níos fearr ná anois lena thriail, nach ea?
4.Is féidir leat coinneáil i dteagmháil le do theaghlach agus cairde ó chian, ag úsáid do ríomhaire nó d’fhón póca. Tá sé éasca go leor cruinniú físchomhdhála a bheith agat le grúpa daoine, agus an chraic a bheith agaibh! Tá go leor aipeanna ar fáil chun é seo a dhéanamh: Skype, Facetime, Hangouts, Marco Polo, Houseparty san áireamh.
5.Cé nach bhfuil na pictiúrlanna oscailte, má tá Netflix nó a mhacasamhail agat, tá rogha mhór scannán agat le feiceáil. Má tá tú mearaithe ar fad leis an méid scannán atá ann, bain úsáid as liosta ar www.imdb.com, mar shampla tá an liosta ‘Na 100 scannán is fearr riamh’ go hiontach.
6.Má bhaineann tú taitneamh as léitheoireacht mar chaitheamh aimsire, is am maith é leabhar a léamh. B’fhéidir go raibh sé ar tí agat leabhar áirithe a léamh – ar aghaidh leat! Agus mura bhfuil sé agat cheana féin, b’fhéidir go bhfuil sé ar fáil ón idirlíon mar ríomhleabhar nó closleabhar! Leabhar Gaeilge atá i gceist anseo – nach ea?
7.B’fhéidir gurb é rún do chroí bheith i do scríbhneoir. Seo do sheans an t-úrscéal, an gearrscéal nó an dán atá ionat a scríobh! Tá a lán tacaíocht agus fiú amháin ranganna ar an idirlíon freisin. Níl aon leithscéal agat!
8.Tá uirlis cheoil i do gharáiste, is dócha, nár sheinm tú air le fada. Faigh é, glan é agus déan tús leis. Géillim duit go bhfuil ranganna iontacha ar www.youtube.com!
9.Le linn an ama dhéin seo, cén fáth nach bhfreastalófá ar chúrsa machnamhach. Faigh aip cosúil le Insight Timer nó Headspace, agus ar aghaidh leat!
10.Mura maith leat ceann ar bith de na moltaí thuasluaite, ná bíodh imní ort, mar choinnigh mé an moladh is fearr go dtí an deireadh. Nach bhfuil sé in am glantachán earraigh a dhéanamh!

gaGaeilge