Thosaigh tromluí na Ríochta Aontaithe (RA) i bhfad siar sa bhliain 2016 nuair a d’fhógair David Cameron, Príomh-Aire na tíre ag an am, toghchán ar cheist an Bhreatimeachta. Rinne míléamh uafásach, mar níor cheap sé go raibh seans ar bith go roghnódh tromlach an phobail an tAontas Eorpach a fhágáil.  Scríobh sé é seo ina dhírbheathaisnéis: “Glacaim leis gur theip ar mo chur chuige. Chuir na cinntí a rinne mé leis an teip sin. Theip orm.”  Ceapaim nach raibh a fhios aige ag an am cé chomh dona agus a bhí an teip sin, agus conas a thitfeadh rudaí amach ina dhiaidh sin.

Faoin am a d’aithin na Tóraithe chomh tromchúiseach agus a bhí na botúin, ní raibh siad in ann a bport a athrú, agus lean siad ar aghaidh leis an gceapadóireacht, mar leimíní ag tarraingt ar an aill.

Sa bhliain 2019 bhí Jacob Rees-Mogg, atá mar rúnaí gnó anois, ag labhairt faoin ardtalamh fairsing grianmhar ag fanacht linn a bhuíochas don Bhreatimeacht.’  Ach insíonn na fíricí a scéal féin – scéal eile ar fad, agus ní féidir a shéanadh gur thit an punt go seasta i gcoinne an dollair le sé bliana anuas, ag sleamhnú os cionn 23% le linn na tréimhse sin.  Ní féidir a shéanadh an easpa seasmhachta polaitiúla ach an oiread.  Ba í Liz Truss an cheathrú PhríomhAire i ré an Bhreatimeachta go dtí seo, agus ceann eile ag teacht ar ball beag. Níos measa ná sin, is é Jeremy Hunt an cheathrú Seansailéir an Státchiste le ceithre mhí anuas. Léigh mé alt suimiúil le déanaí sa ‘Telegraph’ ina dúradh go bhfuil an RA níos cosúla leis an Iodáil ná leis an Fhrainc nó an Ghearmáin, ó thaobh a geilleagar agus seasmhacht pholaitiúil de. Mar shampla, níl ach fás 10% tagtha ar olltáirgeacht intíre (OTI) in aghaidh an duine sa RA sa tréimhse 2015-2022, i gcomparáid le 24% sa Ghearmáin agus 18% sa Fhrainc.

Neamhinniúlacht Shuntasach

Chuir Truss agus Kwasi Kwarteng (Seansailéir an Státchiste ag an am) a mionbhuiséad le chéile gan aon chéim chomhairliúcháin lena bpáirtí. Sin bratach dhearg i mo thuairim.    

Bhí 45 billiún punt steirling sa mhionbhuiséad sin i gciorruithe cánach neamh-chistithe, rud a chur na margaí airgeadais trína chéile, ag lagú luach an phuint agus ag méadú costais iasachtaí do rialtas na RA. B’éigean do Bhanc Ceannais Shasana idirghabháil a dhéanamh chun géarchéim airgeadais níos leithne a sheachaint.  Ach bhí níos mó a éileamh ag an margadh, ag pobal na Breataine, agus fiú ag Páirtí Truss féin.  Bhí ar Truss Kwarteng a íobairt chun í féin a tharrtháil, agus cheap sí Jeremy Hunt ina áit.

Chuir Jeremy Hunt na forálacha is costasaí sa mhionbhuiséad ar ceal gan mhoill agus go háirithe na ciorruithe cánach do dhaoine atá ina suí go te.  Bhí an margadh sásta go leor leis na gníomhartha sin, agus shocraigh an ráta malairte eachtrach agus praghsanna urrús síos arís.

Truss vs an leitís

Ach bhí Príomh-Aire Truss i dtrioblóid mhór fós mar bhí go leor polaiteoirí ag éileamh go n-éireodh sí láithreach as a post. Rinne meáin na RA paidir chapaill den scéal, agus chuir an ‘Economist’ agus an ‘Daily Star’ Truss agus leitís taobh le chéile, ag fiafraí cé acu a mhairfidh níos faide.  Nuair a sheol Suella Braverman, Rúnaí Gnóthaí Baile, r-phost oifigiúil óna cuntas pearsanta, bhí uirthi éirí as a post.  Bhí sé soiléir go raibh rud ag titim as a chéile go tapa, agus cúpla lá ina dhiaidh sin, d’éirigh Truss féin as a post. Bhuaigh an leitís!

Ceacht le foghlaim?

Sna míonna amach romhainn, feicfidh muintir na RA ciorruithe brúidiúla ar chaiteachas, stailceanna i roinnt earnálacha, bristeacha cumhachta, agus ospidéil gan a ndóthain acmhainní ag iarraidh cúram a sholáthar.

Lá amháin, beidh ar rialtas na Breataine a insint dá saoránaigh go gcaithfidh an tír teacht le chéile arís leis an Eoraip nó leanúint le finscéal an Bhreatimeachta, agus féinmharú eacnamaíoch a ghlacadh dá bharr sin.

Ní raibh sé ceart reifrinn a reáchtáil ar an mBreatimeacht sa chéad áit. Sin dualgas an rialtais, agus is cinneadh uafásach é an dualgas tábhachtach sin a leagan ar mhuintir na tíre, daoine nach bhfuil a ndóthain eolais acu chun an rogha fheasach sin a dhéanamh i gceart.  

Is máistir-rang é seo, a léiríonn éifeacht na ndúradán’ a d’fhéadfadh tarlú tar éis droch-chinnidh amháin a bheith déanta ag Rialtas na tíre. Mar gheall ar an RA, cé nach bhfuil a fhios againn cad é an chéad ‘dúradán’ eile a thitfeas, níl aon dabht ach go mbeidh ceann eile ag titim roimh i bhfad!

.

.

.

.

.

gaGaeilge