Rich countries’ problems!

Bíonn na meáin go léir plódaithe le nuacht agus bréagnuacht na laethanta seo faoi na heachtrannaigh atá anseo cheana féin, gan trácht ar na heachtrannaigh a bheidh ag iarraidh teacht isteach sa tír go luath. Mar sin féin, is gá dúinn an grán a scaradh ón lóchán, smaoineamh dúinn féin agus an rud ceart a dhéanamh maidir leis na heachtrannaigh inár measc.

Ní gá a rá, go mbíonn a chúis féin ag chuile dhuine acu leis an turas sin go hÉirinn a dhéanamh. I gcás duine amháin, is ag iarraidh tearmainn a bhíonn sé. I gcás duine eile, is ag lorg oibre a bhíonn sé, agus i gcás daoine eile fós, is ar thóir oideachais agus traenála a bhíonn siad.

Cé go bhfuil ‘céad míle fáilte’ againn roimh na turasóirí a thagann ar cuairt go hÉirinn, níl an scéal céanna le hinsint i gcónaí maidir leis na heachtrannaigh a bhfuil cónaí orthu sa tír. Nuair a thosaigh siad ag teacht go hÉirinn timpeall 30 bliain ó shin, ní raibh rófhonn orainn ar dtús an t-oileáinín s’againne a roinnt le daoine ón taobh amuigh. Ag an am céanna, fáiltíodh romhainn féin thar lear le sinsearacht, agus dá bhrí sin, nuair a thuigeamar céard é go díreach a bhí ag titim amach, tuigeadh dúinn, go raibh dualgas orainn ár ndícheall a dhéanamh freastal ar an riachtanas sin. Rinne Éire comhaontaithe le hOifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, agus leis an Aontas Eorpach, freastal ar sciar daoine ó thíortha eile a bhfuil tearmann ag teastáil uathu. Chomh maith leo siúd, shocraíomar ar lucht an oideachais agus na traenála a ligean isteach agus ar líon áirithe oibrithe a ghlacadh isteach freisin in aghaidh na bliana.

Demographic change

Lean na himircigh ag sníomh isteach chugainn bliain i ndiaidh bliana go dtí go bhfuil, faoi láthair, olluimhir imirceach socraithe inár measc (timpeall 12%). Ní haon mhaith feasta bheith ag fiafraí ar chóir dúinn na daoine sin a ligean isteach sa tír seo, nó tá siad linn cheana féin, agus níl le déanamh anois ach chuile bhuntáiste a bhaint as cúrsaí faoi mar atá.

Ní féidir a shéanadh go bhfuil buntáistí do-áirithe ag gabháil leis an inimirce seo uilig. Cuireann sé oibrithe riachtanacha ar fáil dár gcóras eacnamaíochta, nuair nach bhféadfaimis féin freastal ar an trá sin. Sea, agus coinníonn sin rothaí an gheilleagair ag meilt leo ar luas, rud a chabhraíonn linn saol níos fearr a chur ar fáil dár ndaonra uilig, idir Éireannaigh agus Eachtrannaigh.

I gcás na scoláirí de, chuirtí fáilte i gcónaí roimh a leithéid inár measc, nó bhí meas agus cion ag ár sinsear ar an léann, le sinsearacht. I gcás na ndaoine a bhí ag lorg tearmainn, ar an drochuair, níor tugadh aire na huibhe circe dóibh i gcónaí, scaipeadh (agus scaiptear fós) bréagaisnéis diúltach fúthu go minic agus bhí leithcheal á dhéanamh uaireanta ar chuid acu freisin. Chun an tarcaisne a chur i gceann na héagóra, ní raibh córas shásúil againn ar dtús chun iad a phróiseáil agus dídean fónta a sholáthar dóibh.

The Right thing to do

Is amhlaidh a chaithfidh muid breathnú romhainn, agus socruithe a dhéanamh le fáiltiú roimh na strainséirí seo uilig, a roghnaigh an tírín s’againne, mar bhaile nua dóibh féin, agus dá sliocht. Gan dabht ar domhan, rachaidh cuid de na himircigh seo ar ais abhaile arís dá dtíortha féin, ach fanfaidh roinnt mhaith acu freisin, agus má tá muidne ciallmhar agus cliste, déanfaidh muid chuile iarracht ar na daoine sin a mhealladh isteach sa phobal s’againne. Ní hé anois, toisc nach bhfuil an dara rogha againn ach sin a dhéanamh, ní hea muise, ach toisc gurb é ár leas é sin a dhéanamh.

More Irish than the Irish themselves!

Conas is féidir é sin a dhéanamh, an ea?

Bhuel, is féidir é a dhéanamh trínár saol iomlán a roinnt leo, agus bheith istigh a thabhairt dóibh, i ngach gné den saol céanna sin. Is féidir linn ár gcóras don lucht iarrtha tearmainn a fheabhsú. go bhfuil cur chun cinn á dhéanamh ag an rialtas, tá go leor feabhsuithe eile a d’fhéadfaí a dhéanamh. Bíodh fáilte roimh eachtrannaigh san Arm, sa Gharda Síochána, agus sna Fórsaí Cosanta, trí chéile. Chomh maith leis sin, ba chóir iad a spreagadh le páirt a ghlacadh sa Chóras Oideachais, sa Chóras Dlí agus Cirt, i gCúrsaí Cultúir agus Teanga, agus i gCúrsaí Spóirt, san áireamh. Ná bíodh gné ar bith den saol náisiúnta dúnta ina gcoinne. Má tá siadsan sásta glacadh linne mar phobal, ansin, nár chóir dúinne glacadh leosan mar Éireannaigh? Má tá muid sásta sin a dhéanamh, seans go néireoidh siadsan níos Gaelaí ná na Gaeil féin, faoi mar a tharla le dreamanna eile a tháinig chugainn, anallód. Nára fada uainn an lá sin.

.

.

gaGaeilge