Istigh i seoimrín beag príobháideach sa ‘Smugairle Róin’ an oíche faoi dheireadh, mé ag comhaireamh buidéal taibhseach, mealltach, ar sheilf ghléigeal os mo chomhair amach, agus ag cur cúrsaí casta an tsaoil trí chéile a bhí mé, nuair a baineadh stangadh nár bheag asam. Nuair a tháinig mé chugam féin, thuig mé go raibh duine éigin ag cnagadh ar dhoras na ‘Caillí’ (sin an seomra beag príobháideach a luaigh mé, anois beag,) ag iarraidh teacht isteach chugam. Ón gcineál torainn a rinneadh, thuig mé, ar an toirt, gurbh é mo sheanchara, Séimí an Droichid, a bhí chugam.

“Tar isteach” arsa mé féin, go deas fáilteach.

Osclaíodh an doras, agus nocht mo Shéimí breá chugam isteach. B’fhurasta a aithint air go raibh an fear bocht préachta leis an bhfuacht, agus ar an ábhar sin, d’iarr mé air feoil a chur ar an stól a bhí os mo chomhair amach, taobh leis an radaitheoir, agus chuir mé fios láithreach ar ghiolla an leanna (Tóin Mhór féin), agus d’iarr air, taoscán maith den stuif crua a chur ar fáil láithreach dom’ chara. Rinne sé rud orm, agus caithfidh mé a admháil nach ndearna an fear céanna aon dá leath dá dhícheall freastal orainn. Rug Séimí ar a ghloine. D’ardaigh os comhair a shúl amach í, agus ansin, gan a thuilleadh moille, scaoil siar le fána a raibh inti. Leag a ghloine fholamh ar an mboirdín os a chomhair amach, réitigh a sceadamán, chuir gotha cainte air féin agus d’fhiafraigh díom, an raibh scéal nó duan agam, tar éis na seachtaine?

Scéal nó Duan?

“Dheamhan scéal nó duan agam féin,” arsa mise, “ ach déarfainn nach gan scéal, nó duan, a d’éirigh tú féin amach an bealach seo anocht. B’fhéidir go bhféadfá scéal éigin a scaoileadh amach as do mhála scéalaíochta?”

“Cinnte, ní gan scéal, nó seanchas, a tháinig mé amach as an teach s’againne anocht, nó bheadh sé deacair a leithéid a dhéanamh, na laethanta seo, agus an oiread sin scéalta á fhí, is á shníomh, as abhras an tsaoil mhóir thart orainn.”

“Scaoil chugainn, mar sin, cuid den seanchas a bhailigh tú, ar na mallaibh”.

“Ach, nár chóir dúinn uile aird a thabhairt ar chúrsaí, nó cuireann sin in iúl dúinn, cé chomh tapa is a thagann mí-ádh anuas sa mhullach orainn, tráth nach mbíonn muid ag súil lena leithéid. Tá fórsaí áirithe ag obair leo sna cúrsaí seo, fórsaí nach bhfuil smacht ar bith againne orthu, agus fórsaí freisin, a bhfuil neart agus cumhacht iontu, a théann go smior na gcnámh ionainne.”

“Ach is dócha, go raibh tarluithe eile ag cur as dúinn, ar na mallaibh?”

“Bí cinnte go raibh, nó nuair a smaoiníonn tú air, nach mór an t-athrú atá tagtha ar an saol, ó bhíomar inár ngasúir, fadó? An tráth sin, nárbh iad an Eaglais, agus na Bainc, agus na póilíní, colúin theanna cosanta an Stáit seo, iad ansin buanseasmhach, éifeachtach, doscriosta, faoi mar a tuigeadh dúinne é, ach go háirithe. Ach breathnaigh ar chúrsaí faoi mar atá siad anois? Faitíos orm gur léiríodh don saol mór nár chathair mar a dtuairisc iad, ach ina ionad sin, tugadh le fios dúinn gur lag, lúbach, daonna, iad, na colúin theanna céanna sin, ar a rabhamar go léir ag brath.”

Neamhbhuaine an tSaoil

“Ach, a Shéimí, nach é sin an saol agat? Níl dada buan ar an saol seo ach grásta Dé.”

“Tagaim leat sa mhéid sin, nó faoi mar a chuireadh Mártan an Tairbh é fadó, ‘Níl cinnteacht ar bith ag baint le dada ar an saol seo ach, le bás, le cánacha, agus le neamhbhuaine an tsaoil seo’. Sea, agus is dócha go raibh cuid mhaith den cheart aige sa mhéid sin. Ach, déarfainn anois, go bhfuil sé thar am agamsa bheith ag bogadh liom abhaile, agus mar sin, caithfidh muid an t-ábhar seo a fhágáil páirceáilte go dtí an chéad bhabhta eile. Idir an dá linn, bí ag smaoineamh leat ar ‘Chothrom na Féinne’ sa Phoblacht a bunaíodh anseo i ndiaidh Éirí Amach na Cásca, 1916. Agus fágfaidh mé slán agat, go fóill.”

Agus le sin, ghlan mo Shéimí breá leis, le luas lasrach, amach as Cailleach an Smugairle Róin.

“Slán abhaile” a chuir mé féin ina dhiaidh, bíodh go raibh gach seans ann go raibh sé imithe as éisteacht uaim faoin am sin. Ach bí cinnte go mbeidh muid ag filleadh ar an ábhar sin arís go luath.

.

.

gaGaeilge