Scéinséir atá leagtha amach go cliste is ea an scannán faisnéise “Sophie: A Murder in West Cork”, sraith trí chuid atá ar fáil ar Netflix. Maraíodh Sophie du Plantier gar dá teach in áir iargúlta in iarthar Chorcaí i 1996. Tá an cás gan réiteach fós agus is clár fiosrúcháin é seo ag leagan amach cad atá ar eolas againn faoin gcás. Thaitin an tsraith go mór liom agus mé ag breathnú air. Ach tar éis sin, tháinig saghas míchompoird orm a mhéadaigh le himeacht ama.

Mearaithe

Bhí gach mothúchán dá bhfuil ann ag cuisliú tríom. Bhí mé lán le frustrachas mar gheall ar an bhfiosrúchán coiriúil. Níor dhaingnigh na gardaí láthair na coire, fiú!  Nuair a fuaireadar amach gur dhóigh an príomhamhrastach, Ian Bailey, go leor rudaí ina ghairdín, ní dhearnadar scrúdú fóiréinseach ar aon rud a bhí sa tine sin. Bhí fearg orm mar cheap mé go raibh Ian Bailey i bhfolach amach os ár gcomhair, ag séanadh na líomhaintí go léir, agus ag maíomh go raibh sé cráite ag na húdaráis agus na meáin. In ainneoin aiféala a bheith air, bhí cuma shotalach ar an bhfear seo. Bhí brón orm go bhféadfadh coir ghráiniúil mar seo tarlú amuigh faoin tuath in Éirinn, in áit atá smálaithe go deo ag an uafás a tharla ann. Bhí imní orm faoi na daoine atá ina gcónaí ina n-aonar in áiteanna iargúlta, mar tá bagairt an fhoréigin ann i gcónaí. Bhí mearbhall orm freisin, go háirithe maidir le Marie Farrell. Ar dtús, dúirt sí go bhfaca sí Ian Bailey i gcúpla áit gar do theach Sophie du Plantier ar oíche an dúnmharaithe. Ach níos déanaí, d’athraigh sí a fianaise agus dúirt sí ansin nárbh Ian Bailey a bhí ann. Tá casadh sa scéal arís le déanaí, agus Marie a rá go bhfuil aithne aici anois ar an duine a chonaic sí. Tá na Gardaí i mbun fiosrúcháin faoin bhfear seo anois, agus beidh níos mó eolais againn i gceann tamaill. Fuair mé amach sonra eile agus mé ag déanamh beagán taighde ar an mistéir seo. Bhí teaghlach du Plantier páirteach sa tsraith agus mar sin, ní haon ionadh go n-insítear an scéal ó thaobh an teaghlaigh. Níl aon dabht ag clann du Plantier gurb é Ian Bailey an dúnmharfóir. Tar éis mo thaighde, ní raibh mé cinnte níos mó cé a mharaigh Sophie agus bhí mé go hiomlán trína chéile. Tá gá géar le bleachtaire cáiliúil cosúil le Sherlock Holmes nó Poirot!  Rith sé liom nach n-oireann eachtraí nár réitíodh dom, mar ní maith liom éiginnteacht ar chor ar bith, agus is fearr liom nuair a bhíonn clabhsúr ann. Ach bíodh sin mar atá, bhí an seó feicthe agam agus bhí orm déileáil leis anois.

Oscailt Súl

Ansin, léigh mé alt nua scríofa ag Fintan O’Toole san ‘Irish Times’ agus oscailt súl a bhí ann dom.  Bhí dearcadh difriúil ag Fintan ar an scéal ar fad. Ní raibh mórán meas ag Fintan ar Ian Bailey – an ‘drunken vainglorious lout’ mar a thug sé air. Tarraingíonn an fear naircisíoch seo ár n-aird agus aird na meáin, nuair ba cheart ár n-aird a bheith dírithe ar ní hamháin Sophie ach na mná go léir ar mharaíodh iad. Sa bhliain 1996, maraíodh naoi mban déag eile chomh maith le Sophie, agus ní bhfuarthas amach riamh cé a dhúnmharaigh cúigear dóibh, Sophie san áireamh. Cén fáth nach gcloisimid aon rud faoi na cásanna eile? Go hiondúil, is Éireannaigh atá i gceist agus is é a céile, a páirtí, nó fear eile a bhfuil aithne mhaith aici air a dhéanann an dúnmharú. Ní tharraingíonn coireanna mar seo mórán suim, mar níl tréithe speisialta ag baint leo. I gcás Sophie, is bean álainn ón Fhrainc atá i gceist. Sasanach aisteach sotalach is ea Ian Bailey, an duine is mó atá faoi amhras.    

Tuiscint

Thuig mé faoi dheireadh cén fáth a raibh mé buartha tar éis dom an tsraith seo a fheiceáil. Bhraith mé air amhail is ficsean a bhí i gceist, nuair is fíorscéal atá ann, gan réiteach fós ann. Sin í an fhadhb – i slí amháin bhí mé ar nós cuma liom faoi, ach ag an am céanna bhí a fhios agam gur ábhar fíorthábhachtach a bhí i gceist.

Tá sé thar am níos lú airde a thabhairt do Ian Bailey agus aird a thabhairt do na mná go léir ar maraíodh iad agus ar tugadh neamhaird mhíthrócaireach ar a ndúnmharuithe tar éis tamaill bhig. Tá sé in am do na Gardaí na sean-comhaid a athoscailt, agus na dúnmharfóirí a thabhairt faoi réim an cheartais.

.

gaGaeilge