réamhchlaontaí in aghaidh lucht iarrtha tearmainn ag méadú sa tír seo anois. Tá scéalta agus méimeanna ag scaipeadh go rábach ar na meáin thraidisiúnta agus shóisialta – agus ó bhéal go béal freisin.  Tá na heachtrannaigh ag troid, ag goid agus á mí-iompar iad féin, dar leis na foinsí sin.  Is gá a bheith an-chúramach nuair a léann tú rudaí mar seo, ionas nach ndéanaimid dóigh dár mbarúil. Nach bhfacamar bolscaireacht mhioscaiseach mar seo arís agus arís eile? Nár scaipeadh seafóid mar seo fúinn féin, nuair a chuamar ar imirce go dtí tíortha eile?  Agus nach raibh a fhios go maith againn gur leithcheal ar bhun eitneachta a bhí i gceist sa chás sin? Tá a leithéid ar siúl fós in áiteanna san Astráil!  Is dóichí ná a mhalairt go bhfuil an leithcheal ceannann céanna á gcleachtadh in Éirinn anois in aghaidh na dteifeach inár dtír féin. Tá dualgas orainn go léir bunús ráflaí mar sin a chros-seiceáil le foinsí iontaofa. Bíonn gach saghas cleas á n-imirt in aghaidh na dteifeach ar fud an domhain ag daoine ag iarraidh dídhaonnú a dhéanamh ar na daoine bochta sin.  Go minic, bíonn teifigh ag éalú cúinsí atá iontach crua, agus a mbeatha i mbaol. Mar shaghas frithnimhe in aghaidh an leithcheala, seo scéal inimircigh amháin a tháinig ó Mheicsiceo go dtí na Stáit Aontaithe.

Scéal an inimircigh

Nuair a bhí sé ag fás aníos i Guanajuato i lár Mheicsiceo, is minic a theith José Palacios lena anam, agus áit folaigh á aimsiú aige óna athair féin.  Chaitheadh sé é féin faoina leaba ag lorg foscaidh ach tharraingíodh a athair amach é go borb. Ritheadh sé an doras amach san oíche, trí na sráideanna dorcha, ag iarraidh éalú. Ach ghabhadh na póilíní é agus chaithidís i gcillín é, nó níos measa, thugaidís go dtí a athair é. Ach in ainneoin a iarrachtaí, chríochnaíodh sé sa bhaile i gcónaí. Thugadh a athair léasadh uafásach dó, gan trua gan taise agus gan fáth ar bith ach amháin go mbíodh sé féin ar meisce.  Faoi dheireadh, d’éirigh le José éalú go dtí na Stáit Aontaithe, ag fágáil ifrinn ar talamh agus a athar chruálaigh, arbh alcólach foréigneach déanta é, ina dhiaidh go deo.

Mhaithfí duit dá smaoineofá go gcríochnódh José suas le fadhbanna móra – b’fhéidir mar alcólach foréigneach cosúil lena athair! Ach ní mar a shíltear a bhítear!

Tar éis dó teacht go dtí na Stáit Aontaithe, rinne José an saghas oibre a chuirfeadh saoránaigh geanc orthu féin leis. Shaothraigh sé ar rainsí, ar fheirmeacha éanlaithe, ar fhíonghoirt agus ar gharráin oráistí.  D’fhreastail sé ar scoil oíche, agus faoi dheireadh rinne sé cúrsaí síceolaíochta ag leibhéal na hollscoile. Is aoibhinn leis léamh agus péintéireacht.  Tar éis tamaill, fuair sé post mar gharraíodóir, agus d’oir an post sin go mór dó. Gan dabht, fuair José sólás ón bpost sin – mar a dúirt sé féin faoi “Tá sé istigh i mo chroí!”

Gairdín José

Cé go bhfuil José ar scor anois ag aois 70, oibríonn sé mar airíoch agus garraíodóir páirtaimseartha in ‘Echo Park’ i Los Angeles. Téann ar shiúlóidí i bPáirc Uí Ghríofa go minic. “Seo an pháirc is áille bhfaca mé riamh é!” a dúirt sé. Tar éis falscaí sa pháirc sa bhliain 1970, d’eagraigh inimirceach eile ón Iaráin darb ainm Amir Dialameh grúpa duine chun obair athchóirithe a dhéanamh. Chuidigh José leo agus as a n-iarrachtaí d’éirigh gairdín iontach le binsí iontacha ann chun taitneamh a bhaint as an radharc. Tá gairdíní eile sa pháirc freisin – mar shampla ‘Radharc Dante’, ainmnithe i ndiaidh inimirceach eile. Ní haon ionadh é mar sin gur rith an smaoineamh le José a ghairdín féin a thosú sa pháirc.  Ní bhfuair sé cead é sin a dhéanamh, ach níor thug oifigigh na páirce droim láimhe dó, ach an oiread. Shiúil mé féin agus cara liom in éindí le José le déanaí chun a ghairdín a fheiceáil.  Tá gairdín iontach plandaithe aige in airde na páirce le binse cloiche ann chun sult a bhaint as atá déanta aige. Tá go leor plandaí agus bláthanna ann, agus is áit shuaimhneach é.  Chuir duine anaithnid éigin diosca adhmaid ann le dhá fhocal scríofa air: ‘Gairdín José.’  

go leor rud oibrithe amach ag José anois. Is fear díograiseach é, agus le linn na pandéime COVID, ba é a ghairdín a ionad adhartha. Tá siúl aige go mbeadh a ghairdín mar inspioráid do dhaoine eile freisin agus go mothóidís rud speisialta ann.

Tar éis dúinn a ghairdín inspioráideach a bhaint amach, d’oscail José a mhála droma agus roinn sé linn lón iontach – quesadillas le liamhás, cáis agus nopalito’. Lón iontach a bhí againn le José an Inimirceach, ar lá álainn, i nGairdín José!

.

.

.

.

gaGaeilge