Nóiméad amháin, mhothaigh mé go maith. Ansin, gan aon rabhadh, bhí sé amhail is gur rug lámh láidir greim docht ar mo chroí agus thosaigh á chroitheadh agus á fháisceadh go fiáin. Bhí fadhb mhór agam! Chuamar go dtí Ospidéal Ginearálta Naomh Lúcás i gCill Chainnigh gan mhoill, mo bhean chéile ag tiomáint. Bhí go leor daoine eile ag feitheamh sa rannóg éigeandála, agus gach saghas ruda mícheart leo. Thóg sé ceithre huaire sula bhfaca mé an dochtúir agus bhí mo chroí socraithe síos faoin am sin. Bhí ardbhrú fola orm an chéad uair a sheiceáil an dochtúir mo bhrú fola, ach nuair a sheiceáil sé arís é, bhí sé ag an ngnáthleibhéal. Dúirt mé go raibh mé faoi strus, mar fuair m’athair bás le déanaí, agus ní raibh sé éasca dom déileáil leis sin. Dúirt an dochtúir liom gurb í sin an fhadhb, agus go raibh sé tábhachtach dom cleachtaí análaithe a dhéanamh gach lá, agus go gcuideodh sé liom strus an tsaoil a dhíbirt. Sin an méid!  Abhaile linn arís!

Dar liomsa, bhí an scéal gan réiteach fós, mar ní raibh a fhios agam cad a bhí mícheart liom. Rinne mé mar a mhol an dochtúir, rud a dhéanaim fós gach lá. Bhí go maith agus ní raibh go holc! Thángamar ar ais go California an tseachtain ina dhiaidh sin, agus leanamar ar aghaidh lenár ngnáthchúraimí. Thug sé muinín gan bhonn dom ar feadh tamaill, agus bhí mé ag ceapadh go raibh an ceart ag an dochtúir agus gur strus amháin a bhí ann. Ba ar éigean a bhí sé ligthe i ndearmad agam nuair a tharla sé arís. Bhí mé in ann dul go dtí mo dhochtúir an lá céanna, agus thóg sé leictreacardagram (ECG). Dúirt sé go raibh buille croí ag teacht róluath ó am go ham ach nach raibh fadhb leis sin. Chuaigh mé abhaile, ach níor mhothaigh mé i gceart. Rinne mé coinne eile le mo dhochtúir, agus thóg sé leictreacardagram eile. “Ó!’’ a dúirt sé. “Gabh mo leithscéal nach bhfaca mé é seo an uair dheireanach, ach tá fibriliú atriach ort nó ‘A-Fib’!”

“Sin a cheap mé, a dhochtúir!” arsa mise. “Tá fibriliú atriach i mo theaghlach agus ní haon ionadh go bhfuil sé orm anois.” Cuireadh ar aghaidh mé chuig cairdeolaí ansin. Rinne an cairdeolaí gach saghas teastais ar mo chroí – ECG, íomhá athshondais mhaighnéadach (MRI), macallagram (Béarla: echocardiogram) agus tástáil strus ar meaisín reatha. Bhí A-Fib orm fós, agus d’ordaigh an cairdeolaí cógas chun stop a chur leis an neamhrialtacht i rithim mo chroí. Thóg sé níos mó ná seachtain, ach faoi dheireadh chuaigh rithim mo chroí ar ais go rithim chuais, nó rithim rialta. Ansin, rinne an dochtúir amach oideas do chúpla cógas, antaithéachtach (Béarla: anticoagulant) san áireamh. Dúirt sé go raibh riosca i bhfad níos airde stróc a fháil ag daoine a raibh A-Fib orthu.

Lean mé ar aghaidh mar sin ar feadh cúpla bliain, nuair a tharla eipeasóid A-Fib arís. Rinne an dochtúir amach oideas do chógas, agus nuair a thóg mé é stad sé an A-Fib. Dúirt sé liom an cógas sin a thabhairt aon uair a bheadh A-Fib orm. Ar dtús, ní raibh ach eipeasóid A-Fib orm ach cúpla uair sa bhliain. Ach de réir a chéile, tharla an A-Fib níos minice. Cé go raibh mé in ann stad a chur leis, ní raibh sé go deas a bheith in A-Fib. Bhraith mé míchompordach agus imníoch aon uair a bhíodh A-Fib orm, agus thóg sé trí nó ceithre huaire don chógas stad a chur leis.

Faoi dheireadh, dúirt an cairdeolaí go raibh sé in am dom casadh leis an leictrifiseolaí (Béarla: electrophysiologist). Is speisialtóir é leictrifiseolaí, le saineolas aige nó aici faoin gcóras leictreach sa chroí. Rialaíonn an córas sin ráta bhuille croí chomh maith le crapadh agus ligean matán an croí. Nuair a bhíonn A-Fib ort, bíonn fadhb leis an gciorcad leictreach sa chroí, ionas nach mbuaileann do chroí go rialta mar is gnáth. Mar sin, ní oibríonn an croí chomh maith agus ba cheart dó a dhéanamh, ó thaobh imshruthú na fola de. Bíonn gearranáil agus tuirse ort dá bhrí sin, chomh maith leis an míchompord san ucht.

Chonaic mé an leictrifiseolaí gan mhoill, agus rinne sé athbhreithniú ar thorthaí na tástála a bhí déanta agam leis an gcairdeolaí. Fear macánta, deisbhéalach is é Dochtúir Gibson, agus dúirt sé gur féidir liom leanúint ar aghaidh leis an gcógas, más mian liom. Ach dúirt sé go raibh rogha eile agam freisin, is é sin eisídiú (‘ablation’ as Béarla) a fháil. Mhínigh sé dom ansin cad a bhí i gceist leis an ngnáthamh leighis sin. Bheinn faoi ainéistéiseach ginearálta le linn na hobráide. Chuirfí cataitéar isteach san artaire féimearach, agus ansin suas an artaire agus isteach i mo chroí. D’úsáidfí bíoga fuinnimh leichtrigh (Béarla: pulses of elecrical energy) chun an fíochán galrach (Béarla: diseased tissue) sa chóras leictreach an chroí a mharú. Bheadh seans maith ansin go mbeadh an A-Fib imithe go hiomlán nó ar feadh tamaill mhaith ar a laghad. “Tá an t-eolas agat anois, agus caithfidh tusa an cinneadh a dhéanamh!” arsa an Dochtúir Gibson liom. “Níl aon deifir ort – smaoinigh air, agus tar ar ais dom le do chinneadh ansin.” Ní raibh orm machnamh a dhéanamh. “Má tá seans maith agam fáil réidh leis an ngalar sin, fiú ar feadh tamaill, b’fhiú an tairbhe an trioblóid. Cé chomh luath agus is féidir an obráid a dhéanamh?” arsa mise.

..

gaGaeilge