Scéal Alexander Neville

Ní raibh Alexander Neville ach 14 bliana d’aois, nuair a shuigh sé a thuismitheoirí síos ag bord na cistine sa bhaile in Aliso Viejo i gCalifornia.  D’inis sé dóibh go raibh sé ag caitheamh siar piollaí Oxycontin a cheannaigh sé ar Snapchat.  Anailgéiseach ópóideach is ea Oxycontin, cógas chun pian ghéar a mhaolú.  D’fhorbair Purdue Pharmaceutical an pianmhúchán sin le linn na nóchaidí.  Mhaígh siad gur druga neamh-andúile é, cé go raibh a fhios acu nach raibh sé sin fíor ar chor ar bith.  Chuir go leor daoine andúil ann, agus is mar sin a thosaigh an ghéarchéim ópóideach sna Stáit Aontaithe.  Chuaigh an ghéarchéim in olcas bliain i ndiaidh bliana, agus sa bhliain 2016, fuair 42,000 duine bás de dheasca ródháileog ópóideach, agus as sin meastar gur oideas leighis a bhí i gceist 40% den am.

“Tá greim ag an druga orm, agus níl a fhios agam cén fáth,” a dúirt Alexander lena thuismitheoirí.

Rinne máthair Alexander teagmháil le clár athshlánúcháin ó dhrugaí láithreach bonn agus bhí sí ag fanacht le glaoch ar ais uathu.  An mhaidin dár gcionn, nuair a chuaigh a mháthair go seomra leapa Alexander chun é a mhúscailt, ní raibh sé ag análú agus bhí dath corcra ar a chraiceann.  Chuir a thuismitheoirí glaoch ar na seirbhísí éigeandála leighis agus tógadh go dtí an t-ospidéal é.  Ag a deich a chlog ar 23 Meitheamh, 2020, fógraíodh go raibh sé marbh. 

Ní ba dhéanaí sa lá, tháinig tascfhórsa drugaí go dtí an teach, agus dúirt siad nach Oxycontin ba chúis bás Alexander, ach druga sintéiseach darb ainm Feantanil.  Bhí tuismitheoirí Alexander go hiomlán trína chéile ansin, mar thóg Alexander piollaire Oxycontin, agus níl aon Feantanil sa phiollaire sin.  Cad a bhí ar siúl?

Piollairí bréige

Fuair a thuismitheoirí amach go bhfuil go leor piollaí bréige ar díol, a bhfuil Feantanil iontu.  Cuireann na mangairí drugaí Feantanil sna piollairí, druga a bhfuil an-láidir, agus nach bhfuil costasach.  Ach minic go leor, cuireann siad dáileog Feantanil rómhór isteach agus ní rud maith é sin.  Tá Feantanil a chéad oiread níos láidre ná moirfín agus ní thógann sé ach 2 mg Feantanil chun duine a mharú.  Meastar go bhfuil an méid sin Feantanil ar a laghad sna piollaí atá ar díol go mídhleathach.  Fuair 107 míle duine bás de dheasca ródháileog drugaí sa bhliain 2021 sna Stáit Aontaithe, agus fuair 70 míle dóibh bás de dheasca ródháileog Feantanil.  Sin uimhir dochreidte – mar bhonn comparáide fuair 43 míle duine bás ar na bóithre, agus 47 míle duine bás de dheasca féinmharaithe an bhliain céanna. 

Nimh

Ní amháin i bpiollairí a bhfaightear é, ach an oiread – faightear Feantanil in ionad cócaon, hearóin, methamfataimín, agus drugaí mídhleathacha eile freisin.  Mar sin, tá an ghéarchéim Fentanyl i bhfad níos measa ná aon ghéarchéim drugaí eile riamh.  Seo mar a dúirt John Tavolacci, leasuachtarán feidhmiúcháin in ionad athshlánúcháin ó dhrugaí i Nua-Eabhrac: “Ní drugaí sráide iad seo a thuilleadh.  Is nimh é seo.”

Níl aon dabht faoi sin, ach cárb as an tsubstaint uafásach seo?

Cárb as é?

Déantar Feantanil i saotharlanna.  Seoltar na comhábhair (agus go háirithe NPP, 4-ANPP) ón tSín go dtí na cartéil drugaí i Meicsiceo, rud atá éasca go leor a dhéanamh.  Ansin, réitíonn na cairtéil Feantanil as na comhábhair, agus úsáideann siad a gcóras dáileacháin chun an druga a smugláil agus a scaipeadh ar fud na Stáit Aontaithe.  Tá sé beagnach dodhéanta é a choinneáil amach as na Stáit Aontaithe, mar tá go leor taithí maidir le smugláil ag na cairtéil de chuid Mheicsiceo cheana féin.  Níl sé deacair dóibh an druga a scaipeadh, ach an oiread – is maith leis na mangairí drugaí Feantanil, mar is druga an-láidir é agus níl sé daor i gcomparáid le drugaí mídhleathacha eile.  Is fadhb an-chasta é an Fentanyl, ar na cúiseanna sin.

Réiteach na faidhbe?

Níl aon réiteach éasca ar fáil don ghéarchéim Fentanyl.  Is gá an cogadh a throid ar chúpla fronta ag an am céanna.  Seo cúpla moladh: 

  1. Tá frithnimh (Nalocsón) ar fáil in aghaidh ópóidí, Feantanil san áireamh. Déan cinnte go bhfuil a dhóthain frithnimh ag na húdaráis i ngach réigiún, agus go bhfuil sé ar fáil do ghnáthdhaoine go héasca freisin.
  2. Cuir feachtas ar siúl chun aird a tharraingt ar dhrugaí ópóideacha, agus go háirithe Feantanil, agus chun oideachas a thabhairt do dhaoine conas Nalocsón a úsáid nuair a thógann duine ródháileog.
  3. Tá tástáil á dhéanamh ar vacsaín in aghaidh drugaí ópóideacha, agus is dóigh go mbeidh sé ar fáil roimh i bhfad. Ba cheart don rialtas pleananna a chumadh  chun feidhm a bhaint as an vacsaín, a chosnódh daoine sna seirbhísí éigeandála ó dhochar, agus a chuirfeadh cóir leighis ar fáil do na handúiligh is measa.

 

 

gaGaeilge