Tá géarchéim uafásach ar siúl sna Stáit Aontaithe, faoi láthair,  a mharaíonn níos mó ná 70,000 duine gach bliain – níos mó daoine ná a cailleadh go hiomlán i gChogadh Vítneam!  Drugaí atá i gceist anseo agam, agus ’siad na cinn is measa diobh sin ná na drugaí ópóideacha, cinn nádúrtha cosúil le hearóin, ach go háirithe cinn sintéiseacha, cosúil le feantáinil agus a hanalóga.

Conas a tharla an ghéarchéim seo i Meiriceá, agus cén ceachtanna atá le foghlaim againn uaidh in Éirinn?  Chun an ábhair a thuiscint agus a chur ina comhthéacs, bheadh cuntas gairid an-chuidiúil.

.

Céim 1: Purdue Pharmaceutical agus Oxycontin

Thosaigh an ghéarchéim ópóideach i 1995, tar éis do Purdue Pharma faomhadh an Rialtais a fháil chun pianmhúchán láidir darb ainm OxyContin a dhíol.  Mangaire drugaí ba ea Purdue, i ndáiríre, agus chuir siad brú ar a n-ionadaí díolocháin an oiread OxyContin a dhíol agus ab fhéidir leo. Dúirt Purdue gur druga neamh-andúile ba ea OxyContin, cé go raibh a fhios maith acu narbhh fhíor sin.  Chuir a lán daoine andúil in OxyContin, agus bhí sé ródhéanach nuair a d’admhaigh Purdue gur druga andúile é. Faoin am sin, bhí uair na cinniúna buailte leo, agus bhí go leor andúiligh ar fud na tíre. Sa bhliain 2007, gearradh pionós mór ($634 milliúin) ar Purdue as na bréaga a d’inis siad faoi OxyContin.  Sa bhliain 2010, chuir siad amach piollaí nua dobhearnaithe. Ní raibh sé éasca níos mó an druga a fháil chun instealladh a thabhairt. Bhrostaigh sé sin géarchéim nua isteach, mar ansin thosaigh andúiligh ag úsáid hearóin in ionad OxyContin.

.

Céim 2: Hearóin Mheicsiceach

Chun an bhearna a líonadh tar éis 2010, chuir feirmeoirí Meicsiceacha dlús le táirgeacht lus an chodlata, agus rinne na cairtéil Mheicsiceacha hearóin chun smuigleáil isteach sna Stáit Aontaithe.  D’éirigh go geal leis an ngnó céanna seo, agus cé gur iarradh ar Rialtas Mheicsiceo agus ar Rialtas na Stát Aontaithe an cath in éadan drugaí a bhuachan, theip orthu.

.

Céim 3:  Feantáinil Síneach

Ach tháinig athrú mór ar an ngnó le cúpla bliain anuas, nuair a thosaigh na gáinneálaithe drugaí ag úsáid drugaí ópóideacha sintéiseacha, go háirithe an druga feantáinil agus a hanalóga.  Mheasc siad an feantáinil le drugaí eile, agus do dhíol siad é leis féin freisin. Cén fáth ar tharla an t-athrú mór seo? Bhí feantáinil níos saoire mar is i saotharlann a dhéantar é agus bhí sé níos fusa é a smuigleáil mar tá sé níos éadroime ná hearóin.  De ghnáth, déanadh sa tSín í. Úsáideann déileálaithe Síneacha na seirbhísí poist chun drugaí a smuigleáil isteach go dtí na gáinneálaithe drugaí sna Stáit Aontaithe. Ceannaíonn fiú amháin na cairtéil Mheicsiceacha feantáinil ón tSín. Dá bharr sin, agus go híorónta, tá an margadh agus an tionscal hearóin ag laghdú, faoi dheireadh.

Cuireann na gáinneálaithe feantáinil isteach i ngach druga atá á dhíol acu.  Níl a fhios ag na handúiligh cén drugaí atá iontu, agus is cuma leo, fad is a éiríonn go maith leo.  Ach tá feantáinil i bhfad níos contúirtí ná hearóin, agus sa lá atá inniu ann faigheann níos mó daoine bás de bharr a ródháileog ná riamh.  Tá an feantáinil céad uaire níos láidre ná hearóin, agus tá sé éasca an iomarca a meascadh isteach le drugaí eile. Níos measa fós tá druga ópóideach eile ann a úsáidtear darb ainm carfeantáinil, agus tá sé sin céad uaire níos láidre ná feantáinil féin!  Tá sé

sin chomh láidir sin, nach mbeadh uait ach céad gram le gach duine in Éirinn a mharú!

.

Smaointe Deiridh

Is measa anois an ghéarchéim ópóiodeach ná riamh sna Stáit Aontaithe.  Tá a Rialtas ag cur brú ar an tSín stop a chur le táirgeadh na ndrugaí ópóideacha.  Cé gur gheall siad é sin a dhéanamh, níor tharla aon rud fós.

Agus cén fáth nach bhfuil fadhb mhór mar seo in Éirinn agus i dtíortha eile san Eoraip?  Ceapann formhór na saineolaithe gur cúiseanna eacnamaíochta atá freagrach as sin. Tá hearóin ón Afganastáin go flúirseach agus go saor san Eoraip, agus tá sé deacair an saghas seo hearóin a mheascadh le feantáinil.

Ach lá éigin, athróidh cúrsaí agus beidh cúinsí eacnamaíochta níos fábhraí do dhrugaí ópóideacha san Eoraip.  Idir an dá linn, tá orainn scéim nua in éadan géarchéime ópóidí a bhunú san AE, agus in Éirinn freisin, agus brú a chur ar an tSín ag an am céanna.  Ní tráth ar bith faille é!

.

gaGaeilge