Bhí sé deacair dom a chreidiúint an bhrúfhógra a phreab aníos ar m’fhón le déanaí. Ar dtús, cheap mé gur bhréagnuacht a bhí ann. Ach ba ghearr gur léir dom nach raibh aon dabht ach go raibh sé fíor. Gabhadh tuairim is dáréag fear a raibh plean fuadaithe agus dúnmharaithe Gobharnóir Michigan acu.  Chomhoibrigh an Oifig Fheidearálach an Imscrúdaithe leis na póilíní stáit ar feadh na míonna roimh na gabhálacha.  seachtar nasctha le mílíste forchiníoch geal darb ainm ‘Wolverine Watchmen’.  Creideann a chuid ball go bhfuil sé in am ionsaithe fhoréignigh a dhéanamh ar pholaiteoirí liobrálacha agus ar fhórsaí póilíneachta.

Ar an drochuair, ní haon timpiste é go bhfuil aintoiscigh mar sin faoi bhláth. Dar leis Roinn Slándáil Dúiche (DHS), is í an bhagairt is mó sna Stáit Aontaithe sa bhliain 2020 ná sceimhlitheoireacht intíre, agus go háirithe ó ghrúpaí ciníocha agus ag forchiníochaithe geala. Níl fiú amháin na bagairtí ó sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta chomh dainséarach!

I mí Aibreán, chuir Gobharnóir Whitmer dianghlasáil i bhfeidhm i Michigan, chun dul i ngleic le COVID-19. Ansin, chuaigh agóideoirí feargacha isteach i bhfoirgneamh an rialtais, agus bhí cuid acu armáilte. An lá ina dhiaidh sin, sheol Trump an giolc seo:Caithfidh Gobharnóir Michigan beagán a ghéilleadh, agus an tine a mhúchadh. Daoine maithe is ea iad (na hagóideoirí), ach tá fearg orthu. Ba mhaith leo a saol ar ais arís, slán sábháilte. Bí leo, bí ag caint leo, déan margadh leo!” Níos luaithe sa mhí sheol sé “SAORAIGÍ MICHIGAN!  Agus cad faoin tubaiste sin, an díospóireacht pholaitiúil idir Trump agus Biden, agus iad ina seasamh don uachtaránacht? Agus í ag caint faoin iarracht í a fhuadach, dúirt Whitmer nár cháin Trump forchiníochaithe geala, fiú nuair a d’iarr an cathaoirleach air iad a cháineadh. Ina ionad sin, chuir sé ar fuireachas iad, nuair a dúirt sé: “Stand down, and stand by!” Gairm chun gnímh atá sna focail sin, gan dabht.

Ag caint ar an ábhar seo, dúirt leasuachtarán Joe Biden: “Tá focail an Uachtaráin thar a bheith tábhachtach!  Tá tionchar mór acu ar threo na margaí agus ar chúrsaí domhanda. D’fhéadfadh focail an Uachtaráin cogadh a thosú, nó síocháin a chur i réim. Ach tá a fhocail in ann drochdhaoine a spreagadh, daoine atá lán d’fhuath agus d’fhoréigean! Agus ceapaim go gcaithfidh an tUachtarán stop a chur le focail ghríosaitheacha mar seo. Ní foláir don Uachtarán tuiscint a bheith aige ar chumhacht a fhocal.

Cad sa diabhal atá á dhéanamh ag Uachtarán na Stáit Aontaithe?  Ar an drochuair, ní hé seo an chéad uair ar fhiafraíodh an cheist chéanna.  I gcás an Uachtaráin agus a pháirtí, chuirfeadh na gníomhartha loitiméireachta atá á cleachtadh acu déistin orainn go léir a bhfuil prionsabail daonlathais againn. Tá an córas daonlathach i Meiriceá faoi ionsaí ón taobh istigh, agus is rud an-dainséarach é sin dúinn go léir, is cuma cén tír a bhfuil cónaí ort inti.

Ach chun an cheist thuasluaite a fhreagairt – bhí an tUachtarán ag iarraidh geilleagar na tíre a oscailt, cé go mbeadh iarmhairtí tubaisteacha ann agus go gcaillfí a lán duine gan ghá. Cé gur ghlac a lán Gobharnóirí Poblachtaigh lena chomhairle, níor ghlac Gobharnóirí Daonlathaithe leis. Dá bhrí an difríocht sin, tharraing sé coimhlint idir an tUachtarán agus na Gobharnóirí Daonlathaithe. Bhí easaontas domhain idir Trump agus Whitmer, mar labhair Whitmer amach gan scáth gan náire, agus ní raibh eagla uirthi an tUachtarán a cháineadh mar gheall ar a chur chuige maidir le COVID-19.  Creideann Whitmer go bhfuil sláinte agus sábháilteacht muintir Michigan níos tábhachtaí ná fiú amháin an geilleagar. Mar sin, chuir sí dianghlasáil i bhfeidhm nuair a bhí Trump ag cur brú uirthi an geilleagar a oscailt. Lean sí ar aghaidh in ainneoin agóid an Uachtaráin.

Bhí na grúpaí antoisceach cosúil leis na ‘Proud Boys” agus na “Wolverine Watchmen’’ i gcoinne srianta an Ghobharnóra, agus ní raibh sé deacair don Uachtarán iad a ghríosú chun foréigin. I mo thuairim, braitheann Trump ar na grúpaí antoiscigh sin mar a fhórsaí pearsanta a bhfuil sé in ann úsáid a bhaint astu chun a chéilí comhraic scanrú a chur i bhfeidhm.

Gníomhartha neamhdhaonlathach atá á gcleachtadh ag an Uachtarán agus a pháirtí, agus mar sin níl an dara rogha ag aon saoránach Mheiriceá ach vóta a chaitheamh sa toghchán uachtaránachta ar an tríú lá de mhí na Samhna ar son Bunreacht na Stáit Aontaithe, ar son daonlathas i Meiriceá agus ar fud an domhain, agus mar sin ar son Joe Biden!

.

.

.

.

.

gaGaeilge