Fuair mo chóip den irisleabharComhar’ le déanaí (Bealtaine 2023), agus thug faoi deara gur eagrán speisialta a bhí ann, ag comóradh seachtó bliain ó bunaíodh Gael Linn i na Bealtaine 1953. raibh a fhios agam faoi leath na rudaí atá déanta go dtí seo ag an eagraíocht shuntasach seo ar son na Gaeilge, idir theanga agus chultúr.  Nuair a bhí Fionbarra Ó Brolcháin ag scríobh faoi cheannródaíocht triúir a bhí an-ghníomhach san eagraíochtDónall Ó Móráin, Riobard Mac Góráin agus Séamus mac Crosáin, rinne tagairt do rud a dúirt an t-antraipeolaí Margaret Mead: ‘’Never doubt that a small group of thoughtful committed citizens, can change the world. Indeed, it is the only thing that ever has.” Nach spreagúil an ráiteas sin agus nach fíor é freisin?  Gan dabht, bhí fíor i gcás Ghael Linn. I mo thuairim, thuig an fhoireann bheag sin chomh tábhachtach agus lárnach agus a ár dteanga agus ár gcultúr dúinn sa tír seo, agus gurb as sin a eascraíonn ár bhféiniúlacht náisiúnta. Thuig an fhoireann sin go mbeadh níos fearr daoine a mhealladh isteach sa Ghaeilge in ionad a bheith ag iarraidh iad a bhrú isteach. Bhain foireann Ghael Linn amach na spriocanna sin. Rinneadar infheistíocht sna healaíona. D’eagraíodar imeachtaí cultúrtha agus scéimeanna foghlamtha na Gaeilge.  Sa tslí sin, thug siad aghaidh nua, aghaidh chomhaimseartha don teanga agus cultúr.  Bhí cur chuige nua-aoiseach acu maidir le múinteoireacht, cur chuige níos cuimsithí riamh cheana, inar thuig siad go bhfuil in ann Gaeilge a fhoghlaim amuigh faoin spéir i mbun imeachtaí siamsúla agus cúrsaí saoire phléisiúrtha. Bhí an ceart acu agus raibh aon easpa páistí ag cur isteach ar chúrsaí de gach saghas eagraithe ag Gael Linn. Nuair a chonaic gur thosaigh Gael Linn scéim scoláireachta sna 1950, tháinig na cuimhní ar ais go tréan.

Scéim Scoláireachta Ghael Linn

Thosaigh Scéim na Scoláireachtaí Trí Mhí i 1955 agus lean an scéim go dtí 1973. Tréimhse trí mhí a bhíodh i gceist seachas , mar chreid Máirtín Ó Cadhain gurb é sin an tréimhse ba a mbeadh páistí in ann an teanga a shealbhú. Bhíodh cead ag teaghlach lóistín a chur ar fáil do pháiste amháin, ionas nach mbeadh deis ag an bpáiste Béarla a labhairt sa teach. D’fhreastalaíodh na páistí ar scoil áitiúil. Eispéireas cuimsitheach a bhí anntumoideachas i ngach gné dár gcultúir thraidisiúntasaol na tuaithe, meon na Gaeltachta, scéalaíocht agus ceol san áireamh.  Scéim cheannródaíoch ba ea é, gan dabht. Agus caint san aer agam é sin, ach an oiread!

Mo thaithí phearsanta

raibh ionam ach páiste deich mbliana d’aois nuair a d’fhreastail féin ar chúrsa Ghael Linn. D’fhág an baile i m’aonar don chéad uair agus thaistil go Gaillimh ar an traein, agus ansin ar aghaidh go dtí Cill Bhriocán, Rosmuc, Contae na Gaillimhe.  Chuir Máire Bean Ghriallais fáilte mhór romham, agus thosaigh m’eachtra Ghaeltachta láithreach bonn. Thug Bean Ghriallais babhla anraith dom ar dtús ach ar an drochuair bhí chomh te sin gur dhóigh mo charball go dona leis. Bhí an-phianmhar le seachtain dhó! Bhí deacair a mhíniú as Gaeilge cad a tharla dom!  

Tar éis an turais fhada, bhí orm dul go dtí an leithreas. Threoraigh Máire amach as an teach go dtí teach an asail, ach bhí chomh dubh le pic taobh amuigh. bhrí sin, bhuail mo ghlúin in aghaidh balla agus bhí gortaithe arís! gur drochthús a bhí agam, d’fheabhsaigh cúrsaí tar éis sinagus níor ghortaigh féin arís ach an oiread.

go raibh deacair ar dtús Gaeilge a labhairt, bhí líofa roimh i bhfad. Bhí orm Gaeilge a labhairt an t-am go léir raibh an dara rogha agam mar raibh mórán Béarla le cloisteáil i Rosmuc an tráth sin. Próiseas nádúrtha a bhí ann agus is ar éigean a thug faoi deara go raibh mo chuid Gaeilge ag feabhsú i ndiaidh lae. Bhí ag foghlaim gnéithe eile den chultúr freisin. Mar shampla, d’fhoghlaim conas go leor amhrán a sheinm ar an bhfeadóg stáin agus ar an mbosca ceoil. Bhí chomh sásta sa Ghaeltacht gur bheag nach ndearna dearmad ar mo theaghlach féin! D’imigh mo thréimhse go tapa, agus bhí deacair dom filleadh abhaile ansin.  Ach ní raibh fadhb ar bith liom leis an nGaeilge sa scoil tar éis sin, agus bhí grá buan agam dár dteanga agus dár gcultúr as sin amach, a bhuí le m’athair agus Gael Linn. Gael Linn abú!

gaGaeilge